An Timire - Geimhreadh 2018

Page 30

30

Im Leabharlann Dom Léirmheasanna le Seán de Fréine

Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde Máirín Ní Ghadhra a chuir in eagar Cló Iar-Chonnacht, 194 lch. €12 Mar chine, níl cáil rómhór orainn Éireannaigh mar smaointeoirí. An gníomh grod is fearr linn, nó b’fhéidir é a chur ar an mhéar fhada. Ar ndóigh, bhí Sedulius

Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 30

Scottus agus Eoin Scottus Eriugena ag obair ar an mhór-roinn i bhfad siar. Ansin bhí an tEaspag Berkeley, fear lách, agus Jonathan Swift san ochtú céad déag, ach nárbh Éireannaigh iad dáiríre ach oiread is go bhféadfá Ailgéarach a thabhairt ar an fhealsamh Albert Camus de bhrí gur san Ailgéir a rugadh é. Ar na daoine ar féidir smaointeoirí a thabhairt orthu in Éirinn na linne seo, ní miste ionad suntasach a thabhairt don fhear is ábhar don leabhar seo, Nollaig Ó Gadhra. Chaith sé a shaol agus a théagar ag cíoradh ceisteanna náisiúntachta agus náisiúnachais (ní hionann an dá rud) in Éirinn na haoise seo, óna óige ar aghaidh —rugadh é in 1943 — go dtí a bhás in 2008. Mura bhfuil an méid iomrá leis agus ba dhual dó, níor dhuine é a bhrúigh é féin chun tosaigh riamh, agus ní raibh togha na sláinte aige riamh. Nuair a bhuail mé leis den chéad uair i bhfad siar, d’inis se dom gur theip air sa scrúdú dochtúra le dul isteach sa státseirbhís. B’fhéidir nár olc é sin: bhí níos mó saoirse aige amach ansin plé le ceisteanna polaitiúla ina chuid smaointeoireachta ná mar a bheadh dá mbeadh sé faoi chuing Roinne Stáit. Ní raibh leisce air riamh dul go smior i gcúrsaí a bhí róchonspóideach nó

12/11/2018 09:07


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.