![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/2780734b140dccab3a9eda89387724f5.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
3 minute read
Ríméad na Féachana Ronan Barry
Ronan Barry Séiplíneach agus Tuismitheoir
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/624ba2e5e0d4d2c6044aaa318f9ee7de.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
An Ríméad atá ann agus Mé ag Breathnú ar mo Ghasúir agus iad ag Éirí Aníos
Machnamh ar céard tá le rá ag an soiscéal maidir le gasúir agus iad ag éirí aníos.
Is cor cainte coitianta go maith é gur fi ú míle focal an pictiúr. Gineann grianghrafanna, go háirithe seanghrianghrafanna teaghlaigh, an-chuid comhráití.
Is iad pictiúir agus grianghrafanna na huirlisí is fearr chun scéalta a roinnt – scéalta faoin teaghlach agus faoi chairde, ón am anallód agus ón lá atá inniu ann. Maidir leis an bpáiste, tá an bua seo ag an ngrianghraf gur féidir leis breith ar an iliomad nithe thar thréimhse an-fh ada go deo – breith an linbh, an chéad lá ar scoil, an Chéad Chomaoineach Naofa, laethanta saoire agus araile. Nuair a roinneann muid grianghrafanna, tá deis ann díriú ar an mbuíochas agus ar an ngliondar cibé pictiúr atá i gceist – meangadh gáire, deora, nó cáca milis álainn ag ceiliúradh breithlá. Sa gcaoi seo is féidir machnamh a dhéanamh ar cé as a dtáinig muid.
An tseachtain seo caite agus mé i mbun cainte le mo chairde do tharla an rud nach féidir é a sheachaint na laethanta seo – tháinig na fóin phóca amach agus roinneadh pictiúir de na laethanta saoire a bhí díreach thart agus ansin lean an comhrá ar aghaidh le plé faoi scrúduithe na ngasúr agus na féidearthachtaí a bheadh acu san ollscoil amach anseo. An tseachtain roimhe, ba é an ní a bhí faoi chabidil ná sceál na hiníne a tháinig abhaile ar saoire théis a bheith ar imirce. Sna comhráití teaghlaigh seo uilig, tá fuinneamh, gliondar, dóchas agus grá fi te fuaite i ngach aon áit.
Amantaí, is é an t-iontas an ní is suntasaí atá ann nuair a bhíonn muidne, na tuismitheoirí, ag breathnú ar ár bpáistí. Is cúis áthais dúinn an chaoi a mbíonn siad ag réiteach le daoine agus leis an domhan mórthimpeall. Is cuimhin linn nach raibh sé de mhisneach acu ach coiscéim amháin, nó dhó, a thógáil nuair a bhí siad óg – ba é an nós a bhí acu ná iompú timpeall cibé cén áit a raibh siad, chun a dheimhniú go raibh muid fós leo. D’fh éachfadh siad isteach inár súile chun a fh iosrú an raibh muid sona sásta, nó nach raibh. De réir mar a théann na gasúir in aois, bíonn níos mó den díograis agus den mhisneach ag baint lena n-iompar ach ag an am céanna, coinníonn siad súil ar na tuismitheoirí agus cuireann siad fáilte roimh an tacaíocht i gcónaí.
Is ait an t-am é do thuismitheoirí nuair atá na gasúir ag éirí aníos. Ar bhonn fi siciúil tá siad ag gluaiseacht i dtreo na haibíochta; ar ball, tógann siad cúram clainne chucu féin fi ú, ach is iad
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/f950c3948f72ac261234d373e5b630e5.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/745f43a4dec2cbdbde19a2e8818833bb.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/6741512fec4c217f6165ac49ccb7721e.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
© Photographee.eu / Shutterstock
ár ngasúir iad i gcónaí. Tá an líne seo ar fáil i soiscéal naomh Maitiú: ‘mura n-athraíonn sibh bhur n-intinn agus mura n-iompaíonn sibh isteach in bhur ngasúir, ní rachaidh sibh isteach sa bhFlaitheas’ (Maitiú 18:3). Níor fh éad mé a thuiscint riamh cén fáth a dteastódh sé ó Dhia go bhfi llfeadh éinne ar staid an ghasúir chun ríocht Dé a bhaint amach, go dtí gur thuig mé nár bhain an líne thuas le nithe ar cheart dom féin a dhéanamh ar chor ar bith. Is éard atá i gceist sa bhfriotal seo ná go bhfeidhmíonn Dia mar thuismitheoir dúinn. Tá Naomh Maitiú ag iarraidh orainn fi lleadh ar an teaghlach, áit ar féidir le Dia a bheith ina thuismitheoir agus áit freisin a bhfuil an grá agus an bheatha i láthair ina n-iomláine.
An mianach faoi leith sin a bhaineann leis an ngasúr, ní bhaineann sé le haois amháin ach is éard atá i gceist ná próiseas i dtreo na haibíochta. Tá an grá atá ag Dia dúinn an-soiléir, díreach ag an bpointe sin nuair a thugann muid faoi deara gur gasúir Dé muid.
Déanann muid an caidreamh seo a cheiliúradh nuair a ghlacann muid an bheatha chugainn féin le ríméad agus le grá. Mar thuismitheoirí, tugann Dia cuireadh dúinn é a leanúint ar an aistear seo agus tá fonn air go dtiocfaidh borradh orainn féin de réir mar a líontar ár ngasúir le grá agus le gach uile shuáilce.
Foclóirín: anallód = an tsean-aimsir; díograis = dúthracht, fonn; mianach = tréith, cáílíocht.