An Timire - Fómhar 2018

Page 42

42

Dónall Ó Cnáimhsí

Gairdíní an Renaissance Is stíl nua i ndearadh gairdíní a tháinig chun cinn sa Róimh agus i bhFlórans na hIodáile le linn an chúigiú haois déag atá i gceist le Gairdín an Renaissance. Is as idé-eolaíocht chlasaiceach a tháinig an inspioráid don stíl seo, bunaithe ar ord agus áilleacht. Deartha ní amháin chun sult agus pléisiúr a bhaint as an ghairdín féin ach chun sult a bhaint as an tírdhreach lasmuigh chomh maith céanna. Le linn an Renaissance tháinig fás agus forbairt agus sofaisticiúlacht ar ghairdíní móra na hIodáile le húsáid ornáidí mar dheilbheacha agus síothail mar mhaisiúcháin agus scairdeáin agus fochlaí mar phointí fócais. Chuaigh an stíl seo go mór i bhfeidhm ar dhearthóirí na linne agus tosaíodh ag déanamh aithris uirthi ar fud na hEorpa. Is as an staidéar a rinne scoláirí an Renaissance ar impireacht na Róimhe trí scríbhneoireacht Ovid, Varro agus an dá Pliny go háirithe, a fuair siad cur síos beacht cruinn ar ghairdíní clasaiceacha na sean-Róimhe agus thug sin inspioráid do dhaoine an stíl seo a athbhunú. Ba é Leon Battista Alberti (1404-1472) a scríobh ar dtús ar dhearadh gairdíní sa stíl chlasaiceach seo, ina shaothar iomráiteach Del Governo della Famigilia (Rialú an Teaghlaigh) ina ndéanann sé ardmholadh ar shaol shómasach faoin

Timire Autumn 2018.indd 42

tuath agus gairdín deas pléisiúrtha. Dar leis gur chóir an gairdín a bheith ag síneadh amach os comhair an tí, agus léargas iontach ó bhalcóin ag amharc anuas air. Mhol sé do dhaoine a gcuid villas a thógáil ar fhána, chun léargas níos fearr a fháil ar an ngairdín agus an taobh tíre mórthimpeall. Mhol sé tithe agus gairdíní a dhearadh chun buntáiste a bhaint as teas agus solas na gréine agus chun aer úr a chur ag cúrsáil tríothu. Mhol sé úsáid a bhaint as póirsí chun scáth a fháil ón ghrian. Mhol sé fíniúin a chur ag fás ar cholúin agus crainn i línte díreacha. Mhol sé úsáid a bhaint as deilbh agus síothail. Dar leis go raibh an ceart ag Pliny agus gur tearmann é an gairdín chun machnamh agus chun suaimhneas a fháil agus áit chun éalú ón ghnáthshaol. Fear eile a raibh an-tionchar aige ar fhealsúnacht dhearthóirí na linne, ná an manach Francesco Colonna (1433-1527). D’fhoilsigh seisean Hypnerotomachia Poliphili (Streachailt an Ghrá i mBrionglóid) in 1499, ina gcuireann sé síos ar ghluaiseacht Poliphilus trí radharcanna aisteacha agus iontacha agus é sa tóir ar a ghrágheal Polia. Cuirtear síos go beacht ar gach ní a fheiceann Poliphilus ar a aistear bhrionglóideach.

25/07/2018 15:23


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.