3 minute read

Gael Linn,Comóradh 65 Bliain Antoine Ó Coileáin

Antoine Ó Coileáin Príomhfh eidhmeannach Gael Linn

Gael Linn ag Saothrú le Seasca Cúig Bliain

San Óstán Imperial i gCorcaigh a bunaíodh Gael Linn i mí Márta 1953, nuair a ghlac cruinniú Ardchomhairle an Chomhchaidrimh le moladh ó Dhónall Ó Móráin go mbunófaí scéim nua cistíochta ar son na Gaeilge. Séamus Mac Crosáin a mhol go mbunófaí linnte ar thorthaí na gcluichí Gaelacha agus sin mar a tháinig ann don eagraíocht Gael Linn. Beartas réabhlóideach ag an am ba ea scéim náisiúnta mar é a bheith á bunú ag grúpa beag daoine gan taithí ag a bhformhór ar ghnó den saghas sin. Tríd na linnte agus ‘scilling na Gaeilge’, bailíodh suim mhaith airgid a chuir ar chumas Gael Linn beartais nuálacha a chur i gcrích.

Chuir Gael Linn roimhe go mbeadh an Ghaeilge feiceálach i suíomhanna comhaimseartha. Spreagadh dóchas in athuair go bhféadfaí an Ghaeilge a lonnú i gceartlár na sochaí nuair a chuala daoine clár raidió Gael Linn, nuair a chonaic siad Amharc Éireann sna pictiúrlanna, nuair a cheannaigh siad ceirníní de cheol traidisiúnta. Bhí Máirtín Ó Cadhain ina bhall de chéad bhord caomhnóirí Gael Linn agus rinne seisean moltaí faoi scéimeanna úra a bhain go háirithe leis an nGaeltacht. Orthu sin bhí an scéim scoláireachtaí trí mhí faoinar fh reastail daltaí ar scoil Ghaeltachta agus iad ag fanacht le teaghlach Gaeltachta. Bhí an tIar-Thaoiseach Éanna Ó Coinnigh ar dhuine de na mílte scoláirí a ghlac páirt sa scéim sin. Scéim eile a mhol an Cadhnach ná na hOícheanta Seanchais sa Damer nuair a thugtaí seanchaithe, amhránaithe agus siamsóirí Gaeltachta go dtí an ardchathair.

Bhí an iliomad beartas agus scéimeanna éagsúla ag Gael Linn i gcaitheamh na mblianta agus tá cur síos cuimsitheach, soléite orthu ag Máiréad Ní Chinnéide (nach maireann) sa leabhar Stair Ghael-Linn (Cló Iar-Chonnacht 2013). Thar aon rud eile, theastaigh ó Gael Linn fadhbanna a aithint agus díriú ar iad a réiteach ar mhaithe leis an Rialtas a náiriú agus an pobal a mhisniú. Liosta le háireamh iad na tionscail Ghaeltachta a ndeacthas ina mbun – oisrí, óstaíocht, báid iascaigh, beacha Chúil Aodha, beathú muca, troscán, bréidín…. Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh nuair a osclaíodh Fonodisc, siopa ceirníní ar Shráid Grafton, agus nuair a bhíodh Slógadh á reáchtáil i mbailte móra ar fud na tíre.

Ó thús, bhí Gael Linn ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann agus Oifi g Réigiúnach againn in Ard Mhacha. Cuirtear scéimeanna faoi leith ar bun le freastal ar an aos scoile agus ar dhaoine

‘Thar aon rud eile theastaigh ó Gael Linn fadhbanna a aithint agus díriú ar iad a réiteach ar mhaithe leis an Rialtas a náiriú.’

© Gael Linn

Roinnt de Cheirníní Gael Linn ag Antoine Ó Coileáin

fásta. Mar shampla, bíonn an comórtas Abair á reáchtáil chun caint phoiblí a chur chun cinn agus eagraímid Scéim Oidhreachta chun tuiscint a thabhairt don dá thraidisiún den chomh-oidhreacht atá acu sa cheol, i logainmneacha agus sloinnte. Leanann Gael Linn dá mhisean an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathadh. Táimid ag tógáil ar an mbunsraith a leag na bunaitheoirí agus maireann cuid de na tograí acu go fóill. Mar shampla, bíonn an-rath ar dhíospóireachtaí Gael Linn ar an dara agus an tríú leibhéal, táimid ag cur lenár gcartlann cheoil, agus tá cistíocht ar bun i gcónaí ag Cairde Gael Linn. Ba thábhachtach le Gael Linn an córas oideachais agus múineadh na Gaeilge d’aosaigh, gnéithe atá láidir go fóill inár gclár oibre lenár gcoláistí samhraidh agus cúrsaí eile.

Tá Gael Linn ar cheann den sé Cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge agus feidhmeanna ar leith á gcomhlíonadh againn. Scéim úr a bhfuil an-rath air is ea Gaelbhratach, scéim spreagtha do scoileanna faoina mbronntar bratach speisialta ar scoileanna a chuireann clár gníomhaíochta i gcrích. Tuar dóchais an méid atá ar bun ar an tríú leibhéal, idir chúrsaí nua agus imeachtaí Gaeilge i measc mic léinn. Ábhar mórtais a bhfuil bainte amach ach aithníonn cách go maireann dúshláin mhóra i gcónaí, cúlú na Gaeltachta agus neafaiseacht an Stáit san iliomad réimsí, rud atá ag cruthú bacanna ar dhíograis cainteoirí Gaeilge ina dtír féin.

Tá Gael Linn tiomanta dul i ngleic leis na deacrachtaí sin, go háirithe sa réimse oideachais, agus sinn ag tógáil ar ár n-oidhreacht fi ontraíochta agus gnímh.

Foclóirín: linnte = pools; cistíocht = maoiniú; tiomnaithe = lándírithe; fi ontraíocht = enterprise. © Gael Linn

This article is from: