4 minute read
Turas go hOileán Í Colm Ó Ceallacháin
38
Turas go hOileán Í
Colm Ó Ceallacháin
Fágaim an bád farantóireachta i mo dhiaidh agus siúlaim thar an mhainistir, ag tabhairt mo chúil leis an slua. Pé siocair a bhí le Colm Cille ag tabhairt a chúil le hÉirinn, is ní heol dúinn inniu an bhfuil bunús ar bith leis an scéal a deir gurb eisean ba chúis le Cath Chúil Dreimhne, thogh sé ionad álainn dá dhíseart. Níl le rá ag Adhamhnán, a chéadscríobh beatha an naoimh, ach ‘pro Christo peregrinari’, gur chuaigh sé ar deoraíocht ar son Chríost, agus b'fhéidir gur leor sin mar mhíniú.
Bhí bá ag Colm Cille le hainmhithe is leis an nádúr, más fíor na scéalta faoi. Dúradh gur chuir sé iachall ar a chuallacht aire mhaith a thabhairt don chorr éisc a séideadh aniar as Éirinn le linn stoirme is é i ndeireadh na feide, agus bhí a oiread ceana ag a ghearán bán air gur leag sé a cheann in ucht an naoimh nuair a bhraith sé Colm Cille ag saothrú an bháis. Deirtear liom inniu nach raibh a leithéid de Mheitheamh anseo le fada an lá, idir theas agus triomacht, is tá an féar á ghearradh ar fud an oileáin is mé ar mo bhealach ó thuaidh. Tá draíocht ag baint le hOileán Í gan aon amhras, ach tá pobal de chúpla céad ina chónaí anseo freisin is iad ag saothrú na talún, ba agus caoirigh ag innilt sna goirt ar ’chaon taobh díom. Nuair a shroichim ceann thuaidh an oileáin, Tràigh Bàn nam Manach, preabann deilf amach as an uisce os mo chomhair. Pé acu cuireadh chun snámha é nó mo dhúshlán á thabhairt aici, isteach liom caol díreach in uiscí glana, fuara Shruth na Maoile.
Ag gabháil an bhóthair ó dheas arís dom tagaim ceann i ndiaidh a chéile, mar a bheadh clocha ar phaidrín, ar roinnt de na suímh atá luaite le Colm Cille is a chuallacht. An mhainistir féin ar dtús, agus taobh leis fothrach Thaigh Chailleachan-dubha, clochar na mban rialta. Cnoc an tSítheáin ansin mar ar labhair sé leis na haingil agus Cnoc Chúl le hÉirinn, áit ar dhearbhaigh sé nach mbeadh radharc choíche aige 'ar fheara Éireann ná a mná.'
I bhfíordheisceart an oileáin atá an trá ar a dtáinig Colm Cille i dtír uirthi. Dhá dhuirling atá ann i ndáiríre, agus carraig mhór á ndeighilt óna chéile. In ainmneacha an dá thrá tá léargas, b'fhéidir, ar thréithe contráilte an duine. Is éasca naomhóg na manach a shamhlú ag teacht i dtír ar Phort a' Churaich agus iad lán de dhúthracht, ach cén bunús atá le hainm a leathchúpla, Port an Fhir-Bhrèige? 'Ciall Cholm Cille i mo cheann' an phaidir a deirtear is duine ag dul i mbun comhairle, agus 'caint Cholm Cille i mo bhéal.' Mar is dual do
39
© Pixelbliss / Shutterstock
dhuine a bhíonn chomh místuama ina chuid cainte is a bhím féin ar uairibh, tugaim aghaidh ar dtús ar Phort an FhirBhrèige. Tá clocha beaga uaine le fáil ar an gcladach anseo dá ngairtear 'deora Cholm Cille,' agus cumhacht chosanta ar an mbáthadh curtha ina leith. I bhfírinne, tá siad an-chosúil leis na rudaí a ghlaotar 'gloine mhara' orthu, píosaí beaga gloine atá meilte agus mínithe ag obair an tsáile thar na blianta. Ní fios dom an nuachumadóireacht í piseog seo dheora Cholm Cille, ach tá sé sa seanchas gur choisc Colm Cille ar mhuintir Dhoire is Thír Chonaill bróg a chur ar a gcos sula mbeadh an dá stoca á gcaitheamh ar dtús acu! Deimhniú a bhí sa nós sin, de réir dealraimh, nach mbáfaí riamh thú. Deirtear freisin faoi na cloichíní seo gur ceart ceann acu a chaitheamh sa mhuir faoi mar a bheifeá ag fáil réidh le nithe diúltacha léi, is gur ceart ceann a choinneáil i ngeall ar thús úr. Ní mise a chum an nós is ní mé a bhrisfidh é, agus teilgim cloch i bhfad amach sa sáile anois. Go n-imí an diúltacht le sruth in éineacht léi. 'Ní shantaím aon ní/ ach siúl romham, glacadh le gach céim mar a gheobhad' a scríobh Liam Ó Muirthile ina dhán 'Oilithrigh,' dán a foilsíodh go gairid sular cailleadh go róluath é. Más oilithreacht í gach uile choiscéim de thuras seo na beatha, gur chosúil go minic é le 'peregrinatio,' le seal ar fán, b'fhiú go mór an cúpla uair nó trí a chaith mé ag dul de thruslógacha spágacha ar fud an oileáin aoibhinn seo, Eilean Ì.
© Victor Maschek / Shutterstock
Foclóirín: cuallacht = pobal; duirling = trá chlochach; truslógacha spágacha = coiscéimeanna móra ciotacha.