6 minute read

Ag Obair i dTreo na Síochána Mary Lawlor

Mary Lawlor Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide

Ag Obair i dTreo na Síochána

Síochánaí a bhí ionam riamh agus creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tabhairt faoin gcur in iúl go hoscailte agus go hómósach. Le linn dom a bheith mar stiúrthóir ar Amnesty International, chuala mé agallamh a cuireadh ar Shéamus Heaney ar ócáid a chaogadú breithlá. Ceann de na rudaí dá ndúirt sé a d’fh an i mo chuimhne riamh ó shin is ea gur chreid sé gur cuireadh anseo sinn chun an domhan a fh ágáil roinnt bheag níos sibhialta. Seo mar a chuir Frank Jennings, cara agus meantóir dílis eile, an smaoineamh céanna in iúl: ‘Creidim nach mór dúinn an tsibhialtacht a roghnú gach uile lá.’

Ba léir dom féin trí mo chuid oibre i réimse chearta an duine cé chomh tábhachtach is atá gné na cainte. Tig leis an bhfocal urchóideach, nó an focal neamh-aireach an dinimic a ghabhann le hócáid ar bith a chur chun donais. Tig le cásanna dul ó smacht go tapa sa chaoi is, ar an gcuid is fearr, go bhfágtar deighilt eatarthu siúd a bheadh in inmhe oibriú le chéile ar son an chirt agus, ar an gcuid is measa, go neadaítear cultúr an fh oréigin i gcásanna coimhlinte.

Sílim nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil go dtabharfaidh gach uile dhuine grá dá chéile ach tá sé réadúil a bheith ag súil go gcuirfi dh daoine suas le chéile agus go saothróidh siad trí mheán an idirphlé ar son teacht ar ní éigin atá i bpáirt acu. Ceadaíonn an t-idirphlé fíorchaidreamh idir dhaoine i gcás go n-éisteann siad go rí-aireach lena chéile, agus is féidir dá thoradh sin go n-athróidís a dtuairimí agus/ nó a meon faoi nithe a gcreideann siad iontu. Ach meas a léiriú go fíor ar an duine eile, ceadaítear dá bharr éisteacht i ndáiríre le cúraimí an duine sin murab ionann agus a ndearcadh féin a bheith á shíor-athrá ag daoine – is féidir ar an dul sin stop a chur leis an bhfáinne fí a fh ágann nach mbíonn ar bun ag daoine ach a dtuairimí diongbháilte á n-athrá acu, agus ar mhodh forránach go minic, sa dóigh is nach réitítear faic. Ní gá do dhuine ar bith a f(h)éiniúlacht a shéanadh agus ní gá do dhuine ar bith a rá cé aige atá nó cé aici nach bhfuil an ceart – idirphlé atá i gceist sa bhrí cheart den fh ocal agus is éard is príomhaidhm don idirphlé, éisteacht, foghlaim agus fuascailt fadhbanna a spreagadh. Próiseas uileghabhálach is ea an t-idirphlé agus aithnítear dá bharr daonnacht gach aon pháirtí. An t-idirphlé sin a bhfuil ómós agus caoinfh ulaingt mar bhonn leis, ceadaíonn sé do dhaoine comhthuiscint agus iontaoibh as a chéile a bhunú i ndáil lena gcuid difríochtaí, agus fuinneamh níos dearfaí a chruthú freisin sa chaoi

‘Próiseas uileghabhálach is ea an t-idirphlé agus aithnítear dá bharr daonnacht gach aon pháirtí.’

© Antonio Guillem / Shutterstock

is gurbh fh éidir gur fearrde na torthaí a bhéarfaí.

Bíonn gá le foighne agus le ham nuair is mian réiteach marthanach a fh áil ar fh adhbanna – tig leis an bpróiseas a bheith thar a bheith malltriallach agus incriminteach. Chonacthas é seo i gcás Thuaisceart Éireann agus go deimhin ghlac sé trí bliana déag sular aontaíodh glacadh le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine. Mura bhfuil toil pholaitiúil chuige agus/ nó má tá foréigean sa chúlra le fada an lá, ní bheidh feidhm le hidirphlé mura ndéantar na socruithe cuí ina leith a ullmhú. Más amhlaidh atá foréigean, fuath agus mí-iontaoibh i dtreis ar an toil chun comhaontú a chruthú, nó má tá éagothroime shuntasach cumhachta i measc na rannpháirtithe, nó má tá toil pholaitiúil in easnamh orthu, tharlódh ansin nach mbeidh aon ghealadh faoi idirphlé sa chás. Ina theannta sin, caithfi dh na rannpháirtithe a bhraith go dtig leo labhairt go neamhbhalbh gan eagla díoltais ná diúltaithe. Tá sé tábhachtach freisin láthair neodrach a roghnú le haghaidh an idirphlé.

Trí ní nach furasta a fh oghlaim is ea conas a bheith foighneach, caoinfh ulangach agus ómósach – dúshlán seasta dúinn uile go pearsanta is ea é. Ach ionas go gcuirfear chun cinn ceartas agus cearta do chách ní mór dúinn féachaint i gcónaí leis na luacha sin a chothú.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA SAMHNA, 2018 Go mbeire friotal an ghrá agus friotal an idirphlé barr i gcónaí ar fh riotal an aighnis.

Foclóirín: meantóir = mentor; caoinfh ulaingt = tolerance; éagothroime shuntasach cumhachta = signifi cant power imbalance; gealadh faoi... = a situation ripe for... .

Helen Ó Murchú

Intinní an Phápa: Stair agus Cúlra

Nach spéisiúil mar a bhíonn focail agus frásaí á gcloisint, á gcaitheamh timpeall agus á síorúsaid againn gan eolas beacht nó tuiscint chruinn againn orthu? Gan iontu ach mar a bheadh ‘gaoth an fh ocail’? Sin é fáth gur chuir mé romham dul níos doimhne dom féin in a dtugtar Intinní an Phápa. Fuair mé amach go bhfuil stair fh ada ag gnás sin na pápachta.

Tarlaíonn go bhfuil dlúthbhaint idir Aspalacht na hUrnaí agus Intinní an Phápa. Chuir buíon d’ábhair sagairt tús le coincheap na hAspalachta thiar sa bhliain 1844 faoi anáil a Stiúrthóra Spioradálta. Ba Íosánach gaoiseach eisean. Theastaigh uaidh go dtuigfeadh na hógánaigh gurb ionann cumhacht na hurnaí mar chabhair do lucht na misean agus saothrú sna háiteanna iontacha neamhghnácha sin thar lear a shanntaigh na daoine óga. Rinne sé aspail na hurnaí díobh. Mhínigh sé gur ar bhealaí spioradálta a shroichtear buansprioc spioradálta na hEaglaise, is é sin slánú anamnacha.

Lean agus leath go leor nithe amach as an gcéadghluaiseacht sin i Vals na Fraince. Ar dtús, nósmhaireacht Ofráil na Maidne nuair a thiomnaítear ilghníomhartha is ilimeachtaí an lae do Dhia, don Chroí Ró-naofa go háirithe. Ansin, sa bhliain 1861, foilsíodh Timire an Chroí Ró-naofa den chéad uair. Ón mbliain sin amach chomh maith tháinig leathnú gan mhoill ar an struchtúr ar tugadh Aspalacht na hUrnaí air ar an gcaoi go bhfuair an eagraíocht aitheantas oifi giúil ón bPápa Pius IX faoi 1879 agus reachta leasaithe ó Leo XIII sa bhliain 1896.

Thuig Leo an chumhacht spioradálta a bhain leis an smaoineamh simplí sin, iliomad daoine in áiteanna éagsúla ag guí leo in aghaidh an lae, ag tosú le hOfráil na Maidne. Ar an tuiscint sin, chuir sé tús sna 1880idí le hIntinní míosúla ar leith, intinní Uilíocha an Phápa. Ansin sa bhliain 1929, chuir Pius XI Intinn ar leith soiscéalaíoch sa bhreis ar an ngnáthintinn. Is ar son gach duine atá ag leathadh an tSoiscéil in aon bhealach ar fud an domhain a rinneadh sin, díreach mar a bhí in intinn na nÍosánach thiar sa bhliain 1844. Ní hionadh gur faoi choimirce na nÍosánach atá gluaiseacht dhomhanda Aspalacht na hUrnaí go dtí an lá inniu féin. Ní hionadh ach oiread gur thug Pius XII moladh ar leith ar ócáid cheiliúradh an chéid sa bhliain 1944 don chomhphaidir is bonn leis an Aspalacht agus gur ‘seoid luachmhar’na focail faoi a bhí ag Eoin Pól II sa bhliain 1985. Meastar go raibh ballraíocht de dhá scór milliún ag an Aspalacht faoin mhílaois

This article is from: