3 minute read

Cothrom na Féinne d’Íospartaigh Niamh Ní Dhomhnaill

14

Cothrom na Féinne d’Íospartaigh

Niamh Ní Dhomhnaill, Saoririseoir

Táthar tar éis ísliú céime a thabhairt d'Éirinn i rangú de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i dtaca le tíortha a bhfuil ag éirí leo cloí leis na híoschaighdeáin maidir le deireadh a chur le gáinneáil ar dhaoine.

Sa Tuarascáil um Gháinneáil ar Dhaoine 2018 chinniúnach a d'fhoilsigh Roinn Stáit SAM, íosghrádaíodh Éire ó Shraith 1 go Sraith 2 – rud is ionann lena cur i gcatagóir na dtíortha úd nach bhfuil íoschaighdeáin SAM á mbaint amach acu ainneoin go bhfuil iarrachtaí suntasacha á

ndéanamh acu.

De réir na Tuarascála, bíodh go ndearna Éire iarrachtaí suntasacha trí chomhoibriú le fiosrúcháin idirnáisiúnta agus trí chur le maoiniú do sheirbhísí na n-íospartach, ní raibh na hiarrachtaí seo sásúil i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Dúradh sa tuarascáil a foilsíodh le déanaí nár chuir an Rialtas ciontú i leith gáinneála i gcrích ó leasaíodh an dlí i 2013; nár tionscnaíodh ach trí ionchúiseamh i 2017, agus go bhfuil easnaimh mhillteacha ag gabháil le haithint agus le hatreorú íospartach.

Tugadh le fios sa tuarascáil gur laghdaigh an Rialtas iarrachtaí ar an dlí a chur i bhfeidhm. Dúradh gur tionscnaíodh 115 cás sa bhliain 2017 a bhain le gáinneáil i gcomparáid le 90 cás i 2016 agus 91 i 2015.

Dúradh nár bhain formhór na gcásanna seo le gáinneáil le lámh láidir, le calaois, ná le comhéigean ar mhaithe le dúshaothrú.

Dúradh freisin gur aithin an Rialtas 103 íospartach gáinneála amhrasta (lena n-áirítear ceithre chás arbh leanaí iad na híospartaigh), i gcomparáid le 95 i

2016 agus 78 i 2015.

As na híospartaigh a aithníodh, baineadh mí-úsáid as 63 acu trí gháinneáil ar ghnéas agus baineadh mí-úsáid as 35 acu trí gháinneáil ar obair. Mná ab ea 68 de na híospartaigh agus fir ab ea 35; Éireannaigh ab ea 28 acu, Rómánaigh ab ea 14, Indinéisigh ab ea 12 agus Nigéaraigh ab ea 12 eile.

Chuir saineolaithe a n-imní in iúl faoi iarrachtaí an Rialtais íospartaigh gáinneála a aithint agus dúradh nach raibh ról foirmiúil ag eagraíochtaí

‘Níl dóthain á dhéanamh in Éirinn maidir le cosc a chur ar gháinneáil ar dhaoine.’

15

neamhrialtasacha ná ag freagróirí tosaigh sa phróiseas aitheantais.

Cuireadh in iúl sa tuarascáil nár cuireadh ar fáil cabhair shíceolaíoch sainordaithe de réir dlí d'íospartaigh gáinneála agus go raibh na seirbhísí comhairleoireachta a bhí á gcur ar fáil ag eagraíochtaí neamhrialtasacha uireasach.

Dúradh nach ndearna an Rialtas iarracht an t-éileamh ar gháinneáil ar ghnéas nó ar obair de éigean a laghdú agus nár cuireadh maoiniú ar fáil chun beolíne náisiúnta i dtaca le gáinneáil a oibriú.

Aithníodh go raibh seoladh r-phoist tiomanta ag an nGarda Síochána le haghaidh glacadh le tuairiscí faoi gháinneáil a bheith ar bun agus gur ghníomhaigh na Gardaí ar bhonn 31 de na r-phoist a fuair siad.

Dúradh sa tuarascáil, faoi mar a cuireadh in iúl sna comhthuarascála le cúig bliana anuas, gur tír cinn scríbe agus tír foinse í Éire ó thaobh fir, mná agus páistí a fhulaingíonn drochúsáid ghnéasach, agus gníomhaíochtaí coiriúla d'éigean san áireamh.

Dúradh ann gur tháinig íospartaigh ón Afraic, ón Áis agus ó oirthear na hEorpa.

Thuairiscigh na húdaráis go bhfuil méadú tagtha ar an líon íospartach amhrasta ón Nigéir, ón Indinéis, ón mBrasaíl, agus ón bPacastáin, a deirtear sa tuarascáil.

Daoine atá ina n-íospartaigh de bharr obair éigeantais, aithnítear go bhfuil siad ag gabháil d'obair tí, gnó na mbialanna, bainistiú dramhaíola, iascach, obair shéasúrach talmhaíochta agus seirbhísí glantachán gluaisteán, de réir na tuarascála.

Deirtear freisin go n-aithnítear sna tuairiscí a thug fir de bhunadh na Síne agus Vítneam ar ionchúisíodh agus ar ciontaíodh iad faoi shaothrú channabais roinnt táscairí ar obair éigeantais, mar atá coinneáil cáipéisí, srian a chur ar bhogadh ó áit go háit agus luach saothair gan íoc.

Dúradh sa tuarascáil gur thug an Rialtas le fios go raibh méadú ag teacht ar obair de éigean sa tír.

© A3pfamily / Shutterstock

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ FEABHRA, 2019 Go bpléitear go fial leo siúd a fhulaingíonn faoi gháinneáil ar dhaoine, le daoine atá i ngaiste faoi striapachas éigeantach, agus le daoine a éalaíonn ón bhforéigean.

Foclóirín: íospartach = victim; marthanach = rud a mhaireann i bhfad; gáinneáil ar dhaoine = human trafficking.

This article is from: