3 minute read
Níl sa Spórt ach Caitheamh Aimsire! Lorcán Mac Gabhann
16
Lorcán Mac Gabhann Ceannasaí, Glór na nGael
Níl sa spórt ach caitheamh aimsire!
‘Ní faoi bhás nó faoi bheatha í an pheil, tá sí i bhfad níos tábhachtaí ná sin.’
Tuairiscítear gur dhúirt Bill Shankly, Bainisteoir Chumann Sacair Learpholl an méid thuas agus é ag déanamh cur síos ar an ngaol a bhí (atá) idir lucht leanta Learpholl agus lucht leanta Everton FC. An fíor dó? An fíor gur mó tábhacht a bhaineann le spórt ná mar a bhaineann le beatha an duine? Ar an gcéad radharc, gan anailís a dhéanamh air, is ráiméis é ráiteas Shankly agus níl bunús ar bith leis. Nó an bhfuil?
Tá ráiteas ag m’athair féin, duine go bhfuil fios a ghnó aige agus go bhfuil bonn Uile-Éireann buaite aige, faoin spórt agus an tábhacht a bhaineann leis,
‘Is scáthán é an spórt ar iompar, ar mhoráltacht agus ar charachtar an imreora’.
Más scáthán é an spórt ar ár gcuid iompar sa ghnáthshaol, tá luach dochreidte ard ag baint leis, cuma cén cineál spóirt atá i gceist. Má léiríonn scáthán an spóirt go bhfuil claonadh
ag imreoir a bheidh ina dhúshlán don réiteoir, nó santach ina imirt, nó ‘salach’ ina c(h)uid imeartha, is féidir glacadh leis go mbeidh na claontaí céanna léirithe i saol sóisialta nó gairimiúl an imreora freisin. Mar dúirt Iognáid Loyola, bunaitheoir Ord na nÍosánach; ‘Tabhair dom an páiste go haois seacht mbliana agus tabharfaidh mé duit an fear.’ Tá sé díreach amhlaidh i gcás an bhainisteora spóirt. I gcás an imreora óig (faoi aois dhéagóra), is féidir linn scáthán an spóirt a úsáid chun páistí a ullmhú ‘Leis na cianta, is ar pháirceanna imeartha don saol mór. Iad a ullmhú do a cruthaíodh agus a múnlaíodh an oiread na laethanta sin a bheidh deacair sin de chinnirí an domhain.’ agus dúshlánach, do na laethanta sin gur gá a bheith foighneach, do na laethanta sin nach bhfuil cúrsaí ag teacht chugat, do na laethanta sin gur gá a bheith mar bhall d’fhoireann sa saol oibre, do na laethanta sin gur gá a bheith mar cheannaire agus do na leathanta sin go mbíonn ort plé leis an mbua nó an chailliúnt. Leis na cianta, is ar pháirceanna imeartha a cruthaíodh agus a múnlaíodh an oiread sin de chinnirí an domhain, ina measc, Jack Lynch, iarThaoiseach; Imran
17
© Rawpixel.com / Shutterstock
Khan, iarchaptaen foirne cruicéid na Pacastáine agus anois ina Phríomhaire ar Rialtas na tíre; Caitríona Ruane, iarAire Rialtais sa Tionól a d'imir leadóg d'Éirinn; Dick Spring iarThanáiste; Jimmy Deenihan, iarAire Rialtais; Sebastian Coe, i dTeach na dTiarnaí Londan.
Bhí ráiteas eile ag Bill Shankly, a thaitníonn go mór liom:
‘Má thagann tú sa chéad áit, tá tú sa chéad áit. Má thagann tú sa dara háit, níl tú aon áit.’
Dár ndóigh, ní féidir le gach duine teacht sa chéad áit. Is í an teachtaireacht a bhí ag Shankly sa chás seo, dar liom, ná gur chóir dúinn 100% a thabhairt do gach a dhéanann muid le barr feabhais a bhaint amach. Seo an dearcadh atá ag na himreoirí clúiteacha, rathúla agus iontas na n-iontas ag ceannairí rathúla an lae! Mar sin, má tá aon duine atá in amhras faoi thábhacht an spóirt dúinn mar dhaoine aonair nó mar shochaí, ní gá ach ‘googláil’ a dhéanamh ar: - aghaidheanna imeoirí fhoireann peile na mban Bhaile Átha Cliath tar éis a mbua ‘dúbailte’ le déanaí nó - aghaidh bhriste ghortaithe Sheán
Cavanagh sna páipéir nuachta tar éis cluiche craoibhe na gclubanna i dTír
Eoghain le déanaí. Agus ceann uaim féin – ‘Ná lig don bhua an ceann is fearr a fháil ar do chloigeann agus ná lig don chailliúint do chroí a bhriseadh.’
Foclóirín: claonadh = nós; santach = greedy; leis na cianta = le fada fada an lá.