3 minute read
Gairdíní an Renaissance Dónall Ó Cnáimhsí
Dónall Ó Cnáimhsí
Gairdíní an Renaissance
Is stíl nua i ndearadh gairdíní a tháinig chun cinn sa Róimh agus i bhFlórans na hIodáile le linn an chúigiú haois déag atá i gceist le Gairdín an Renaissance.
Is as idé-eolaíocht chlasaiceach a tháinig an inspioráid don stíl seo, bunaithe ar ord agus áilleacht. Deartha ní amháin chun sult agus pléisiúr a bhaint as an ghairdín féin ach chun sult a bhaint as an tírdhreach lasmuigh chomh maith céanna. Le linn an Renaissance tháinig fás agus forbairt agus sofaisticiúlacht ar ghairdíní móra na hIodáile le húsáid ornáidí mar dheilbheacha agus síothail mar mhaisiúcháin agus scairdeáin agus fochlaí mar phointí fócais.
Chuaigh an stíl seo go mór i bhfeidhm ar dhearthóirí na linne agus tosaíodh ag déanamh aithris uirthi ar fud na hEorpa.
Is as an staidéar a rinne scoláirí an Renaissance ar impireacht na Róimhe trí scríbhneoireacht Ovid, Varro agus an dá Pliny go háirithe, a fuair siad cur síos beacht cruinn ar ghairdíní clasaiceacha na sean-Róimhe agus thug sin inspioráid do dhaoine an stíl seo a athbhunú.
Ba é Leon Battista Alberti (1404-1472) a scríobh ar dtús ar dhearadh gairdíní sa stíl chlasaiceach seo, ina shaothar iomráiteach Del Governo della Famigilia (Rialú an Teaghlaigh) ina ndéanann sé ardmholadh ar shaol shómasach faoin tuath agus gairdín deas pléisiúrtha. Dar leis gur chóir an gairdín a bheith ag síneadh amach os comhair an tí, agus léargas iontach ó bhalcóin ag amharc anuas air.
Mhol sé do dhaoine a gcuid villas a thógáil ar fh ána, chun léargas níos fearr a fh áil ar an ngairdín agus an taobh tíre mórthimpeall. Mhol sé tithe agus gairdíní a dhearadh chun buntáiste a bhaint as teas agus solas na gréine agus chun aer úr a chur ag cúrsáil tríothu. Mhol sé úsáid a bhaint as póirsí chun scáth a fh áil ón ghrian. Mhol sé fíniúin a chur ag fás ar cholúin agus crainn i línte díreacha. Mhol sé úsáid a bhaint as deilbh agus síothail.
Dar leis go raibh an ceart ag Pliny agus gur tearmann é an gairdín chun machnamh agus chun suaimhneas a fh áil agus áit chun éalú ón ghnáthshaol.
Fear eile a raibh an-tionchar aige ar fh ealsúnacht dhearthóirí na linne, ná an manach Francesco Colonna (1433-1527). D’fh oilsigh seisean Hypnerotomachia Poliphili (Streachailt an Ghrá i mBrionglóid) in 1499, ina gcuireann sé síos ar ghluaiseacht Poliphilus trí radharcanna aisteacha agus iontacha agus é sa tóir ar a ghrágheal Polia. Cuirtear síos go beacht ar gach ní a fh eiceann Poliphilus ar a aistear bhrionglóideach.
43
Reggia di Caserta, Italy. © Paolo Gallo / Shutterstock
Cuirtear síos go beacht ar ghairdíní aislingeacha ilchasta a fh eiceann sé, ina bhfuil craobhacha na gcrann casta ar a chéile le háirse a dhéanamh, nó fál curtha le cathair ghríobháin a dhéanamh. Cuireann sé síos ar bhláthanna áille agus cumhrán astu, ar na hainmhithe agus ar na héin. Thug scríbhneoireacht Colanna go leor ábhar inspioráide do dhearthóirí ina dhiaidh sin. Tá tionchar agus saothar Alberti agus Colanna le feicéal go fóill i ngairdíní cáiliúla na hIodáile, gairdíní mar Villa Medici sa Róimh agus Villa Lante in Bagnaia agus Villa D’Este in Tivoli.
Le linn an Renaissance san Iodáil tháinig an staidéar ar phlandaí go mór chun cinn, tosaíodh ag rangú plandaí go córasach. Is in ollscoil Padua le linn an séú haois déag a thosaigh an tOllamh Francesco Bonafede ar obair na luibheolaíochta. Plandaí leighis ba shuim leis. Foilsíodh leabhrán beag ina raibh cur síos beacht ar mhíle dhá chéad planda leighis agus a n-úsáid. Rinneadh an chéad ghairdín luibheolaíochta a fh orbairt in Padua i 1543.
Ba seo tréimhse na chéad taiscéalaithe chomh maith, agus thug siad go leor plandaí éagsúla ar ais chun na hIodáile leo óna gcuid aistear ar fud na cruinne.
Rinneadh dul chun cinn le linn an Renaissance i ngach cineál réimse, an ealaín agus ceird na garraíodóireachta san áireamh.
Foclóirín: deilbheacha = dealbha; síothal = soitheach mór; scairdeán = uisce ag imeacht ina scaird san aer; fochla = uaimh (shaorga) mhaisithe.