![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/230730f82bd2300206c7080bd66ad07c.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Misean na Reiligiúnach Michael Bingham SJ
Michael Bingham SJ
Misean na Reiligiúnach
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/9d2d5101761334ef2aaa1ef69722df98.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/a6092e19f91aed48f4e136a0c8073274.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Ní hé amháin aird a thabhairt orthu ach cion a bheith againn ar na boicht inár measc – tá sé sin ar cheann de na dúshláin is minicí a chuireann an Pápa Proinsias os ár gcomhair. Tá gach aon deis dá bhfuair sé tapaithe aige, trí bhriathar agus trí shampla lena thaispeáint go bhfuil an creideamh Críostaí toll mura n-osclaímid ár súile agus ár gcroíthe do lucht an ghátair, agus dóibhsean ar imill na sochaí. Tá tagairt déanta in go leor litreacha uaidh faoi fh aillí córais shóisialta agus córais eacnamaíochta a chruthaíonn an oiread sin íobartach agus a dhéanann an oiread sin dochair do shaol ár linne. Ach is suntasaí fós, b’fh éidir, an tionchar a bhí ag an turas a thug an Pápa Proinsias, go pearsanta, ar na dídeanaithe a tarrtháladh ón bhfarraige – agus ar phríosúnaigh, cibé cén cearn den domhan ina raibh sé. Faoi mar a dúirt sé i gceann de na nathanna a bhfuil cáil air fúthu: “cogar i leith, nuair a thugann tú déirc uait an bhféachann tú isteach i súile an té a bhfuil tú ag bronnadh déirc air/ uirthi? – An ndéanann tú teagmháil lena láimh – nó an gcaitheann tú chuige í?”
Seo í an difríocht bhunúsach idir carthanacht agus grá. Meabhraigh a éasca atá sé tacaíocht airgid a thabhairt do dhea-chúiseanna, go fi ú maratón a rith le hairgead a chnuasach d’fh onn fulaingt éigin a mhaolú. Nach díol sásaimh dúinn daoine a chur ar an eolas faoi bhunchúiseanna na héagóra agus an leatroim sa saol. Ach is nuair a bhuailimid go pearsanta leis an duine, nuair a dhéanaimid comhrá leis/léi faoi mar a rinne Íosa ag leigheas na n-easlán dó nó ag tabhairt maithiúnais don pheacach, a riaraimid Dia an ghrá – is é sin, teachtaireacht an tsoiscéil – air.
Is dualgas é seo orainn uile mar lucht leanúna Chríost ach, an mhí áirithe seo, tá an pápa ag tabhairt cuireadh dúinn guí go dtabharfaidh na fi r agus na mná in oird rialta – sagairt, manaigh, siúracha agus bráithre – go dtabharfaidh siad cinnireacht ag freastal ar na boicht agus ar na díothachtaigh. Is iomaí sin sampla i stair na hEaglaise faoi oird rialta a bunaíodh d’aon toisc le freastal ar riachtanais dhaonna na linne sin ina dtír féin agus i gcéin. In Éirinn féin tá go leor fi anaise ar fáil faoi na scoileanna, dílleachtlanna, ospidéil agus eile a d’fh ág oird rialta mar oidhreacht.
Ach faoi mar a tharlaíonn go minic leis na tionscnaimh dhaonna is fearr, maolaítear le himeacht na mblianta ar an díograis a bhí i láthair i dtus báire agus gabhann cumhachtaí tromchúiseacha seilbh ar an ngluaiseacht sa chaoi nach
12
© wideonet / Shutterstock
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/ffbba7f2c6db3f20de82ec0916807aec.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
bhfreastalaíonn sí níos mó ar an mbocht ná ar an ngátarach. Lena chois sin ó tharla an laghdú mór ar líon na ndaoine ag dul leis an saol rialta mar ghairm bheatha, is ar an stát a thiteann an cúram go huile agus go hiomlán riachtanais an oideachais agus na sláinte a sholáthar agus a eagrú.
Mar sin is é is mian leis an bpápa ná iadsan a dhéanann a mbeatha a thíolacadh do sheirbhís Dé in oird rialta, go bhféachfaidís le hintinn a mbunaitheoirí agus saintréithe a ngairme a athmhúscailt trí mheon agus dearcadh Íosa a athbheochan ina saol; agus go ndéanfaidís é sin trí bhá leosan ag imill na sochaí a léiriú. Is ó bheith páirteach i saol na mbocht agus ó bheith cairdiúil leo mar chomharsana a éireoidh linn a dtuairimí ar an saol a thuiscint in ainneoin chomh bunoscionn is atá na tuairimí sin leis an dearcadh coitianta.
Ach is fi ú go mór dúinn glacadh leis an dúshlán. Tá luacha le foghlaim againn ó na daoine ag na himill, leithéidí fáilte agus féile, móraigeantacht, iontaobh agus fíre, maireachtáil don nóiméad – agus, ar a shonsan, maireachtáil go tíosach – na súáilcí sin a bhíonn gann go leor sa saol sóch a chaitheann bunáite na ndaoine ag croílár na sochaí. Nach bhfuair Íosa féin níos mó creidimh, níos mó cairdeasa i leith a athar, i measc na muintire a ndéantaí leatrom orthu ná mar a fuair sé ina measc siúd a bhí mór le rá i súile an phobail – ceannasaithe creidimh na linne sin san áireamh? Iadsan a thiomnaíonn a saol do shearcleanúint Íosa, go leana siad a lorgsan go dlúth agus iad ag teacht in athuair ar Dhia na mbocht.
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2018 Go gcorródh daoine coisricthe, idir fh ir agus mhná, iad féin agus go mbeidís i láthair i measc na mbocht, na ndaoine ar imeall na sochaí agus iadsan gan ghlór.
Foclóirín: díothachtaigh = daoine atá ar an ngannchuid; dílleachtlann = orphanage; móraigeantacht = magnanimity; iontaobh = muinín; fíre = fírinne; tíosach = spárálach.
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/28ce84814aa745a934b0f3f8e8046d87.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/3bc8c5be663aaf0269d618fba6af7d3b.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/aac26c2ae6828269f1373990b1e5b6c5.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/596c5094e78431ebbc75719a407311a0.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/fda71984110a6c8400f9c1d05aeb5514.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/40bfdf13048b363070c68adcbbad5cdf.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/1e5eacf2c94760e28b49d5b81358e157.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/b9ffefdc84953e0993508725e9109a0c.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/a022ce02cf4ce53e24ad423d105bd8a9.jpeg?width=720&quality=85%2C50)