1 minute read

Intinní an Phápa: Stair agus Cúlra Helen Ó Murchú

20

‘Thuig Leo an chumhacht spioradálta a bhain leis an smaoineamh simplí sin, iliomad daoine in áiteanna éagsúla ag guí leo in aghaidh an lae.’

© neneo / Shutterstock

agus go rabhthas ag cur i gcló leathchéad leaganacha éagsúla den Timire móide go leor foilseachán eile.

Cuimhnigh air, Gréasán Domhanda Urnaí ag an bPápa, agus sinn go léir páirteach ann, más mian linn.

Ar ndóigh, seo ré nua. Déanann an Aspalacht físeán den Phápa anois in aghaidh na míosa i gcomhar le seirbhís teilifíse na Vatacáine, nós a thosaigh le Iubhaile na Trócaire. Ó thús 2017, shocraigh an Pápa Proinsias gur intinn ghinearálta amháin a bheadh i gceist feasta agus go mbeadh sin mar bhonn leis an agallamh físeáin.

Ní choscann sin air intinní ar leith práinneacha a eisiúint, áfach, ar ócaidí poiblí más gá sin. De ghnáth, is mí Feabhra/Márta gach bliain a fh aobhaítear agus a eisítear na hIntinní don bhliain dár gcionn. Le haghaidh 2018 is meascán d’intinní uilíocha agus soiscéalaíocha atá i gceist, mí ar mhí, sé cinn faoi seach de cheachtar cineál.

Chuir cara liom réaltacht i gcuimhne dom le déanaí ar mhodh neamhghnách. Bhain sí stangadh asam nóiméad chun na fírinne a rá. Is bean rialta í, duine carthannach, praiticiúil ach thar aon ní is duine spioradálta í a chreideann gan cheist i dtábhacht na comhphaidreoireachta. I ndiaidh dom dul faoi scian tamall ó shin, obráid a raibh toradh fónta uirthi, buíochas le Dia, ar sise liom, ‘Tabhair aire duit féin anois, tá infh eistiú nach beag paidreacha déanta ionat.’ Focal mar ‘infh eistiú’, a bhaineann inár n-aigne le saol an mhargaidh, le saol an airgeadais, nach iontach mar a chaitheann sé solas nua ar fad ar an ngné spioradálta dár saol?

Gur mar a bheadh comhinfh eistiú i bhfolláine a chéile a bhíonn ar bun ag baill chomhghuí na hAspalachta, mar phobal de chreidmhigh, bíodh aithne againn ar a chéile nó ná bíodh.

Foclóirín: reachta leasaithe = dlíthe ceartaithe as an nua; faoi choimirce = faoi scáil

This article is from: