An Timire - Geimhreadh 2018

Page 4

4

Ashley Evans SJ

Ag Freastal ar an Dá Thrá Spioradálta Saolaíodh an deirfiúr is óige ná mé nuair a bhí mé sé bliana déag. Ón méid a d'fhoghlaim sí ag an meánscoil san oideachas reiligiúnach, bhí níos mó eolais aici ar conas míorúiltí Mhedjugore a mhíniú, ná mar a bhí cur amach aici ar mhíorúiltí sna Soiscéalta. Chuir sé aiféala orm a laghad is a d'éirigh linn mar chlann, an creideamh traidisiúnta agus an deabhóid phearsanta do Chríost a bhíodh againn, a tharchur slán go dtí an chéad ghlúin eile. Ag an am céanna, ba léir dom nárbh aon chabhair don iarracht, an dearcadh éadóchasach agus gurbh é an duairceas seo féin a rachadh in éadan iarracht na soiscéalaíochta ón dtosach. Ní mé go léiríonn úrscéalaithe na linne seo 'spiorad' na haoise, nó meoin an chultúir, mar ábhar machnaimh dúinn. Cuireann údair áirithe spéis ar leith san tóir sprioradálta is croílár an chaidrimh dhaonna. Pléann scéalta an úrscéalaí Bhreatnaigh Ian McEwan le muintir na Breataine a bheag nó a mhór; Breatnaigh is ea na carachtair a léirítear, agus is sa Bhreatain féin a thiteann eachtraí na n-úrscéalta – a théann i bhfeidhm ar na carachtair – amach. I gcás úrscéalta Mhaggie O'Farrell, pléitear le carachtair ar Sasanaigh, Gaeil,

Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 4

Breatnaigh, agus Albanaigh iad, ach téann síorthaisteal an domhain, agus eachtraí a thiteann amach ar thaobh thall na cruinne, i bhfeidhm ar na pearsana seo. Do b'fhéidir a áiteamh gur seachránaithe cultúrtha is ea na Gaeil anois, cos abhus acu, agus cos ar fán. Chonac a leithéid ag titim amach i measc mac léinn Chiméarach, nuair a bhí mé im mhisinéir sa Chambóid. Ar leibhéal amháin maireann dlúthnasc idir iad féin agus a gcultúr dúchasach; ar leibhéal eile, is mór a théann anáil chultúir chumasacha eile i bhfeidhm orthu. Is féidir leo, go héasca, dreas de rince traidisiúnta fear agus ban a chur ar fáil; agus díreach ina dhiaidh sin, a bheith ag damhsa in éineacht leis an bpopghrúpa cáiliúil cailíní nó buachaillí is déanaí, ón gCóiré. Tá mar a bheadh cómhrá leanúnach cultúrtha idir an dá chineál in aigne agus i gcroí na ndaoine seo. Má sea, cé gur féidir leas iontach a bhaint as an 'tseachránacht chultúrtha', ní mór cumainn dhoimhin thraschultúrtha a bhunú nó a chruthú tríd an iarracht sin; mar más eachtraíocht dhromplach amháin atá i gceist ní fhásann comhthuiscint chultúrtha, comh-

12/11/2018 09:06


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.