An Timire - Fómhar 2018

Page 38

38

Antoine Ó Coileáin Príomhfheidhmeannach Gael Linn

Gael Linn ag Saothrú le Seasca Cúig Bliain San Óstán Imperial i gCorcaigh a bunaíodh Gael Linn i mí Márta 1953, nuair a ghlac cruinniú Ardchomhairle an Chomhchaidrimh le moladh ó Dhónall Ó Móráin go mbunófaí scéim nua cistíochta ar son na Gaeilge. Séamus Mac Crosáin a mhol go mbunófaí linnte ar thorthaí na gcluichí Gaelacha agus sin mar a tháinig ann don eagraíocht Gael Linn. Beartas réabhlóideach ag an am ba ea scéim náisiúnta mar é a bheith á bunú ag grúpa beag daoine gan taithí ag a bhformhór ar ghnó den saghas sin. Tríd na linnte agus ‘scilling na Gaeilge’, bailíodh suim mhaith airgid a chuir ar chumas Gael Linn beartais nuálacha a chur i gcrích. Chuir Gael Linn roimhe go mbeadh an Ghaeilge feiceálach i suíomhanna comhaimseartha. Spreagadh dóchas in athuair go bhféadfaí an Ghaeilge a lonnú i gceartlár na sochaí nuair a chuala daoine clár raidió Gael Linn, nuair a chonaic siad Amharc Éireann sna pictiúrlanna, nuair a cheannaigh siad ceirníní de cheol traidisiúnta. Bhí Máirtín Ó Cadhain ina bhall de chéad bhord caomhnóirí Gael Linn agus rinne seisean moltaí faoi scéimeanna úra a bhain go háirithe leis an nGaeltacht. Orthu sin bhí an scéim scoláireachtaí trí mhí faoinar fhreastail daltaí ar scoil Ghaeltachta agus iad ag

Timire Autumn 2018.indd 38

fanacht le teaghlach Gaeltachta. Bhí an tIar-Thaoiseach Éanna Ó Coinnigh ar dhuine de na mílte scoláirí a ghlac páirt sa scéim sin. Scéim eile a mhol an Cadhnach ná na hOícheanta Seanchais sa Damer nuair a thugtaí seanchaithe, amhránaithe agus siamsóirí Gaeltachta go dtí an ardchathair. Bhí an iliomad beartas agus scéimeanna éagsúla ag Gael Linn i gcaitheamh na mblianta agus tá cur síos cuimsitheach, soléite orthu ag Máiréad Ní Chinnéide (nach maireann) sa leabhar Stair Ghael-Linn (Cló Iar-Chonnacht 2013). Thar aon rud eile, theastaigh ó Gael Linn fadhbanna a aithint agus díriú ar iad a réiteach ar mhaithe leis an Rialtas a náiriú agus an pobal a mhisniú. Liosta le háireamh iad na tionscail Ghaeltachta a ndeacthas ina mbun – oisrí, óstaíocht, báid iascaigh, beacha Chúil Aodha, beathú muca, troscán, bréidín…. Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh nuair a osclaíodh Fonodisc, siopa ceirníní ar Shráid Grafton, agus nuair a bhíodh Slógadh á reáchtáil i mbailte móra ar fud na tíre. Ó thús, bhí Gael Linn ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann agus Oifig Réigiúnach againn in Ard Mhacha. Cuirtear scéimeanna faoi leith ar bun le freastal ar an aos scoile agus ar dhaoine

25/07/2018 15:23


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.