1 minute read
An Mullá agus an Curaí Gabriel Rosenstock
Gabriel Rosenstock
23
Mol na hÓige
© Rvector / Shutterstock
An MulLÁ agUS an CUraÍ
Bhí mullá (nó sagart Moslamach) in Assam uair amháin. Beadaí ceart a bhí ann agus a rian sin air.
Fuair sé cuireadh chun dinnéir uair amháin ó lánúin dheabhóideach. Nuair a shiúil sé thar tairseach isteach chucu cad é an t-iontas a bhí ar an mbeirt nuair a thosaigh an mullá ag béiceach:
‘Amach! Amach leat as an áit seo!’
Nuair a tháinig a chaint chuige, arsa fear an tí leis: ‘Níl éinne anseo ach sinn féin. Cé a bhí á ruaigeadh agat? Fear na gCrúb?’ ‘Ní hea, ní hea!’ arsa an mullá agus gháir sé. ‘Madra a bhí ag iarraidh dul isteach sa Chába! Ó hó, chuir mise an ruaig air.’ (I Meice atá an Cába, an áit is beannaithe ar domhan dar leis an
Moslamach).
Bhí iontas an domhain ar fh ear an tí. Mullá a bhí chomh fadradharcach sin go bhféadfadh sé an Cába a fh eiceáil ó shráidbhaile beag in Assam.
Ach bhí amhras ar bhean an tí ina thaobh. Shuigh an mullá agus fear an tí chun boird.
‘Neam-neam!’ arsa an mullá leis féin nuair a fuair sé boladh an churaí. Níorbh fh ada gur thug bean an tí dinnéar dóibh, rís, picil agus curaí glasraí. Ach bhí curaí an mhullá curtha i bhfolach aici faoin rís agus gan le feiceáil ach an rís is an phicil.
‘D’anam is do chorp don diabhal, a bhean, cá bhfuil an curaí?’ arsa an mullá.
‘Nach deas an chaint í sin uait,’ ar sise. ‘Duine atá in ann gadhar a fh eiceáil thall i Meice,’ ar sise, ‘ba dhóigh leat go mbeadh sé go maith in ann curaí a fh eiceáil faoin rís!’