3 minute read

Im Leabharlann Dom

Léirmheas le Seán Mac Labhraí

An Capall Dubh agus Scéalta Eile le Pádraig Ó Baoighill An Ceathrú Póilí £9.50 Sterling

Ba é seo an chéad seoladh ag Club Leabhar na Cultúrlainne i mBéal Feirste do 2018. Bhí slua mór i láthair agus uisce lena gcár ag tnúth le greim a fh áil ar an saothar is déanaí ó pheann an údair seo. Tá scór leabhar foilsithe anois ag Pádraig Ó Baoighill, nó Padaí Tharlaigh Pháidí, mar is fearr aithne air i Rann na Feirste. Scríobh Seosamh Mac Grianna (Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile lch. 104): ‘Níl bréag ar bith nó tá daoine in Éirinn atá i bhfáth le litríocht. D’ainneoin an Hospital Sweep, d’ainneoin Leopardstown agus Punchestown agus Baldoyle, d’ainneoin Pháirc an Chrócaigh, agus Mickey Mouse, tá daoine beo a léas leabhair Ghaeilge’. Dá mbeadh Seosamh ag léiriú na barúla céanna i saol an lae inniu, is féidir gur bail eile a bheadh ar a chuid cainte “d’ainneoin Facebook, Snapchat, Instagram agus Twitter, d’ainneoin Eastenders agus Emmerdale, d’ainneoin Strictly Come Dancing agus Na Kardashians tá daoine beo go fóill a léann leabhair Ghaeilge”.

RÉAMHRÁ

Léiríonn an Baoighilleach a chomaoin do na hirisí Gaeilge Comhar, Feasta, an tUltach, Lá, Foinse agus Deirdre (a chuireadh Gearóid Ó Cuinneagáin amach gan mórán tacaíochta ón stát). Maíonn sé go bhfuair sé féin agus a mhacasamhail eile de scríbhneoirí óga na Gaeilge spreagadh agus uchtach ó na foilseacháin luachmhara agus iad ag toiseacht amach ar bhóthar na scríbhneoireachta. Ba iad Irisleabhar na Gaedhilge agus An Claidheamh Soluis a thacaigh le hathbheochan na Gaeilge ar an dóigh chéanna fadó agus is cúis imní don Bhaoighilleach an dóigh a bhfuil cuid mhaith de na tréimhseacháin seo caillte nó faoi bhrú cheal tacaíocht an stáit. Tá dhá chuid sa saothar seo: cuid I ina bhfuil deich scéal nár foilsíodh roimhe agus cuid II ina bhfuil duisín scéal a foilsíodh in irisí éagsúla ó 1986 anall.

AN TEANGA AGUS AN tÁBHAR

Seo an tríú cnuasach gearrscéalta ó pheann an Bhaoighilligh – d’fh oilsigh Coiscéim An Coileach Troda (1993) agus Srathóg Feamnaí (2001) cheana agus tugtar achoimre bheacht dúinn ar chlúdach cúil an leabhair i dtaca leis na téamaí éagsúla a dtéann an t-údar i ngleic leo an iarraidh seo – ‘As Gaeltacht Rann na Feirste é, agus tá mórán de na scéalta suite in ithir a dhúchais. Ach i measc na n-ábhar eile tá an grá, an ceol, an imirce, an cearrbhachas, an lucht siúil, an chollaíocht, an drabhlás, trioblóidí an tuaiscirt, an Ghaeltacht, saol na cathrach, oileáin na hAlban, cúrsaí spóirt is coláiste.’ Go deimhin is iad an leithne agus an fh airsinge na gnéithe is suntasaí faoi na scéalta seo. Níl teorainn aoise, ama ná áite leo. Bíonn an Baoighilleach go hiomlán ar a shuaimhneas ag plé le gach aoisghrúpa agus le lucht Gaeltachta is Galltachta. Tá an léargas a thugtar dúinn ar nádúr an duine sna scéalta seo uilíoch is cuma cá mbíonn siad suite – in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag nó i dTuaisceart Shasana. I gcás scéalta na hAlban, baineann an t-údar leas fi úntach as an taithí phearsanta a fuair sé féin ar shaol na nÉireannach thall. Más Poblachtánach go smior é féin, ní bhíonn bac ar bith air an dá dhearcadh a léiriú go cruinn cothrom i dtaca le coimhlint na sé chontae sna scéalta ‘An Cailín as Port an Dúnáin’, ‘Cor sa Chinniúint’ agus ‘An Saighdiúir Tréigthe’. Más faide agus más doimhne a thuiscint ar mhuintir a chontae féin ní bhíonn leisce ar bith air dul i ngleic le Liatroim agus le Longphort. Is é ‘Abar na Bó’ an scéal is fearr liom féin. Cuireann sé stíl agus máistreacht Liam Uí Fhlaithearta i gcuimhne dom. Anuas ar gach suáilce eile a fh aighimid sa chnuasach seo tá an-eolas ar stair shóisialta na gConallach a bhíodh anonn agus anall go hAlbain. Tá an leithne le sonrú arís i gcás na teanga mar a léimid ar an chlúdach cúil, ‘Fíorscoth chanúint dhúchasach Thír Chonaill atá sna scéalta seo, ach tá stór leathan focal ó chanúintí eile sníofa isteach tríothu.’ Ba mhinic ab éigean dom an foclóir a tharraingt chugam féin agus tá moladh faoi leith tuillte ag an Bhaoighilleach as focail a d’imigh i ndíchuimhne a thabhairt ar ais chun beatha i gcomhthéacs nádúrtha sothuigthe. Deich euro atá air agus is mór is fi ú a luach.

This article is from: