3 minute read

Crainn agus Críostaíocht Dónall Ó Cnáimhsí

42

Dónall Ó Cnáimhsí

Crainn agus Críostaíocht

De réir na staire agus an tseanchais, thosaigh Naomh Pádraig ar a mhisean leis na Gaeil a thabhairt i dtreo na Críostaíochta sa bhliain 432 agus de réir na staire agus an tseanchais chéanna bhí sin bainte amach aige a bheag nó a mhór nuair a d'éag sé sa bhliain 463. D'éirigh le Naomh Pádraig dul i bhfeidhm ar na Gaeil trí idirdhealú a dhéanamh idir cumhacht na heaglaise agus cumhacht na dtaoiseach págánach dúchasach.

Cé gur choinnigh na taoisigh a gcumhacht ríoga i ndiaidh dóibh iompú ar an Chríostaíocht, d'éirigh leis iad a mhealladh a gcumhacht phágánach a ghéilleadh don eaglais, do na heaspaig.

I ndiaidh do bhás Phádraig bhog an eaglais in Éirinn de réir a chéile ar shiúl ó theagasc na heaglaise Rómhánaí agus i dtreo eaglais neamhspleách a fhorbairt ar a dtugtaí an Eaglais Cheilteach.

Rinneadh mainistreacha a fhorbairt a bhí ceangailte le clanna na dtaoiseach áitiúil ach neamhspleách ar an Róimh. Is as bunadh na gclanna céanna seo a tháinig formhór na gcéad sagart a chuaigh i mbun chraobhscaoileadh an

tsoiscéil naofa in Éirinn. Ní raibh sé de nós acu seirbhísí foirmeálta a cheiliúradh i séipéil, ach ag leanúint leis an nós págánach as ar shíolraigh siad, thug siad faoin tuath le dul i bhfeidhm ar an phobal. Bhí meas agus urraim acu seo go fóill do na seantraidisúin agus na láthaireacha áirithe a bhí beannaithe sna traidisúin sin. Is iad seo láithreacha a mbeadh searmanais agus deasghnátha na págántachta a chomhlíonadh. Rinne na chéad sagairt ‘Ní fhaca siadsan na láthaireacha seo aon bhréagnú ná a bheannú agus ó shin amach bheadh trasnú i síoradhradh siad ina láthaireacha Críostaíochta. Ach an nádúir agus cé gur láthaireachta síoradhradh an chroí Críostaíochta a bheadh iontu, níor ró-naofa.’ cuireadh deireadh le cuid de na seantraidisúin nó na seandeasghnátha: ba shíoradhradh na gcrann agus tearmainn coille ceann de na traidisiún ársa a mhair anuas trí na cianta. Bhí síoradhradh na gcrann mar pháirt thábhachtach don Ghiúdachas chomh maith agus tá go leor tagairtí do chrainn naofa sa seantiomna. Phioc Ádhamh agus Éabha an t-úll ó chrann na haithne,

43 43

© riganmc / Shutterstock

thuirling an tiarna ag Maoise as tor lasta agus chónaigh Abrahám i ndoire naofa.

Theagasc Íosa na deisceabail i measc na gcrann olóige beannaithe i nGeitséamainí. Ar mhór-roinn na Eorpa bhí an eaglais rómhánach in aghaidh an mheascáin seo idir an Chríostaíocht agus an phágántacht agus rinne misinéirí mar Martin as Tours a seacht ndícheall deireadh a chur leis. Scrios seisean go leor de na seanláthaireacha págántachta agus leag go talún go leor de na crainn bheannaithe. As Sionad Arles 452 agus Sionad Tours 567 tháinig orduithe na láthaireacha págántachta ar fad a scrios. Ach in Éirinn le linn na tréimhse céanna bhí na naoimh agus na misinéirí ag comhnascadh na sean-deasghnátha págántachta leis an chreideamh úrnua Críostaí.

Ní fhaca siadsan aon bhréagnú ná trasnú i síoradhradh an nádúir agus síoradhradh an chroí ró-naofa. Mhair an Eaglais Cheilteach agus na dlíthe féineachais in Éirinn go dtí gur tháinig an Pápa Gréagóir VII i gceannas in 1073 agus faoina stiúir rinneadh athleasú ar an Eaglais Rómhánach agus diaidh ar ndiaidh rinne a gcumhacht a chur i bhfeidhm in Éirinn agus an Eaglais Cheilteach mar a bhí sí a chur faoi smacht. Rinneadh comhdháil athleasaithe a reáchtáil i gCaiseal, i gCeanannas Mór agus in Rath Bhreasail. Rinneadh Éire a roinnt ina dhá leath eaglasta, leath Mhogha faoi Chaiseal agus leath Chuinn faoi Ard Mhacha agus as sin amach bheadh cumhacht na Róimhe ar fud an oileáin. Ach cé gur éirigh leo struchtúr agus rialacha na hEaglaise Rómhánaí a chur i bhfeidhm, agus fiú go dtí an lá inniu ann tá spioradáltacht iontach le mothú i measc na bpobal a ba chráifí agus iad ag síoradhradh crainn naofa, tobair bheannaithe nó ar oilithreacht chuig láthair iargúlta. Maireann an meas agus an urraim don nádúr san eaglais anseo i gcónaí agus sin mar ba chóir.

© Martew Gerber / Shutterstock

Foclóirín: deasghnáth = ritual; láthair = ionad, suíomh; bunadh = sliocht, cine; féineachas = seandlíthe traidisiúnta na hÉireann.

This article is from: