11
Michael Bingham SJ
Misean na Reiligiúnach Ní hé amháin aird a thabhairt orthu ach cion a bheith againn ar na boicht inár measc – tá sé sin ar cheann de na dúshláin is minicí a chuireann an Pápa Proinsias os ár gcomhair. Tá gach aon deis dá bhfuair sé tapaithe aige, trí bhriathar agus trí shampla lena thaispeáint go bhfuil an creideamh Críostaí toll mura n-osclaímid ár súile agus ár gcroíthe do lucht an ghátair, agus dóibhsean ar imill na sochaí. Tá tagairt déanta in go leor litreacha uaidh faoi fhaillí córais shóisialta agus córais eacnamaíochta a chruthaíonn an oiread sin íobartach agus a dhéanann an oiread sin dochair do shaol ár linne. Ach is suntasaí fós, b’fhéidir, an tionchar a bhí ag an turas a thug an Pápa Proinsias, go pearsanta, ar na dídeanaithe a tarrtháladh ón bhfarraige – agus ar phríosúnaigh, cibé cén cearn den domhan ina raibh sé. Faoi mar a dúirt sé i gceann de na nathanna a bhfuil cáil air fúthu: “cogar i leith, nuair a thugann tú déirc uait an bhféachann tú isteach i súile an té a bhfuil tú ag bronnadh déirc air/ uirthi? – An ndéanann tú teagmháil lena láimh – nó an gcaitheann tú chuige í?” Seo í an difríocht bhunúsach idir carthanacht agus grá. Meabhraigh a éasca atá sé tacaíocht airgid a thabhairt do dhea-chúiseanna, go fiú maratón a
Timire Autumn 2018.indd 11
rith le hairgead a chnuasach d’fhonn fulaingt éigin a mhaolú. Nach díol sásaimh dúinn daoine a chur ar an eolas faoi bhunchúiseanna na héagóra agus an leatroim sa saol. Ach is nuair a bhuailimid go pearsanta leis an duine, nuair a dhéanaimid comhrá leis/léi faoi mar a rinne Íosa ag leigheas na n-easlán dó nó ag tabhairt maithiúnais don pheacach, a riaraimid Dia an ghrá – is é sin, teachtaireacht an tsoiscéil – air. Is dualgas é seo orainn uile mar lucht leanúna Chríost ach, an mhí áirithe seo, tá an pápa ag tabhairt cuireadh dúinn guí go dtabharfaidh na fir agus na mná in oird rialta – sagairt, manaigh, siúracha agus bráithre – go dtabharfaidh siad cinnireacht ag freastal ar na boicht agus ar na díothachtaigh. Is iomaí sin sampla i stair na hEaglaise faoi oird rialta a bunaíodh d’aon toisc le freastal ar riachtanais dhaonna na linne sin ina dtír féin agus i gcéin. In Éirinn féin tá go leor fianaise ar fáil faoi na scoileanna, dílleachtlanna, ospidéil agus eile a d’fhág oird rialta mar oidhreacht. Ach faoi mar a tharlaíonn go minic leis na tionscnaimh dhaonna is fearr, maolaítear le himeacht na mblianta ar an díograis a bhí i láthair i dtus báire agus gabhann cumhachtaí tromchúiseacha seilbh ar an ngluaiseacht sa chaoi nach
25/07/2018 15:20