An Timire - Fómhar 2018

Page 33

33

Frainc Mac Brádaigh SJ

Ómós do Sheanchomrádaí Críostaí cruthanta a bhí is atá i Liam Ó Muirthile. Críostaí cruthanta nárbh den riachtanas dó sin a fhógairt óna bhéal amach. Faoi dhaoine eile breithiúnas mar sin a thabhairt. ‘Bheadh sé réabhlóideach a fhógairt, ar an saolta seo gur Caitliceach nó fiú gur Críostái thú,’ a deir sé féin, (Oilithreacht Pinn, lch 109). Nach fearr go mór slí na Críostúlachta a chleachtadh mar a rinne Liam ná é a fhógairt ó bhéal amháin.Oilithreach. Bóthar go Eamáús is ea samhail den bhóthar a thug sé air fein. Ceann de na fáthanna a bhfuil Oilithreach Pinn mar ábhar machnaimh agam féin le tamall ná an tabhairt faoi deara is an t-ómós a léiríonn sé ann don duine eile, cuma cén crot atá air nó uirthi nó cuma cén giúmar atá ar Liam féin. Céard eile a dhéanfadh Críostaí ach Íosa a aithint ag siúl na slí leis. Nach fearr a bheith cuideachtúil is cuiditheach ná bheith ag caint faoi? Comhluadar maith gnaíúil a léiríonn sé arís is arís eile sa leabhar seo agus níor bheag a chuid féin sa chomhluadar sin. Níor dhiúltaigh sé comhluadar aon duine ar an mbóthar fiú nuair ba mhó an fonn a bhí air a bheith leis féin ach é ábalta fanacht as féin nuair ba mhaith leis. Fear miúna, is ba í an mhiúin siúil an deabhóid a chleacht sé. I dtéacs chugam, sul má ndeachaidh sé ar shlí na fírinne

Timire Autumn 2018.indd 33

scríobh sé: ‘Tá cosán dearg déanta agam ar an gCéibh Thiar beag beann ar an aimsir.’ Teastaíonn bealach dá chuid féin ó chuile dhuine againn chun an mheanma a chothú agus ba í an tsiúlóid cuid de bhealach Liam, ar shléibhte Chill Mhantáin, ar an gCamino, ar an gCéibh Thiar. Bhí a fhios aige na bealaí a d’oir dó féin le cothú meanman a fháil ón gcultúr daonna. Ba fhear mór léitheoireachta é. Cultúr na Fraince, na Spáinne is cultúr an domhain mhóir a chothaigh an mheanma ann. Fear oscailte, fear ceistitheach, gan beag is fiú a dhéanamh d’aon fhreagra, cuma cé chomh traidisiúnta a bhí siad. Is minic a mhúscail siad macallaí ann de shaol a óige i gCorcaigh a raibh a gcuid féin tugtha ag an saol sin dá dhearcadh. ‘Gné na daonachta (den Chamino) mo spéis féin. An tuiscint is an chomhtuiscint uaireanta, go bhfuil muid i bpáirt le chéile ó lá go lá, ag déanamh ar an sprioc chéanna, de shiúl na gcos, ag tabhairt cluas na héisteachta do scéalta a chéile, á dheimhniú lenár bpáirtíocht féin gur fiú ann sinn ar talamh na cruinne seo, muna bhfuil i gceist ach síneadh láimhe chun dul thar fhál, no le fánadh garbh.’ (lch 60) Níor tháinig rud ar bith idir é is na luachanna saoil sin a bhí aige is a raibh sé dílis dóibh. Mar a deir sé in ‘Oilithreach’:

25/07/2018 15:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.