An Timire - Fómhar 2018

Page 1

na hUr na

Aspalach t

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH FÓMHAR 2018 €5.00/STG £3.75

í

Ómós do Liam Ó Muirthile – 1950-2018 Cúlrá Intinní an Phápa Cros ó Aimsir na bPéindlíthe Loreto na hIodáile

Timire Comóradh 107 bliain an

1911

-191

8

www.timire.ie

an Chroí Ró-naofa

Timir e

Timire Autumn 2018.indd 1

25/07/2018 15:19


Dáileadh: Níos mó ná

1,000 cóip á scaipeadh sa ráithe

Eagarfhocal

Éist

T

á mise ar son na beatha, beatha an bheo sa bhroinn: beatha na máthar nach dtig léi páiste a iompar go lánaibí; beatha na lánúine nach féidir leo páiste a ghiniúint; beatha na lánúine nach acmhainn meanman dóibh páiste a thabhairt ar an saol. Tá mé ar son na beatha, beatha an teaghlaigh: beatha teaghlaigh le tuistí ólta; beatha an pháiste a bhfuil a thuistí dúghafa ag obair agus ag gníomhréim; beatha an teaghlaigh a bhfuil mac nó iníon gafa le halcól; beatha na máthar bataráilte ag a céile; beatha an athar nach ligfidh a hiarchéile dó a leanaí a fheiceáil; beatha na mná ag tógáil clainne léi féin in óstán. Tá mé ar son na beatha, beatha an chomhluadair ar fad: beatha an duine nach dtuigeann don té a chuirfeadh deireadh le beo sa bhroinn; beatha an duine ar cás leis fir a bheith freagrach as a n-iompar i leith mná; beatha an té ar cás leis an bheatha dhaonna ó ghin go héag;

beatha na seanmhná nach n-aithníonn a clann mhac ná iníonacha níos mó; beatha na máthar tréigthe ag a céile; beatha na mná a éagnaíodh; beatha na mná atá ag iompar go cráite; beatha na mná a thug leanbh ar altramas; beatha na mná a mhill gin is a iompraíonn an phian. Tá mé ar son na beatha, beatha athar, beatha mháthar, beatha pháiste, beatha an bheo sa bhroinn, beatha theaghlaigh, tuiste aonair, lánúin phósta, lánúin aon inscne, beatha an chomhluadair ar fad. An éistfidh muid leo? An gcuirfimid cuid acu ó dhoras? An bhfuil rud le ciall le rá acu linn? An fiú an tairbhe crá croí na gcomhráití? Tá Íosa ar son na beatha. Tháinig sé le go mbeadh an bheatha againn, agus sin go fial. Bhí air éisteacht agus foghlaim, ar ár nós féin. D’éist, is cuireadh iontas air. Bhí air roghanna a dhéanamh. Labhair sé amach, ar son na mbocht, ar son an strainséara agus na comharsan. Ar son an chirt. Éist lenar tharla dó. Agus nocht sé an tAiséirí agus an bheatha. Frainc Mac Brádaigh SJ

Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr

Is mór an onóir don Timire go bhfuil an tEaspag Alan Mac Eochagáin agus Bláthnaid Ó Brádaigh sásta bheith ina bpátrúin ar an bhfoilseachán. Rath Dé ar a gcuid oibre. Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Ba ghá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.

Timire Autumn 2018.indd 2

25/07/2018 15:19


Íomhá Clúdaigh: le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus Fhoras na Gaeilge

TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 11 14 16 20 23 24 26 28 31 33

An tOideachas: Conair an Dóchais Cros ó Aimsir na bPéindlíthe Glór na nGael: Torthaí 2018 Misean na Reiligiúnach Loreto – Teach Naofa Mhuire Ag Obair i dTreo na Síochána Intinní an Phápa: Stair agus Cúlra An Mullá agus an Curaí Ríméad na Féachana Cuardach Focal Pleanáil Teanga: : Feidhm gan Éifeacht? Im Leabharlann Dom An Capall Dubh agus Scéalta Eile Ómós do Liam Ó Muirthile

38 40 42 45 46 47

Gael Linn,Comóradh 65 Bliain Glór na nGael – Cúlra an Chomórtais Gairdíní an Renaissance Cúinne na bhFilí Crosfhocal Oideas: Pióg an Aoire

Joe Hayes Nóirín Ní Nuadháin Eoghan Mac Cormaic Michael Bingham SJ An Br. G.D. de Barra Mary Lawlor Helen Ó Murchú Gabriel Rosenstock Ronan Barry Dónal Ó Cnáimhsí Seán Mac Labhraí Frainc Mac Brádaigh SJ Louis de Paor Antoine Ó Coileáin Frank Mac Brádaigh Dónall Ó Cnáimhsí Aodán Ó Duibh Síle Ní Chearbhaill

Ar Dheis Dé: Liam Ó Muirthile, Macdara Woods, Eamon Fleming, Colette Ní Mhoitleigh, Esther Malone, John O’Holohan, SJ, Maurice Hayes, Cáit Ní Mhuineacháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh Tony Mac Cárthaigh

Timire Autumn 2018.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 473 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Lunasa 2018 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg £3.75 Go ceann bliana: €20 / Stg£15

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited Pátrúin: Bláthnaid Ó Brádaigh, Alan Mac Eochagáin SJ

25/07/2018 15:19


4

An tAthair Joe Hayes SJ, Sagart Paróiste i Luimneach

An tOideachas: Conair an Dóchais Bhí Evelyn ag faire ar a cairde agus iad ag ullmhú le haghaidh bronnadh teastais ceann cúrsa scoile. An gliondar a bhain le feistis nua chomh maith b’fhéidir le haird na mbuachaillí a mhealladh. Chaith siad go léir a dtréimhse scoile le chéile agus anois dhéanfaí a n-aird a phromhadh agus iad idir bhuachaillí agus chailíní ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile dá n-aistear ar thóir ar a bhfíseanna a lorg agus iad á gcur i gcrích. Bhraith Evelyn mar a bheadh dorchadas ar a croí. Thuig sí nach mar a chéile a bhí sí. Cé gur cheil sí an eagla a chuir an difríocht sin uirthi le gníomhaíocht, le haislingeacht agus le cairdeas, b’eol di í féin a bheith difriúil. D’iompair sí laistigh di féin an víreas uafásach sin a fuair sí mar oidhreacht trí fhuil a máthar, a cailleadh go luath i ndiaidh a breithe. Ní amháin go mba dhílleachta í; ba dhílleachta í a raibh víreas á iompar aici istigh i gceartlár a cuid fola, víreas a d’fhéadfaí a smachtú, ach víreas a chuirfeadh srian mór ar raon a cuid roghanna. Le linn na mblianta rinne an tSiúr iarracht cúinsí a teacht ar an saol a insint di, ach bhí an oiread sin ceisteanna ann nach bhféadfadh an tSiúr fiú amhain a fhreagairt. Cérbh é a hathair agus cá raibh sé? Ag machnamh di ar bhraistint an

Timire Autumn 2018.indd 4

aonaránachais a bhí uirthi agus í i measc a cairde gníomhacha agus cainteacha smaoinigh sí ar conas mar a d’oibrigh an tSiúr agus a comh-Shiúracha mar aon leis na cúramóirí chomh crua sin d’fhonn teaghlach a chur ar fáil di ag an dílleachtlann: a chineálta, a chúramaí a bhí siad bíodh go bhféadfaidís a bheith docht freisin agus teaghlach nua á sholáthar di, braistint na sábháilteachta agus cúram an bhaile. Saol sona a bhí ann i measc a comhdhílleachtaí, iad ag cuidiú lena chéile chun trioblóidí a chéile a iompar, iad ag imirt cleasa ar a chéile agus iad in iomaíocht chun aird na Siúrach a mhealladh. De réir mar a d’fhoghlaim Evelyn conas bealach a dhéanamh trí dhomhan na ndaoine fásta, d’fhoghlaim sí freisin an chumhacht a bhain lena hintinn féin. Bhí sí cliste agus ba ghearr go raibh an chéad áit ina rang sa bhunscoil bainte amach aici. Bíodh go raibh meas ag a comhscoláirí ar a clisteacht, spreag sí éad agus formad freisin. Ach go luath ina saol thuig Evelyn gurbh í sin a conair go dtí “an tír tairngire”. Níorbh fhada sa mheánscoil di nuair ab eol di go raibh fios roimh ré ar a stádas “HIV” agus caitheadh léi mar a bheadh díbeartach. Fuair an phian agus an gortú a bhain leis an diúltú an lámh in uachtar ar an dúil

25/07/2018 15:19


5

© Marc O'Sullivan

‘Is ábhar dóchais é scéal Evelyn.'

Numi (11) agus Feyi Makinwa (3), Baile Brigín, ag Lá na hAfraice 2018 i bPáirc an Fhionnuisce

a bhí aici i saol sona geal. Mar a rinne sí go minic roimhe sin, chuir an tSiúr a ladar isteach sa scéal. Bhain sí Evelyn amach as an scoil agus chuardaigh scoil bheag phríobháideach a bheadh in ann í a chosaint ar an tráma a bhain le bheith caite ar bhealach difriúil ag daoine eile. Ach bhí ceist na dtáillí scoile ann. Chuala fear gnó a fuair cabhair agus é ina dhílleachta é féin faoin gcruachás. Gan bualadh go fiú le hEvelyn gheall sé go dtabharfadh sé na táillí arda scoile di go dtí go mbeadh a hoideachas dara leibhéal curtha i gcrích aici. Go dílis agus go dúthrachtach sheas sé lena ghealltanas. Is ábhar dóchais é scéal Evelyn. Baineann sé leis an gcomhoibriú iontach

daonna a léiríonn chomh minic sin croí Dé é féin. Imríonn misinéirí Críostaí agus pobail áitiúla Chríostaí ról suntasach anois agus iad i gcomhpháirtíocht le rialtais chun an t-aistear sin a dhéanamh níos éifeachtaí. Tá feabhas tagtha ar cháilíocht an oideachais. Na luacha a chuirtear in iúl trí fhiontar an oideachais, baintear leas astu go minic d’fhonn cion tairbhe a thabhairt do dhea-bhail na sochaí. Ní féidir éifeachtacht an oideachasóra atá éifeachtach, coinsiasach agus trócaireach a mheas faoina luach agus muid uile ag leanúint den chomhoibriú iontach domhanda a léiríonn croí Dé é féin agus atá i gceartlár intinn an Phápa Proinsias.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ MHEÁN FÓMHAIR, 2018 Go mbeadh fáil ag daoine óga san Afraic ar oideachas agus ar obair ina dtíortha féin.

Timire Autumn 2018.indd 5

tock

Foclóirín: a phromhadh = a thástáil; cúinsí = dálaí, circumstances; fiontar = enterprise

25/07/2018 15:19


6

Nóirín Ní Nuadháin

Cros ó Aimsir na bPéindlíthe Daingean nó dún atá i gceist le clochar. Tá an-chuid iarsmaí stairiúla i gceantar an Chlochair in aice le Bealach an Doirín, an áit ar tógadh mise, ina measc clochar é féin. Tá traidisiún láidir ann gur mhair duine de na chéad mhná rialta ó aimsir Phádraig, Naomh Athrachta, ann. In aice le Loch Uí Ghadhra ar an mbóthar go Mainistir na Búille amach as an mbaile atá sé. Tá tobar beannaithe sa cheantar freisin, Tobar Naomh Athrachta, atá trasna an bhóthair ón gclochar áitiúil. Os a chionn tá cros bheag chloiche ó aimsir na bPéindlíthe greamaithe. Tá cosúlacht ar an scéal nach raibh an chros ann ón tús ach b’fhéidir gur tógadh í ó thuama sa cheantar. CROS Ó AIMSIR NA bPÉINDLÍTHE Tugadh Penal Cross ar chrosa ó aimsir na bPéindlíthe mar go ndearnadh iad i rith an ama nuair nach raibh cead ag Caitlicigh a gcreideamh a chleachtadh. Deirtear gur thug siad sólás do na daoine le linn an ama sin. Bhíodar le feiceáil ar thuamaí Angla-Normannacha ón 15ú haois. Ina dhiaidh sin rinneadh crosa beaga adhmaid agus greanadh siombail Pháis Chríost orthu suas go dtí an 18ú agus an 19ú haois. Is iad na siombail is coitianta ná: rilíf de Chríost céasta le lámha giorraithe,

Timire Autumn 2018.indd 6

dréimire chun an corp a thógáil anuas ón gcros, na tairní a ghreamaigh lámha Chríost den chros, an casúr chun iad a chur isteach agus pionsúr chun iad a bhaint amach, fuipeanna chun Críost a sciúrsáil, piléar na sciúrsála, cordaí chun Críost a cheangal den philéar agus coileach agus an pota. Tá na siombail seo go léir ar chros Chlochair agus duilleoga pailme freisin nach bhfuil luaite leis na crosa seo de ghnáth. NA SIOMBAIL ATÁ AR CHROS AN CHLOCHAIR An deismireacht stíle agus siombail na Páise atá ar an gcros seo, is cuid iad de scéim ghinearálta na gcros iar-mheánaoiseach. Is cros bheag chloiche í 33 cm ar a leithead ag a barr, 31 ceintiméadar ag a bun agus 53 ceintiméadar ar fhaid. Níl sí cothrom. Thóg mé na toisí sin sa bhliain 1981 agus cúpla bliain ó shin bhris tarracóir an tobar as a chéile. Le himeacht aimsire cuireadh an tobar agus an chros le chéile arís. Tuigeann muintir an cheantair an tábhacht atá leis an gcros. 1. Ar an gcros í féin tá rilíf de chorp Chríost agus an ceann díreach, le lámha giorraithe agus an dá chos taobh le taobh. Tá gruaig aisteach chatach fhada ar an gceann agus

25/07/2018 15:19


‘Tá scéal an Choiligh agus an Phota le léamh i Soiscéal Apacrafúil Nicodemus ón 4ú haois, agus sa leabhar Peig freisin.’

© Aidan Clarke / - geograph.org.uk/p/291822

7

Tobar Naomh Athrachta, Sligeach

féasóg ar an smig. Tá an dá lámh ag gobadh amach as an gceann, in aice na gcluas. Tá an ceann mór i gcomparáid le fad an choirp, 13 cm ó bhaithis go bun na féasóige. 2. Tá trí fhuip le chéile faoin lámh dheas (an taobh clé agus tú ag breathnú air) agus hanla triantánach chun breith orthu. 3. Fúthu seo tá an casúr agus pionsúr fite fuaite lena chéile. Tiomáineadh na tairní isteach leis an gcasúr agus tarraingíodh amach iad leis an bpionsúr. 4. Ansin tá na duilleoga pailme i gcuimhne ar theacht Chríost isteach go hIarúsailéim. Tá ceithre cinn le feiceáil ar chuimilteán a rinne mé sa bhliain 1981. Mar a dúirt mé is cosúil go bhfuil sé aisteach iad a bheith ann ar chor ar bith. Tá na siombail go léir le feiceáil ar

aghaidh na croise seo mar nach féidir aon siombal a ghearradh ar a cúl ar nós cros adhmaid. Uaireanta fágadh siombail áirithe ar lár ceal spáis ach bhíodh na cinn ba shuntasaí ann i gcónaí mar atá anseo, agus tuilleadh. AN COILEACH AGUS AN POTA Tá scéal an Choiligh agus an Phota le léamh i Soiscéal Apacrafúil Nicodemus ón 4ú haois, agus sa leabhar Peig freisin. De réir an scéil tháinig Iúdás isteach chuig a bhean tar éis bhás Chríost. Bhí aiféala air gur sceith sé ar Chríost. Bhí sé ag lorg rópa chun é féin a chrochadh. Chreid sé go n-éireodh Críost ó na mairbh tar éis trí lá. ‘Ach an oiread leis an gcoileach sin!’ a dúirt a bhean. Leis sin, d’éirigh an coileach aníos as an bpota agus é ag glaoch mar a dúirt Peig, ‘Mac na hÓighe slán! Mac na hÓighe slán!

Foclóirín: Péindlíthe = Penal Laws; rilíf = airde éagsúil ar chodanna de dhealbh; pionsúr = pincers; deismireacht = sampla léiritheach.

Timire Autumn 2018.indd 7

25/07/2018 15:19


8

Eoghan Mac Cormaic Bainisteoir Forbartha Gnó agus Fiontraíocht, Glór na nGael

Buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael Béal Feirste Duais an Oireachtais €500 Cairde Teo., Ard Mhacha Duais an Fháinne (Dearbhán €500 ó Ghael Linn) Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Comharchumann Mhic Dara, An COISTÍ LE DAONRA 4,000 – 20,000 Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe 1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall 2ú Duais €3,000 Cairde Teo., Ard Mhacha €1,500 Líonra Leitir Ceanainn, Co Dhún 3ú Duais €2,000 Ionad na Fuiseoige, Béal na nGall Feirste Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain COISTÍ LE DAONRA 20,000 + Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta 1ú Duais €4,000 Cumann Cultúrtha Mhic £1,500 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain Reachtain, Béal Feirste Duais COGG €2,000 Muineachán le Gaeilge 2ú Duais €3,000 Cultúrlann Uí Chanáin, Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Pobal ar Doire a’n Iúl, An Ómaigh, Co Thír Eoghain 3ú Duais €2,000 Glór Cheatharlach Duais an Fhorais Patrúntachta €1,000 Craobh na Bóinne, Co na Mí COISTÍ GAELTACHTA 1ú Duais €4,000 Comharchumann Mhic DUAISEANNA DO NA COISTÍ Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe DEONACHA 2ú Duais €3,000 Cumann Forbartha Chois €1,500 AN CEANN Fharraige, Co. na Gaillimhe Cúige Uladh Coiste Ghlór na nGael, Gort an 3ú Duais €2,000 Comhlucht Forbartha na Choirce, Co. Dhún na nGall nDéise, Co. Phort Láirge Cúige Chonnacht Glór Locha Riach, Co na NA DUAISEANNA SPEISIALTA Gaillimhe Duais Ógras €1,000 Glór Uachtar Tíre, Cúige Mumhan Coiste Ghlór na nGael, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin Clochán Bhréanainn, Co Chiarraí Duais an Timire €750 Glór na Móna, Cúige Laighean Gaeil Chill Dara COISTÍ LE DAONRA FAOI 4,000 1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire 2ú Duais €3,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin 3ú Duais €2,000 Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar, Co. an Dúin

Timire Autumn 2018.indd 8

25/07/2018 15:19


© Paddy Furlong

9

An Iontráil Nua is Fearr Glór Mhachaire Fíolta, Co Dhoire Duais Aitheantais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Donnacha €1,000 – Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin Gradam Ghlór na nGael – POP Up GAELTACHT Comórtas na gColáistí 3ú Leibhéal – Gearrliosta An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann Gaillimh An Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste An Cumann Gaelach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath An Cumann Drámaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co Chill Dara

Focal ó Fhrainc Tá An Timire buíoch díot as do thacaíocht. Is iarracht é an t-ordú seasta íocaíocht a éascú duitse is an obair oifige a éascú dúinne. Ní mór dúinn fás, mar iris is mar phobal. Chuige sin tá muid ag pleanáil don aimsir amach romhainn, agus gá againn le tacaíocht leanúnach uait. Ní mór dúinn a bheith flaithiúil leis is a bhfuil againn a roinnt le daoine eile. Iarracht atá sa tsiúlóid urraithe ar an gCamino le hairgead a chruinniú do fhorbairt An Timire is cuid de a roinnt le carthanacht, Áit Linn, atá ag tabhairt aghaidh ar fhadhb leanúnach ár muintire – andúil in alcól. Beidh muid buíoch as do fhlaithiúlacht.

Timire Autumn 2018.indd 9

25/07/2018 15:19


Timire Autumn 2018.indd 10

25/07/2018 15:19


11

Michael Bingham SJ

Misean na Reiligiúnach Ní hé amháin aird a thabhairt orthu ach cion a bheith againn ar na boicht inár measc – tá sé sin ar cheann de na dúshláin is minicí a chuireann an Pápa Proinsias os ár gcomhair. Tá gach aon deis dá bhfuair sé tapaithe aige, trí bhriathar agus trí shampla lena thaispeáint go bhfuil an creideamh Críostaí toll mura n-osclaímid ár súile agus ár gcroíthe do lucht an ghátair, agus dóibhsean ar imill na sochaí. Tá tagairt déanta in go leor litreacha uaidh faoi fhaillí córais shóisialta agus córais eacnamaíochta a chruthaíonn an oiread sin íobartach agus a dhéanann an oiread sin dochair do shaol ár linne. Ach is suntasaí fós, b’fhéidir, an tionchar a bhí ag an turas a thug an Pápa Proinsias, go pearsanta, ar na dídeanaithe a tarrtháladh ón bhfarraige – agus ar phríosúnaigh, cibé cén cearn den domhan ina raibh sé. Faoi mar a dúirt sé i gceann de na nathanna a bhfuil cáil air fúthu: “cogar i leith, nuair a thugann tú déirc uait an bhféachann tú isteach i súile an té a bhfuil tú ag bronnadh déirc air/ uirthi? – An ndéanann tú teagmháil lena láimh – nó an gcaitheann tú chuige í?” Seo í an difríocht bhunúsach idir carthanacht agus grá. Meabhraigh a éasca atá sé tacaíocht airgid a thabhairt do dhea-chúiseanna, go fiú maratón a

Timire Autumn 2018.indd 11

rith le hairgead a chnuasach d’fhonn fulaingt éigin a mhaolú. Nach díol sásaimh dúinn daoine a chur ar an eolas faoi bhunchúiseanna na héagóra agus an leatroim sa saol. Ach is nuair a bhuailimid go pearsanta leis an duine, nuair a dhéanaimid comhrá leis/léi faoi mar a rinne Íosa ag leigheas na n-easlán dó nó ag tabhairt maithiúnais don pheacach, a riaraimid Dia an ghrá – is é sin, teachtaireacht an tsoiscéil – air. Is dualgas é seo orainn uile mar lucht leanúna Chríost ach, an mhí áirithe seo, tá an pápa ag tabhairt cuireadh dúinn guí go dtabharfaidh na fir agus na mná in oird rialta – sagairt, manaigh, siúracha agus bráithre – go dtabharfaidh siad cinnireacht ag freastal ar na boicht agus ar na díothachtaigh. Is iomaí sin sampla i stair na hEaglaise faoi oird rialta a bunaíodh d’aon toisc le freastal ar riachtanais dhaonna na linne sin ina dtír féin agus i gcéin. In Éirinn féin tá go leor fianaise ar fáil faoi na scoileanna, dílleachtlanna, ospidéil agus eile a d’fhág oird rialta mar oidhreacht. Ach faoi mar a tharlaíonn go minic leis na tionscnaimh dhaonna is fearr, maolaítear le himeacht na mblianta ar an díograis a bhí i láthair i dtus báire agus gabhann cumhachtaí tromchúiseacha seilbh ar an ngluaiseacht sa chaoi nach

25/07/2018 15:20


‘Is iomaí sin sampla d’oird rialta a bunaíodh d’aon toisc le freastal ar riachtanais dhaonna ina dtír féin agus i gcéin.’

© wideonet / Shutterstock

12

bhfreastalaíonn sí níos mó ar an mbocht ná ar an ngátarach. Lena chois sin ó tharla an laghdú mór ar líon na ndaoine ag dul leis an saol rialta mar ghairm bheatha, is ar an stát a thiteann an cúram go huile agus go hiomlán riachtanais an oideachais agus na sláinte a sholáthar agus a eagrú. Mar sin is é is mian leis an bpápa ná iadsan a dhéanann a mbeatha a thíolacadh do sheirbhís Dé in oird rialta, go bhféachfaidís le hintinn a mbunaitheoirí agus saintréithe a ngairme a athmhúscailt trí mheon agus dearcadh Íosa a athbheochan ina saol; agus go ndéanfaidís é sin trí bhá leosan ag imill na sochaí a léiriú. Is ó bheith páirteach i saol na mbocht agus ó bheith cairdiúil leo mar chomharsana a éireoidh linn a dtuairimí ar an saol a thuiscint in ainneoin chomh

bunoscionn is atá na tuairimí sin leis an dearcadh coitianta. Ach is fiú go mór dúinn glacadh leis an dúshlán. Tá luacha le foghlaim againn ó na daoine ag na himill, leithéidí fáilte agus féile, móraigeantacht, iontaobh agus fíre, maireachtáil don nóiméad – agus, ar a shonsan, maireachtáil go tíosach – na súáilcí sin a bhíonn gann go leor sa saol sóch a chaitheann bunáite na ndaoine ag croílár na sochaí. Nach bhfuair Íosa féin níos mó creidimh, níos mó cairdeasa i leith a athar, i measc na muintire a ndéantaí leatrom orthu ná mar a fuair sé ina measc siúd a bhí mór le rá i súile an phobail – ceannasaithe creidimh na linne sin san áireamh? Iadsan a thiomnaíonn a saol do shearcleanúint Íosa, go leana siad a lorgsan go dlúth agus iad ag teacht in athuair ar Dhia na mbocht.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2018 Go gcorródh daoine coisricthe, idir fhir agus mhná, iad féin agus go mbeidís i láthair i measc na mbocht, na ndaoine ar imeall na sochaí agus iadsan gan ghlór. Foclóirín: díothachtaigh = daoine atá ar an ngannchuid; dílleachtlann = orphanage; móraigeantacht = magnanimity; iontaobh = muinín; fíre = fírinne; tíosach = spárálach.

Timire Autumn 2018.indd 12

25/07/2018 15:20


Timire Autumn 2018.indd 13

25/07/2018 15:20


14

An Br. G.D. de Barra

Loreto – Teach Naofa Mhuire Tá scrín na Maighdine Muire i Loreto ar an ionad is ársa agus is seanda oilithreachta do Mhuire, máthair Dé leis na céadta bliain. De réir an traidisiúin, agus tá sé cruthaithe anois ag taighde seandálaíochta agus stairiúil, caomhnaítear Teach Mhuire Nazarat i Loreto, cathair in oirthuaisceart na hIodáile, 160 ciliméadar ón Róimh. Ní mór a thuiscint go raibh Teach Mhuire i Nazarat ina dhá chuid, fochla – tá Baisleach Ionchollú Mhac Dé os a chionn sin anois agus tadhaill leis bhí tigín Mhuire. Is minic a chuirtear an cheist, conas mar a tógadh an teach clochach seo, trí mhéadar in airde go dtí Loreto. Deirtear gur iompair na haingil an Teach seo, nuair a díbríodh na Crosáidithe ón bPailistín, ar dtús go dti Illyria (an Chróit) agus trí bliana ina dhiaidh sin, 1294 A.D., go dtí Loreto. Tar éis staidéar agus taighde atá déanta ar dhoiciméid agus modhanna nua seandálaíochta is cosúil gur iompraíodh an teach i long faoi chúram agus mhaoiniú teaghlach uasail d’arbh ainm Angeli. Bhí an teaghlach sin ag rialú Epirus (an Ghréig). Léitear i ndoiciméid ó 1294 gur deineadh cleamhnas idir Pilib, mac Shéarlais II Anjou (an Iodáil) agus iníon Niceforo Angelo – forlámhaí Epirus –

Timire Autumn 2018.indd 14

go mbeadh sé mar chuid de spré na brídeoige i measc tailte eile go mbeadh ‘na clocha naofa a tógadh ó theach Mhuire Máthair Dé’. De réir taighde agus staidéar ar na clocha atá sa scrín is féidir a léiriú go bhfuil marcanna ar na clocha ó ré na gcrosáidí, agus ar chloch eile feictear íomhá Ubh na hostraise a thógann chun chuimhne an Phailistín. Is siombail é seo leis, a bhaineann le mistéir Ionchollú Mhac Dé. Níl an saghas cloiche atá i dTeach na Scríne le fáil san Iodáil. Ní riabh ach trí bhalla sa teach a tógadh ó Nazarat, tá an ceathrú balla tógtha le brící an cheantair. Choimisiúnaigh an Pápa Julius II scáileán marmair timpeall an tí chun é a chaomhnú. Tá dealbh na Maighdine agus an pháiste atá os cionn an tí déanta as adhmad an chéadrais ón Liobáin. Tá na milliúin oilithrigh tar éis teacht ag guí agus ag machnamh ann, ina measc Máire Nic an Bhaird (Mary Ward) bunaitheoir ord Shiúracha Loreto (I.B.V.M.). Is iontach mar a d’fhás baile timpeall ar an teach trí mhéadar seo. Nuair a chonaic an Pápa Sixtus V (1506) an fás bhronn sé Gradam Cathrach agus Deoise ar Loreto. Tá an scrín timpeallaithe anois ag Eaglais Mhór álainn agus an foirgneamh uile

25/07/2018 15:20


‘Tar éis staidéar agus taighde nua seandálaíochta atá déanta is cosúil gur iompraíodh an teach i long.’

maisithe ag obair ealaíontóirí. Tá cearnóg mhór os comhair na hEaglaise agus bíonn sí plódaithe leis na hoilithrigh. Thug an Pápa Eoin Naofa XXIII cuairt ann sa bhliain 1962 agus mhol sé teachtaireacht an Aingil dá lucht éisteachta. Labhair sé faoi thábhacht an teaghlaigh. Cuimhnímis ar na rúndiamhair éagsúla a bhaineann leis an scrín cháiliúil seo. Scrín Ionchollú Mhac Dé: ‘Hic verbum caro factum est’ (Ghlac an Briathar colainn dhaonna). Scrín an Spioraid Naoimh: Is é ag freagairt cheist Mhuire, ‘Dúirt an tAingeal dá freagairt, tuirlingeoidh an Spiorad Naofa ort agus cumhacht an Té is airde ina scáil anuas ort.’ Scrín na Maighdine gan teimheal: Sa teach seo, gineadh, saolaíodh agus tógadh Muire agus tháinig an tAingeal Gaibriéil chuici; comhlíonadh sa teach seo, geallúint Dé; ‘Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean idir do shíolsa agus a síolsa.

© pavel068 / Shutterstock

15

Brúfaidh sí do cheann agus smachtóidh sí tú faoina sáil.’ – Gein. Caib. 3 Scrín an Teaghlaigh Ró-Naofa : Le linn na hoilithreachta chuig Loreto i 1979 dúirt an Pápa Eoin Pol II Naofa, ‘Teach an Teaghlaigh Naofa! Ba é seo a chéad teampall, an chéad séipéal inar lonraigh Máthair Dé a solas máithriúil. Dhealraigh sí é leis an loinnir a thagann o mhistéir an Ionchollaithe, ó mhistéir a mic.’ Agus é ag breathnú ar ‘Theach Nazarat Loreto’ léirigh an Pápa Eoin Pól II go raibh súil aige go mbeadh dídean agus teaghlach ag chuile pháiste daonna. Tá teaghlach Naofa Nazarat ina eiseamláir agus ina chosantóir ag gach teaghlach Críostaí. Seo an fáth go n-impíonn pobal Dé ar Mhaighdean Loreto, banphátrún teaghlaigh, agus baile, cabhrú leo. Is áit phríobháideach é Teach Naofa Loreto le bheith ag machnamh ar an mBeannú – fós ag glaoch amach – ‘’Sé do Bheatha a Mhuire atá lán de Ghrásta’. Go gcabhraí Muire Máthair Dé linn go léir.

Foclóirín: fochla = grotto; forlámhaí = despot; ostrais = ostrich.

Timire Autumn 2018.indd 15

25/07/2018 15:20


16

Mary Lawlor Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide

Ag Obair i dTreo na Síochána Síochánaí a bhí ionam riamh agus creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tabhairt faoin gcur in iúl go hoscailte agus go hómósach. Le linn dom a bheith mar stiúrthóir ar Amnesty International, chuala mé agallamh a cuireadh ar Shéamus Heaney ar ócáid a chaogadú breithlá. Ceann de na rudaí dá ndúirt sé a d’fhan i mo chuimhne riamh ó shin is ea gur chreid sé gur cuireadh anseo sinn chun an domhan a fhágáil roinnt bheag níos sibhialta. Seo mar a chuir Frank Jennings, cara agus meantóir dílis eile, an smaoineamh céanna in iúl: ‘Creidim nach mór dúinn an tsibhialtacht a roghnú gach uile lá.’ Ba léir dom féin trí mo chuid oibre i réimse chearta an duine cé chomh tábhachtach is atá gné na cainte. Tig leis an bhfocal urchóideach, nó an focal neamh-aireach an dinimic a ghabhann le hócáid ar bith a chur chun donais. Tig le cásanna dul ó smacht go tapa sa chaoi is, ar an gcuid is fearr, go bhfágtar deighilt eatarthu siúd a bheadh in inmhe oibriú le chéile ar son an chirt agus, ar an gcuid is measa, go neadaítear cultúr an fhoréigin i gcásanna coimhlinte. Sílim nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil go dtabharfaidh gach uile dhuine grá dá chéile ach tá sé réadúil a bheith ag súil go gcuirfidh daoine suas le chéile agus

Timire Autumn 2018.indd 16

go saothróidh siad trí mheán an idirphlé ar son teacht ar ní éigin atá i bpáirt acu. Ceadaíonn an t-idirphlé fíorchaidreamh idir dhaoine i gcás go n-éisteann siad go rí-aireach lena chéile, agus is féidir dá thoradh sin go n-athróidís a dtuairimí agus/ nó a meon faoi nithe a gcreideann siad iontu. Ach meas a léiriú go fíor ar an duine eile, ceadaítear dá bharr éisteacht i ndáiríre le cúraimí an duine sin murab ionann agus a ndearcadh féin a bheith á shíor-athrá ag daoine – is féidir ar an dul sin stop a chur leis an bhfáinne fí a fhágann nach mbíonn ar bun ag daoine ach a dtuairimí diongbháilte á n-athrá acu, agus ar mhodh forránach go minic, sa dóigh is nach réitítear faic. Ní gá do dhuine ar bith a f(h)éiniúlacht a shéanadh agus ní gá do dhuine ar bith a rá cé aige atá nó cé aici nach bhfuil an ceart – idirphlé atá i gceist sa bhrí cheart den fhocal agus is éard is príomhaidhm don idirphlé, éisteacht, foghlaim agus fuascailt fadhbanna a spreagadh. Próiseas uileghabhálach is ea an t-idirphlé agus aithnítear dá bharr daonnacht gach aon pháirtí. An t-idirphlé sin a bhfuil ómós agus caoinfhulaingt mar bhonn leis, ceadaíonn sé do dhaoine comhthuiscint agus iontaoibh as a chéile a bhunú i ndáil lena gcuid difríochtaí, agus fuinneamh níos dearfaí a chruthú freisin sa chaoi

25/07/2018 15:20


‘Próiseas uileghabhálach is ea an t-idirphlé agus aithnítear dá bharr daonnacht gach aon pháirtí.’

is gurbh fhéidir gur fearrde na torthaí a bhéarfaí. Bíonn gá le foighne agus le ham nuair is mian réiteach marthanach a fháil ar fhadhbanna – tig leis an bpróiseas a bheith thar a bheith malltriallach agus incriminteach. Chonacthas é seo i gcás Thuaisceart Éireann agus go deimhin ghlac sé trí bliana déag sular aontaíodh glacadh le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine. Mura bhfuil toil pholaitiúil chuige agus/ nó má tá foréigean sa chúlra le fada an lá, ní bheidh feidhm le hidirphlé mura ndéantar na socruithe cuí ina leith a ullmhú. Más amhlaidh atá foréigean, fuath agus mí-iontaoibh i dtreis ar an toil chun comhaontú a chruthú, nó má

© Antonio Guillem / Shutterstock

17

tá éagothroime shuntasach cumhachta i measc na rannpháirtithe, nó má tá toil pholaitiúil in easnamh orthu, tharlódh ansin nach mbeidh aon ghealadh faoi idirphlé sa chás. Ina theannta sin, caithfidh na rannpháirtithe a bhraith go dtig leo labhairt go neamhbhalbh gan eagla díoltais ná diúltaithe. Tá sé tábhachtach freisin láthair neodrach a roghnú le haghaidh an idirphlé. Trí ní nach furasta a fhoghlaim is ea conas a bheith foighneach, caoinfhulangach agus ómósach – dúshlán seasta dúinn uile go pearsanta is ea é. Ach ionas go gcuirfear chun cinn ceartas agus cearta do chách ní mór dúinn féachaint i gcónaí leis na luacha sin a chothú.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA SAMHNA, 2018 Go mbeire friotal an ghrá agus friotal an idirphlé barr i gcónaí ar fhriotal an aighnis. Foclóirín: meantóir = mentor; caoinfhulaingt = tolerance; éagothroime shuntasach cumhachta = significant power imbalance; gealadh faoi... = a situation ripe for... .

Timire Autumn 2018.indd 17

25/07/2018 15:20


Timire Autumn 2018.indd 18

25/07/2018 15:20


19

Helen Ó Murchú

Intinní an Phápa: Stair agus Cúlra Nach spéisiúil mar a bhíonn focail agus frásaí á gcloisint, á gcaitheamh timpeall agus á síorúsaid againn gan eolas beacht nó tuiscint chruinn againn orthu? Gan iontu ach mar a bheadh ‘gaoth an fhocail’? Sin é fáth gur chuir mé romham dul níos doimhne dom féin in a dtugtar Intinní an Phápa. Fuair mé amach go bhfuil stair fhada ag gnás sin na pápachta. Tarlaíonn go bhfuil dlúthbhaint idir Aspalacht na hUrnaí agus Intinní an Phápa. Chuir buíon d’ábhair sagairt tús le coincheap na hAspalachta thiar sa bhliain 1844 faoi anáil a Stiúrthóra Spioradálta. Ba Íosánach gaoiseach eisean. Theastaigh uaidh go dtuigfeadh na hógánaigh gurb ionann cumhacht na hurnaí mar chabhair do lucht na misean agus saothrú sna háiteanna iontacha neamhghnácha sin thar lear a shanntaigh na daoine óga. Rinne sé aspail na hurnaí díobh. Mhínigh sé gur ar bhealaí spioradálta a shroichtear buansprioc spioradálta na hEaglaise, is é sin slánú anamnacha. Lean agus leath go leor nithe amach as an gcéadghluaiseacht sin i Vals na Fraince. Ar dtús, nósmhaireacht Ofráil na Maidne nuair a thiomnaítear ilghníomhartha is ilimeachtaí an lae do Dhia, don Chroí Ró-naofa go háirithe. Ansin, sa bhliain 1861, foilsíodh Timire

Timire Autumn 2018.indd 19

an Chroí Ró-naofa den chéad uair. Ón mbliain sin amach chomh maith tháinig leathnú gan mhoill ar an struchtúr ar tugadh Aspalacht na hUrnaí air ar an gcaoi go bhfuair an eagraíocht aitheantas oifigiúil ón bPápa Pius IX faoi 1879 agus reachta leasaithe ó Leo XIII sa bhliain 1896. Thuig Leo an chumhacht spioradálta a bhain leis an smaoineamh simplí sin, iliomad daoine in áiteanna éagsúla ag guí leo in aghaidh an lae, ag tosú le hOfráil na Maidne. Ar an tuiscint sin, chuir sé tús sna 1880idí le hIntinní míosúla ar leith, intinní Uilíocha an Phápa. Ansin sa bhliain 1929, chuir Pius XI Intinn ar leith soiscéalaíoch sa bhreis ar an ngnáthintinn. Is ar son gach duine atá ag leathadh an tSoiscéil in aon bhealach ar fud an domhain a rinneadh sin, díreach mar a bhí in intinn na nÍosánach thiar sa bhliain 1844. Ní hionadh gur faoi choimirce na nÍosánach atá gluaiseacht dhomhanda Aspalacht na hUrnaí go dtí an lá inniu féin. Ní hionadh ach oiread gur thug Pius XII moladh ar leith ar ócáid cheiliúradh an chéid sa bhliain 1944 don chomhphaidir is bonn leis an Aspalacht agus gur ‘seoid luachmhar’na focail faoi a bhí ag Eoin Pól II sa bhliain 1985. Meastar go raibh ballraíocht de dhá scór milliún ag an Aspalacht faoin mhílaois

25/07/2018 15:20


‘Thuig Leo an chumhacht spioradálta a bhain leis an smaoineamh simplí sin, iliomad daoine in áiteanna éagsúla ag guí leo in aghaidh an lae.’

agus go rabhthas ag cur i gcló leathchéad leaganacha éagsúla den Timire móide go leor foilseachán eile. Cuimhnigh air, Gréasán Domhanda Urnaí ag an bPápa, agus sinn go léir páirteach ann, más mian linn. Ar ndóigh, seo ré nua. Déanann an Aspalacht físeán den Phápa anois in aghaidh na míosa i gcomhar le seirbhís teilifíse na Vatacáine, nós a thosaigh le Iubhaile na Trócaire. Ó thús 2017, shocraigh an Pápa Proinsias gur intinn ghinearálta amháin a bheadh i gceist feasta agus go mbeadh sin mar bhonn leis an agallamh físeáin. Ní choscann sin air intinní ar leith práinneacha a eisiúint, áfach, ar ócaidí poiblí más gá sin. De ghnáth, is mí Feabhra/Márta gach bliain a fhaobhaítear agus a eisítear na hIntinní don bhliain dár gcionn. Le haghaidh 2018 is meascán d’intinní uilíocha agus soiscéalaíocha atá i gceist, mí ar mhí, sé cinn faoi seach de

© neneo / Shutterstock

20

cheachtar cineál. Chuir cara liom réaltacht i gcuimhne dom le déanaí ar mhodh neamhghnách. Bhain sí stangadh asam nóiméad chun na fírinne a rá. Is bean rialta í, duine carthannach, praiticiúil ach thar aon ní is duine spioradálta í a chreideann gan cheist i dtábhacht na comhphaidreoireachta. I ndiaidh dom dul faoi scian tamall ó shin, obráid a raibh toradh fónta uirthi, buíochas le Dia, ar sise liom, ‘Tabhair aire duit féin anois, tá infheistiú nach beag paidreacha déanta ionat.’ Focal mar ‘infheistiú’, a bhaineann inár n-aigne le saol an mhargaidh, le saol an airgeadais, nach iontach mar a chaitheann sé solas nua ar fad ar an ngné spioradálta dár saol? Gur mar a bheadh comhinfheistiú i bhfolláine a chéile a bhíonn ar bun ag baill chomhghuí na hAspalachta, mar phobal de chreidmhigh, bíodh aithne againn ar a chéile nó ná bíodh.

Foclóirín: reachta leasaithe = dlíthe ceartaithe as an nua; faoi choimirce = faoi scáil

Timire Autumn 2018.indd 20

25/07/2018 15:21


Timire Autumn 2018.indd 21

25/07/2018 15:21


Timire Autumn 2018.indd 22

25/07/2018 15:21


23

Mol na hÓige

© Rvector / Shutterstock

Gabriel Rosenstock

An MulLÁ agUS an CUraÍ Bhí mullá (nó sagart Moslamach) in Assam uair amháin. Beadaí ceart a bhí ann agus a rian sin air. Fuair sé cuireadh chun dinnéir uair amháin ó lánúin dheabhóideach. Nuair a shiúil sé thar tairseach isteach chucu cad é an t-iontas a bhí ar an mbeirt nuair a thosaigh an mullá ag béiceach: ‘Amach! Amach leat as an áit seo!’ Nuair a tháinig a chaint chuige, arsa fear an tí leis: ‘Níl éinne anseo ach sinn féin. Cé a bhí á ruaigeadh agat? Fear na gCrúb?’ ‘Ní hea, ní hea!’ arsa an mullá agus gháir sé. ‘Madra a bhí ag iarraidh dul isteach sa Chába! Ó hó, chuir mise an ruaig air.’ (I Meice atá an Cába, an áit is beannaithe ar domhan dar leis an Moslamach).

Timire Autumn 2018.indd 23

Bhí iontas an domhain ar fhear an tí. Mullá a bhí chomh fadradharcach sin go bhféadfadh sé an Cába a fheiceáil ó shráidbhaile beag in Assam. Ach bhí amhras ar bhean an tí ina thaobh. Shuigh an mullá agus fear an tí chun boird. ‘Neam-neam!’ arsa an mullá leis féin nuair a fuair sé boladh an churaí. Níorbh fhada gur thug bean an tí dinnéar dóibh, rís, picil agus curaí glasraí. Ach bhí curaí an mhullá curtha i bhfolach aici faoin rís agus gan le feiceáil ach an rís is an phicil. ‘D’anam is do chorp don diabhal, a bhean, cá bhfuil an curaí?’ arsa an mullá. ‘Nach deas an chaint í sin uait,’ ar sise. ‘Duine atá in ann gadhar a fheiceáil thall i Meice,’ ar sise, ‘ba dhóigh leat go mbeadh sé go maith in ann curaí a fheiceáil faoin rís!’

25/07/2018 15:21


24

Ronan Barry Séiplíneach agus Tuismitheoir

An Ríméad atá ann agus Mé ag Breathnú ar mo Ghasúir agus iad ag Éirí Aníos Machnamh ar céard tá le rá ag an soiscéal maidir le gasúir agus iad ag éirí aníos. Is cor cainte coitianta go maith é gur fiú míle focal an pictiúr. Gineann grianghrafanna, go háirithe seanghrianghrafanna teaghlaigh, an-chuid comhráití. Is iad pictiúir agus grianghrafanna na huirlisí is fearr chun scéalta a roinnt – scéalta faoin teaghlach agus faoi chairde, ón am anallód agus ón lá atá inniu ann. Maidir leis an bpáiste, tá an bua seo ag an ngrianghraf gur féidir leis breith ar an iliomad nithe thar thréimhse an-fhada go deo – breith an linbh, an chéad lá ar scoil, an Chéad Chomaoineach Naofa, laethanta saoire agus araile. Nuair a roinneann muid grianghrafanna, tá deis ann díriú ar an mbuíochas agus ar an ngliondar cibé pictiúr atá i gceist – meangadh gáire, deora, nó cáca milis álainn ag ceiliúradh breithlá. Sa gcaoi seo is féidir machnamh a dhéanamh ar cé as a dtáinig muid. An tseachtain seo caite agus mé i mbun cainte le mo chairde do tharla an rud nach féidir é a sheachaint na laethanta seo – tháinig na fóin phóca amach agus roinneadh pictiúir de na laethanta saoire a bhí díreach thart agus ansin lean an comhrá ar aghaidh le plé faoi scrúduithe

Timire Autumn 2018.indd 24

na ngasúr agus na féidearthachtaí a bheadh acu san ollscoil amach anseo. An tseachtain roimhe, ba é an ní a bhí faoi chabidil ná sceál na hiníne a tháinig abhaile ar saoire théis a bheith ar imirce. Sna comhráití teaghlaigh seo uilig, tá fuinneamh, gliondar, dóchas agus grá fite fuaite i ngach aon áit. Amantaí, is é an t-iontas an ní is suntasaí atá ann nuair a bhíonn muidne, na tuismitheoirí, ag breathnú ar ár bpáistí. Is cúis áthais dúinn an chaoi a mbíonn siad ag réiteach le daoine agus leis an domhan mórthimpeall. Is cuimhin linn nach raibh sé de mhisneach acu ach coiscéim amháin, nó dhó, a thógáil nuair a bhí siad óg – ba é an nós a bhí acu ná iompú timpeall cibé cén áit a raibh siad, chun a dheimhniú go raibh muid fós leo. D’fhéachfadh siad isteach inár súile chun a fhiosrú an raibh muid sona sásta, nó nach raibh. De réir mar a théann na gasúir in aois, bíonn níos mó den díograis agus den mhisneach ag baint lena n-iompar ach ag an am céanna, coinníonn siad súil ar na tuismitheoirí agus cuireann siad fáilte roimh an tacaíocht i gcónaí. Is ait an t-am é do thuismitheoirí nuair atá na gasúir ag éirí aníos. Ar bhonn fisiciúil tá siad ag gluaiseacht i dtreo na haibíochta; ar ball, tógann siad cúram clainne chucu féin fiú, ach is iad

25/07/2018 15:21


‘Tá Naomh Maitiú ag iarraidh orainn filleadh ar an teaghlach, áit ar féidir le Dia a bheith ina thuismitheoir orainn.’ ár ngasúir iad i gcónaí. Tá an líne seo ar fáil i soiscéal naomh Maitiú: ‘mura n-athraíonn sibh bhur n-intinn agus mura n-iompaíonn sibh isteach in bhur ngasúir, ní rachaidh sibh isteach sa bhFlaitheas’ (Maitiú 18:3). Níor fhéad mé a thuiscint riamh cén fáth a dteastódh sé ó Dhia go bhfillfeadh éinne ar staid an ghasúir chun ríocht Dé a bhaint amach, go dtí gur thuig mé nár bhain an líne thuas le nithe ar cheart dom féin a dhéanamh ar chor ar bith. Is éard atá i gceist sa bhfriotal seo ná go bhfeidhmíonn Dia mar thuismitheoir dúinn. Tá Naomh Maitiú ag iarraidh orainn filleadh ar an teaghlach, áit ar féidir le Dia a bheith ina thuismitheoir agus áit freisin a bhfuil an grá agus an

© Photographee.eu / Shutterstock

25

bheatha i láthair ina n-iomláine. An mianach faoi leith sin a bhaineann leis an ngasúr, ní bhaineann sé le haois amháin ach is éard atá i gceist ná próiseas i dtreo na haibíochta. Tá an grá atá ag Dia dúinn an-soiléir, díreach ag an bpointe sin nuair a thugann muid faoi deara gur gasúir Dé muid. Déanann muid an caidreamh seo a cheiliúradh nuair a ghlacann muid an bheatha chugainn féin le ríméad agus le grá. Mar thuismitheoirí, tugann Dia cuireadh dúinn é a leanúint ar an aistear seo agus tá fonn air go dtiocfaidh borradh orainn féin de réir mar a líontar ár ngasúir le grá agus le gach uile shuáilce.

Foclóirín: anallód = an tsean-aimsir; díograis = dúthracht, fonn; mianach = tréith, cáílíocht.

Timire Autumn 2018.indd 25

25/07/2018 15:21


26

Crainn C D S K U B H U O G R R X

I

Í

K L

P B O H T P A Z

A C C R A N N F

E Á R B

C

L

L R L I

A A

N M G B X R F N B N R O O N E N C V A U K D B F B O J I

C N H

Ú C R A N N C A

I

S

Ú N D G

L A W O S Q H Z

É

S P G N A H

L

L

I

A P A C Ó N C N N A R C

E

L

I

E

T N N A R C N A R A A

G W G O E

S N

F

E H T

I

E B N N A R C A H C

E

S

I

G N N A R C W K R S

I

Ú

C R A N N M A

I

I

U F A N C C E

L

P E H K G C

Y Z W C R A N N P A

I

C R A N N S A

B L D D Q

CRANN BEITHE CRANN COILL CRANN FEÁ CRANN PAILME CRANN TEILE SCEACHGHEAL

Timire Autumn 2018.indd 26

I

L

Í

CRANN CAISIÚ CRANN CÉADRAIS CRANN GIÚISE CRANN PIORRAÍ CRANN ÚLL CRANN CNÓ CAPAILL

L M E P

CRANN DARACH CRANN MAILPE CRANN SAILÍ FUINSEOG

25/07/2018 15:22


Timire Autumn 2018.indd 27

25/07/2018 15:22


28

Dónall Ó Cnáimhsí

Pleanáil Teanga: Feidhm gan Éifeacht? Is éard atá i gceist le pleanáil teanga ná stratéis nó próiseas ina ndéantar iarracht tionchar a imirt ar chleachtais teanga pobail trí shraith chéimnithe de ghníomhachtaí agus idirghabhálacha a chur i bhfeidhm sa phobal. Is é an teangeolaí Meirceanach Joshua Fishman (1926-2015), atá aitheanta mar bhunaitheoir ar an réimse staidéir seo ar a dtugtar an tsochtheangeolaíocht. Rinne seisean an ceangal idir teanga agus an tsochaí ina maireann sí agus mar sin ar na fáthanna ina n-imíonn teanga i léig. In 1991 d’fhoilsigh sé a theoiric ar shábhail teangacha leochaileacha faoin teidéal ‘Reversing Language Shift’. Ina theoiric tá ocht gcéim le haisiompú a dhéanamh ar chreimniú teanga. Is é an chéad chéim ná an staid reatha a mheas agus plean a chur le chéile bunaithe ar mhianta an phobail agus a bhfís don teanga. In Éirinn, ba é príomhchuspóir leis an phróiseas phleanála teanga, ná seasamh na Gaeilge a neartú sna pobail agus líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú. Faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta, 2012, rinneadh an Ghaeltacht thradisiúnta a athshainiú mar Limistéir Pleanála Teanga agus tá fiche sé Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta ar fud na tíre. Tá ceanneagraíochtaí

Timire Autumn 2018.indd 28

roghnaithe ag Roinn na Gaeltachta, sna ceantair éagsúla le comhordú a dhéanamh ar na céimeanna áirithe a bhaineann le plean teanga cuimsithseach a ullmhú. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt do na heagraíochtaí seo maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. “Is trí chur chuige comhpháirtíochta idir an pobal agus na heagraíochtaí pobail, i gcomhar leis an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, is ea is fearr a chuirfear an próiseas pleanála teanga i bhfeidhm.” – Údarás na Gaeltachta Faoi thús mhí Mheithimh 2018 bhí cúig cinn de phleananna réitithe, faofa agus ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta, tá súil acusan cúig cinn eile a bheith ag an stáid cheanna faoi dheireadh na bliana. Tá seacht mbliana ag gach limistéar lena bpleananna a fheidhmiú go hiomlán agus a dhóthain maoinithe geallta i dtaca leo. Cé go bhfuil go leor ábhar dóchais le sonrú san taighde a rinneadh ar na pobail Ghaeltachta le linn an phróisis seo, is é sin go bhfuil móraimh mhóra go fóill

25/07/2018 15:22


© Remizov / Shutterstock

29

sna pobail seo a aontaíonn go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach dóibh agus gur mhaith leo go mbeadh sí ag a gcuid páistí. Ba mhaith leis na daoine óga níos mó deiseanna an Ghaeilge a chleachtadh lasmuigh den chóras oideachais agus ba mhaith le tuismitheoirí óga agus daoine gan Ghaeilge níos mó tacaíochtaí i dtaobh shealbhú agus fhoghlaim na teanga. Tuigeann siad uilig go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an Ghaeilge i dtaca a bhféiniúlachta féin. Ba mhaith leo níos mó seirbhísí i nGaeilge ó na rannóga stáit fosta. Is ábhar dóchais agus iontais chomh maith go raibh coistí pobail deonacha sásta bheith páirteach san phróiseas seo ón tús agus tabhairt faoin obair chasta seo. Ach anois agus muid faoi réir toiseacht ar na chéad phleannana a fheidhmiú, tá deacrachtaí eile ag teacht chun cinn. Tá feidhmiú na bpleananna ar fad bunaithe ar an tuigbheáil go mbeadh daoine oilte le fáil chun a n-earcú mar Oifigigh Pleanála Teanga. Ach de réir cosúlachta, tá daoine leis na cáilíochtaí cuí gann ar an talamh, agus tá an chontúirt go gcaillfidh na coistí pobail muinín sa phróiseas ar fad muna bhfuil teacht acu ar na daoine cearta.

Tá lúb ar ar lár eile sa phróiseas chomh maith, mar go bhfuil sé mímhacánta ag aon rialtas a bheith ag cur ualach chaomhnú na Gaeilge ar phobail leochaileacha nuair nach bhfuil polasaí i leith na Gaeilge ag na rannóga stáit atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Rinne an eagraíocht Teacht Aniar comhdháil a reáchtáil i nGaillimh i mí Bealtaine chun ardán a thabhairt do na coistí pobail agus a n-ábhair imní a léiriú agus iarracht dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na ceisteanna seo. D’aontaigh na coistí a bhí i láthair gur chóir structúr ionadaíoch náisiúnta Pleanála Teanga a bhunú chun tacaíocht a thabhairt do na coistí pleanála teanga sna limistéir áirithe agus chun stocaireacht a dhéanamh ar a son. Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Donncha Mac Fhionnghaile, T.D. in 2012 faoin bproiseas seo, “go bhfuil an t-am tagtha chun gníomh fónta, dearfach a chur in áit na cainte” agus “gur seo an seans dheireanach don Ghaeltacht maireachtáil.” Tá díograis agus dúthracht léirithe ag na pobail Ghaeltachta ó thús an phróisis seo. Céard faoin rialtas féin? Feidhm gan éifeacht?

Foclóirín: céimnithe: déanta céim ar chéim; leochaileach = éasca le gortú nó chun damáiste a dhéanamh dó; stocaireacht = feachtasaíocht thar ceann cúise nó duine.

Timire Autumn 2018.indd 29

25/07/2018 15:22


www.tearmann.com Tugann Tearmann deis do dhaoine idir óg agus aosta machnamh a dhéanamh agus guí os comhair an ríomhaire nó leis an bhfón soghluaiste. Is acmhainn thábhachtach é d’aos labhartha na Gaeilge agus úsáideann an-chuid daoine ar fud na tíre agus thar lear an suíomh seo dá bpaidir laethúil. Tá Intinn an Phápa ar fáil ar an suíomh seo chomh maith. Ar Lá Fhéile Pádraig bhí Tearmann ag céiliúradh 19 bliain ar líne. Scaipimis an scéal faoi na hacmhainní saibhre atá le fáil ann.

Tomhas an Timire: 193

1

2

3

4

5

6

Leid: Oilithreacht sa Spáinn agus sa Fhrainc Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil CATHAOIR AIRGEAD AMADÁN TEILIFÍS NUÁLACH OIDEAS DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Foclóirín: xxx = xxx;

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 DEIREADH FÓMHAIR, 2018 Tomhais 192: Freagra: BERGOGLIO Buaiteoir: Colm Mac Niocaill, Gaillimh.

Timire Autumn 2018.indd 30

25/07/2018 15:22


Im Leabharlann Dom

31

Léirmheas le Seán Mac Labhraí

agus Punchestown agus Baldoyle, d’ainneoin Pháirc an Chrócaigh, agus Mickey Mouse, tá daoine beo a léas leabhair Ghaeilge’. Dá mbeadh Seosamh ag léiriú na barúla céanna i saol an lae inniu, is féidir gur bail eile a bheadh ar a chuid cainte “d’ainneoin Facebook, Snapchat, Instagram agus Twitter, d’ainneoin Eastenders agus Emmerdale, d’ainneoin Strictly Come Dancing agus Na Kardashians tá daoine beo go fóill a léann leabhair Ghaeilge”.

An Capall Dubh agus Scéalta Eile le Pádraig Ó Baoighill An Ceathrú Póilí £9.50 Sterling Ba é seo an chéad seoladh ag Club Leabhar na Cultúrlainne i mBéal Feirste do 2018. Bhí slua mór i láthair agus uisce lena gcár ag tnúth le greim a fháil ar an saothar is déanaí ó pheann an údair seo. Tá scór leabhar foilsithe anois ag Pádraig Ó Baoighill, nó Padaí Tharlaigh Pháidí, mar is fearr aithne air i Rann na Feirste. Scríobh Seosamh Mac Grianna (Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile lch. 104): ‘Níl bréag ar bith nó tá daoine in Éirinn atá i bhfáth le litríocht. D’ainneoin an Hospital Sweep, d’ainneoin Leopardstown

Timire Autumn 2018.indd 31

RÉAMHRÁ Léiríonn an Baoighilleach a chomaoin do na hirisí Gaeilge Comhar, Feasta, an tUltach, Lá, Foinse agus Deirdre (a chuireadh Gearóid Ó Cuinneagáin amach gan mórán tacaíochta ón stát). Maíonn sé go bhfuair sé féin agus a mhacasamhail eile de scríbhneoirí óga na Gaeilge spreagadh agus uchtach ó na foilseacháin luachmhara agus iad ag toiseacht amach ar bhóthar na scríbhneoireachta. Ba iad Irisleabhar na Gaedhilge agus An Claidheamh Soluis a thacaigh le hathbheochan na Gaeilge ar an dóigh chéanna fadó agus is cúis imní don Bhaoighilleach an dóigh a bhfuil cuid mhaith de na tréimhseacháin seo caillte nó faoi bhrú cheal tacaíocht an stáit. Tá dhá chuid sa saothar seo: cuid I ina bhfuil deich scéal nár foilsíodh roimhe agus cuid II ina bhfuil duisín scéal a foilsíodh in irisí éagsúla ó 1986 anall.

25/07/2018 15:22


32

AN TEANGA AGUS AN tÁBHAR Seo an tríú cnuasach gearrscéalta ó pheann an Bhaoighilligh – d’fhoilsigh Coiscéim An Coileach Troda (1993) agus Srathóg Feamnaí (2001) cheana agus tugtar achoimre bheacht dúinn ar chlúdach cúil an leabhair i dtaca leis na téamaí éagsúla a dtéann an t-údar i ngleic leo an iarraidh seo – ‘As Gaeltacht Rann na Feirste é, agus tá mórán de na scéalta suite in ithir a dhúchais. Ach i measc na n-ábhar eile tá an grá, an ceol, an imirce, an cearrbhachas, an lucht siúil, an chollaíocht, an drabhlás, trioblóidí an tuaiscirt, an Ghaeltacht, saol na cathrach, oileáin na hAlban, cúrsaí spóirt is coláiste.’ Go deimhin is iad an leithne agus an fhairsinge na gnéithe is suntasaí faoi na scéalta seo. Níl teorainn aoise, ama ná áite leo. Bíonn an Baoighilleach go hiomlán ar a shuaimhneas ag plé le gach aoisghrúpa agus le lucht Gaeltachta is Galltachta. Tá an léargas a thugtar dúinn ar nádúr an duine sna scéalta seo uilíoch is cuma cá mbíonn siad suite – in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag nó i dTuaisceart Shasana. I gcás scéalta na hAlban, baineann an t-údar leas fiúntach as an taithí phearsanta a fuair sé féin ar shaol na nÉireannach thall. Más Poblachtánach go smior é féin, ní bhíonn bac ar bith air an dá dhearcadh a léiriú go cruinn cothrom

Timire Autumn 2018.indd 32

i dtaca le coimhlint na sé chontae sna scéalta ‘An Cailín as Port an Dúnáin’, ‘Cor sa Chinniúint’ agus ‘An Saighdiúir Tréigthe’. Más faide agus más doimhne a thuiscint ar mhuintir a chontae féin ní bhíonn leisce ar bith air dul i ngleic le Liatroim agus le Longphort. Is é ‘Abar na Bó’ an scéal is fearr liom féin. Cuireann sé stíl agus máistreacht Liam Uí Fhlaithearta i gcuimhne dom. Anuas ar gach suáilce eile a fhaighimid sa chnuasach seo tá an-eolas ar stair shóisialta na gConallach a bhíodh anonn agus anall go hAlbain. Tá an leithne le sonrú arís i gcás na teanga mar a léimid ar an chlúdach cúil, ‘Fíorscoth chanúint dhúchasach Thír Chonaill atá sna scéalta seo, ach tá stór leathan focal ó chanúintí eile sníofa isteach tríothu.’ Ba mhinic ab éigean dom an foclóir a tharraingt chugam féin agus tá moladh faoi leith tuillte ag an Bhaoighilleach as focail a d’imigh i ndíchuimhne a thabhairt ar ais chun beatha i gcomhthéacs nádúrtha sothuigthe. Deich euro atá air agus is mór is fiú a luach.

25/07/2018 15:22


33

Frainc Mac Brádaigh SJ

Ómós do Sheanchomrádaí Críostaí cruthanta a bhí is atá i Liam Ó Muirthile. Críostaí cruthanta nárbh den riachtanas dó sin a fhógairt óna bhéal amach. Faoi dhaoine eile breithiúnas mar sin a thabhairt. ‘Bheadh sé réabhlóideach a fhógairt, ar an saolta seo gur Caitliceach nó fiú gur Críostái thú,’ a deir sé féin, (Oilithreacht Pinn, lch 109). Nach fearr go mór slí na Críostúlachta a chleachtadh mar a rinne Liam ná é a fhógairt ó bhéal amháin.Oilithreach. Bóthar go Eamáús is ea samhail den bhóthar a thug sé air fein. Ceann de na fáthanna a bhfuil Oilithreach Pinn mar ábhar machnaimh agam féin le tamall ná an tabhairt faoi deara is an t-ómós a léiríonn sé ann don duine eile, cuma cén crot atá air nó uirthi nó cuma cén giúmar atá ar Liam féin. Céard eile a dhéanfadh Críostaí ach Íosa a aithint ag siúl na slí leis. Nach fearr a bheith cuideachtúil is cuiditheach ná bheith ag caint faoi? Comhluadar maith gnaíúil a léiríonn sé arís is arís eile sa leabhar seo agus níor bheag a chuid féin sa chomhluadar sin. Níor dhiúltaigh sé comhluadar aon duine ar an mbóthar fiú nuair ba mhó an fonn a bhí air a bheith leis féin ach é ábalta fanacht as féin nuair ba mhaith leis. Fear miúna, is ba í an mhiúin siúil an deabhóid a chleacht sé. I dtéacs chugam, sul má ndeachaidh sé ar shlí na fírinne

Timire Autumn 2018.indd 33

scríobh sé: ‘Tá cosán dearg déanta agam ar an gCéibh Thiar beag beann ar an aimsir.’ Teastaíonn bealach dá chuid féin ó chuile dhuine againn chun an mheanma a chothú agus ba í an tsiúlóid cuid de bhealach Liam, ar shléibhte Chill Mhantáin, ar an gCamino, ar an gCéibh Thiar. Bhí a fhios aige na bealaí a d’oir dó féin le cothú meanman a fháil ón gcultúr daonna. Ba fhear mór léitheoireachta é. Cultúr na Fraince, na Spáinne is cultúr an domhain mhóir a chothaigh an mheanma ann. Fear oscailte, fear ceistitheach, gan beag is fiú a dhéanamh d’aon fhreagra, cuma cé chomh traidisiúnta a bhí siad. Is minic a mhúscail siad macallaí ann de shaol a óige i gCorcaigh a raibh a gcuid féin tugtha ag an saol sin dá dhearcadh. ‘Gné na daonachta (den Chamino) mo spéis féin. An tuiscint is an chomhtuiscint uaireanta, go bhfuil muid i bpáirt le chéile ó lá go lá, ag déanamh ar an sprioc chéanna, de shiúl na gcos, ag tabhairt cluas na héisteachta do scéalta a chéile, á dheimhniú lenár bpáirtíocht féin gur fiú ann sinn ar talamh na cruinne seo, muna bhfuil i gceist ach síneadh láimhe chun dul thar fhál, no le fánadh garbh.’ (lch 60) Níor tháinig rud ar bith idir é is na luachanna saoil sin a bhí aige is a raibh sé dílis dóibh. Mar a deir sé in ‘Oilithreach’:

25/07/2018 15:22


34

“ Timire Autumn 2018.indd 34

Tá sé ar fad romhainn ar an tslí. Guím go n-éireod gach lá le fonn tabhairt faoi, Is mura bhfuil fonn féin orm nach ngéillfead aon lá don lagbhrí. Turas na slí. Lá amháin sa turas iomlán mo ghuí.

25/07/2018 15:22


35

Louis de Paor

Sliocht as Óráid Sochraide Liam Uí Mhuirthile ‘Artificial growth’ ab ea é féin, a dúirt sé, léitheoir amplach a raibh úrscéalta Gaeilge ón gClub Leabhar léite aige sarar chuala sé trácht ar Dickens, leaid óg go raibh léirmheasanna á bhfoilsiú aige sa Cork Examiner nuair a bhí sé cúig bliana deag d’aois, Gaeilge agus Fraincis ar a thoil aige fén am go raibh sé ocht mbliana déag d’aois. In aois a dó dhéag is ea cuireadh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar dtúis é. I seomra an pheileadóra is an chraoltóra Mike Sé a d’fhan sé in Ard na Caithne, áit a raibh na boinn a bhí buaite ag Michéal agus cóipeanna de Time magazine a chuir gaol éigin le muintir Shé abhaile chucu ó Mheiriceá. Bhí ceacht le foghlaim sa mhéid sin féin: ní i leataobh a bhí an Ghaeltacht ach i dteangbháil go díreach leis an saol mór. Sibhialtacht ab ea an Ghaeltacht, adúirt Seán Ó Ríordáin. Aigne eile ab ea í leis, adúirt Liam, agus comhluadar aonadach go raibh stair leanúnach laistiar dó. Is ansan a casadh John Moriarty air, fear a chonaic an díshealbhú deireanach sa cheantar nuair a bhí sé trí bliana d’aois, duine a raibh dánta le Piaras Feiritéir agus Aogán Ó Rathaille beo i gcónaí ar bharr a theangan. Tháinig na meánaoiseanna is an saol nua-aimsire le chéile mar sin i bpearsain is i dteanga an

Timire Autumn 2018.indd 35

Mhuircheartaigh. Is ó Chorca Dhuibhne a chuaigh Liam don bhFrainc sa bhliain 1968 mar ar chabhraigh sé leis an eagraíocht charthannach Les Petits Frères des Pauvres chun bia a thabhairt go dtí seandaoine bochta a bhí ina gcónaí sna hárasáin ab airde is ba shaoire i bPáras agus i mBeauvais. Fairsinge staire, fairsinge samhlaíochta ab ea é, ar seisean, bualadh le teifigh ó réabhlóid na Rúise, le Miss Paris 1903, a giall ite ag ailse. Gné leanúnach i saothar Liam féin is ea an iarracht chuthaigh a bhí ar siúl aige ón tús an daonnacht sa duine a aimsiú gan an taobh borb den saol nó den stair a cheilt. Ba cheantar cinn agus dúthaigh anama dó Cúige Mumhan, áit a bhí as alt le príomhshruth litríochta na hÉireann toisc go raibh an dá theanga préamhaithe ann isteach sa 20ú haois is go raibh uaisleacht fós ag baint le traidisiún na Gaeilge ann chomh maith le luachanna agus cultúr na cosmhuintire. Nuair a casadh Michael Davitt air sa dara bliain san ollscoil, thuig Liam uaidh ná raibh an rud a bhí ar bun sa Ghaeilge agus sa bhfilíocht go dtí sin maith a dhóthain is go gcaithfeadh sé dul i dtreo eile ar fad. Duine ab ea Davitt, adúirt sé, a raibh briste isteach aige sa lochta sa psyche, fear a sheas ar thalamh bán mar

25/07/2018 15:23


36

a dhein Scott agus Amunsden i gceantar sceirdiúil a raibh sé leis féin agus as féin amháin ann. As cúinne eile a bhí Liam féin ag gluaiseacht, adúirt sé, agus teacht aige ar nithe nárbh fhéidir a bhaint uaidh. An tuiscint a bhí aige ar an nGaeilge mar cheird agus mar ealaín, mar shampla, thug sé leis í óna athair chomh maith lena shuim sa tsaol coincréiteach is an díograis ba ghá chun scil d’aon tsaghas a fhoghlaim. Óna mháthair, ar sé, a tháinig an seanchas is an ghné shoilíosach bhaineann a bhí chomh láidir sin ann féin. Ar Shráid na Dúglaise, mar a raibh tigh tábhairne a mháthar, tháinig an tuath isteach sa chathair, i gceantar a raibh filí Gaeilge ar feadh na gcéadta bliain agus friotal miotalach, Cork demotic, á labhairt ag an gcosmhuintir, canúint ná raibh aon teacht air i mBéarla tanaí litríocht na hÉireann ach amháin ag a chomharsa Patrick Galvin. Bhí amhras ar Phaddy féin i gCorcaigh toisc gur chaith sé tamall san RAF is go raibh iarracht de thuin Shasana ar a chuid cainte. Rud dearfach seachas a mhalairt ab ea é mar sin go raibh an dá theanga ag sracadh le chéile le cúpla céad bliain i lár chathair Chorcaí, rud a d’fhág go mb’fhéidir go bhféadfaí éirim agus meanma na cosmhuintire a aimsiú sa Ghaeilge nuair a bhíodar curtha ó dhoras, dar leis, sa Bhéarla. Ba ghiorra do mheanma Shráid na Dúglaise an file Francach François Villon

Timire Autumn 2018.indd 36

is an traidisiún a d’eascair uaidh sin ar aghaidh go dtí Rabelais is anuas go dtí Jacques Brel ná aon ní sa Bhéarla. Mhothaigh Liam go raibh Rimbaud níos gaire dó féin ná mar a bhí Eliot agus Yeats. Ar deireadh, adúirt sé, ‘poetry of resistance’ a bhí uaidh, ar aon dul le ‘theology of resistance’ Thomas Merton, filíocht a d’fhéadfadh do thuiscint a chlaochlú is a chur bun os cionn in aon splanc amháin seachas an léitheoir a dhaingniú ina chuid tuairimí réamhdhéanta. Sinn féin a chruthaíonn ár dteanga is ár ndúchas féin, adúirt Liam. I gceann de na saothair mhóra dheireanacha a chríochnaigh sé, d’éirigh leis na sruthanna go léir a bhí ag rith trína shaol is a shaothar ón tús a thabhairt le chéile. San aistriúchán a dhein sé ar dhán fada Rimbaud, ‘Le Bateau Ivre’, mar ómós dá dheartháir Finbarr, ba ghá ligint don dán é a fhuadach sara bhféadfadh sé ceol na Fraincise agus ceol na Gaeilge a chur ag freagairt dá chéile. I lár na hoibre is ea tuigeadh dó gur tré mhacalla ó dhánta Aogáin Uí Rathaille a dhéanfaí é sin, go raibh file Gaeilge an ochtú céad déag is file Francach ón naoú céad déag ina theannta is é ag caoineadh bhás a dhearthár féin ag deireadh an fichiú haois. Teastaíonn foighne, adúirt sé agus deireadh ag teacht lenár gcuid cainte, go nochtfaidh an dán féin duit cad tá ar bun agat.

25/07/2018 15:23


37

XX Xx Foclóirín: xx = xx; a

Timire Autumn 2018.indd 37

25/07/2018 15:23


38

Antoine Ó Coileáin Príomhfheidhmeannach Gael Linn

Gael Linn ag Saothrú le Seasca Cúig Bliain San Óstán Imperial i gCorcaigh a bunaíodh Gael Linn i mí Márta 1953, nuair a ghlac cruinniú Ardchomhairle an Chomhchaidrimh le moladh ó Dhónall Ó Móráin go mbunófaí scéim nua cistíochta ar son na Gaeilge. Séamus Mac Crosáin a mhol go mbunófaí linnte ar thorthaí na gcluichí Gaelacha agus sin mar a tháinig ann don eagraíocht Gael Linn. Beartas réabhlóideach ag an am ba ea scéim náisiúnta mar é a bheith á bunú ag grúpa beag daoine gan taithí ag a bhformhór ar ghnó den saghas sin. Tríd na linnte agus ‘scilling na Gaeilge’, bailíodh suim mhaith airgid a chuir ar chumas Gael Linn beartais nuálacha a chur i gcrích. Chuir Gael Linn roimhe go mbeadh an Ghaeilge feiceálach i suíomhanna comhaimseartha. Spreagadh dóchas in athuair go bhféadfaí an Ghaeilge a lonnú i gceartlár na sochaí nuair a chuala daoine clár raidió Gael Linn, nuair a chonaic siad Amharc Éireann sna pictiúrlanna, nuair a cheannaigh siad ceirníní de cheol traidisiúnta. Bhí Máirtín Ó Cadhain ina bhall de chéad bhord caomhnóirí Gael Linn agus rinne seisean moltaí faoi scéimeanna úra a bhain go háirithe leis an nGaeltacht. Orthu sin bhí an scéim scoláireachtaí trí mhí faoinar fhreastail daltaí ar scoil Ghaeltachta agus iad ag

Timire Autumn 2018.indd 38

fanacht le teaghlach Gaeltachta. Bhí an tIar-Thaoiseach Éanna Ó Coinnigh ar dhuine de na mílte scoláirí a ghlac páirt sa scéim sin. Scéim eile a mhol an Cadhnach ná na hOícheanta Seanchais sa Damer nuair a thugtaí seanchaithe, amhránaithe agus siamsóirí Gaeltachta go dtí an ardchathair. Bhí an iliomad beartas agus scéimeanna éagsúla ag Gael Linn i gcaitheamh na mblianta agus tá cur síos cuimsitheach, soléite orthu ag Máiréad Ní Chinnéide (nach maireann) sa leabhar Stair Ghael-Linn (Cló Iar-Chonnacht 2013). Thar aon rud eile, theastaigh ó Gael Linn fadhbanna a aithint agus díriú ar iad a réiteach ar mhaithe leis an Rialtas a náiriú agus an pobal a mhisniú. Liosta le háireamh iad na tionscail Ghaeltachta a ndeacthas ina mbun – oisrí, óstaíocht, báid iascaigh, beacha Chúil Aodha, beathú muca, troscán, bréidín…. Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh nuair a osclaíodh Fonodisc, siopa ceirníní ar Shráid Grafton, agus nuair a bhíodh Slógadh á reáchtáil i mbailte móra ar fud na tíre. Ó thús, bhí Gael Linn ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann agus Oifig Réigiúnach againn in Ard Mhacha. Cuirtear scéimeanna faoi leith ar bun le freastal ar an aos scoile agus ar dhaoine

25/07/2018 15:23


39

© Gael Linn

© Gael Linn

‘Thar aon rud eile theastaigh ó Gael Linn fadhbanna a aithint agus díriú ar iad a réiteach ar mhaithe leis an Rialtas a náiriú.’ Roinnt de Cheirníní Gael Linn ag Antoine Ó Coileáin

fásta. Mar shampla, bíonn an comórtas Abair á reáchtáil chun caint phoiblí a chur chun cinn agus eagraímid Scéim Oidhreachta chun tuiscint a thabhairt don dá thraidisiún den chomh-oidhreacht atá acu sa cheol, i logainmneacha agus sloinnte. Leanann Gael Linn dá mhisean an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathadh. Táimid ag tógáil ar an mbunsraith a leag na bunaitheoirí agus maireann cuid de na tograí acu go fóill. Mar shampla, bíonn an-rath ar dhíospóireachtaí Gael Linn ar an dara agus an tríú leibhéal, táimid ag cur lenár gcartlann cheoil, agus tá cistíocht ar bun i gcónaí ag Cairde Gael Linn. Ba thábhachtach le Gael Linn an córas oideachais agus múineadh na Gaeilge d’aosaigh, gnéithe atá láidir go fóill inár gclár oibre lenár gcoláistí samhraidh agus cúrsaí eile. Tá Gael Linn ar cheann den sé

Cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge agus feidhmeanna ar leith á gcomhlíonadh againn. Scéim úr a bhfuil an-rath air is ea Gaelbhratach, scéim spreagtha do scoileanna faoina mbronntar bratach speisialta ar scoileanna a chuireann clár gníomhaíochta i gcrích. Tuar dóchais an méid atá ar bun ar an tríú leibhéal, idir chúrsaí nua agus imeachtaí Gaeilge i measc mic léinn. Ábhar mórtais a bhfuil bainte amach ach aithníonn cách go maireann dúshláin mhóra i gcónaí, cúlú na Gaeltachta agus neafaiseacht an Stáit san iliomad réimsí, rud atá ag cruthú bacanna ar dhíograis cainteoirí Gaeilge ina dtír féin. Tá Gael Linn tiomanta dul i ngleic leis na deacrachtaí sin, go háirithe sa réimse oideachais, agus sinn ag tógáil ar ár n-oidhreacht fiontraíochta agus gnímh.

Foclóirín: linnte = pools; cistíocht = maoiniú; tiomnaithe = lándírithe; fiontraíocht = enterprise.

Timire Autumn 2018.indd 39

25/07/2018 15:23


40

Frainc Mac Brádaigh SJ

Glór na nGael: Cúlra an Chomórtais CUR CHUN CINN GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUIDEOIDH LE TÓGÁIL IS NEARTÚ AN PHOBAIL CHRÍOSTAÍ I nGAEILGE Cleachtadh Searmanais Chríostaí (Aifreann i nGaeilge, Searmanais Phaidreoireachta, nó miúna / aire lánintinneach a reáchtáil i nGaeilge.) Spioradáltacht Chríostaí a Chothú sa Phobal trí chleachtais chultúr traidisiúnta Críostaí na nGael a athbhunú is a chur chun cinn i nGaeilge. (Aire do thobar beannaithe agus searmanas ann, oilithreacht a bhaineann le naomh an cheantair, eolas faoi a chur ar fáil; amhráin diaga a mhúineadh is a chur á gcasadh arís; an scéalaíocht a úsáid le scéalta ón mBíobla is scéalta Críostúla ón traidisiún a insint sa séipéal, sa scoil nó sa phobal.) Breathnú in ndiaidh Cúrsaí Sóisialta, Ceart agus Cóir: (Grúpa nó gníomhaíocht a chabhródh le daoine le míchumas nó a muintir; le cabhrú le cúrsaí ceart agus cóir sa mbaile nó thar lear, nó le cabhrú le fáilte a chur roimh dhaoine ón iasacht is iad a nascadh isteach i bpobal an cheantair. Craobh de Naomh Uinseann de Pól nó Grúpa na Béatáine do dhaoine a bhfuair duine muintearach leo bás a reáchtáil.)

Timire Autumn 2018.indd 40

Aithneoidh Duais an Timire Gníomhaíochtaí ag Coistí is Grúpaí Gaeilge chun Athmhuintearas a Chothú le pobail, grúpaí, traidisiúin agus cultúir nach mbaineann leis an Ghaeilge ná leis an traidisiún ná creideamh acu féin de ghnáth; Breathnú i ndiaidh an Chomhsaoil – eolas a chur ar fáil ar bhealaí gur féidir cabhrú le sláinte na Cruinne; a chabhródh le hathchúrsáil, le laghdú dramhaíola, cur chun cinn eolas ar an athrú aeráide agus ar na bealaí gur feidir gníomhú ina leith. Thug Seán Ó Coisdealbha chuig an tobar mé, tobar beannaithe, Tobar Naomh Anna i Leitir Móir i gConamara, tobar fíoruisce, é cóirithe as an nua. Bhí sé soiléir gur áit í a raibh ómós ag muintir an háite di is gur tugadh aire di. Bhain deasghnáth le turas a thabahirt ar an tobar, bhí boinn naofa, paidríní is deilbh bheaga fágtha de bharr dheabhóid na muintire agus bhí an fíoruisce ag rith go glé isteach sa loch lena thaobh. Bhain leigheas leis an uisce, baineann le fíoruisce agus bhí mé cinnte go raibh scéalta ann i dtaobh an tobair is Naomh Anna, scéalta a chuireann anam sa phobal agus iad á n-insint. Tá faomhadh ón bPápa do dheábhóid seo na muintire, oilithrigh, tobair bheannaithe, ionaid deábhóide a

25/07/2018 15:23


41

© Kryzhov/ Shutterstock

'Tá saibhreas iontach ceoil is amhráin againn a mhúsclaíonn spiorad na muintire.'

thugann an pobal le chéile, a ardaíonn croí is a mhúsclaíonn misneach. Bheadh sé ar a shuaimhneas anseo mar a bhí sé go minic is é ag glacadh páirt i ndeabhóid a mhuintire féin san Airgintín. Tá moladh uaidh don obair ar son sláinte na timpeallachta. Mura mbíonn an timpeallacht sláintiúil plúchtar is múchtar an bheatha dhaonna. Níl fáth ar bith nach mbeadh deis ag ógánaigh garraí beag a shaothrú dóibh féin, glasraí is luibheanna a chur ag fás, beacha a choinneáil is foghlaim faoin tábhacht atá leo, ach daoine an talamh agus oiliúint a chur ar fáil mar a chuirtear do chluichí. Níl pobal ann nach bhfuair aon duine bás ann le bliain agus go minic gá ag mná is ag fir d’ionad inar féidir leo a mbriseadh croí a roinnt gan a bheith ólta. Tá saibhreas iontach ceoil is amhráin

againn a mhúsclaíonn spiorad na muintire, tá an saibhreas sin á shaothrú agus ní gá neamairt a dhéanamh don chuid diaganta Críostúil. D’fheadfaí tuilleadh de a thabhairt ar ais taobh istigh de bhallaí an tséipéil, agus i seisiúin ceoil. Tá éagothromas nimheanta sa phobal atá ag scairteadh orainn agus tá scileanna i measc an phobail thar mar a bhí leis na cianta chun freastal ar na riachtanais. Ní gá gach rud a dhíol ar an bpraghas is airde i gcónaí. Ach tá gá le samhlaíocht le rudaí a cheangal le chéile. Tríd an duais seo a bhronnadh ar Ghlór na nGael, ba mhaith leis an Timire cuidiú beag a thabhairt do phobail na Gaeilge beocht spiorad na nGael a mhúscailt is ceangail a snaidhmiú le saibhreas na sinsear.

Foclóirín: tobar = foinse uisce; deabhóid = devotion; scairteadh = béiceadh.

Timire Autumn 2018.indd 41

25/07/2018 15:23


42

Dónall Ó Cnáimhsí

Gairdíní an Renaissance Is stíl nua i ndearadh gairdíní a tháinig chun cinn sa Róimh agus i bhFlórans na hIodáile le linn an chúigiú haois déag atá i gceist le Gairdín an Renaissance. Is as idé-eolaíocht chlasaiceach a tháinig an inspioráid don stíl seo, bunaithe ar ord agus áilleacht. Deartha ní amháin chun sult agus pléisiúr a bhaint as an ghairdín féin ach chun sult a bhaint as an tírdhreach lasmuigh chomh maith céanna. Le linn an Renaissance tháinig fás agus forbairt agus sofaisticiúlacht ar ghairdíní móra na hIodáile le húsáid ornáidí mar dheilbheacha agus síothail mar mhaisiúcháin agus scairdeáin agus fochlaí mar phointí fócais. Chuaigh an stíl seo go mór i bhfeidhm ar dhearthóirí na linne agus tosaíodh ag déanamh aithris uirthi ar fud na hEorpa. Is as an staidéar a rinne scoláirí an Renaissance ar impireacht na Róimhe trí scríbhneoireacht Ovid, Varro agus an dá Pliny go háirithe, a fuair siad cur síos beacht cruinn ar ghairdíní clasaiceacha na sean-Róimhe agus thug sin inspioráid do dhaoine an stíl seo a athbhunú. Ba é Leon Battista Alberti (1404-1472) a scríobh ar dtús ar dhearadh gairdíní sa stíl chlasaiceach seo, ina shaothar iomráiteach Del Governo della Famigilia (Rialú an Teaghlaigh) ina ndéanann sé ardmholadh ar shaol shómasach faoin

Timire Autumn 2018.indd 42

tuath agus gairdín deas pléisiúrtha. Dar leis gur chóir an gairdín a bheith ag síneadh amach os comhair an tí, agus léargas iontach ó bhalcóin ag amharc anuas air. Mhol sé do dhaoine a gcuid villas a thógáil ar fhána, chun léargas níos fearr a fháil ar an ngairdín agus an taobh tíre mórthimpeall. Mhol sé tithe agus gairdíní a dhearadh chun buntáiste a bhaint as teas agus solas na gréine agus chun aer úr a chur ag cúrsáil tríothu. Mhol sé úsáid a bhaint as póirsí chun scáth a fháil ón ghrian. Mhol sé fíniúin a chur ag fás ar cholúin agus crainn i línte díreacha. Mhol sé úsáid a bhaint as deilbh agus síothail. Dar leis go raibh an ceart ag Pliny agus gur tearmann é an gairdín chun machnamh agus chun suaimhneas a fháil agus áit chun éalú ón ghnáthshaol. Fear eile a raibh an-tionchar aige ar fhealsúnacht dhearthóirí na linne, ná an manach Francesco Colonna (1433-1527). D’fhoilsigh seisean Hypnerotomachia Poliphili (Streachailt an Ghrá i mBrionglóid) in 1499, ina gcuireann sé síos ar ghluaiseacht Poliphilus trí radharcanna aisteacha agus iontacha agus é sa tóir ar a ghrágheal Polia. Cuirtear síos go beacht ar gach ní a fheiceann Poliphilus ar a aistear bhrionglóideach.

25/07/2018 15:23


43

© Paolo Gallo / Shutterstock

‘Tearmann é an gairdín chun machnamh agus chun suaimhneas a fháil agus áit chun éalú ón ghnáthshaol.’

Reggia di Caserta, Italy.

Cuirtear síos go beacht ar ghairdíní aislingeacha ilchasta a fheiceann sé, ina bhfuil craobhacha na gcrann casta ar a chéile le háirse a dhéanamh, nó fál curtha le cathair ghríobháin a dhéanamh. Cuireann sé síos ar bhláthanna áille agus cumhrán astu, ar na hainmhithe agus ar na héin. Thug scríbhneoireacht Colanna go leor ábhar inspioráide do dhearthóirí ina dhiaidh sin. Tá tionchar agus saothar Alberti agus Colanna le feicéal go fóill i ngairdíní cáiliúla na hIodáile, gairdíní mar Villa Medici sa Róimh agus Villa Lante in Bagnaia agus Villa D’Este in Tivoli. Le linn an Renaissance san Iodáil tháinig an staidéar ar phlandaí go mór chun cinn, tosaíodh ag rangú plandaí go córasach.

Is in ollscoil Padua le linn an séú haois déag a thosaigh an tOllamh Francesco Bonafede ar obair na luibheolaíochta. Plandaí leighis ba shuim leis. Foilsíodh leabhrán beag ina raibh cur síos beacht ar mhíle dhá chéad planda leighis agus a n-úsáid. Rinneadh an chéad ghairdín luibheolaíochta a fhorbairt in Padua i 1543. Ba seo tréimhse na chéad taiscéalaithe chomh maith, agus thug siad go leor plandaí éagsúla ar ais chun na hIodáile leo óna gcuid aistear ar fud na cruinne. Rinneadh dul chun cinn le linn an Renaissance i ngach cineál réimse, an ealaín agus ceird na garraíodóireachta san áireamh.

Foclóirín: deilbheacha = dealbha; síothal = soitheach mór; scairdeán = uisce ag imeacht ina scaird san aer; fochla = uaimh (shaorga) mhaisithe.

Timire Autumn 2018.indd 43

25/07/2018 15:23


Timire Autumn 2018.indd 44

25/07/2018 15:23


45

Cúinne na bhFilí

#DIA Nua-aois na teicneolaíochta. Teachtaireachtaí chugainn ar iompú boise. Fógraí ar Twitter, Inbox lán de ríomhphoist, Na tarluithe is deireanaí ar Facebook. Iad uilig ar an scáileán romhat, Ar d’iPhone, ar d’iPad is ar do Tháibléad. Dá ghasta iad, tá teachtaireacht níos gasta ann. An phaidir umhal chun Dé. Cloiste aige roimh a ráite, Freagartha aige roimh a déanta. Ná bí buartha faoi ghléas, faoi chód Wi-Fi, Ná faoi ghlacadh comhartha. Ní féidir dul as raon a ghrá!

AYLAN KURDI Síothlú Siriaigh óig. Macán maoth tugtha do mhuir. Tréigthe go tostach ar an trá thall. A bhéal faoi go suaimhneach soineanta. Deoir as gach ribe dá t-léine dhearg. Mairbhe do choirp in aghaidh bhriseadh an tsáile anois. Ní raibh neart ag do cholainn trí bliana don fharraige. Neamhthrócaire na dtonn i do thimpeall. Sníomhann sé mo chroí. Samhlaítear dom gur dá neamhthoil a lig do mháthair óna hucht thú. Í féin agus Galip sna flaithis romhat. An domhan mór ina dhúiseacht anois a Aylan, le borrchaoineadh d’athar. Aodán Ó Duibh

Timire Autumn 2018.indd 45

25/07/2018 15:24


46 1

6

2

3

4

5

7 8

9

10 11

12

14

15

crosfhocal TRASNA 1. fiáin [5] 3. ar féar a mhaireann sé [6] 6. gusta, puth gaoithe [7] 8. timpiste [6] 9. sprioc nó teorainn [6] 11. sceach dheilgneach na mbláth buí [7] 14. rince [6] 15. os comhair nó sula [5]

13

Duais €20 le buachaint

ANUAS 1. an méid blianta ag duine [4] 2. cúram [4] 3. urlabhra, comhrá [5] 4. duine tugtha don ól [7] 5. caitear le carbhat é [5] 7. mar atá obair gan phá [7] 9. slí marachtála [5] 10. seomra ollmhór [5] 12. faisnéis [4] 13. leagan cainte [4]

Freagraí Chrosfhocal an tSamhraidh TRASNA 1. breac 3. bóchna 6. déanach 8. treoir 9. tamall 11. airgead 14. naigín 15. milis ANUAS 1. bród 2. crua 3. bocht 4. cuilleog 5. aréir 7. neantóg 9. trian 10. lasán 12. réim 13. deis SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ, MAR AON LE d’AINM AGUS SEOLADH CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSAIN, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 20 DEIREADH FÓMHAIR 2018 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: Colleen de Brún, Cill Eo, Co. an Longfoirt.

Timire Autumn 2018.indd 46

25/07/2018 15:24


47

PIÓG AN AOIRE Síle Ní Chearbhaill

Déantar pióg an aoire le huaneoil go traidisiúnta ach déanaim le mairteoil í toisc go bhfuil sí ar fáil go forleathan agus bíonn níos lú saille inti de ghnáth. COMHÁBHAIR: 1kg prátaí 50ml bainne 25g im 500g mairteoil mhionaithe 1 oinniún 3 chairéad 100g píseanna 1 tbsp anlann Worcestershire 2 tbsp purée trátaí 2 tsp gránphlúr 100ml stoc mairteola 1tsp luibheanna measctha Salann agus piobar

MODH: 1. Réamhthéigh an t-oigheann go 200c/gasmharc 6. 2. Bain an craiceann de na prátaí. Beirigh iad go dtí go bhfuil siad bog. 3. Mionghearr an t-oinniún, grátáil an cairéad. 4. Téigh an friochtán. Frioch an mhairteoil (níl aon ghá le hola – tá go leor san fheoil) go dtí go bhfuil dath donn uirthi. 5. Cuir an t-oinniún leis agus frioch ar feadh 3 nóiméad. 6. Cuir na glasraí eile, stoc, anlann Wocestershire agus purée trátaí leis. 7. Measc an gránphlúr le beagan uisce le taos a dhéanamh. 8. Measc an gránphlúr leis an bhfeoil agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 9. Bain an t-uisce de na prátaí. Brúigh iad leis an im, an bainne agus le beagán salainn agus piobair. 10. Cuir an mhairteoil i mias teasdhíonach. Clúdaigh leis na prátaí. Bácáil san oigheann ar feadh 20 nóiméad.

© Ryzhkov Photography / Shutterstock

Timire Autumn 2018.indd 47

25/07/2018 15:24


MEÁN FÓMHAIR

© LOUIS-MICHEL DESERT / Shutterstock

An Ofráil Laethúil

A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Uilíoch: Daoine Óga san Afraic Go mbeadh fáil ag daoine óga san Afraic ar oideachas agus ar obair ina dtíortha féin.

DEIREADH FÓMHAIR

Soiscéalaíoch: Misean na Reiligiúnach Go músclódh fir agus mná reiligiúnda iad féin, agus go mbeidís i láthair i measc na mbocht, na ndaoine imeallaithe, agus ina measc siúd atá gan ghlór.

SAMHAIN

Uilíoch: Ag Obair i dtreo na Síochána Go mbeadh tús áite ag an gcaint faoi ghrá agus faoi idirphlé seachas faoi aighneas.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Autumn 2018.indd 48

25/07/2018 15:25


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.