4 minute read

Loreto – Teach Naofa Mhuire An Br. G.D. de Barra

An Br. G.D. de Barra

Loreto – Teach Naofa Mhuire

Tá scrín na Maighdine Muire i Loreto ar an ionad is ársa agus is seanda oilithreachta do Mhuire, máthair Dé leis na céadta bliain. De réir an traidisiúin, agus tá sé cruthaithe anois ag taighde seandálaíochta agus stairiúil, caomhnaítear Teach Mhuire Nazarat i Loreto, cathair in oirthuaisceart na hIodáile, 160 ciliméadar ón Róimh.

Ní mór a thuiscint go raibh Teach Mhuire i Nazarat ina dhá chuid, fochla – tá Baisleach Ionchollú Mhac Dé os a chionn sin anois agus tadhaill leis bhí tigín Mhuire. Is minic a chuirtear an cheist, conas mar a tógadh an teach clochach seo, trí mhéadar in airde go dtí Loreto. Deirtear gur iompair na haingil an Teach seo, nuair a díbríodh na Crosáidithe ón bPailistín, ar dtús go dti Illyria (an Chróit) agus trí bliana ina dhiaidh sin, 1294 A.D., go dtí Loreto. Tar éis staidéar agus taighde atá déanta ar dhoiciméid agus modhanna nua seandálaíochta is cosúil gur iompraíodh an teach i long faoi chúram agus mhaoiniú teaghlach uasail d’arbh ainm Angeli. Bhí an teaghlach sin ag rialú Epirus (an Ghréig).

Léitear i ndoiciméid ó 1294 gur deineadh cleamhnas idir Pilib, mac Shéarlais II Anjou (an Iodáil) agus iníon Niceforo Angelo – forlámhaí Epirus – go mbeadh sé mar chuid de spré na brídeoige i measc tailte eile go mbeadh ‘na clocha naofa a tógadh ó theach Mhuire Máthair Dé’.

De réir taighde agus staidéar ar na clocha atá sa scrín is féidir a léiriú go bhfuil marcanna ar na clocha ó ré na gcrosáidí, agus ar chloch eile feictear íomhá Ubh na hostraise a thógann chun chuimhne an Phailistín. Is siombail é seo leis, a bhaineann le mistéir Ionchollú Mhac Dé. Níl an saghas cloiche atá i dTeach na Scríne le fáil san Iodáil. Ní riabh ach trí bhalla sa teach a tógadh ó Nazarat, tá an ceathrú balla tógtha le brící an cheantair. Choimisiúnaigh an Pápa Julius II scáileán marmair timpeall an tí chun é a chaomhnú. Tá dealbh na Maighdine agus an pháiste atá os cionn an tí déanta as adhmad an chéadrais ón Liobáin.

Tá na milliúin oilithrigh tar éis teacht ag guí agus ag machnamh ann, ina measc Máire Nic an Bhaird (Mary Ward) bunaitheoir ord Shiúracha Loreto (I.B.V.M.).

Is iontach mar a d’fh ás baile timpeall ar an teach trí mhéadar seo. Nuair a chonaic an Pápa Sixtus V (1506) an fás bhronn sé Gradam Cathrach agus Deoise ar Loreto. Tá an scrín timpeallaithe anois ag Eaglais Mhór álainn agus an foirgneamh uile

‘Tar éis staidéar agus taighde nua seandálaíochta atá déanta is cosúil gur iompraíodh an teach i long.’

© pavel068 / Shutterstock

maisithe ag obair ealaíontóirí. Tá cearnóg mhór os comhair na hEaglaise agus bíonn sí plódaithe leis na hoilithrigh.

Thug an Pápa Eoin Naofa XXIII cuairt ann sa bhliain 1962 agus mhol sé teachtaireacht an Aingil dá lucht éisteachta. Labhair sé faoi thábhacht an teaghlaigh.

Cuimhnímis ar na rúndiamhair éagsúla a bhaineann leis an scrín cháiliúil seo.

Scrín Ionchollú Mhac Dé:

‘Hic verbum caro factum est’ (Ghlac an Briathar colainn dhaonna).

Scrín an Spioraid Naoimh:

Is é ag freagairt cheist Mhuire, ‘Dúirt an tAingeal dá freagairt, tuirlingeoidh an Spiorad Naofa ort agus cumhacht an Té is airde ina scáil anuas ort.’

Scrín na Maighdine gan teimheal:

Sa teach seo, gineadh, saolaíodh agus tógadh Muire agus tháinig an tAingeal Gaibriéil chuici; comhlíonadh sa teach seo, geallúint Dé;

‘Cuirfi dh mé naimhdeas idir tú agus an bhean idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sí do cheann agus smachtóidh sí tú faoina sáil.’ – Gein. Caib. 3

Scrín an Teaghlaigh Ró-Naofa :

Le linn na hoilithreachta chuig Loreto i 1979 dúirt an Pápa Eoin Pol II Naofa,

‘Teach an Teaghlaigh Naofa! Ba é seo a chéad teampall, an chéad séipéal inar lonraigh Máthair Dé a solas máithriúil. Dhealraigh sí é leis an loinnir a thagann o mhistéir an

Ionchollaithe, ó mhistéir a mic.’

Agus é ag breathnú ar ‘Theach Nazarat Loreto’ léirigh an Pápa Eoin Pól II go raibh súil aige go mbeadh dídean agus teaghlach ag chuile pháiste daonna. Tá teaghlach Naofa Nazarat ina eiseamláir agus ina chosantóir ag gach teaghlach Críostaí. Seo an fáth go n-impíonn pobal Dé ar Mhaighdean Loreto, banphátrún teaghlaigh, agus baile, cabhrú leo.

Is áit phríobháideach é Teach Naofa Loreto le bheith ag machnamh ar an mBeannú – fós ag glaoch amach – ‘’Sé do Bheatha a Mhuire atá lán de Ghrásta’.

Go gcabhraí Muire Máthair Dé linn go léir.

Foclóirín: fochla = grotto; forlámhaí = despot; ostrais = ostrich.

This article is from: