
1 minute read
Leathanach na Litreacha
13
6/9/18 Bainim tairbhe agus taitneamh as an Timire cé go bhfuil 92 bliain slánaithe agam agus radharc na súl ag dul i laige! Rath Dé ar an eagarthóir agus ar an mBord Eagarthóireachta.
An tSr. F.
10/9/18 An eisiúint is fearr le tamall, go háirithe na dánta agus alt faoi leabhar Uí Mhuirthile. Tá an leabhar agam agus léite 100%.
D.Ó C.

1/6/18 A Eagarthóir, Míle buíochas as ucht an irisleabhar deas a chuireann tú ar fáil gach séasúr duinn. Tá rud éigin ann do gach aois. Ní raibh fhios ag mo chairde anseo i dtuaisceart Ros Comáin faoi go dtí gur thaispeáin mé dóibh é. Tá siad chun An Timire a ordú dóibh fhéin anois agus dá gcairde freisin mar bhronntanas. Go fada a mhairfidh sé. Le gach dea-ghuí,