2 minute read

Dánta Eoin Pól II Mícheál Ó hUanacháin

24

Trí Dhán le 'Andrzej Jawien'

Aistrithe ón bPolainnis ag Mícheál Ó hUanacháin

Bhí ‘Andrzej Jawien’ ar na hainmneacha cleite a d’úsáid Karol Wojtyła (1920-2005), arbh fhearr aithne air mar an Pápa Eoin Pól II. D’úsáid sé ainmneacha cleite eile, freisin – ina measc Stanisław Andrzej Gruda agus Piotr Jasień – dá chuid scríbhinní neamh-eaglasta, a foilsíodh thar tréimhse níos mó ná 30 bliain i bpríomh-nuachtáin agus irisí na Polainne.

Carachtar ab ea Andrzej Jawien in úrscéal a raibh an-tóir air ag leitheoirí sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Mór. Is dealraitheach gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte léi. - MohU.

Intleachtóir

Goidtear asat áineas, éagsúlacht, féith na fionnachtana, grá spáis, uaithe A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar.

Ná bris mo chosaintí, glac le cuid an duine: gach bóthar teann i dtreo na hintinne.

Comhdháil

Brostaíd arís is arís eile: ní cillín é don tuirse; fiú iad sin is sine a chorraíonn ar éigin ar a nglúna, ullamh don chluiche. Súile a lagaíonn, súile óga ar aon, feiceann an t-iomlán: saol a éilítear ar a gcorp is ar a n-anam, ó bheatha a dheonaid, ó bhás a charaid. Ina ghadaí a thiocfaidh an saol sin, tógfaidh ár maoin. Bocht dearóil, gloine sinn a bhféachfar tríd, a ghearrfaidh, a fhrithchaithfidh. Céasfar de choinsias é is i lár an ollteampaill seo ní mór cneasú don domhan scoilte.

Duine Croí na Staire

25

Glaoim thú, lorgaím tú, arb ionat corp stair an duine. Druidim i do ghaor, ná habair 'bí istigh' abair 'bí'.

Bí san áit nach bhfuil taise, ann a bhí an duine, bhí go hanam, go croí, pian, mian is meoin. [líne ar lár] Bí id shíor-mheadar ar fhírinne dallchreatha ithire. Ó a dhuine, ionat a chastar arda ár mbith ar á n-úirísle, duitse ní ualach dorcha atá ionainn istigh ach croí.

Duine ina bhfaighidh gach duine a bhunmhúnla, is foinsí a ghníomh: scáthán na beatha is an bháis ag stánadh ar shruth an daonna.

Trí uiscí na staire sroichim tú i gcónaí ag siúl i dtreo gach croí, i dtreo gach smaoinimh (stair - iomarca smaoineamh, bás croíthe). Iarraim do chorp don stair ar fad, lorgaím do dhomhaine.

© By M Reel / Shutterstock

This article is from: