na hUr na
Aspalach t
FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH GEIMHREADH 2018 €5.00/STG£3.75
í
Comórtas Filíochta Raidió na Life 25 Bliain ar an bhFód Muire agus Meiriceá Laidineach Saol na mBeach
Timire Comóradh 107 bliain an
1911
-2 0
18
www.timire.ie
an Chroí Ró-naofa
Timir e
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 1
12/11/2018 09:06
Dáileadh: Níos mó ná 1,000 cóip á scaipeadh sa ráithe
Eagarfhocal
© Beautiful landscape / Shutterstock
Nach gcaithfear éisteacht?
Ag teacht go Baile Átha Cliath ar thraen ar maidin is ag amharc ar áilleacht an domhain seo againne gheall mé nach ndallfainn mo shúil is grian na maidine ag éirí ina fáinne glégheal i spéir ghlan an oirthir. Tá an chruinne álainn seo ina hoidhreacht againn ó Dhia is ónár sinsear le tabhairt ar láimh do chlann ár gclainne. Is aoibhinn mar ghairm é ach is trom chomh maith. Le heagrán nó dhó, d'iarr muid éisteacht do dhaoine ar an imeall, do na bochtáin atá i mbaol a mbáite le saol daona a chur ar fáil dá gclann is do chlann a gclainne, do na mná a mhil ghin, don teaghlach aoninsne, chomh maith le go leor eile. Ach cén mhaith a bheith ag lorg a leithéid? Agus an bhféadfadh go bhfuil rud le ciall le rá ag gach duine daonna? An fiú an tairbhe crá croí na gcomhráití a d’fhéadfaí a mhúscailt?
Tá sé ráite linn go bhfuil grá as cuimse ag ár nAthair dúinn. Gur chuir an Neach is airde sin in iúl dúinn ar an iliomad bealach agus go háirithe trí Íosa a bhfuil muid chun a bhreith a cheiliúradh arís an Nollaig seo. Gur cairde leis sinn, cuid dá bhall beatha féin. Agus go bhfuil uaidh go saothróimis leis chun an oidhreacht álainn seo a thabhairt ar láimh slán do chlann ár gclainne. Cé a chreidfeadh a leithéid? An bhféadfaí rud níos measa a dhéanamh ná dul sa seans? Sna beartanna a shocraímid orthu an Nollaig seo, cuimhniú ar an todhchaí atáimid ag leagan amach do chlann ár gclainne, is clann bhur gclainne? Nó éisteacht, gan dul ar mire, cuma cén tuairim, colgach nó mín, atá á roinnt linn ag stranséara nó gaol i bhfad amach nach éasca réiteach léi? Frainc Mac Brádaigh SJ
Nóta: Is mór an onóir don Timire go bhfuil an tEaspag Alan Mac Eochagáin agus Bláthnaid Ó Nóta: Is mór an onóir don Timire go bhfuil an tEaspag Alan Mac Eochagáin agus Bláthnaid Brádaigh sásta bheith ina bpátrúin ar an bhfoilseachán. Rath Dé ar a gcuid oibre. Ó Brádaigh sásta bheith ina bpátrúin ar an bhfoilseachán. Rath Dé ar a gcuid oibre.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 2
12/11/2018 09:06
Íomhá Clúdaigh: An Taoiseach Leo Varadkar i stiúideonna úrnua Raidió na Life i Sráid Amiens, Baile Átha Cliath, ag oscailt oifigiúil cheannáras Fhoras na Gaeilge, mí Eanáir 2018. Ina theannta tá (clé - deas): Cuan Ó Seireadáin, Cathaoirleach Raidió na Life, Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agus Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life. Grianghraf le Seán Ó Mainnín.
Timire an Chroí Ró-naofa
Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 8 13 14 16 18 21 22 24 26 28 30 38 40 42 45 46 47
Ag Freastal ar an Dá Thrá Spioradálta Ashley Evans SJ Ionad Naofa Juan Diego Galaz SJ Leathanach na Litreacha Cothrom na Féinne d’Íospartaigh Niamh Ní Dhomhnaill Níl sa Spórt ach Caitheamh Aimsire! Lorcán Mac Gabhann Naomh Fiacc: Deisceabal Phádraig Seán Ua Cearnaigh Mol na hÓige Lampróg a raibh Splanc Inti! Gabriel Rosenstock Comórtas Filíochta Dánta Eoin Pól II Mícheál Ó hUanacháin Cuardach Focal Raidió na Life 25 Bliain ar an Aer Muiris Ó Fiannachta Im Leabharlann Dom Seán de Fréine Turas go hOileán Í Colm Ó Ceallacháin Abair Leis na Beacha É Eoghan Mac Cormaic Crainn agus Críostaíocht Dónall Ó Cnáimhsí Cúinne na bhFilí Aifric Mac Aodha Crosfhocal Oideas: Suathfhriochadh Muiceola Síle Ní Chearbhaill
Ar Dheis Dé: An tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh, OFM Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh Tony Mac Cárthaigh
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 3
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 474 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Nollaig 2018 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg £3.75 Go ceann bliana: €20 / Stg£15
Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited Pátrúin: Bláthnaid Ó Brádaigh, Alan Mac Eochagáin SJ
Seiceanna iníoctha leis An Timire
12/11/2018 09:06
4
Ashley Evans SJ
Ag Freastal ar an Dá Thrá Spioradálta Saolaíodh an deirfiúr is óige ná mé nuair a bhí mé sé bliana déag. Ón méid a d'fhoghlaim sí ag an meánscoil san oideachas reiligiúnach, bhí níos mó eolais aici ar conas míorúiltí Mhedjugore a mhíniú, ná mar a bhí cur amach aici ar mhíorúiltí sna Soiscéalta. Chuir sé aiféala orm a laghad is a d'éirigh linn mar chlann, an creideamh traidisiúnta agus an deabhóid phearsanta do Chríost a bhíodh againn, a tharchur slán go dtí an chéad ghlúin eile. Ag an am céanna, ba léir dom nárbh aon chabhair don iarracht, an dearcadh éadóchasach agus gurbh é an duairceas seo féin a rachadh in éadan iarracht na soiscéalaíochta ón dtosach. Ní mé go léiríonn úrscéalaithe na linne seo 'spiorad' na haoise, nó meoin an chultúir, mar ábhar machnaimh dúinn. Cuireann údair áirithe spéis ar leith san tóir sprioradálta is croílár an chaidrimh dhaonna. Pléann scéalta an úrscéalaí Bhreatnaigh Ian McEwan le muintir na Breataine a bheag nó a mhór; Breatnaigh is ea na carachtair a léirítear, agus is sa Bhreatain féin a thiteann eachtraí na n-úrscéalta – a théann i bhfeidhm ar na carachtair – amach. I gcás úrscéalta Mhaggie O'Farrell, pléitear le carachtair ar Sasanaigh, Gaeil,
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 4
Breatnaigh, agus Albanaigh iad, ach téann síorthaisteal an domhain, agus eachtraí a thiteann amach ar thaobh thall na cruinne, i bhfeidhm ar na pearsana seo. Do b'fhéidir a áiteamh gur seachránaithe cultúrtha is ea na Gaeil anois, cos abhus acu, agus cos ar fán. Chonac a leithéid ag titim amach i measc mac léinn Chiméarach, nuair a bhí mé im mhisinéir sa Chambóid. Ar leibhéal amháin maireann dlúthnasc idir iad féin agus a gcultúr dúchasach; ar leibhéal eile, is mór a théann anáil chultúir chumasacha eile i bhfeidhm orthu. Is féidir leo, go héasca, dreas de rince traidisiúnta fear agus ban a chur ar fáil; agus díreach ina dhiaidh sin, a bheith ag damhsa in éineacht leis an bpopghrúpa cáiliúil cailíní nó buachaillí is déanaí, ón gCóiré. Tá mar a bheadh cómhrá leanúnach cultúrtha idir an dá chineál in aigne agus i gcroí na ndaoine seo. Má sea, cé gur féidir leas iontach a bhaint as an 'tseachránacht chultúrtha', ní mór cumainn dhoimhin thraschultúrtha a bhunú nó a chruthú tríd an iarracht sin; mar más eachtraíocht dhromplach amháin atá i gceist ní fhásann comhthuiscint chultúrtha, comh-
12/11/2018 09:06
mhachnamh domhin, ná aon dea-thoradh eile ar an dteangmháil. Tharlódh go bhfanfadh an duine 'scoilte' ar an dtaobh istigh, seachas a bheith 'comhtháite'. Is léir go bhfuil tréan-iarrachtaí dá ndéanamh de shíor i measc pobal éagsúla ar fud na tíre – ins gach ceantar, nach mór – pobail téarnaimh a bhuanú trí ghrúpaí AA, mar shampla, i gceantair ar léir gur theip ar an gcumas 'comhtháite' sa phobal sin. Thárlódh leis, go bhfuil ‘seachránacht spioradálta' ar bun ag Éireannaigh, sa mhéid is go bhfuil siad sásta triail a bhaint as ióga, Tai-Chi, nó as midheamhnas Vipassana Búdaíoch, agus iad ar thóir sásaimh spioradálta, agus comhtháiteachta. Ar chuma éigin, níor sholáthair an t-oideachas agus an tógáil Chaitliceach nó Chríostaí, a fuaireadar, an tsíocháin agus an comhtháthú a shanntaíonn siad
iontu, go fóill. Más amhlaidh atá, teipfidh ar aon iarracht shoiscéalaíochta nach dtógfaidh aird ar ghné seo na seachránachta cultúrtha nó spioradálta, atá anois ina cuid de thaithí na luchtanna éisteachta. Lochtófar an cur chuige as a bheith cúng, áitiúil, agus seicteach. Ní mór an dúshlán a thabhairt: agus bealach a aimsiú a chuimseoidh taobh na seachránachta agus an taobh traidisiúnta, diamhair araon. Ní mór don misinéir an dá thaobh a thabhairt leis, go pearsanta, sara dtéitear i mbun na soiscéalaíochta. Tharlódh nach féidir dul i mbun na soiscéalaíochta, go héifeachtúil – go dtí go gcruthaítear spioradáltacht dhoimhin sa soiscéalaí: trí bhlianta fada a chaiteamh, sa chéad áit, ag éisteacht le taithí daoine eile, agus sa tarna háit, i mbun paidreoireachta mídheamhnaí.
© Elite Studio / Shutterstock
5
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA NOLLAG, 2018 Go n-aimsí na daoine, a bhfuil baint acu le cothú agus le tarchur an chreidimh, córas comarsáide a chuirfidh ar a gcumas cultúr na linne seo a phlé, a réiteoidh le coinníollacha na haimsire. Foclóirín: tarchur = transmission; midheamhnas Vipassana Búdaíoch = Buddhist Vipassana meditation; duairceas = gruaim, tromchroí; seachránacht = nomadism.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 5
12/11/2018 09:06
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 6
12/11/2018 09:06
AR FÁIL ANOIS Ó FS AR €10 FS agus An Timire, 37 Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02,W938 Teil: 01 7758502 – rphost: antimire@gmail.com
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 7
12/11/2018 09:06
8
Juan Diego Galaz SJ Íosánach as an tSile
Ionad Naofa Léiríonn an deabhóid i mórán áiteanna ar fud an domhain áthas agus lúcháir an tsoiscéil. Déanann an tAth. Juan Diego, Íosánach as an tSile, atá ag staidéar faoi láthair in Institiúid Loyola, Baile Átha Cliath, iarracht léiriú níos mine a thabhairt ar Intinn an Phápa do mhí Eanáir. Is léir go leanann an t-aos óg, go háirithe i réigiúin Mheiriceá Laidineach, sampla Mhuire agus go bhfreagraíonn siad do ghairm an Tiarna lúcháir an tSoiscéil a chraobhscaoileadh don domhan. ‘Déanaimis gairdeas! Is lúcháireach sinn ina cuideachta!’ Sin na focail atá breactha ar an bhratach a bhíonn ar iompar ag damhsóir óg ag Ionad Naofa na Maighdine i La Tirana i dTuaisceart na Sile. Is duine é de na mílte damhsóir a dhéanann freastal gach 16ú Iúil, le suas le trí chéad bliain, ar an oilithreacht go hIonad Naofa na Maighdine i La Tirana. An Damhsa agus an Creideamh Tá bealaí oibrithe amach againn mar chine ó thús ama ár gcuid mothúchán agus ár dtaithí creidimh a chur in iúl tríd an damhsa. Seo nádúr heireafanach an damhsa – rud a chiallaíonn gur tríd an ghníomhaíocht seo a thriailimid aitheantas a thabhairt don rúndiamhair atá ina chuid lárnach den réaltacht uile agus brí a bhaint as dá réir.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 8
Tá eiseamláirí le fáil i ngach cultúr ársa ar gach Ilchríoch agus sa Bhíobla chomh maith. Mar shampla tá sé ráite gur dhamhsaigh Dáithí Rí ‘le hiomlán a nirt i láthair Dé’ (2 Sam 6, 14), nó Salm 150 a thugann cuireadh dúinn ‘Dia a mholadh ina Scrín féin agus an méid sin a dhéanamh le hamhráin agus le damhsaí’. Is é is dócha go ndearna Íosa féin a mhacasamhail chéanna nuair a chuaigh sé go Teampall Iarúsailéim d’Fhéile Cháisc na nGiúdach (Lúcás 2, 41). Is cleachtas reiligiúnda Críostaí é an damhsa a d’fhás le himeacht aimsire i gcultúir go leor. De réir na dtraidisiún béil, is thart ar 1570 a cuireadh tús le scéal Ionad Naofa Tirana, nuair a bhí an banphrionsa Huillac i gceannas ar theorainn thuaidh Ghaineamhlach Altacama. Bhí clú agus cáil uirthi as an seasamh láidir a ghlac sí in éadan ionsaitheoirí ón Spáinn. Tugadh ‘La Tirana’ uirthi, bunaithe ar an fhocal baininscneach Spáinnise ar ‘Tíoránach’. An Scéal Ach nár thit an banphrionsa Huillac i ngrá le saighdiúir Críostaí agus d’iompaigh sí a creideamh. Nuair a d’iarr sí go mbaistfí í, nár chuir a pobal féin tréas ina leith agus mharaigh siad an péire acu. Tógadh cros san áit ar cuireadh chun báis iad. Tháinig
12/11/2018 09:06
9
misinéir ar an chros roinnt blianta ina dhiaidh sin. Chuaigh an scéal i bhfeidhm chomh mór ar an mhisinéir seo gur thóg sé teampalll agus gur thiomnaigh sé do ‘Bantiarna Charmel La Tirana’ é. Sna haoiseanna ina dhiaidh sin rinneadh áit chruinnithe agus dheabhóide don teampall. Tá na bundúchasaigh as Ardchríocha na nAindéas, na hAfraMheiriceánaigh as na gleannta ó thuaidh agus cainteoirí na gCriól Easpáinnise as ceantar na mianraí sailpítir ar an taobh ó dheas freagrach as an leagan amach atá ar an Fhéile mar is eol dúinn inniu í. Tirana Cuirtear tús leis an Fhéile sa lá ata innu ann ar an 12 Iúil leis an deasghnáth iontrála. Ar feadh trí lá agus trí oíche, canann gach aon cheann de na ceithre chéad grúpa damhsóirí (agus thart ar chéad duine i ngach ceann acu) sa teampall ag beannú don Mhaighdean Mhuire.
Is beag nach farraige dathanna, damhsa agus ceoil é sráidbhaile La Tirana le linn an ama seo. Tugann na daoine léiriú ar mhothú a n-áthais don Tiarna trí rithimí éagsúla ceoil. Stadtar den cheol le linn Aifreann na Bigile tráthnóna an 15 Iúil. Fanann an slua i gCearnóg an Teampaill, agus ar bhuille an Mheán Oíche fógraítear Lá na Maighdine Muire le taispeántas tinte ealaíne. Leantar leis an cheol agus leis an damhsa arís go maidin.
© Giulio Napolitano / Shutterstock
‘Tá bealaí oibrithe amach againn mar chine ó thús ama ár gcuid mothúchán agus ár dtaithí creidimh a chur in iúl tríd an damhsa.’
Damhsa, Áthas agus Misean Ní deabhóid shimplí ar bhealach ar bith áthas na ndamhsóirí: is misean é fosta. Tá líon mór daoine óga, ag leanúint ón spiorad chéanna as ar tháing an inspioráid d’Amhrán Molta Mhuire a thugann freagra dearfach ar ghairm Íosa, réimeas Dé a fhógairt. Creideann siad, mar a rinne Muire, go léiríonn an t-áthas a thagann ó Dhia, bealach an Ghrá agus na Córa.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ EANÁIR, 2019 Go leana an t-aos óg, go háirithe aos óg Mheiriceá Theas, eiseamláir Mhuire, agus freagra á thabhairt acu ar ghairm an Tiarna orthu sonas an tSoiscéil a roinnt leis an domhan. Foclóirín: lúcháir = ardáthas; heireafanach = hierophanous, a manifestation of the sacred; gairdeas = ceiliúradh; deabhóid = devotion.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 9
12/11/2018 09:06
Kostka Úrscéal Grafach Aistrithe ón bPolainnis
Ag teacht go luath
Ba mhór ag Áit Linn agus An Timire buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne as ucht na tacaíochta a léirigh sibh. Beidh alt níos cuimsithí san chéad eagrán eile maidir leis an Camino. Cuirfear in iúl an méid airgid a bailíodh don dá eagraíocht chomh maith.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 10
12/11/2018 09:06
11 11
www.tearmann.com
Tugann Tearmann deis do dhaoine idir óg agus aosta machnamh a dhéanamh agus guí os comhair an ríomhaire nó leis an bhfón soghluaiste. Is acmhainn thábhachtach é d’aos labhartha na Gaeilge agus úsáideann an-chuid daoine ar fud na tíre agus thar lear an suíomh seo dá bpaidir laethúil. Tá Intinn an Phápa ar fáil ar an suíomh seo chomh maith. Ar Lá Fhéile Pádraig beidh Tearmann ag céiliúradh 19 bliain ar líne. Scaipaimís an scéal faoi na hacmhainní saibhre atá le fáil ann.
Tomhas an Timire: 194
1
2
3
4
5
6
Leid: Tá dlíthe Sean-Ghaeilge ann mar gheall ar na neacha seo. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil ÁBHAR EITILT ARBHAR CRAICEANN ACHADH TIOMNACHT DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Foclóirín: xxx = xxx;
Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 NOLLAIG, 2018 Tomhais 193: Freagra: CAMINO Buaiteoir: Ciarán Ó Quinn, Inis Meáin, Gaillimh.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 11
12/11/2018 09:06
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 12
12/11/2018 09:06
13
Leathanach na Litreacha 6/9/18 Bainim tairbhe agus taitneamh as an Timire cé go bhfuil 92 bliain slánaithe agam agus radharc na súl ag dul i laige! Rath Dé ar an eagarthóir agus ar an mBord Eagarthóireachta. An tSr. F. 10/9/18 An eisiúint is fearr le tamall, go háirithe na dánta agus alt faoi leabhar Uí Mhuirthile. Tá an leabhar agam agus léite 100%. D.Ó C. 1/6/18 A Eagarthóir, Míle buíochas as ucht an irisleabhar deas a chuireann tú ar fáil gach séasúr duinn. Tá rud éigin ann do gach aois. Ní raibh fhios ag mo chairde anseo i dtuaisceart Ros Comáin faoi go dtí gur thaispeáin mé dóibh é. Tá siad chun An Timire a ordú dóibh fhéin anois agus dá gcairde freisin mar bhronntanas. Go fada a mhairfidh sé. Le gach dea-ghuí, M.Ó T.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 13
12/11/2018 09:07
14
Cothrom na Féinne d’Íospartaigh Niamh Ní Dhomhnaill, Saoririseoir
Táthar tar éis ísliú céime a thabhairt d'Éirinn i rangú de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i dtaca le tíortha a bhfuil ag éirí leo cloí leis na híoschaighdeáin maidir le deireadh a chur le gáinneáil ar dhaoine. Sa Tuarascáil um Gháinneáil ar Dhaoine 2018 chinniúnach a d'fhoilsigh Roinn Stáit SAM, íosghrádaíodh Éire ó Shraith 1 go Sraith 2 – rud is ionann lena cur i gcatagóir na dtíortha úd nach bhfuil íoschaighdeáin SAM á mbaint amach acu ainneoin go bhfuil iarrachtaí suntasacha á
hatreorú íospartach. Tugadh le fios sa tuarascáil gur laghdaigh an Rialtas iarrachtaí ar an dlí a chur i bhfeidhm. Dúradh gur tionscnaíodh 115 cás sa bhliain 2017 a bhain le gáinneáil i gcomparáid le 90 cás i 2016 agus 91 i 2015. Dúradh nár bhain formhór na gcásanna seo le gáinneáil le lámh láidir, le calaois, ná le comhéigean ar mhaithe le dúshaothrú. Dúradh freisin gur aithin an Rialtas 103 íospartach gáinneála amhrasta (lena n-áirítear chás arbh ‘Níl dóthain á dhéanamh in Éirinn maidir ceithre leanaí iad na híospartaigh), i le cosc a chur ar gháinneáil ar dhaoine.’ gcomparáid le 95 i ndéanamh acu. 2016 agus 78 i 2015. De réir na Tuarascála, bíodh go As na híospartaigh a aithníodh, ndearna Éire iarrachtaí suntasacha trí baineadh mí-úsáid as 63 acu trí gháinneáil chomhoibriú le fiosrúcháin idirnáisiúnta ar ghnéas agus baineadh mí-úsáid as 35 agus trí chur le maoiniú do sheirbhísí na acu trí gháinneáil ar obair. Mná ab ea n-íospartach, ní raibh na hiarrachtaí seo 68 de na híospartaigh agus fir ab ea 35; sásúil i gcomparáid leis an mbliain roimhe Éireannaigh ab ea 28 acu, Rómánaigh sin. ab ea 14, Indinéisigh ab ea 12 agus Dúradh sa tuarascáil a foilsíodh le Nigéaraigh ab ea 12 eile. déanaí nár chuir an Rialtas ciontú i leith gáinneála i gcrích ó leasaíodh an dlí i 2013; Chuir saineolaithe a n-imní in iúl nár tionscnaíodh ach trí ionchúiseamh faoi iarrachtaí an Rialtais íospartaigh i 2017, agus go bhfuil easnaimh gáinneála a aithint agus dúradh nach mhillteacha ag gabháil le haithint agus le raibh ról foirmiúil ag eagraíochtaí
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 14
12/11/2018 09:07
neamhrialtasacha ná ag freagróirí tosaigh sa phróiseas aitheantais. Cuireadh in iúl sa tuarascáil nár cuireadh ar fáil cabhair shíceolaíoch sainordaithe de réir dlí d'íospartaigh gáinneála agus go raibh na seirbhísí comhairleoireachta a bhí á gcur ar fáil ag eagraíochtaí neamhrialtasacha uireasach. Dúradh nach ndearna an Rialtas iarracht an t-éileamh ar gháinneáil ar ghnéas nó ar obair de éigean a laghdú agus nár cuireadh maoiniú ar fáil chun beolíne náisiúnta i dtaca le gáinneáil a oibriú. Aithníodh go raibh seoladh r-phoist tiomanta ag an nGarda Síochána le haghaidh glacadh le tuairiscí faoi gháinneáil a bheith ar bun agus gur ghníomhaigh na Gardaí ar bhonn 31 de na r-phoist a fuair siad. Dúradh sa tuarascáil, faoi mar a cuireadh in iúl sna comhthuarascála le cúig bliana anuas, gur tír cinn scríbe agus tír foinse í Éire ó thaobh fir, mná agus páistí a fhulaingíonn drochúsáid ghnéasach, agus gníomhaíochtaí coiriúla
d'éigean san áireamh. Dúradh ann gur tháinig íospartaigh ón Afraic, ón Áis agus ó oirthear na hEorpa. Thuairiscigh na húdaráis go bhfuil méadú tagtha ar an líon íospartach amhrasta ón Nigéir, ón Indinéis, ón mBrasaíl, agus ón bPacastáin, a deirtear sa tuarascáil. Daoine atá ina n-íospartaigh de bharr obair éigeantais, aithnítear go bhfuil siad ag gabháil d'obair tí, gnó na mbialanna, bainistiú dramhaíola, iascach, obair shéasúrach talmhaíochta agus seirbhísí glantachán gluaisteán, de réir na tuarascála. Deirtear freisin go n-aithnítear sna tuairiscí a thug fir de bhunadh na Síne agus Vítneam ar ionchúisíodh agus ar ciontaíodh iad faoi shaothrú channabais roinnt táscairí ar obair éigeantais, mar atá coinneáil cáipéisí, srian a chur ar bhogadh ó áit go háit agus luach saothair gan íoc. Dúradh sa tuarascáil gur thug an Rialtas le fios go raibh méadú ag teacht ar obair de éigean sa tír.
© A3pfamily / Shutterstock
15
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ FEABHRA, 2019 Go bpléitear go fial leo siúd a fhulaingíonn faoi gháinneáil ar dhaoine, le daoine atá i ngaiste faoi striapachas éigeantach, agus le daoine a éalaíonn ón bhforéigean. Foclóirín: íospartach = victim; marthanach = rud a mhaireann i bhfad; gáinneáil ar dhaoine = human trafficking.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 15
12/11/2018 09:07
16
Lorcán Mac Gabhann Ceannasaí, Glór na nGael
Níl sa spórt ach caitheamh aimsire! ‘Ní faoi bhás nó faoi bheatha í an pheil, tá sí i bhfad níos tábhachtaí ná sin.’
ag imreoir a bheidh ina dhúshlán don réiteoir, nó santach ina imirt, nó ‘salach’ ina c(h)uid imeartha, is féidir glacadh leis Tuairiscítear gur dhúirt Bill Shankly, go mbeidh na claontaí céanna léirithe Bainisteoir Chumann Sacair Learpholl an i saol sóisialta nó gairimiúl an imreora méid thuas agus é ag déanamh cur síos freisin. ar an ngaol a bhí (atá) idir lucht leanta Mar dúirt Iognáid Loyola, bunaitheoir Learpholl agus lucht leanta Everton FC. Ord na nÍosánach; An fíor dó? An fíor gur mó tábhacht a ‘Tabhair dom an páiste go haois seacht bhaineann le spórt ná mar a bhaineann mbliana agus tabharfaidh mé duit an fear.’ le beatha an duine? Ar an gcéad radharc, Tá sé díreach amhlaidh i gcás an gan anailís a dhéanamh air, is ráiméis é bhainisteora spóirt. I gcás an imreora óig ráiteas Shankly agus níl bunús ar bith leis. (faoi aois dhéagóra), is féidir linn scáthán Nó an bhfuil? an spóirt a úsáid chun páistí a ullmhú don saol mór. ‘Leis na cianta, is ar pháirceanna imeartha Iad a ullmhú do laethanta sin a cruthaíodh agus a múnlaíodh an oiread na a bheidh deacair agus dúshlánach, sin de chinnirí an domhain.’ do na laethanta Tá ráiteas ag m’athair féin, duine go sin gur gá a bheith foighneach, do na bhfuil fios a ghnó aige agus go bhfuil laethanta sin nach bhfuil cúrsaí ag teacht bonn Uile-Éireann buaite aige, faoin spórt chugat, do na laethanta sin gur gá a agus an tábhacht a bhaineann leis, bheith mar bhall d’fhoireann sa saol ‘Is scáthán é an spórt ar iompar, oibre, do na laethanta sin gur gá a bheith ar mhoráltacht agus mar cheannaire agus do na leathanta sin ar charachtar an imreora’. go mbíonn ort plé leis an mbua nó an Más scáthán é an spórt ar ár gcuid chailliúnt. iompar sa ghnáthshaol, tá luach Leis na cianta, is ar pháirceanna dochreidte ard ag baint leis, cuma cén imeartha a cruthaíodh agus a múnlaíodh cineál spóirt atá i gceist. Má léiríonn an oiread sin de chinnirí an domhain, ina scáthán an spóirt go bhfuil claonadh measc, Jack Lynch, iarThaoiseach; Imran
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 16
12/11/2018 09:07
17
© Rawpixel.com / Shutterstock
!
Khan, iarchaptaen foirne cruicéid na Pacastáine agus anois ina Phríomhaire ar Rialtas na tíre; Caitríona Ruane, iarAire Rialtais sa Tionól a d'imir leadóg d'Éirinn; Dick Spring iarThanáiste; Jimmy Deenihan, iarAire Rialtais; Sebastian Coe, i dTeach na dTiarnaí Londan. Bhí ráiteas eile ag Bill Shankly, a thaitníonn go mór liom: ‘Má thagann tú sa chéad áit, tá tú sa chéad áit. Má thagann tú sa dara háit, níl tú aon áit.’ Dár ndóigh, ní féidir le gach duine teacht sa chéad áit. Is í an teachtaireacht a bhí ag Shankly sa chás seo, dar liom, ná gur chóir dúinn 100% a thabhairt do gach a dhéanann muid le barr feabhais a bhaint amach. Seo an dearcadh atá ag na
himreoirí clúiteacha, rathúla agus iontas na n-iontas ag ceannairí rathúla an lae! Mar sin, má tá aon duine atá in amhras faoi thábhacht an spóirt dúinn mar dhaoine aonair nó mar shochaí, ní gá ach ‘googláil’ a dhéanamh ar: - aghaidheanna imeoirí fhoireann peile na mban Bhaile Átha Cliath tar éis a mbua ‘dúbailte’ le déanaí nó - aghaidh bhriste ghortaithe Sheán Cavanagh sna páipéir nuachta tar éis cluiche craoibhe na gclubanna i dTír Eoghain le déanaí. Agus ceann uaim féin – ‘Ná lig don bhua an ceann is fearr a fháil ar do chloigeann agus ná lig don chailliúint do chroí a bhriseadh.’
Foclóirín: claonadh = nós; santach = greedy; leis na cianta = le fada fada an lá.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 17
12/11/2018 09:07
18
Naomh Fiacc: Deisceabal Dílis Phádraig Naofa Seán Ua Cearnaigh
Is iomaí fear cráifeach a tháinig faoi ceist ar Dhubhthach. An raibh aithne aige anáil Phádraig Naofa, tráth a bhí sé ag ar fhear ionraic fiúntach, fear pósta agus scaipeadh soiscéal Dé in Éirinn fadó. gan ach mac amháin aige, a bheadh sásta Is iomaí duine díograiseach ansin a bheith ina Easpag ar Chúige Laighean? d’fhág slán le clann agus maoin saolta Mhol Dubhthach cara leis, file óg ar mhaithe leis an gcreideamh. Ar na éirimiúil ón gceantar sléibhtiúil idir daoine dílse seo, thabharfaí ceann, ach Ceatharlach agus Laois. B’é Fiacc an go háirithe, d’fhear amháin. Naomh Fiacc duine sin. Rinne Pádraig teagmháil le an té atá i gceist agam, Fiacc, mhúin sé an laoch mór de chuid na Teagasc Críostaí dó ‘Rinne Pádraig seanEaglaise in Éirinn. agus d’oirnigh sé Rugadh é thart faoin é mar shagart. Ina teagmháil le Fiacc, mbliain 400 A.D. dhiadh sin rinne mhúin sé an Teagasc Tháinig Pádraig Naofa sé Easpag de agus go hÉirinn sa bhliain 432. sheol sé seachtar dá Críostaí dó agus Mar is eol dúinn, thug chuid manach féin sé cuairt ar Theamhair chuige chun pobal a d’oirnigh sé é mar na Ríthe. Níor éirigh leis bhunú. shagart.’ an tArd-Rí Laoghaire a Rinne Fiacc thiontú ar thaobh an éachtaí ar son chreidimh. Ach príomhbhard an Rí, na hEaglaise ina dhiaidh sin. Bhunaigh Dubhthach, chreid sé ar an toirt, nó, mar sé séipéil agus mainistreacha agus a deir an file Aubrey de Vere: chraobhscaoil sé soiscéal Dé ar fud Dubhthach – he rose and believed the Chúige Laighean. A mhac óg, Fiachra, first chuaigh sé le sagartacht agus bhí sé Ere the great light set on the rest had rannpháirteach leis ina chuid oibre burst. móire. Ar ndóigh, níor thug Fiacc cúl Nuair a bhí Pádraig ag gabháil trí leis an bhfilíocht nuair a luigh sé isteach dhúiche na Mí tamall ina dhiaidh san, ar obair na hEaglaise. Leagadh dornán rinne sé teagmháil le Dubhthach ina áit dánta air ach ní mhaireann anois ach chónaithe i nDomhnach Mór. Chuir sé ‘Imunn Phatraic’ (Iomann Phádraig). Ach
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 18
12/11/2018 09:07
measann na scoláirí gur dhuine éigin eile a chum an dán uasal seo san ochtú haois, 250 éigin bliain i ndiaidh bhás Naomh Fiacc. Seo anois cúpla véarsa de: Geanair Patraic i Nem Thuir, As sedh ad fet he scelaibh; Macan se mbliadhain decc An tan do bhreith fo dheraibh. Succad an ainm hi trubh radh:
Cidh a athair ba fisse, Mac Calphuirn, mic Otide Ho deochan Odisse. D’éag Naomh Fiacc thart faoi 480 A.D. agus tá sé féin agus a mhac Fiachra curtha i Sléibhte, Co.Laoise. Is é an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair a lá féile.
© M Reel / Shutterstock
19
Foclóirín: faoi anáil = faoi thionchar; thabharfaí ceann = thabharfaí aird; chraobhscaoil = propagate, disseminate; éirimiúil = cliste, meabhrach.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 19
12/11/2018 09:07
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 20
12/11/2018 09:07
21
Mol na hÓige
Gabriel Rosenstock
Nuair a leag Cág súil ar Lampróg, ar seisean leis féin os ard: ‘Níor itheas lampróg cheana. Meas tú an bhfuil lampróga blasta?’ Chuala Lampróg an chaint sin. ‘Táimid an-bhlasta ar fad!’ arsa Lampróg. ‘Ná hith mise, áfach, mar táimse chun gar mór a dhéanamh duitse anois.’ ‘An bhfuil ambaiste?’ arsa Cág. ‘Tá!’ arsa Lampróg ‘Fan amach uaimse, le do thoil, agus mar ghar duit taispeánfaidh mé cúpla céad lampróg duit. Gach aon cheann acu níos blasta ná a chéile.’ ‘Dáiríre?’ arsa Cág. ‘Dáiríre píre,’ ar sise. ‘Lean mise!’
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 21
‘Ar aghaidh linn mar sin!’ Lean Cág í. Isteach sa choill leo. Bhí lucht coille ann rompu agus tine mhór lasta acu. Bhí splancacha breátha ag éirí in airde san aer. ‘Féach anois orthu, féach ar na lampróga go léir is iad ag damhsa. Ar aghaidh leat! Agus nuair a bheidh an méid sin ite agat, taispeánfaidh mé a thuilleadh duit!’ ‘Neam-neam!’ Thug Cág fogha faoi na splancacha, ag iarraidh iad a shlogadh. Ní fada gur thuig sé cad a bhí ar siúl. ‘Táim dóite acu!’ arsa Cág. ‘Cá bhfuil an - ?’ Bhí Lampróg bailithe léi!
© WUT.ANUNAI / Shutterstock
Lampróg a raibh Splanc Inti!
12/11/2018 09:07
22
Comórtas Filíochta Téama na ndánta:
Cuairt an Phápa go hÉirinn 2018 Spriocdáta: 5 Eanáir 2019
2 Rannóg: Comórtas do Dhaltaí Bunscoile (Faoi 12)
Comórtas do Dhaltaí Meánscoile (Faoi 18)
Na Duaiseanna (1) An chéad duais: dearbhán leabhar ar fiú €50 é.
(2) An dara duais: dearbhán leabhar ar fiú €30 é.
(3) An tríú duais: dearbhán leabhar ar fiú €20 é.
NA MOLTÓIRÍ Fochoiste de chuid An Timire a bheidh ina moltóirí ar an gcomórtas. FOILSIÚ AN tSAOTHAIR Cuirfear na torthaí i gcló ar eagrán an Fhómhair den Timire. SEOLADH AN CHOMÓRTAIS Iarratais ríomhphoist chuig: antimire@gmail.com nó cóipeanna crua chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2
Ceadófar suas le trí dhán ó gach iomaitheoir. Níl dul thar bhreith na moltóirí, agus ní raghfar i mbun comhfhreagrais i dtaobh a mbreitheanna.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 22
12/11/2018 09:07
23
Mol na hÓige
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 23
12/11/2018 09:07
24
Trí Dhán le 'Andrzej Jawien' Aistrithe ón bPolainnis ag Mícheál Ó hUanacháin Bhí ‘Andrzej Jawien’ ar na hainmneacha cleite a d’úsáid Karol Wojtyła (1920-2005), arbh fhearr aithne air mar an Pápa Eoin Pól II. D’úsáid sé ainmneacha cleite eile, freisin – ina measc Stanisław Andrzej Gruda agus Piotr Jasień – dá chuid scríbhinní neamh-eaglasta, a foilsíodh thar tréimhse níos mó ná 30 bliain i bpríomh-nuachtáin agus irisí na Polainne. Carachtar ab ea Andrzej Jawien in úrscéal a raibh an-tóir air ag leitheoirí sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Mór. Is dealraitheach gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte léi. - MohU.
Intleachtóir Goidtear asat áineas, éagsúlacht, féith na fionnachtana, grá spáis, uaithe A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar. Ná bris mo chosaintí, glac le cuid an duine: gach bóthar teann i dtreo na hintinne.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 24
12/11/2018 09:07
25
Comhdháil
Duine Croí na Staire
Brostaíd arís is arís eile: ní cillín é don tuirse; fiú iad sin is sine a chorraíonn ar éigin ar a nglúna, ullamh don chluiche. Súile a lagaíonn, súile óga ar aon, feiceann an t-iomlán: saol a éilítear ar a gcorp is ar a n-anam, ó bheatha a dheonaid, ó bhás a charaid. Ina ghadaí a thiocfaidh an saol sin, tógfaidh ár maoin. Bocht dearóil, gloine sinn a bhféachfar tríd, a ghearrfaidh, a fhrithchaithfidh. Céasfar de choinsias é is i lár an ollteampaill seo ní mór cneasú don domhan scoilte.
Glaoim thú, lorgaím tú, arb ionat corp stair an duine. Druidim i do ghaor, ná habair 'bí istigh' abair 'bí'. Bí san áit nach bhfuil taise, ann a bhí an duine, bhí go hanam, go croí, pian, mian is meoin. [líne ar lár] Bí id shíor-mheadar ar fhírinne dallchreatha ithire. Ó a dhuine, ionat a chastar arda ár mbith ar á n-úirísle, duitse ní ualach dorcha atá ionainn istigh ach croí. Duine ina bhfaighidh gach duine a bhunmhúnla, is foinsí a ghníomh: scáthán na beatha is an bháis ag stánadh ar shruth an daonna.
© By M Reel / Shutterstock
Trí uiscí na staire sroichim tú i gcónaí ag siúl i dtreo gach croí, i dtreo gach smaoinimh (stair - iomarca smaoineamh, bás croíthe). Iarraim do chorp don stair ar fad, lorgaím do dhomhaine.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 25
12/11/2018 09:07
26
Bláthanna H C A U H C L I A S O L R Q N
N Í N I Ó N Q E C W L F K H T
S E A S M A I N L Í K S C N M
L U S A N C H R O M C H I N N
W W P I V C Q L F D E A B M G
J C N X T D Ó J T N S P Z A A
M M M Í K G H A I A L I X R I
G U A Q L Z T É I U S L M T R
I O I G Q R R H S L R I M S D
R A E B N G I N A I W Ú E A É
O W W T A Ó A A C L C I H E I
G V T N I G I E G E G T Y L N
O T S H I O L L R R Q F P I E
W U M L W P L I I Ó A K U E A
L A E M M J R F G A S M T F W
FEILEASTRAM
GAIRDÉINE
HIASAINT
LILE
LOITEOG
LUS AN CHROMCHINN
LUS NA GILE
LUS NA GRÉINE
LÍOLÓG
MAGNÓILIA
MARGAIRLÍN
NÓINÍN
RÓS
SAILCHUACH
SEASMAIN
TIÚILIP
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 26
12/11/2018 09:07
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 27
12/11/2018 09:07
28
Muiris Ó Fiannachta Bainisteoir Raidió na Life
Tá Raidió na Life Fiche Cúig Bliain ar Aer! Ag craoladh ar mhinicíocht ‘102 Beo’ ar an mbanda FM nuair a thosaigh sé ag craoladh i 1993, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió eile lán-Ghaeilge a bunaíodh i ndiaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-aon seirbhís raidió Gaeilge a bhí ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar feadh breis agus scór bliain roimhe sin. Mar stáisiún pobail comhleasa, ba é Raidió na Life an chéad
cumarsáide Gaeilge (bheadh breis agus trí bliana eile ann, mar shampla, sular tháinig Teilifís na Gaeilge / TG4 ar an bhfód) ach i dtírdhreach na meán in Éirinn trí chéile. Bhí an stáisiún tapa ón tús ag aimsiú is ag leagadh spotsholas ar cheol nua nach gcloisfí in aon áit eile ar na haerthonnta, agus rinne ceannasaíocht Raidió na Life cinneadh a d’athródh an cur chuige a bhainfeadh le seirbhísí raidió Gaeilge ‘Leanann an stáisiún ag cur ardán ar fáil a thiocfadh ina do dhaoine óga agus do dhaoine de gach dhiaidh – is é sin, go gceadófaí liricí aois le taithí chraolacháin a ghnóthú.’ Béarla a sheinm stáisiún raidió pobail in Éirinn a fuair ar an stáisiún, rud a bhí réabhlóideach ceadúnas craolacháin ón gCoimisiún ag an am – agus rud a chreid daoine eile um Raidió agus Teilifís Neamhspleách, gur mheall sé daoine nua le héisteacht réamhtheachtaí ar Údarás Craolacháin na le cláir raidió trí Ghaeilge, bíodh agus hÉireann, chomh maith. go mbeadh an ceol i mBéarla cuid Ón uair gur thosaigh sé ag craoladh i mhaith. 1993, ghin an stáisiún agus a chraoltóirí Is iomaí craoltóir cáiliúil a chur clú dóibh féin go tapaidh mar stáisiún a tús lena ngairmeacha craolacháin le bhí ceannródaíoch i réimse an chultúir Raidió na Life – go minic mar oibrithe óige, agus go háirithe cultúr óige na deonacha. I measc na réaltaí móra a Gaeilge. Bhí faobhar uirbeach ag baint d’oibrigh mar láithreoirí deonacha leis le stíl chraolacháin an stáisiúin a d’fhág an stáisiún sa chéad bhliain ar aer, bhí gur sheas sé amach go mór ag an Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, am, ní amháin i dtírdhreach na meán Comhfhreagraí na nEalaín is na Meán
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 28
12/11/2018 09:07
seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 25 Meán Fómhair 1993 mar stáisiún pobail sainspéise. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le beirt fhostaí eile páirtaimseartha. Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain. Feidhmíonn sé faoi stiúir boird stiúrtha deonach freisin. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, comharchumann pobail neamhbhrabúis a bunaíodh i 1989 le seirbhís raidió Gaeilge a bhunú is a fhorbairt do Bhaile Átha Cliath, a reachtálann Raidió na Life. Is féidir le baill den phobal ballraíocht a ghlacadh sa chomharchumann trí scaireanna a cheannach (eolas ar www. raidionalife.ie)
© Dmitri Ma / Shutterstock
le RTÉ News, Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tuilleadh. Láithreoirí raidió eile clúiteacha a d’fhoghlaim a gceird i RnaL ná Aedín Gormley, láithreoir le RTÉ Lyric FM, Cormac Ó hEadhra, láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió 1, agus mórán eile nach iad. Sa 25 bliain ó shin, tá na mílte craoltóir deonach tar éis clár a chur i láthair ar Raidió na Life nó páirt a ghlacadh sa stáisiún ar shlí amháin nó ar shlí eile. Leanann an stáisiún ag cur ardán ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine de gach aois le taithí chraolacháin a ghnóthú agus le smaointe nua a fhorbairt sa chraolachán Gaeilge tríd na cláir a chuireann siad i láthair ar an stáisiún. Mar stáisiún a fheidhmíonn ar bhonn deonach go príomha agus a bhraitheann ar thacaíocht ón phobal, is iad craoltóirí deonacha Raidió na Life croí agus anam an stáisiúin. Tá Raidió na Life ag soláthar
29
Foclóirín: stáisiún pobail comhleasa = special interest community station; ar bhonn deonach = on a voluntary basis; scaireanna = shares.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 29
12/11/2018 09:07
30
Im Leabharlann Dom Léirmheasanna le Seán de Fréine
Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde Máirín Ní Ghadhra a chuir in eagar Cló Iar-Chonnacht, 194 lch. €12 Mar chine, níl cáil rómhór orainn Éireannaigh mar smaointeoirí. An gníomh grod is fearr linn, nó b’fhéidir é a chur ar an mhéar fhada. Ar ndóigh, bhí Sedulius
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 30
Scottus agus Eoin Scottus Eriugena ag obair ar an mhór-roinn i bhfad siar. Ansin bhí an tEaspag Berkeley, fear lách, agus Jonathan Swift san ochtú céad déag, ach nárbh Éireannaigh iad dáiríre ach oiread is go bhféadfá Ailgéarach a thabhairt ar an fhealsamh Albert Camus de bhrí gur san Ailgéir a rugadh é. Ar na daoine ar féidir smaointeoirí a thabhairt orthu in Éirinn na linne seo, ní miste ionad suntasach a thabhairt don fhear is ábhar don leabhar seo, Nollaig Ó Gadhra. Chaith sé a shaol agus a théagar ag cíoradh ceisteanna náisiúntachta agus náisiúnachais (ní hionann an dá rud) in Éirinn na haoise seo, óna óige ar aghaidh —rugadh é in 1943 — go dtí a bhás in 2008. Mura bhfuil an méid iomrá leis agus ba dhual dó, níor dhuine é a bhrúigh é féin chun tosaigh riamh, agus ní raibh togha na sláinte aige riamh. Nuair a bhuail mé leis den chéad uair i bhfad siar, d’inis se dom gur theip air sa scrúdú dochtúra le dul isteach sa státseirbhís. B’fhéidir nár olc é sin: bhí níos mó saoirse aige amach ansin plé le ceisteanna polaitiúla ina chuid smaointeoireachta ná mar a bheadh dá mbeadh sé faoi chuing Roinne Stáit. Ní raibh leisce air riamh dul go smior i gcúrsaí a bhí róchonspóideach nó
12/11/2018 09:07
róchontúirteach do dhaoine eile: aon rud a bhain le leas na hÉireann, cúrsaí polaitiúla agus cultúir ach go háirithe, dhein sé a mhachnamh orthu agus chuir torthaí an mhachnaimh sin ar fáil do cheannairí an phobail ar a mhodh díreach discréideach féin. Níor leasc leis dul go dtí na leibhéil is airde sa Stát nuair a mheas sé gur gá. Nuair a bhí an tuaisceart ina lasair, bhí sé in ann torthaí a mhachnaimh agus a stuamachta a sholáthar dóibh. Bhí toradh fónta ar a chuid oibre. Tugtar léiriú ar a ndearna sé agus ar shaothar a shaoil sa leabhar seo. Aistí gairide atá ann le daoine a raibh aithne acu air, agus a bhain tairbhe as a chuid eagnaíochta. Tá breis agus scór díobh ann, ar a bhfuil iriseoirí, polaiteoirí, lucht na meán cumarsáide, acadúlaigh, craoltóiri, gníomhairí teanga agus cultúir. Tá beirt iarairí rialtais ina measc. Cuireann siad síos ar an mhodh oibre a bhí aige, agus ar na teagmhálacha a bhí aige leo. Léiriú neamhghnách a thugann siad
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 31
31
ar conas is féidir stocaireacht a dhéanamh. Thuill sé ardmheas uathu go léir de bharr a ionracais le hais a chríonnachta. Fear daonna a bhí ann chomh maith, mar is léir ón réamhrá leathan spéisiúil le Máirín Ní Ghadhra, iriseoir in RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus ón aiste lena dheartháir. Seo an teastas air, le duine amháin de na scríbhneoirí sa chnuasach aistí seo, comhleacaí leis le fada in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo (mar atá air anois): ‘Caithfidh mé tagairt don troid ab éigean dó a fhearadh ar an tinneas ó am go chéile, agus cé chomh cróga a d’fhulaing sé pian agus míchompord. Fiú nuair a bhíodh sé an-tinn, ní bhíodh sé sásta géilleadh don ghalar. Bhí sé dílis dá chreideamh, dá thír agus dá theanga de réir mar a thuig sé iad. Tá dóchas agam go bhfuil daoine dá leithéid fós in Éirinn, agus go mbeidh go deo feasta.’ Focal scoir agus léargas cruinn é seo ar dhuine tábhachtach nár shantaigh iomrá pobail.
© Paul Jeffery/ Misean Cara
12/11/2018 09:07
32
Ag Druidim le 80 Pádraig Ó Snodaigh Coiscéim, 208 lch. €7.50 Nuair a bhí an file ag teannadh ar na ceithre scór, rith an smaoineamh leis go mbeadh sé níos sine faoin am sin ná éinne eile dá threibh ó 1909 i leith. Chun an t-éacht a chomóradh, chrom sé ar dhreas filíochta a chumadh in aghaidh an lae go
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 32
mbainfeadh sé an Lá Breithe Mór amach. Ar aghaidh leis ansin, é féin agus Bé na Filíochta ag obair go dílis 24/7 ar feadh seacht mí. Is léir nach raibh ceachtar díobh díomhaoin le linn na tréimhse. Tá an-éagsúlacht sa chnuasach seo: fearacht na haimsire, ní bhíonn a fhios agat ó lá go lá cad tá romhat: uaireanta, véarsa gairid nó hadhcú gonta; nó níos minice, dán substaintiúil de leathanach nó breis.
12/11/2018 09:07
Cuimhní cinn agus cuimhní cairde, greann agus gaois, bás agus beatha, fearg agus fiosracht, caint lom agus intinn lán, ceol le cairde agus scaradh na gcompánach — tá siad go léir anseo. Baineann an daonnacht, sa chiall is bunúsaí agus is doimhne, leis an saothar. Is fuath leis an údar an leibideacht shiúcrach a bhíonn ag gabháil mar fhilíocht ar uaire. Líne a thaitin liom, ‘... is aonad de throscán beatha dhuine thú/ is cuid dá saol tú’ (24 Aibreán). D’fhéadfadh na focail seo a bheith mar lárthéama an leabhair. Má tá an file seo ag dul in aois (agus níl an giúiré socair faoi sin), ní féidir a rá go bhfuil sé ag dul i ndísc.
Leabhar Nua na nAmhrán Micheál Ó Conghaile a chuir in eagar Cló Iar-Chonnacht, 278 lch. €12
33 le foinn thraidisiúnta. Ach sin a bhfuil de chosúlacht idir iad agus amháin ar an seandéanamh. Seo blas dá bhfuil sa bhailiuchán taitneamhach seo, as Mo Sheanamhamó, a ghabhann leis an fhonn, ‘Fágfaimid siud mar atá sé’: Nuair a tháinig an Pápa go hÉirinn fadó, Thug seisean cuairt ar mo sheana-mhamó, Agus thosaigh siad beirt ar an phaidrín go beo, Agus chriochnaigh sí i bhfad roimh an Phápa. D’éirigh seisean is dúirt sé, ‘A sheanamhamó, Ins an Róimh bíonn an paidrín níos moille go mór.’ Ar sise, ‘In Éirinn, a Phápa, a stór, Sé an cleachtadh a dhéanann an mháistreacht.’ Sampla é seo as dosaen píosaí cliste le Ray Mac Mánais. Tá de bhua ag na saothair go léir gur amhráin iad seachas dánta le foinn aitheanta, seachas roinnt bheag, a bheadh an-oiriúnach le canadh ag cóisir nó i measc comhludair spraoi. Seo véarsa as ceann atá an-tráthúil na laetha seo, agus seachród timpeall na Gaillimhe á phlé arís. Scríobh Seán Ó Gráinne é d’Oireachtas na bliana 1995 maidir le fadhb tráchta na Gaillimhe (ná bí ag caint faoin mhéar fhada!) de bharr an bhrú tráchta agus na moilleadóireachta a chuireann as don phobal ansin (fonn: ‘The Garden Where the Praties Grow’):
Má tá tú gan gáire, leigheasfaidh an leabhar seo do chás. Céad amhrán nua atá ann a cumadh le haghaidh comórtais Oireachtais agus eile le cúpla scór bliain i leith. Is féidir iad a chanadh
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 33
Bíonn leoraithe atá luchtaithe ag dhul ag an factories, ’Gus tuilleadh fós le readymix, suimint ’gus blocannaí, Bíonn trucail mhóra támáilte le baleanna féar is tuí Ag dhul Bóthar na Cathrach a théanns ó Ghaillimh siar. Tá ábhar eile le hais an ghrinn sa
12/11/2018 09:07
34 leabhar seo. Mar a mheabhraíonn an fear eagair, tá meascán mór téamaí le fáil ann, agus amhráin a bhfuil scoth na filíochta cliste iontu (más sin an gad is giorra dod scornach). Mar mheamram a thugann léargas ar athruithe sóisialta, beidh tábhacht air amach anseo mar fhianaise shocheolaíochta, nó ‘...nuair d’imigh an Tíogar Ceilteach, d’fhág muid slán ag Pangur Bán’ (mar a deireann Traolach Ó Conghaile in ‘Tá an Tir seo Trína Chéile’). Chuirfeadh a bhfuil sa leabhar i gcuimhne do dhuine an flosc filíochta a bhí i nGaeilge in Éirinn san ochtú céad déag, go háirithe sa Mhumhain, nuair a bhí athruithe móra á gcur i bhfeidhm in Éirinn. Mar an gcéanna, tá an leabhar seo ag borradh le fuinneamh agus le beogacht in aimsir mórathruithe eile. Tá sé tábhachtach mar theist shóisialta ar bhealaí éagsúla. Cé go bhfuil cosúlachtaí
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 34
áirithe idir an saothar a bhaineann leis an dá linn, tá difríochtaí ann freisin, ar ndóigh. Ní rud do-athruithe ar nós meall cloiche é náisiún, ach próiseas amhail gach rud beo, a athraíonn, ach a mhaireann buan ann dá ainneoin sin. Is é an cumas chun athrú comhartha na beatha. Mairimidne i ré an iFón, viagra, snaoisín bán (púdar dainséarach le caitheamh mar shnaois), ceapairí cáise, meascán na gcanúintí, agus go leor eile a bhfuil an trácht orthu anseo. Tá tagairti ann do dhaoine nua freisin, fearacht Angelina Jolie agus Tina Turner, seachas Roisín Dubh, agus Mol Dubh an Ghleanna. Ach Seán Bán Aerach Ó Flannagáin ag casadh leis an diabhal ar bhóthar Luimnigh, Eoghan an Bhéil Bhinn Ó Súilleabháin ag bladar le béithe i Sliabh Luachra, Raifteirí ar a bhealach go Coillte Mach, bheidís ar a gcompord i gcomhluadar na n-amhránaithe atá anseo.
12/11/2018 09:07
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 35
35
12/11/2018 09:07
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 36
12/11/2018 09:07
Ag cosaint cearta teanga www.coimisineir.ie
An Coimisinéir Teanga, An Spidéal, Gaillimh, Éire. Fón: 091 504 006 / 1890 504 006 Ríomhphost: eolas@coimisineir.ie @ceartateanga Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 37
12/11/2018 09:07
38
Turas go hOileán Í
Colm Ó Ceallacháin
Fágaim an bád farantóireachta i mo dhiaidh agus siúlaim thar an mhainistir, ag tabhairt mo chúil leis an slua. Pé siocair a bhí le Colm Cille ag tabhairt a chúil le hÉirinn, is ní heol dúinn inniu an bhfuil bunús ar bith leis an scéal a deir gurb eisean ba chúis le Cath Chúil Dreimhne, thogh sé ionad álainn dá dhíseart. Níl le rá ag Adhamhnán, a chéadscríobh beatha an naoimh, ach ‘pro Christo peregrinari’, gur chuaigh sé ar deoraíocht ar son Chríost, agus b'fhéidir gur leor sin mar mhíniú. Bhí bá ag Colm Cille le hainmhithe is leis an nádúr, más fíor na scéalta faoi. Dúradh gur chuir sé iachall ar a chuallacht aire mhaith a thabhairt don chorr éisc a séideadh aniar as Éirinn le linn stoirme is é i ndeireadh na feide, agus bhí a oiread ceana ag a ghearán bán air gur leag sé a cheann in ucht an naoimh nuair a bhraith sé Colm Cille ag saothrú an bháis. Deirtear liom inniu nach raibh a leithéid de Mheitheamh anseo le fada an lá, idir theas agus triomacht, is tá an féar á ghearradh ar fud an oileáin is mé ar mo bhealach ó thuaidh. Tá draíocht ag baint le hOileán Í gan aon amhras, ach tá pobal de chúpla céad ina chónaí anseo freisin is iad ag saothrú na talún, ba agus caoirigh ag innilt sna goirt ar ’chaon taobh díom. Nuair a shroichim ceann thuaidh
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 38
an oileáin, Tràigh Bàn nam Manach, preabann deilf amach as an uisce os mo chomhair. Pé acu cuireadh chun snámha é nó mo dhúshlán á thabhairt aici, isteach liom caol díreach in uiscí glana, fuara Shruth na Maoile. Ag gabháil an bhóthair ó dheas arís dom tagaim ceann i ndiaidh a chéile, mar a bheadh clocha ar phaidrín, ar roinnt de na suímh atá luaite le Colm Cille is a chuallacht. An mhainistir féin ar dtús, agus taobh leis fothrach Thaigh Chailleachan-dubha, clochar na mban rialta. Cnoc an tSítheáin ansin mar ar labhair sé leis na haingil agus Cnoc Chúl le hÉirinn, áit ar dhearbhaigh sé nach mbeadh radharc choíche aige 'ar fheara Éireann ná a mná.' I bhfíordheisceart an oileáin atá an trá ar a dtáinig Colm Cille i dtír uirthi. Dhá dhuirling atá ann i ndáiríre, agus carraig mhór á ndeighilt óna chéile. In ainmneacha an dá thrá tá léargas, b'fhéidir, ar thréithe contráilte an duine. Is éasca naomhóg na manach a shamhlú ag teacht i dtír ar Phort a' Churaich agus iad lán de dhúthracht, ach cén bunús atá le hainm a leathchúpla, Port an Fhir-Bhrèige? 'Ciall Cholm Cille i mo cheann' an phaidir a deirtear is duine ag dul i mbun comhairle, agus 'caint Cholm Cille i mo bhéal.' Mar is dual do
12/11/2018 09:07
© Pixelbliss / Shutterstock
39
dhuine a bhíonn chomh místuama ina chuid cainte is a bhím féin ar uairibh, tugaim aghaidh ar dtús ar Phort an FhirBhrèige. Tá clocha beaga uaine le fáil ar an gcladach anseo dá ngairtear 'deora Cholm Cille,' agus cumhacht chosanta ar an mbáthadh curtha ina leith. I bhfírinne, tá siad an-chosúil leis na rudaí a ghlaotar 'gloine mhara' orthu, píosaí beaga gloine atá meilte agus mínithe ag obair an tsáile thar na blianta. Ní fios dom an nuachumadóireacht í piseog seo dheora Cholm Cille, ach tá sé sa seanchas gur choisc Colm Cille ar mhuintir Dhoire is Thír Chonaill bróg a chur ar a gcos sula mbeadh an dá stoca á gcaitheamh ar dtús acu! Deimhniú a bhí sa nós sin, de réir dealraimh, nach mbáfaí riamh thú. Deirtear freisin faoi na cloichíní seo
gur ceart ceann acu a chaitheamh sa mhuir faoi mar a bheifeá ag fáil réidh le nithe diúltacha léi, is gur ceart ceann a choinneáil i ngeall ar thús úr. Ní mise a chum an nós is ní mé a bhrisfidh é, agus teilgim cloch i bhfad amach sa sáile anois. Go n-imí an diúltacht le sruth in éineacht léi. 'Ní shantaím aon ní/ ach siúl romham, glacadh le gach céim mar a gheobhad' a scríobh Liam Ó Muirthile ina dhán 'Oilithrigh,' dán a foilsíodh go gairid sular cailleadh go róluath é. Más oilithreacht í gach uile choiscéim de thuras seo na beatha, gur chosúil go minic é le 'peregrinatio,' le seal ar fán, b'fhiú go mór an cúpla uair nó trí a chaith mé ag dul de thruslógacha spágacha ar fud an oileáin aoibhinn seo, Eilean Ì.
© Victor Maschek / Shutterstock
"Tá sé sa seanchas gur choisc Colm Cille ar mhuintir Dhoire is Thír Chonaill bróg a chur ar a gcos sula mbeadh an dá stoca á gcaitheamh ar dtús acu!"
Foclóirín: cuallacht = pobal; duirling = trá chlochach; truslógacha spágacha = coiscéimeanna móra ciotacha.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 39
12/11/2018 09:07
40
Eoghan Mac Cormaic Leascheannasaí Glór na nGael
Abair leis na beacha é ... "Tá alt anseo gur chóir duit é a léamh," arsa mo chéile liom an oíche cheana, agus shín sí scáileán an ríomhaire chugam. Léigh mé an ceannlíne: "Beachaire ag cur beacha agus beatha i mbaol." (Nó, abairt ar an dul sin). Ar léamh an ailt dom, ba léir go raibh roinnt fíricí ann ach roinnt cumadóireachta freisin. Cé go raibh cuma na fírinne air bhí roinnt tuairimíochta ar bun ann leis. Dar leis an údar, tá beachairí na haoise seo ag cruthú beacha a bhíonn ag bailiú pailine agus á stóráil sna coirceoga chomh héifeachtach sin
Luaitear iad i dtéacsanna dlí i bhfad siar1 agus d'aithin Harry Clarke é sin san fhuinneog cháiliúil ina léiríonn sé Naomh Gobnait, naomhphátrún na mbeachairí, agus beacha go leor thart timpeall uirthi2. Thosaigh mé ag déanamh cúraim do bheacha thart faoi cheithre bliana ó shin. Is fearr liom an focal Gaeilge 'beachaire' ná 'bee-keeper' an Bhéarla mar, i ndáiríre, ní choinníonn tú beacha nach maith leo fanacht agus chaill mé féin beacha níos mó ná uair amháin le cúpla bliain anuas. In éineacht le Gaeilgeoirí eile sa cheantar bhunaigh 'Beachaire 'Ó am go ham ionsaíonn mo bheacha muid an Eachréidh' mar thogra sóisialta do mé ach maithim dóibh nó tá siad ag theaghlaigh le Gaeilge comhlíonadh a róil.’ i 2016 ach níos luaithe i mbliana d'imigh na is go bhfuil siad ag cruthú ganntanas sa beacha sin, cé go bhfuil coirceog agam dúlra, ag cruthú deacrachtaí do bheacha féin i gcónaí. fiáine, agus ag buanú galair agus seadáin Thosaigh mé ag foghlaim faoi bheacha mharfacha amhail leis an bhfíneog varró nuair a thug mo chéile dearbhán mar agus eile a scriosann coilíneacht beach bhronntanas Nollag dom chun freastal meala na coirceoige go tapa. Dá mhéid ar chúrsa agus cheannaigh mé trealamh ar léigh mé, is ea is ciontaí a mhothaigh na beachaireachta san earrach dár mé. Ach ansin, d'amharc mé amach ar mo gcionn: culaith iomlán, cochall cosanta, choirceog, deich méadar ó mo sheomra lámhainní leathair agus, ar ndóigh, suí, agus rinne mé machnamh ar mo uirlisí na coirceoige – an scuab, an bheacha féin. ceansaitheoir beach (a scaoileann Tá stair fhada ag beacha in Éirinn. deatach amach d'fhonn na beacha a
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 40
12/11/2018 09:07
chiúnú, agus a ligeann don bheachaire oibriú leo). Cheannaigh mé an choirceog gona bhosca goir agus a bhosca uachtair agus d'fhoghlaim mé faoin dá bhosca sin: an bosca goir ina mbeireann an chráinbheach na mílte ubh, agus a bhfuil bac ar a bharr ionas nach féidir leis an chráinbheach dul amach as ach a ligeann do na gnáthbheacha, .i. na beacha oibre, dul go dtí an bosca uachtair le pailin. Stopann an bac sin an chráinbheach ó bhogadh tríd amach le huibheacha a bhreith. Cinntíonn an córas seo go mbíonn an mhil (sa bhosca uachtair) glan ó uibheacha agus ó chruimheanna. Gach seachtain ó Mhárta go Meitheamh scrúdaíonn an beachaire an choirceog go mion, ag lorg comharthaí go bhfuil spás go leor ag na beacha, ag cinntiú go bhfuil an chráinbheach teoranta don bhosca goir, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile nach bhfuil
41
cráinbheach nua á cruthú ag na beacha nó is é sin mistéir na coirceoige: go mbeirtear gach uile ubh mar an gcéanna ach is iad na beacha oibre a chinneann ar cheann de na huibheacha sin a chothú le cráinbheach nua a chruthú agus deireadh a chur le ré na sean-chráinbheiche. Ar ndóigh níor aontaigh mé leis an tuairimíocht san alt a thaispeáin bean an tí dom! Ó am go ham ionsaíonn mo bheacha mé nuair éiríonn leo ball lag san éide a aimsiú, nó má éiríonn leo cealg a shá tríd an gculaith féin. Ach maithim dóibh nó tá siad ag comhlíonadh a róil agus tá ról eile á chomhlíonadh agamsa, ag cinntiú go bhfuil beacha agus líon na mbeach ag dul i méid – agus ó am go ham, ag ithe cuid den mhil is blasta dár bhlais tú riamh! Nuair a gheobhaidh an bheach dheireanach bás, ní mhairfimid ach deich lá ina diaidh ...
© Sushaaa / Shutterstock
1
Féach an leabhar Bechbretha: an Old Irish law-tract on bee keeping, eag., Thomas Charles Edwards agus Fergus Kelly (An Institiúid Ard-Léinn, Baile Áth Cliath: 1983). Pléitear ann sean-lámhscríbhinní ina bhfuil breithiúnais maidir le dlíthe i leith na mbeach agus ceaptar gur cumadh an chuid is sine acu thart ar lár na 7ú haoise. 2 Tá an fhuinneog álainn seo i Séipéal Honan, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Foclóirín: fíneog varró = varroa mite; coilíneacht = colony; cráinbheach = queen bee; coirceog = beehive.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 41
12/11/2018 09:07
42
Dónall Ó Cnáimhsí
Crainn agus Críostaíocht De réir na staire agus an tseanchais, tsoiscéil naofa in Éirinn. Ní raibh sé de thosaigh Naomh Pádraig ar a mhisean nós acu seirbhísí foirmeálta a cheiliúradh leis na Gaeil a thabhairt i dtreo na i séipéil, ach ag leanúint leis an nós Críostaíochta sa bhliain 432 agus de réir págánach as ar shíolraigh siad, thug na staire agus an tseanchais chéanna siad faoin tuath le dul i bhfeidhm ar an bhí sin bainte amach aige a bheag nó phobal. a mhór nuair a d'éag sé sa bhliain 463. Bhí meas agus urraim acu seo go fóill D'éirigh le Naomh Pádraig dul i bhfeidhm do na seantraidisúin agus na láthaireacha ar na Gaeil trí idirdhealú a dhéanamh idir áirithe a bhí beannaithe sna traidisúin cumhacht na heaglaise agus cumhacht na sin. Is iad seo láithreacha a mbeadh dtaoiseach págánach dúchasach. searmanais agus deasghnátha na Cé gur choinnigh na taoisigh a págántachta a chomhlíonadh. Rinne gcumhacht ríoga i na chéad sagairt ndiaidh dóibh iompú ar na láthaireacha seo ‘Ní fhaca siadsan an Chríostaíocht, d'éirigh a bheannú agus ó aon bhréagnú ná leis iad a mhealladh a shin amach bheadh gcumhacht phágánach a ina láthaireacha trasnú i síoradhradh siad ghéilleadh don eaglais, do Críostaíochta. Ach na heaspaig. cé gur láthaireachta an nádúir agus I ndiaidh do bhás Críostaíochta a Phádraig bhog an eaglais síoradhradh an chroí bheadh iontu, níor in Éirinn de réir a chéile cuireadh deireadh ró-naofa.’ ar shiúl ó theagasc na le cuid de na heaglaise Rómhánaí agus i dtreo eaglais seantraidisúin nó na seandeasghnátha: neamhspleách a fhorbairt ar a dtugtaí an ba shíoradhradh na gcrann agus Eaglais Cheilteach. tearmainn coille ceann de na traidisiún Rinneadh mainistreacha a fhorbairt a ársa a mhair anuas trí na cianta. bhí ceangailte le clanna na dtaoiseach Bhí síoradhradh na gcrann mar pháirt áitiúil ach neamhspleách ar an Róimh. thábhachtach don Ghiúdachas chomh Is as bunadh na gclanna céanna seo maith agus tá go leor tagairtí do chrainn a tháinig formhór na gcéad sagart a naofa sa seantiomna. Phioc Ádhamh chuaigh i mbun chraobhscaoileadh an agus Éabha an t-úll ó chrann na haithne,
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 42
12/11/2018 09:07
43 43
féineachais in Éirinn go dtí gur tháinig an Pápa Gréagóir VII i gceannas in 1073 agus faoina stiúir rinneadh athleasú ar an Eaglais Rómhánach agus diaidh ar ndiaidh rinne a gcumhacht a chur i bhfeidhm in Éirinn agus an Eaglais Cheilteach mar a bhí sí a chur faoi smacht. Rinneadh comhdháil athleasaithe a reáchtáil i gCaiseal, i gCeanannas Mór agus in Rath Bhreasail. Rinneadh Éire a roinnt ina dhá leath eaglasta, leath Mhogha faoi Chaiseal agus leath Chuinn faoi Ard Mhacha agus as sin amach bheadh cumhacht na Róimhe ar fud an oileáin. Ach cé gur éirigh leo struchtúr agus rialacha na hEaglaise Rómhánaí a chur i bhfeidhm, agus fiú go dtí an lá inniu ann tá spioradáltacht iontach le mothú i measc na bpobal a ba chráifí agus iad ag síoradhradh crainn naofa, tobair bheannaithe nó ar oilithreacht chuig láthair iargúlta. Maireann an meas agus an urraim don nádúr san eaglais anseo i gcónaí agus sin mar ba chóir.
© Martew Gerber / Shutterstock
© riganmc / Shutterstock
thuirling an tiarna ag Maoise as tor lasta agus chónaigh Abrahám i ndoire naofa. Theagasc Íosa na deisceabail i measc na gcrann olóige beannaithe i nGeitséamainí. Ar mhór-roinn na Eorpa bhí an eaglais rómhánach in aghaidh an mheascáin seo idir an Chríostaíocht agus an phágántacht agus rinne misinéirí mar Martin as Tours a seacht ndícheall deireadh a chur leis. Scrios seisean go leor de na seanláthaireacha págántachta agus leag go talún go leor de na crainn bheannaithe. As Sionad Arles 452 agus Sionad Tours 567 tháinig orduithe na láthaireacha págántachta ar fad a scrios. Ach in Éirinn le linn na tréimhse céanna bhí na naoimh agus na misinéirí ag comhnascadh na sean-deasghnátha págántachta leis an chreideamh úrnua Críostaí. Ní fhaca siadsan aon bhréagnú ná trasnú i síoradhradh an nádúir agus síoradhradh an chroí ró-naofa. Mhair an Eaglais Cheilteach agus na dlíthe
Foclóirín: deasghnáth = ritual; láthair = ionad, suíomh; bunadh = sliocht, cine; féineachas = seandlíthe traidisiúnta na hÉireann.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 43
12/11/2018 09:07
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 44
12/11/2018 09:07
45
Cúinne na bhFilí Cuibheasach gan bheith Maíteach Ceannaíonn an boc óg bulladóir fíochmhar — go mbeadh cuma an fhir mhóir air. Is ceannaíonn an féileacán maidrín lathaí, go léireodh sí méid a croí.
© Paul Aniszewski/ Shutterstock
Dhá phór iadsan a chríochnaíonn i gcónaí i bpónaí Nua-Eabhrac: An dá phór is mí-ámharaí síl. Aifric Mac Aodha
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 45
12/11/2018 09:08
46 1
6
2
3
4
5
7 8
9
10 11
12
14
15
crosfhocal TRASNA 1. scil oibre ar leith [5] 3. gruaig aghaidhe ar fear [6] 6. tá sé linn ó thús Feabhra [7] 8. 365 lá [6] 9. lot, mill [6] 11. gléas le glas a oscailt [7] 14. tost [6] 15. áit bheannaithe [5]
13
Duais €20 le buachaint
ANUAS 1. muintir, treibh [4] 2. 1/2/2014 mar shampla [4] 3. rud gur deacar a réiteach [5] 4. an treo ón tuaisceart [7] 5. ocht bpionta [5] 7. ceantar fairsing[7] 9. grá [5] 10. deis, caoi [5] 12. íoctar ar árasán é [4] 13. ceathrú, véarsa [4]
FREAGRAÍ CHROSFHOCAL AN FHÓMHAIR: TRASNA 1. allta 3. capall 6. séideán 8. taisme 9. críoch 11. aiteann 14. damhsa 15. roimh ANUAS 1. aois 2. aire 3. caint 4. pótaire 5. léine 7. deonach 9. ceird 10. halla 12. tuar 13. nath 4. brocach 5. neart 7. rachmas 9. crios 10. sféar 12. toit 13. meas SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ, MAR AON LE d’AINM AGUS SEOLADH CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSAIN, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 20 NOLLAIG 2018 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: Oisín Ó Cualáin, An Cheathrú Rua.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 46
12/11/2018 09:08
47
Suathfhriochadh muiceola Síle Ní Chearbhaill
© Robyn MacKenzie / Shutterstock
Tá an t-oideas seo an-áisiúil nuair atá dinnéar tapadh uait. Ní gá an fheoil a mharanádú thar oíche mura bhfuil an t-am agat. Is féidir leat sicín nó cloicheáin a úsáid in áit na muiceola. COMHÁBHAIR: MODH: 4 ghríscín muiceola 1. Gearr an mhuiceoil i slisíní. 3 tbsp anlann teriyaki Maranáidigh an mhuiceoil san 1 tsp callóga sillí anlann teriyaki, callóga sillí, gairleog, 2 tbsp mil mil agus sinséar sa chuisneoir thar ½ tsp sinséar oíche. 2 ionga gairleoige mionghearrtha 2. Téigh an ola i wok. Suathfhrioch 8 n-oinniún earraigh an mhuiceoil ar feadh 5-8 nóiméad 150g muisiriún nó go dtí go bhfuil sí cócaráilte 150g píseanna reoite tríd is tríd. Cuir leis na glasraí agus 75g cnónna caisiú suathfhrioch ar feadh 3-5 nóiméad 2 tsp ola síl sheasamain eile. 3. Riar le rís nó núdail agus maisigh leis na cnónna.
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 47
12/11/2018 09:08
© Patryk Kosmider / Shutterstock
An Ofráil Laethúil
A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Nollaig
Soiscéalaíoch: Ag freastal ar Sheachadadh an Chreidimh Go bhfaighe daoine a bhfuil baint acu le cabhair a thabhairt don chreideamh agus lena chraobhscaoileadh, go bhfaighe siad teanga in oiriúint do shaol an lae inniu agus iad ag plé le cultúr.
Eanáir
Uilíoch: Meiriceá Laidineach Go leana an t-aos óg, go háirithe aos óg Mheiriceá Theas, eiseamláir Mhuire, agus freagra á thabhairt acu ar ghairm an Tiarna orthu sonas an tSoiscéil a roinnt leis an domhan.
Feabhra
Soiscéalaíoch: Íospartaigh Go bpléitear go fial leo siúd a fhulaingíonn faoi gháinneáil ar dhaoine, le daoine atá i ngaiste faoi striapachas éigeantach, agus le daoine a éalaíonn ón bhforéigean.
Timire an Chroí Ró-naofa
Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 48
12/11/2018 09:08