An Timire - Fómhar 2018

Page 14

14

An Br. G.D. de Barra

Loreto – Teach Naofa Mhuire Tá scrín na Maighdine Muire i Loreto ar an ionad is ársa agus is seanda oilithreachta do Mhuire, máthair Dé leis na céadta bliain. De réir an traidisiúin, agus tá sé cruthaithe anois ag taighde seandálaíochta agus stairiúil, caomhnaítear Teach Mhuire Nazarat i Loreto, cathair in oirthuaisceart na hIodáile, 160 ciliméadar ón Róimh. Ní mór a thuiscint go raibh Teach Mhuire i Nazarat ina dhá chuid, fochla – tá Baisleach Ionchollú Mhac Dé os a chionn sin anois agus tadhaill leis bhí tigín Mhuire. Is minic a chuirtear an cheist, conas mar a tógadh an teach clochach seo, trí mhéadar in airde go dtí Loreto. Deirtear gur iompair na haingil an Teach seo, nuair a díbríodh na Crosáidithe ón bPailistín, ar dtús go dti Illyria (an Chróit) agus trí bliana ina dhiaidh sin, 1294 A.D., go dtí Loreto. Tar éis staidéar agus taighde atá déanta ar dhoiciméid agus modhanna nua seandálaíochta is cosúil gur iompraíodh an teach i long faoi chúram agus mhaoiniú teaghlach uasail d’arbh ainm Angeli. Bhí an teaghlach sin ag rialú Epirus (an Ghréig). Léitear i ndoiciméid ó 1294 gur deineadh cleamhnas idir Pilib, mac Shéarlais II Anjou (an Iodáil) agus iníon Niceforo Angelo – forlámhaí Epirus –

Timire Autumn 2018.indd 14

go mbeadh sé mar chuid de spré na brídeoige i measc tailte eile go mbeadh ‘na clocha naofa a tógadh ó theach Mhuire Máthair Dé’. De réir taighde agus staidéar ar na clocha atá sa scrín is féidir a léiriú go bhfuil marcanna ar na clocha ó ré na gcrosáidí, agus ar chloch eile feictear íomhá Ubh na hostraise a thógann chun chuimhne an Phailistín. Is siombail é seo leis, a bhaineann le mistéir Ionchollú Mhac Dé. Níl an saghas cloiche atá i dTeach na Scríne le fáil san Iodáil. Ní riabh ach trí bhalla sa teach a tógadh ó Nazarat, tá an ceathrú balla tógtha le brící an cheantair. Choimisiúnaigh an Pápa Julius II scáileán marmair timpeall an tí chun é a chaomhnú. Tá dealbh na Maighdine agus an pháiste atá os cionn an tí déanta as adhmad an chéadrais ón Liobáin. Tá na milliúin oilithrigh tar éis teacht ag guí agus ag machnamh ann, ina measc Máire Nic an Bhaird (Mary Ward) bunaitheoir ord Shiúracha Loreto (I.B.V.M.). Is iontach mar a d’fhás baile timpeall ar an teach trí mhéadar seo. Nuair a chonaic an Pápa Sixtus V (1506) an fás bhronn sé Gradam Cathrach agus Deoise ar Loreto. Tá an scrín timpeallaithe anois ag Eaglais Mhór álainn agus an foirgneamh uile

25/07/2018 15:20


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.