7 minute read

Im Leabharlann Dom Seán de Fréine

30

Im Leabharlann Dom

Léirmheasanna le Seán de Fréine

Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde Máirín Ní Ghadhra a chuir in eagar Cló Iar-Chonnacht, 194 lch. €12

Mar chine, níl cáil rómhór orainn Éireannaigh mar smaointeoirí. An gníomh grod is fearr linn, nó b’fhéidir é a chur ar an mhéar fhada. Ar ndóigh, bhí Sedulius Scottus agus Eoin Scottus Eriugena ag obair ar an mhór-roinn i bhfad siar. Ansin bhí an tEaspag Berkeley, fear lách, agus Jonathan Swift san ochtú céad déag, ach nárbh Éireannaigh iad dáiríre ach oiread is go bhféadfá Ailgéarach a thabhairt ar an fhealsamh Albert Camus de bhrí gur san Ailgéir a rugadh é.

Ar na daoine ar féidir smaointeoirí a thabhairt orthu in Éirinn na linne seo, ní miste ionad suntasach a thabhairt don fhear is ábhar don leabhar seo, Nollaig Ó Gadhra. Chaith sé a shaol agus a théagar ag cíoradh ceisteanna náisiúntachta agus náisiúnachais (ní hionann an dá rud) in Éirinn na haoise seo, óna óige ar aghaidh —rugadh é in 1943 — go dtí a bhás in 2008. Mura bhfuil an méid iomrá leis agus ba dhual dó, níor dhuine é a bhrúigh é féin chun tosaigh riamh, agus ní raibh togha na sláinte aige riamh. Nuair a bhuail mé leis den chéad uair i bhfad siar, d’inis se dom gur theip air sa scrúdú dochtúra le dul isteach sa státseirbhís. B’fhéidir nár olc é sin: bhí níos mó saoirse aige amach ansin plé le ceisteanna polaitiúla ina chuid smaointeoireachta ná mar a bheadh dá mbeadh sé faoi chuing Roinne Stáit.

Ní raibh leisce air riamh dul go smior i gcúrsaí a bhí róchonspóideach nó

31

róchontúirteach do dhaoine eile: aon rud a bhain le leas na hÉireann, cúrsaí polaitiúla agus cultúir ach go háirithe, dhein sé a mhachnamh orthu agus chuir torthaí an mhachnaimh sin ar fáil do cheannairí an phobail ar a mhodh díreach discréideach féin. Níor leasc leis dul go dtí na leibhéil is airde sa Stát nuair a mheas sé gur gá. Nuair a bhí an tuaisceart ina lasair, bhí sé in ann torthaí a mhachnaimh agus a stuamachta a sholáthar dóibh. Bhí toradh fónta ar a chuid oibre.

Tugtar léiriú ar a ndearna sé agus ar shaothar a shaoil sa leabhar seo. Aistí gairide atá ann le daoine a raibh aithne acu air, agus a bhain tairbhe as a chuid eagnaíochta. Tá breis agus scór díobh ann, ar a bhfuil iriseoirí, polaiteoirí, lucht na meán cumarsáide, acadúlaigh, craoltóiri, gníomhairí teanga agus cultúir. Tá beirt iarairí rialtais ina measc. Cuireann siad síos ar an mhodh oibre a bhí aige, agus ar na teagmhálacha a bhí aige leo. Léiriú neamhghnách a thugann siad ar conas is féidir stocaireacht a dhéanamh. Thuill sé ardmheas uathu go léir de bharr a ionracais le hais a chríonnachta.

Fear daonna a bhí ann chomh maith, mar is léir ón réamhrá leathan spéisiúil le Máirín Ní Ghadhra, iriseoir in RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus ón aiste lena dheartháir.

Seo an teastas air, le duine amháin de na scríbhneoirí sa chnuasach aistí seo, comhleacaí leis le fada in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo (mar atá air anois): ‘Caithfidh mé tagairt don troid ab éigean dó a fhearadh ar an tinneas ó am go chéile, agus cé chomh cróga a d’fhulaing sé pian agus míchompord. Fiú nuair a bhíodh sé an-tinn, ní bhíodh sé sásta géilleadh don ghalar. Bhí sé dílis dá chreideamh, dá thír agus dá theanga de réir mar a thuig sé iad. Tá dóchas agam go bhfuil daoine dá leithéid fós in Éirinn, agus go mbeidh go deo feasta.’ Focal scoir agus léargas cruinn é seo ar dhuine tábhachtach nár shantaigh iomrá pobail.

© Paul Jeffery/ Misean Cara

32

Ag Druidim le 80 Pádraig Ó Snodaigh Coiscéim, 208 lch. €7.50

Nuair a bhí an file ag teannadh ar na ceithre scór, rith an smaoineamh leis go mbeadh sé níos sine faoin am sin ná éinne eile dá threibh ó 1909 i leith. Chun an t-éacht a chomóradh, chrom sé ar dhreas filíochta a chumadh in aghaidh an lae go mbainfeadh sé an Lá Breithe Mór amach. Ar aghaidh leis ansin, é féin agus Bé na Filíochta ag obair go dílis 24/7 ar feadh seacht mí. Is léir nach raibh ceachtar díobh díomhaoin le linn na tréimhse. Tá an-éagsúlacht sa chnuasach seo: fearacht na haimsire, ní bhíonn a fhios agat ó lá go lá cad tá romhat: uaireanta, véarsa gairid nó hadhcú gonta; nó níos minice, dán substaintiúil de leathanach nó breis.

Cuimhní cinn agus cuimhní cairde, greann agus gaois, bás agus beatha, fearg agus fiosracht, caint lom agus intinn lán, ceol le cairde agus scaradh na gcompánach — tá siad go léir anseo. Baineann an daonnacht, sa chiall is bunúsaí agus is doimhne, leis an saothar. Is fuath leis an údar an leibideacht shiúcrach a bhíonn ag gabháil mar fhilíocht ar uaire. Líne a thaitin liom, ‘... is aonad de throscán beatha dhuine thú/ is cuid dá saol tú’ (24 Aibreán). D’fhéadfadh na focail seo a bheith mar lárthéama an leabhair. Má tá an file seo ag dul in aois (agus níl an giúiré socair faoi sin), ní féidir a rá go bhfuil sé ag dul i ndísc.

Leabhar Nua na nAmhrán Micheál Ó Conghaile a chuir in eagar Cló Iar-Chonnacht, 278 lch. €12

Má tá tú gan gáire, leigheasfaidh an leabhar seo do chás. Céad amhrán nua atá ann a cumadh le haghaidh comórtais Oireachtais agus eile le cúpla scór bliain i leith. Is féidir iad a chanadh le foinn thraidisiúnta. Ach sin a bhfuil de chosúlacht idir iad agus amháin ar an seandéanamh. Seo blas dá bhfuil sa bhailiuchán taitneamhach seo, as Mo Sheanamhamó, a ghabhann leis an fhonn, ‘Fágfaimid siud mar atá sé’: 33

Nuair a tháinig an Pápa go hÉirinn fadó, Thug seisean cuairt ar mo sheana-mhamó, Agus thosaigh siad beirt ar an phaidrín go beo, Agus chriochnaigh sí i bhfad roimh an

Phápa. D’éirigh seisean is dúirt sé, ‘A sheanamhamó, Ins an Róimh bíonn an paidrín níos moille go mór.’ Ar sise, ‘In Éirinn, a Phápa, a stór, Sé an cleachtadh a dhéanann an mháistreacht.’

Sampla é seo as dosaen píosaí cliste le Ray Mac Mánais. Tá de bhua ag na saothair go léir gur amhráin iad seachas dánta le foinn aitheanta, seachas roinnt bheag, a bheadh an-oiriúnach le canadh ag cóisir nó i measc comhludair spraoi. Seo véarsa as ceann atá an-tráthúil na laetha seo, agus seachród timpeall na Gaillimhe á phlé arís. Scríobh Seán Ó Gráinne é d’Oireachtas na bliana 1995 maidir le fadhb tráchta na Gaillimhe (ná bí ag caint faoin mhéar fhada!) de bharr an bhrú tráchta agus na moilleadóireachta a chuireann as don phobal ansin (fonn: ‘The Garden Where the Praties Grow’):

Bíonn leoraithe atá luchtaithe ag dhul ag an factories, ’Gus tuilleadh fós le readymix, suimint ’gus blocannaí, Bíonn trucail mhóra támáilte le baleanna féar is tuí Ag dhul Bóthar na Cathrach a théanns ó Ghaillimh siar.

Tá ábhar eile le hais an ghrinn sa

34

leabhar seo. Mar a mheabhraíonn an fear eagair, tá meascán mór téamaí le fáil ann, agus amhráin a bhfuil scoth na filíochta cliste iontu (más sin an gad is giorra dod scornach). Mar mheamram a thugann léargas ar athruithe sóisialta, beidh tábhacht air amach anseo mar fhianaise shocheolaíochta, nó ‘...nuair d’imigh an Tíogar Ceilteach, d’fhág muid slán ag Pangur Bán’ (mar a deireann Traolach Ó Conghaile in ‘Tá an Tir seo Trína Chéile’).

Chuirfeadh a bhfuil sa leabhar i gcuimhne do dhuine an flosc filíochta a bhí i nGaeilge in Éirinn san ochtú céad déag, go háirithe sa Mhumhain, nuair a bhí athruithe móra á gcur i bhfeidhm in Éirinn. Mar an gcéanna, tá an leabhar seo ag borradh le fuinneamh agus le beogacht in aimsir mórathruithe eile. Tá sé tábhachtach mar theist shóisialta ar bhealaí éagsúla. Cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir an saothar a bhaineann leis an dá linn, tá difríochtaí ann freisin, ar ndóigh.

Ní rud do-athruithe ar nós meall cloiche é náisiún, ach próiseas amhail gach rud beo, a athraíonn, ach a mhaireann buan ann dá ainneoin sin. Is é an cumas chun athrú comhartha na beatha. Mairimidne i ré an iFón, viagra, snaoisín bán (púdar dainséarach le caitheamh mar shnaois), ceapairí cáise, meascán na gcanúintí, agus go leor eile a bhfuil an trácht orthu anseo. Tá tagairti ann do dhaoine nua freisin, fearacht Angelina Jolie agus Tina Turner, seachas Roisín Dubh, agus Mol Dubh an Ghleanna. Ach Seán Bán Aerach Ó Flannagáin ag casadh leis an diabhal ar bhóthar Luimnigh, Eoghan an Bhéil Bhinn Ó Súilleabháin ag bladar le béithe i Sliabh Luachra, Raifteirí ar a bhealach go Coillte Mach, bheidís ar a gcompord i gcomhluadar na n-amhránaithe atá anseo.

35

This article is from: