2 minute read

Oideas: Pióg an Aoire Síle Ní Chearbhaill

47 PIÓG AN AOIRE

Síle Ní Chearbhaill

Déantar pióg an aoire le huaneoil go traidisiúnta ach déanaim le mairteoil í toisc go bhfuil sí ar fáil go forleathan agus bíonn níos lú saille inti de ghnáth.

COMHÁBHAIR:

1kg prátaí 50ml bainne 25g im 500g mairteoil mhionaithe 1 oinniún 3 chairéad 100g píseanna 1 tbsp anlann Worcestershire 2 tbsp purée trátaí 2 tsp gránphlúr 100ml stoc mairteola 1tsp luibheanna measctha Salann agus piobar

MODH:

1. Réamhthéigh an t-oigheann go 200c/gasmharc 6. 2. Bain an craiceann de na prátaí.

Beirigh iad go dtí go bhfuil siad bog. 3. Mionghearr an t-oinniún, grátáil an cairéad. 4. Téigh an friochtán. Frioch an mhairteoil (níl aon ghá le hola – tá go leor san fh eoil) go dtí go bhfuil dath donn uirthi. 5. Cuir an t-oinniún leis agus frioch ar feadh 3 nóiméad. 6. Cuir na glasraí eile, stoc, anlann

Wocestershire agus purée trátaí leis. 7. Measc an gránphlúr le beagan uisce le taos a dhéanamh. 8. Measc an gránphlúr leis an bhfeoil agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 9. Bain an t-uisce de na prátaí. Brúigh iad leis an im, an bainne agus le beagán salainn agus piobair. 10. Cuir an mhairteoil i mias teasdhíonach. Clúdaigh leis na prátaí. Bácáil san oigheann ar feadh 20 nóiméad.

© Ryzhkov Photography / Shutterstock

An Ofráil Laethúil

A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

MEÁN FÓMHAIR

Uilíoch: Daoine Óga san Afraic Go mbeadh fáil ag daoine óga san Afraic ar oideachas agus ar obair ina dtíortha féin.

© LOUIS-MICHEL DESERT / Shutterstock

DEIREADH FÓMHAIR

Soiscéalaíoch: Misean na Reiligiúnach Go músclódh fi r agus mná reiligiúnda iad féin, agus go mbeidís i láthair i measc na mbocht, na ndaoine imeallaithe, agus ina measc siúd atá gan ghlór.

SAMHAIN

Uilíoch: Ag Obair i dtreo na Síochána Go mbeadh tús áite ag an gcaint faoi ghrá agus faoi idirphlé seachas faoi aighneas.

Timire an Chroí Ró-naofa

This article is from: