An Timire - Fómhar 2018

Page 16

16

Mary Lawlor Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide

Ag Obair i dTreo na Síochána Síochánaí a bhí ionam riamh agus creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tabhairt faoin gcur in iúl go hoscailte agus go hómósach. Le linn dom a bheith mar stiúrthóir ar Amnesty International, chuala mé agallamh a cuireadh ar Shéamus Heaney ar ócáid a chaogadú breithlá. Ceann de na rudaí dá ndúirt sé a d’fhan i mo chuimhne riamh ó shin is ea gur chreid sé gur cuireadh anseo sinn chun an domhan a fhágáil roinnt bheag níos sibhialta. Seo mar a chuir Frank Jennings, cara agus meantóir dílis eile, an smaoineamh céanna in iúl: ‘Creidim nach mór dúinn an tsibhialtacht a roghnú gach uile lá.’ Ba léir dom féin trí mo chuid oibre i réimse chearta an duine cé chomh tábhachtach is atá gné na cainte. Tig leis an bhfocal urchóideach, nó an focal neamh-aireach an dinimic a ghabhann le hócáid ar bith a chur chun donais. Tig le cásanna dul ó smacht go tapa sa chaoi is, ar an gcuid is fearr, go bhfágtar deighilt eatarthu siúd a bheadh in inmhe oibriú le chéile ar son an chirt agus, ar an gcuid is measa, go neadaítear cultúr an fhoréigin i gcásanna coimhlinte. Sílim nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil go dtabharfaidh gach uile dhuine grá dá chéile ach tá sé réadúil a bheith ag súil go gcuirfidh daoine suas le chéile agus

Timire Autumn 2018.indd 16

go saothróidh siad trí mheán an idirphlé ar son teacht ar ní éigin atá i bpáirt acu. Ceadaíonn an t-idirphlé fíorchaidreamh idir dhaoine i gcás go n-éisteann siad go rí-aireach lena chéile, agus is féidir dá thoradh sin go n-athróidís a dtuairimí agus/ nó a meon faoi nithe a gcreideann siad iontu. Ach meas a léiriú go fíor ar an duine eile, ceadaítear dá bharr éisteacht i ndáiríre le cúraimí an duine sin murab ionann agus a ndearcadh féin a bheith á shíor-athrá ag daoine – is féidir ar an dul sin stop a chur leis an bhfáinne fí a fhágann nach mbíonn ar bun ag daoine ach a dtuairimí diongbháilte á n-athrá acu, agus ar mhodh forránach go minic, sa dóigh is nach réitítear faic. Ní gá do dhuine ar bith a f(h)éiniúlacht a shéanadh agus ní gá do dhuine ar bith a rá cé aige atá nó cé aici nach bhfuil an ceart – idirphlé atá i gceist sa bhrí cheart den fhocal agus is éard is príomhaidhm don idirphlé, éisteacht, foghlaim agus fuascailt fadhbanna a spreagadh. Próiseas uileghabhálach is ea an t-idirphlé agus aithnítear dá bharr daonnacht gach aon pháirtí. An t-idirphlé sin a bhfuil ómós agus caoinfhulaingt mar bhonn leis, ceadaíonn sé do dhaoine comhthuiscint agus iontaoibh as a chéile a bhunú i ndáil lena gcuid difríochtaí, agus fuinneamh níos dearfaí a chruthú freisin sa chaoi

25/07/2018 15:20


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.