An Timire - Fómhar 2018

Page 23

23

Mol na hÓige

© Rvector / Shutterstock

Gabriel Rosenstock

An MulLÁ agUS an CUraÍ Bhí mullá (nó sagart Moslamach) in Assam uair amháin. Beadaí ceart a bhí ann agus a rian sin air. Fuair sé cuireadh chun dinnéir uair amháin ó lánúin dheabhóideach. Nuair a shiúil sé thar tairseach isteach chucu cad é an t-iontas a bhí ar an mbeirt nuair a thosaigh an mullá ag béiceach: ‘Amach! Amach leat as an áit seo!’ Nuair a tháinig a chaint chuige, arsa fear an tí leis: ‘Níl éinne anseo ach sinn féin. Cé a bhí á ruaigeadh agat? Fear na gCrúb?’ ‘Ní hea, ní hea!’ arsa an mullá agus gháir sé. ‘Madra a bhí ag iarraidh dul isteach sa Chába! Ó hó, chuir mise an ruaig air.’ (I Meice atá an Cába, an áit is beannaithe ar domhan dar leis an Moslamach).

Timire Autumn 2018.indd 23

Bhí iontas an domhain ar fhear an tí. Mullá a bhí chomh fadradharcach sin go bhféadfadh sé an Cába a fheiceáil ó shráidbhaile beag in Assam. Ach bhí amhras ar bhean an tí ina thaobh. Shuigh an mullá agus fear an tí chun boird. ‘Neam-neam!’ arsa an mullá leis féin nuair a fuair sé boladh an churaí. Níorbh fhada gur thug bean an tí dinnéar dóibh, rís, picil agus curaí glasraí. Ach bhí curaí an mhullá curtha i bhfolach aici faoin rís agus gan le feiceáil ach an rís is an phicil. ‘D’anam is do chorp don diabhal, a bhean, cá bhfuil an curaí?’ arsa an mullá. ‘Nach deas an chaint í sin uait,’ ar sise. ‘Duine atá in ann gadhar a fheiceáil thall i Meice,’ ar sise, ‘ba dhóigh leat go mbeadh sé go maith in ann curaí a fheiceáil faoin rís!’

25/07/2018 15:21


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.