An Timire - Fómhar 2018

Page 24

24

Ronan Barry Séiplíneach agus Tuismitheoir

An Ríméad atá ann agus Mé ag Breathnú ar mo Ghasúir agus iad ag Éirí Aníos Machnamh ar céard tá le rá ag an soiscéal maidir le gasúir agus iad ag éirí aníos. Is cor cainte coitianta go maith é gur fiú míle focal an pictiúr. Gineann grianghrafanna, go háirithe seanghrianghrafanna teaghlaigh, an-chuid comhráití. Is iad pictiúir agus grianghrafanna na huirlisí is fearr chun scéalta a roinnt – scéalta faoin teaghlach agus faoi chairde, ón am anallód agus ón lá atá inniu ann. Maidir leis an bpáiste, tá an bua seo ag an ngrianghraf gur féidir leis breith ar an iliomad nithe thar thréimhse an-fhada go deo – breith an linbh, an chéad lá ar scoil, an Chéad Chomaoineach Naofa, laethanta saoire agus araile. Nuair a roinneann muid grianghrafanna, tá deis ann díriú ar an mbuíochas agus ar an ngliondar cibé pictiúr atá i gceist – meangadh gáire, deora, nó cáca milis álainn ag ceiliúradh breithlá. Sa gcaoi seo is féidir machnamh a dhéanamh ar cé as a dtáinig muid. An tseachtain seo caite agus mé i mbun cainte le mo chairde do tharla an rud nach féidir é a sheachaint na laethanta seo – tháinig na fóin phóca amach agus roinneadh pictiúir de na laethanta saoire a bhí díreach thart agus ansin lean an comhrá ar aghaidh le plé faoi scrúduithe

Timire Autumn 2018.indd 24

na ngasúr agus na féidearthachtaí a bheadh acu san ollscoil amach anseo. An tseachtain roimhe, ba é an ní a bhí faoi chabidil ná sceál na hiníne a tháinig abhaile ar saoire théis a bheith ar imirce. Sna comhráití teaghlaigh seo uilig, tá fuinneamh, gliondar, dóchas agus grá fite fuaite i ngach aon áit. Amantaí, is é an t-iontas an ní is suntasaí atá ann nuair a bhíonn muidne, na tuismitheoirí, ag breathnú ar ár bpáistí. Is cúis áthais dúinn an chaoi a mbíonn siad ag réiteach le daoine agus leis an domhan mórthimpeall. Is cuimhin linn nach raibh sé de mhisneach acu ach coiscéim amháin, nó dhó, a thógáil nuair a bhí siad óg – ba é an nós a bhí acu ná iompú timpeall cibé cén áit a raibh siad, chun a dheimhniú go raibh muid fós leo. D’fhéachfadh siad isteach inár súile chun a fhiosrú an raibh muid sona sásta, nó nach raibh. De réir mar a théann na gasúir in aois, bíonn níos mó den díograis agus den mhisneach ag baint lena n-iompar ach ag an am céanna, coinníonn siad súil ar na tuismitheoirí agus cuireann siad fáilte roimh an tacaíocht i gcónaí. Is ait an t-am é do thuismitheoirí nuair atá na gasúir ag éirí aníos. Ar bhonn fisiciúil tá siad ag gluaiseacht i dtreo na haibíochta; ar ball, tógann siad cúram clainne chucu féin fiú, ach is iad

25/07/2018 15:21


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.