![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/dbfa044f0953136c15a0a3592b51d24e.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Cros ó Aimsir na bPéindlíthe Nóirín Ní Nuadháin
Nóirín Ní Nuadháin
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/e50f56df909960d764708f643228a55a.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Cros ó Aimsir na bPéindlíthe
Daingean nó dún atá i gceist le clochar. Tá an-chuid iarsmaí stairiúla i gceantar an Chlochair in aice le Bealach an Doirín, an áit ar tógadh mise, ina measc clochar é féin. Tá traidisiún láidir ann gur mhair duine de na chéad mhná rialta ó aimsir Phádraig, Naomh Athrachta, ann. In aice le Loch Uí Ghadhra ar an mbóthar go Mainistir na Búille amach as an mbaile atá sé. Tá tobar beannaithe sa cheantar freisin, Tobar Naomh Athrachta, atá trasna an bhóthair ón gclochar áitiúil. Os a chionn tá cros bheag chloiche ó aimsir na bPéindlíthe greamaithe. Tá cosúlacht ar an scéal nach raibh an chros ann ón tús ach b’fh éidir gur tógadh í ó thuama sa cheantar.
CROS Ó AIMSIR NA bPÉINDLÍTHE
Tugadh Penal Cross ar chrosa ó aimsir na bPéindlíthe mar go ndearnadh iad i rith an ama nuair nach raibh cead ag Caitlicigh a gcreideamh a chleachtadh. Deirtear gur thug siad sólás do na daoine le linn an ama sin. Bhíodar le feiceáil ar thuamaí Angla-Normannacha ón 15ú haois. Ina dhiaidh sin rinneadh crosa beaga adhmaid agus greanadh siombail Pháis Chríost orthu suas go dtí an 18ú agus an 19ú haois.
Is iad na siombail is coitianta ná: rilíf de Chríost céasta le lámha giorraithe, dréimire chun an corp a thógáil anuas ón gcros, na tairní a ghreamaigh lámha Chríost den chros, an casúr chun iad a chur isteach agus pionsúr chun iad a bhaint amach, fuipeanna chun Críost a sciúrsáil, piléar na sciúrsála, cordaí chun Críost a cheangal den philéar agus coileach agus an pota. Tá na siombail seo go léir ar chros Chlochair agus duilleoga pailme freisin nach bhfuil luaite leis na crosa seo de ghnáth.
NA SIOMBAIL ATÁ AR CHROS AN CHLOCHAIR
An deismireacht stíle agus siombail na Páise atá ar an gcros seo, is cuid iad de scéim ghinearálta na gcros iar-mheánaoiseach. Is cros bheag chloiche í 33 cm ar a leithead ag a barr, 31 ceintiméadar ag a bun agus 53 ceintiméadar ar fh aid. Níl sí cothrom. Thóg mé na toisí sin sa bhliain 1981 agus cúpla bliain ó shin bhris tarracóir an tobar as a chéile. Le himeacht aimsire cuireadh an tobar agus an chros le chéile arís. Tuigeann muintir an cheantair an tábhacht atá leis an gcros. 1. Ar an gcros í féin tá rilíf de chorp
Chríost agus an ceann díreach, le lámha giorraithe agus an dá chos taobh le taobh. Tá gruaig aisteach chatach fh ada ar an gceann agus
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/b24ba0e683f303237a510781f2c8e8ea.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/6e8ad0912ac41544bfcfe1456978e074.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/67f3a2f375b02f639b2fbd7613a05cf7.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/ca4ffb9892f0921928fef0874fab12b7.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094315-9ea06322ed8fcde561bb2bdf7bf15e48/v1/a1b0376ba20e87357a345b6134ea6628.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
© Aidan Clarke / - geograph.org.uk/p/291822
Tobar Naomh Athrachta, Sligeach
féasóg ar an smig. Tá an dá lámh ag gobadh amach as an gceann, in aice na gcluas. Tá an ceann mór i gcomparáid le fad an choirp, 13 cm ó bhaithis go bun na féasóige. 2. Tá trí fh uip le chéile faoin lámh dheas (an taobh clé agus tú ag breathnú air) agus hanla triantánach chun breith orthu. 3. Fúthu seo tá an casúr agus pionsúr fi te fuaite lena chéile. Tiomáineadh na tairní isteach leis an gcasúr agus tarraingíodh amach iad leis an bpionsúr. 4. Ansin tá na duilleoga pailme i gcuimhne ar theacht Chríost isteach go hIarúsailéim. Tá ceithre cinn le feiceáil ar chuimilteán a rinne mé sa bhliain 1981. Mar a dúirt mé is cosúil go bhfuil sé aisteach iad a bheith ann ar chor ar bith.
Tá na siombail go léir le feiceáil ar aghaidh na croise seo mar nach féidir aon siombal a ghearradh ar a cúl ar nós cros adhmaid. Uaireanta fágadh siombail áirithe ar lár ceal spáis ach bhíodh na cinn ba shuntasaí ann i gcónaí mar atá anseo, agus tuilleadh.
AN COILEACH AGUS AN POTA
Tá scéal an Choiligh agus an Phota le léamh i Soiscéal Apacrafúil Nicodemus ón 4ú haois, agus sa leabhar Peig freisin. De réir an scéil tháinig Iúdás isteach chuig a bhean tar éis bhás Chríost. Bhí aiféala air gur sceith sé ar Chríost. Bhí sé ag lorg rópa chun é féin a chrochadh. Chreid sé go n-éireodh Críost ó na mairbh tar éis trí lá. ‘Ach an oiread leis an gcoileach sin!’ a dúirt a bhean. Leis sin, d’éirigh an coileach aníos as an bpota agus é ag glaoch mar a dúirt Peig, ‘Mac na hÓighe slán! Mac na hÓighe slán!
Foclóirín: Péindlíthe = Penal Laws; rilíf = airde éagsúil ar chodanna de dhealbh; pionsúr = pincers; deismireacht = sampla léiritheach.