3 minute read

Ag Freastal ar an Dá Thrá Spioradálta Ashley Evans SJ

4

Ashley Evans SJ

Ag Freastal ar an Dá Thrá Spioradálta

Saolaíodh an deirfiúr is óige ná mé nuair a bhí mé sé bliana déag.

Ón méid a d'fhoghlaim sí ag an meánscoil san oideachas reiligiúnach, bhí níos mó eolais aici ar conas míorúiltí Mhedjugore a mhíniú, ná mar a bhí cur amach aici ar mhíorúiltí sna Soiscéalta.

Chuir sé aiféala orm a laghad is a d'éirigh linn mar chlann, an creideamh traidisiúnta agus an deabhóid phearsanta do Chríost a bhíodh againn, a tharchur slán go dtí an chéad ghlúin eile.

Ag an am céanna, ba léir dom nárbh aon chabhair don iarracht, an dearcadh éadóchasach agus gurbh é an duairceas seo féin a rachadh in éadan iarracht na soiscéalaíochta ón dtosach.

Ní mé go léiríonn úrscéalaithe na linne seo 'spiorad' na haoise, nó meoin an chultúir, mar ábhar machnaimh dúinn.

Cuireann údair áirithe spéis ar leith san tóir sprioradálta is croílár an chaidrimh dhaonna.

Pléann scéalta an úrscéalaí Bhreatnaigh Ian McEwan le muintir na Breataine a bheag nó a mhór; Breatnaigh is ea na carachtair a léirítear, agus is sa Bhreatain féin a thiteann eachtraí na n-úrscéalta – a théann i bhfeidhm ar na carachtair – amach.

I gcás úrscéalta Mhaggie O'Farrell, pléitear le carachtair ar Sasanaigh, Gaeil, Breatnaigh, agus Albanaigh iad, ach téann síorthaisteal an domhain, agus eachtraí a thiteann amach ar thaobh thall na cruinne, i bhfeidhm ar na pearsana seo. Do b'fhéidir a áiteamh gur seachránaithe cultúrtha is ea na Gaeil anois, cos abhus acu, agus cos ar fán.

Chonac a leithéid ag titim amach i measc mac léinn Chiméarach, nuair a bhí mé im mhisinéir sa Chambóid.

Ar leibhéal amháin maireann dlúthnasc idir iad féin agus a gcultúr dúchasach; ar leibhéal eile, is mór a théann anáil chultúir chumasacha eile i bhfeidhm orthu.

Is féidir leo, go héasca, dreas de rince traidisiúnta fear agus ban a chur ar fáil; agus díreach ina dhiaidh sin, a bheith ag damhsa in éineacht leis an bpopghrúpa cáiliúil cailíní nó buachaillí is déanaí, ón gCóiré.

Tá mar a bheadh cómhrá leanúnach cultúrtha idir an dá chineál in aigne agus i gcroí na ndaoine seo. Má sea, cé gur féidir leas iontach a bhaint as an 'tseachránacht chultúrtha', ní mór cumainn dhoimhin thraschultúrtha a bhunú nó a chruthú tríd an iarracht sin; mar más eachtraíocht dhromplach amháin atá i gceist ní fhásann comhthuiscint chultúrtha, comh-

5

mhachnamh domhin, ná aon dea-thoradh eile ar an dteangmháil.

Tharlódh go bhfanfadh an duine 'scoilte' ar an dtaobh istigh, seachas a bheith 'comhtháite'.

Is léir go bhfuil tréan-iarrachtaí dá ndéanamh de shíor i measc pobal éagsúla ar fud na tíre – ins gach ceantar, nach mór – pobail téarnaimh a bhuanú trí ghrúpaí AA, mar shampla, i gceantair ar léir gur theip ar an gcumas 'comhtháite' sa phobal sin.

Thárlódh leis, go bhfuil ‘seachránacht spioradálta' ar bun ag Éireannaigh, sa mhéid is go bhfuil siad sásta triail a bhaint as ióga, Tai-Chi, nó as midheamhnas Vipassana Búdaíoch, agus iad ar thóir sásaimh spioradálta, agus comhtháiteachta.

Ar chuma éigin, níor sholáthair an t-oideachas agus an tógáil Chaitliceach nó Chríostaí, a fuaireadar, an tsíocháin agus an comhtháthú a shanntaíonn siad iontu, go fóill.

Más amhlaidh atá, teipfidh ar aon iarracht shoiscéalaíochta nach dtógfaidh aird ar ghné seo na seachránachta cultúrtha nó spioradálta, atá anois ina cuid de thaithí na luchtanna éisteachta.

Lochtófar an cur chuige as a bheith cúng, áitiúil, agus seicteach.

Ní mór an dúshlán a thabhairt: agus bealach a aimsiú a chuimseoidh taobh na seachránachta agus an taobh traidisiúnta, diamhair araon.

Ní mór don misinéir an dá thaobh a thabhairt leis, go pearsanta, sara dtéitear i mbun na soiscéalaíochta.

Tharlódh nach féidir dul i mbun na soiscéalaíochta, go héifeachtúil – go dtí go gcruthaítear spioradáltacht dhoimhin sa soiscéalaí: trí bhlianta fada a chaiteamh, sa chéad áit, ag éisteacht le taithí daoine eile, agus sa tarna háit, i mbun paidreoireachta mídheamhnaí.

© Elite Studio / Shutterstock

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA NOLLAG, 2018 Go n-aimsí na daoine, a bhfuil baint acu le cothú agus le tarchur an chreidimh, córas comarsáide a chuirfidh ar a gcumas cultúr na linne seo a phlé, a réiteoidh le coinníollacha na haimsire.

Foclóirín: tarchur = transmission; midheamhnas Vipassana Búdaíoch = Buddhist Vipassana meditation; duairceas = gruaim, tromchroí; seachránacht = nomadism.

AR FÁIL ANOIS Ó FS AR €10

FS agus An Timire, 37 Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02,W938 Teil: 01 7758502 – rphost: antimire@gmail.com

This article is from: