3 minute read

Abair Leis na Beacha É Eoghan Mac Cormaic

40

Eoghan Mac Cormaic Leascheannasaí Glór na nGael

Abair leis na beacha é ...

"Tá alt anseo gur chóir duit é a léamh," arsa mo chéile liom an oíche cheana, agus shín sí scáileán an ríomhaire chugam. Léigh mé an ceannlíne: "Beachaire ag cur beacha agus beatha i mbaol." (Nó, abairt ar an dul sin). Ar léamh an ailt dom, ba léir go raibh roinnt fíricí ann ach roinnt cumadóireachta freisin. Cé go raibh cuma na fírinne air bhí roinnt tuairimíochta ar bun ann leis. Dar leis an údar, tá beachairí na haoise seo ag cruthú beacha a bhíonn ag bailiú pailine agus á stóráil sna coirceoga chomh héifeachtach sin

is go bhfuil siad ag cruthú ganntanas sa dúlra, ag cruthú deacrachtaí do bheacha fiáine, agus ag buanú galair agus seadáin mharfacha amhail leis an bhfíneog varró agus eile a scriosann coilíneacht beach meala na coirceoige go tapa. Dá mhéid ar léigh mé, is ea is ciontaí a mhothaigh mé. Ach ansin, d'amharc mé amach ar mo choirceog, deich méadar ó mo sheomra suí, agus rinne mé machnamh ar mo bheacha féin.

Tá stair fhada ag beacha in Éirinn. Luaitear iad i dtéacsanna dlí i bhfad siar1 agus d'aithin Harry Clarke é sin san fhuinneog cháiliúil ina léiríonn sé Naomh Gobnait, naomhphátrún na mbeachairí, agus beacha go leor thart timpeall uirthi2 . Thosaigh mé ag déanamh cúraim do bheacha thart faoi cheithre bliana ó shin. Is fearr liom an focal Gaeilge 'beachaire' ná 'bee-keeper' an Bhéarla mar, i ndáiríre, ní choinníonn tú beacha nach maith leo fanacht agus chaill mé féin beacha níos mó ná uair amháin le cúpla bliain anuas. In éineacht le Gaeilgeoirí eile sa cheantar bhunaigh muid 'Beachaire an Eachréidh' mar thogra sóisialta do theaghlaigh le Gaeilge i 2016 ach níos luaithe i mbliana d'imigh na beacha sin, cé go bhfuil coirceog agam féin i gcónaí. Thosaigh mé ag foghlaim faoi bheacha nuair a thug mo chéile dearbhán mar bhronntanas Nollag dom chun freastal ar chúrsa agus cheannaigh mé trealamh na beachaireachta san earrach dár gcionn: culaith iomlán, cochall cosanta, lámhainní leathair agus, ar ndóigh, uirlisí na coirceoige – an scuab, an ceansaitheoir beach (a scaoileann deatach amach d'fhonn na beacha a

'Ó am go ham ionsaíonn mo bheacha mé ach maithim dóibh nó tá siad ag comhlíonadh a róil.’

41

chiúnú, agus a ligeann don bheachaire oibriú leo). Cheannaigh mé an choirceog gona bhosca goir agus a bhosca uachtair agus d'fhoghlaim mé faoin dá bhosca sin: an bosca goir ina mbeireann an chráinbheach na mílte ubh, agus a bhfuil bac ar a bharr ionas nach féidir leis an chráinbheach dul amach as ach a ligeann do na gnáthbheacha, .i. na beacha oibre, dul go dtí an bosca uachtair le pailin. Stopann an bac sin an chráinbheach ó bhogadh tríd amach le huibheacha a bhreith. Cinntíonn an córas seo go mbíonn an mhil (sa bhosca uachtair) glan ó uibheacha agus ó chruimheanna.

Gach seachtain ó Mhárta go Meitheamh scrúdaíonn an beachaire an choirceog go mion, ag lorg comharthaí go bhfuil spás go leor ag na beacha, ag cinntiú go bhfuil an chráinbheach teoranta don bhosca goir, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile nach bhfuil cráinbheach nua á cruthú ag na beacha nó is é sin mistéir na coirceoige: go mbeirtear gach uile ubh mar an gcéanna ach is iad na beacha oibre a chinneann ar cheann de na huibheacha sin a chothú le cráinbheach nua a chruthú agus deireadh a chur le ré na sean-chráinbheiche.

Ar ndóigh níor aontaigh mé leis an tuairimíocht san alt a thaispeáin bean an tí dom! Ó am go ham ionsaíonn mo bheacha mé nuair éiríonn leo ball lag san éide a aimsiú, nó má éiríonn leo cealg a shá tríd an gculaith féin. Ach maithim dóibh nó tá siad ag comhlíonadh a róil agus tá ról eile á chomhlíonadh agamsa, ag cinntiú go bhfuil beacha agus líon na mbeach ag dul i méid – agus ó am go ham, ag ithe cuid den mhil is blasta dár bhlais tú riamh!

Nuair a gheobhaidh an bheach dheireanach bás, ní mhairfimid ach deich lá ina diaidh ...

© Sushaaa / Shutterstock

1Féach an leabhar Bechbretha: an Old Irish law-tract on bee keeping, eag., Thomas Charles Edwards agus Fergus Kelly (An Institiúid Ard-Léinn, Baile Áth Cliath: 1983). Pléitear ann sean-lámhscríbhinní ina bhfuil breithiúnais maidir le dlíthe i leith na mbeach agus ceaptar gur cumadh an chuid is sine acu thart ar lár na 7ú haoise. 2Tá an fhuinneog álainn seo i Séipéal Honan, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Foclóirín: fíneog varró = varroa mite; coilíneacht = colony; cráinbheach = queen bee; coirceog = beehive.

This article is from: