An Timire - Fómhar 2018

Page 6

6

Nóirín Ní Nuadháin

Cros ó Aimsir na bPéindlíthe Daingean nó dún atá i gceist le clochar. Tá an-chuid iarsmaí stairiúla i gceantar an Chlochair in aice le Bealach an Doirín, an áit ar tógadh mise, ina measc clochar é féin. Tá traidisiún láidir ann gur mhair duine de na chéad mhná rialta ó aimsir Phádraig, Naomh Athrachta, ann. In aice le Loch Uí Ghadhra ar an mbóthar go Mainistir na Búille amach as an mbaile atá sé. Tá tobar beannaithe sa cheantar freisin, Tobar Naomh Athrachta, atá trasna an bhóthair ón gclochar áitiúil. Os a chionn tá cros bheag chloiche ó aimsir na bPéindlíthe greamaithe. Tá cosúlacht ar an scéal nach raibh an chros ann ón tús ach b’fhéidir gur tógadh í ó thuama sa cheantar. CROS Ó AIMSIR NA bPÉINDLÍTHE Tugadh Penal Cross ar chrosa ó aimsir na bPéindlíthe mar go ndearnadh iad i rith an ama nuair nach raibh cead ag Caitlicigh a gcreideamh a chleachtadh. Deirtear gur thug siad sólás do na daoine le linn an ama sin. Bhíodar le feiceáil ar thuamaí Angla-Normannacha ón 15ú haois. Ina dhiaidh sin rinneadh crosa beaga adhmaid agus greanadh siombail Pháis Chríost orthu suas go dtí an 18ú agus an 19ú haois. Is iad na siombail is coitianta ná: rilíf de Chríost céasta le lámha giorraithe,

Timire Autumn 2018.indd 6

dréimire chun an corp a thógáil anuas ón gcros, na tairní a ghreamaigh lámha Chríost den chros, an casúr chun iad a chur isteach agus pionsúr chun iad a bhaint amach, fuipeanna chun Críost a sciúrsáil, piléar na sciúrsála, cordaí chun Críost a cheangal den philéar agus coileach agus an pota. Tá na siombail seo go léir ar chros Chlochair agus duilleoga pailme freisin nach bhfuil luaite leis na crosa seo de ghnáth. NA SIOMBAIL ATÁ AR CHROS AN CHLOCHAIR An deismireacht stíle agus siombail na Páise atá ar an gcros seo, is cuid iad de scéim ghinearálta na gcros iar-mheánaoiseach. Is cros bheag chloiche í 33 cm ar a leithead ag a barr, 31 ceintiméadar ag a bun agus 53 ceintiméadar ar fhaid. Níl sí cothrom. Thóg mé na toisí sin sa bhliain 1981 agus cúpla bliain ó shin bhris tarracóir an tobar as a chéile. Le himeacht aimsire cuireadh an tobar agus an chros le chéile arís. Tuigeann muintir an cheantair an tábhacht atá leis an gcros. 1. Ar an gcros í féin tá rilíf de chorp Chríost agus an ceann díreach, le lámha giorraithe agus an dá chos taobh le taobh. Tá gruaig aisteach chatach fhada ar an gceann agus

25/07/2018 15:19


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.