8 minute read
Ómós do Liam Ó Muirthile Frainc Mac Brádaigh SJ Louis de Paor
Frainc Mac Brádaigh SJ
Ómós do Sheanchomrádaí
Críostaí cruthanta a bhí is atá i Liam Ó Muirthile. Críostaí cruthanta nárbh den riachtanas dó sin a fh ógairt óna bhéal amach. Faoi dhaoine eile breithiúnas mar sin a thabhairt. ‘Bheadh sé réabhlóideach a fh ógairt, ar an saolta seo gur Caitliceach nó fi ú gur Críostái thú,’ a deir sé féin, (Oilithreacht Pinn, lch 109). Nach fearr go mór slí na Críostúlachta a chleachtadh mar a rinne Liam ná é a fh ógairt ó bhéal amháin.Oilithreach. Bóthar go Eamáús is ea samhail den bhóthar a thug sé air fein. Ceann de na fáthanna a bhfuil Oilithreach Pinn mar ábhar machnaimh agam féin le tamall ná an tabhairt faoi deara is an t-ómós a léiríonn sé ann don duine eile, cuma cén crot atá air nó uirthi nó cuma cén giúmar atá ar Liam féin. Céard eile a dhéanfadh Críostaí ach Íosa a aithint ag siúl na slí leis.
Nach fearr a bheith cuideachtúil is cuiditheach ná bheith ag caint faoi? Comhluadar maith gnaíúil a léiríonn sé arís is arís eile sa leabhar seo agus níor bheag a chuid féin sa chomhluadar sin. Níor dhiúltaigh sé comhluadar aon duine ar an mbóthar fi ú nuair ba mhó an fonn a bhí air a bheith leis féin ach é ábalta fanacht as féin nuair ba mhaith leis.
Fear miúna, is ba í an mhiúin siúil an deabhóid a chleacht sé. I dtéacs chugam, sul má ndeachaidh sé ar shlí na fírinne scríobh sé: ‘Tá cosán dearg déanta agam ar an gCéibh Thiar beag beann ar an aimsir.’ Teastaíonn bealach dá chuid féin ó chuile dhuine againn chun an mheanma a chothú agus ba í an tsiúlóid cuid de bhealach Liam, ar shléibhte Chill Mhantáin, ar an gCamino, ar an gCéibh Thiar.
Bhí a fh ios aige na bealaí a d’oir dó féin le cothú meanman a fh áil ón gcultúr daonna. Ba fh ear mór léitheoireachta é. Cultúr na Fraince, na Spáinne is cultúr an domhain mhóir a chothaigh an mheanma ann. Fear oscailte, fear ceistitheach, gan beag is fi ú a dhéanamh d’aon fh reagra, cuma cé chomh traidisiúnta a bhí siad. Is minic a mhúscail siad macallaí ann de shaol a óige i gCorcaigh a raibh a gcuid féin tugtha ag an saol sin dá dhearcadh.
‘Gné na daonachta (den Chamino) mo spéis féin. An tuiscint is an chomhtuiscint uaireanta, go bhfuil muid i bpáirt le chéile ó lá go lá, ag déanamh ar an sprioc chéanna, de shiúl na gcos, ag tabhairt cluas na héisteachta do scéalta a chéile, á dheimhniú lenár bpáirtíocht féin gur fi ú ann sinn ar talamh na cruinne seo, muna bhfuil i gceist ach síneadh láimhe chun dul thar fh ál, no le fánadh garbh.’ (lch 60)
Níor tháinig rud ar bith idir é is na luachanna saoil sin a bhí aige is a raibh sé dílis dóibh.
Mar a deir sé in ‘Oilithreach’:
Tá sé ar fad romhainn ar an tslí. Guím go n-éireod gach lá le fonn tabhairt faoi, Is mura bhfuil fonn féin orm nach ngéillfead aon lá don lagbhrí.
Turas na slí. Lá amháin sa turas iomlán mo ghuí.
Louis de Paor
Sliocht as Óráid Sochraide Liam Uí Mhuirthile
‘Artifi cial growth’ ab ea é féin, a dúirt sé, léitheoir amplach a raibh úrscéalta Gaeilge ón gClub Leabhar léite aige sarar chuala sé trácht ar Dickens, leaid óg go raibh léirmheasanna á bhfoilsiú aige sa Cork Examiner nuair a bhí sé cúig bliana deag d’aois, Gaeilge agus Fraincis ar a thoil aige fén am go raibh sé ocht mbliana déag d’aois.
In aois a dó dhéag is ea cuireadh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar dtúis é. I seomra an pheileadóra is an chraoltóra Mike Sé a d’fh an sé in Ard na Caithne, áit a raibh na boinn a bhí buaite ag Michéal agus cóipeanna de Time magazine a chuir gaol éigin le muintir Shé abhaile chucu ó Mheiriceá. Bhí ceacht le foghlaim sa mhéid sin féin: ní i leataobh a bhí an Ghaeltacht ach i dteangbháil go díreach leis an saol mór.
Sibhialtacht ab ea an Ghaeltacht, adúirt Seán Ó Ríordáin. Aigne eile ab ea í leis, adúirt Liam, agus comhluadar aonadach go raibh stair leanúnach laistiar dó. Is ansan a casadh John Moriarty air, fear a chonaic an díshealbhú deireanach sa cheantar nuair a bhí sé trí bliana d’aois, duine a raibh dánta le Piaras Feiritéir agus Aogán Ó Rathaille beo i gcónaí ar bharr a theangan. Tháinig na meánaoiseanna is an saol nua-aimsire le chéile mar sin i bpearsain is i dteanga an Mhuircheartaigh.
Is ó Chorca Dhuibhne a chuaigh Liam don bhFrainc sa bhliain 1968 mar ar chabhraigh sé leis an eagraíocht charthannach Les Petits Frères des Pauvres chun bia a thabhairt go dtí seandaoine bochta a bhí ina gcónaí sna hárasáin ab airde is ba shaoire i bPáras agus i mBeauvais. Fairsinge staire, fairsinge samhlaíochta ab ea é, ar seisean, bualadh le teifi gh ó réabhlóid na Rúise, le Miss Paris 1903, a giall ite ag ailse. Gné leanúnach i saothar Liam féin is ea an iarracht chuthaigh a bhí ar siúl aige ón tús an daonnacht sa duine a aimsiú gan an taobh borb den saol nó den stair a cheilt.
Ba cheantar cinn agus dúthaigh anama dó Cúige Mumhan, áit a bhí as alt le príomhshruth litríochta na hÉireann toisc go raibh an dá theanga préamhaithe ann isteach sa 20ú haois is go raibh uaisleacht fós ag baint le traidisiún na Gaeilge ann chomh maith le luachanna agus cultúr na cosmhuintire.
Nuair a casadh Michael Davitt air sa dara bliain san ollscoil, thuig Liam uaidh ná raibh an rud a bhí ar bun sa Ghaeilge agus sa bhfi líocht go dtí sin maith a dhóthain is go gcaithfeadh sé dul i dtreo eile ar fad. Duine ab ea Davitt, adúirt sé, a raibh briste isteach aige sa lochta sa psyche, fear a sheas ar thalamh bán mar
a dhein Scott agus Amunsden i gceantar sceirdiúil a raibh sé leis féin agus as féin amháin ann.
As cúinne eile a bhí Liam féin ag gluaiseacht, adúirt sé, agus teacht aige ar nithe nárbh fh éidir a bhaint uaidh. An tuiscint a bhí aige ar an nGaeilge mar cheird agus mar ealaín, mar shampla, thug sé leis í óna athair chomh maith lena shuim sa tsaol coincréiteach is an díograis ba ghá chun scil d’aon tsaghas a fh oghlaim. Óna mháthair, ar sé, a tháinig an seanchas is an ghné shoilíosach bhaineann a bhí chomh láidir sin ann féin.
Ar Shráid na Dúglaise, mar a raibh tigh tábhairne a mháthar, tháinig an tuath isteach sa chathair, i gceantar a raibh fi lí Gaeilge ar feadh na gcéadta bliain agus friotal miotalach, Cork demotic, á labhairt ag an gcosmhuintir, canúint ná raibh aon teacht air i mBéarla tanaí litríocht na hÉireann ach amháin ag a chomharsa Patrick Galvin. Bhí amhras ar Phaddy féin i gCorcaigh toisc gur chaith sé tamall san RAF is go raibh iarracht de thuin Shasana ar a chuid cainte.
Rud dearfach seachas a mhalairt ab ea é mar sin go raibh an dá theanga ag sracadh le chéile le cúpla céad bliain i lár chathair Chorcaí, rud a d’fh ág go mb’fh éidir go bhféadfaí éirim agus meanma na cosmhuintire a aimsiú sa Ghaeilge nuair a bhíodar curtha ó dhoras, dar leis, sa Bhéarla.
Ba ghiorra do mheanma Shráid na Dúglaise an fi le Francach François Villon is an traidisiún a d’eascair uaidh sin ar aghaidh go dtí Rabelais is anuas go dtí Jacques Brel ná aon ní sa Bhéarla. Mhothaigh Liam go raibh Rimbaud níos gaire dó féin ná mar a bhí Eliot agus Yeats.
Ar deireadh, adúirt sé, ‘poetry of resistance’ a bhí uaidh, ar aon dul le ‘theology of resistance’ Thomas Merton, fi líocht a d’fh éadfadh do thuiscint a chlaochlú is a chur bun os cionn in aon splanc amháin seachas an léitheoir a dhaingniú ina chuid tuairimí réamhdhéanta.
Sinn féin a chruthaíonn ár dteanga is ár ndúchas féin, adúirt Liam.
I gceann de na saothair mhóra dheireanacha a chríochnaigh sé, d’éirigh leis na sruthanna go léir a bhí ag rith trína shaol is a shaothar ón tús a thabhairt le chéile. San aistriúchán a dhein sé ar dhán fada Rimbaud, ‘Le Bateau Ivre’, mar ómós dá dheartháir Finbarr, ba ghá ligint don dán é a fh uadach sara bhféadfadh sé ceol na Fraincise agus ceol na Gaeilge a chur ag freagairt dá chéile.
I lár na hoibre is ea tuigeadh dó gur tré mhacalla ó dhánta Aogáin Uí Rathaille a dhéanfaí é sin, go raibh fi le Gaeilge an ochtú céad déag is fi le Francach ón naoú céad déag ina theannta is é ag caoineadh bhás a dhearthár féin ag deireadh an fi chiú haois.
Teastaíonn foighne, adúirt sé agus deireadh ag teacht lenár gcuid cainte, go nochtfaidh an dán féin duit cad tá ar bun agat.
XX Xx
Foclóirín: xx = xx; a