3 minute read

Raidió na Life 25 Bliain ar an Aer Muiris Ó Fiannachta

28

Muiris Ó Fiannachta Bainisteoir Raidió na Life

Tá Raidió na Life Fiche Cúig Bliain ar Aer!

Ag craoladh ar mhinicíocht ‘102 Beo’ ar an mbanda FM nuair a thosaigh sé ag craoladh i 1993, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió eile lán-Ghaeilge a bunaíodh i ndiaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-aon seirbhís raidió Gaeilge a bhí ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar feadh breis agus scór bliain roimhe sin. Mar stáisiún pobail comhleasa, ba é Raidió na Life an chéad

stáisiún raidió pobail in Éirinn a fuair ceadúnas craolacháin ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách, réamhtheachtaí ar Údarás Craolacháin na hÉireann, chomh maith.

Ón uair gur thosaigh sé ag craoladh i 1993, ghin an stáisiún agus a chraoltóirí clú dóibh féin go tapaidh mar stáisiún a bhí ceannródaíoch i réimse an chultúir óige, agus go háirithe cultúr óige na Gaeilge. Bhí faobhar uirbeach ag baint le stíl chraolacháin an stáisiúin a d’fhág gur sheas sé amach go mór ag an am, ní amháin i dtírdhreach na meán cumarsáide Gaeilge (bheadh breis agus trí bliana eile ann, mar shampla, sular tháinig Teilifís na Gaeilge / TG4 ar an bhfód) ach i dtírdhreach na meán in Éirinn trí chéile. Bhí an stáisiún tapa ón tús ag aimsiú is ag leagadh spotsholas ar cheol nua nach gcloisfí in aon áit eile ar na haerthonnta, agus rinne ceannasaíocht Raidió na Life cinneadh a d’athródh an cur chuige a bhainfeadh le seirbhísí raidió Gaeilge a thiocfadh ina dhiaidh – is é sin, go gceadófaí liricí Béarla a sheinm ar an stáisiún, rud a bhí réabhlóideach ag an am – agus rud a chreid daoine eile gur mheall sé daoine nua le héisteacht le cláir raidió trí Ghaeilge, bíodh agus go mbeadh an ceol i mBéarla cuid mhaith.

Is iomaí craoltóir cáiliúil a chur tús lena ngairmeacha craolacháin le Raidió na Life – go minic mar oibrithe deonacha. I measc na réaltaí móra a d’oibrigh mar láithreoirí deonacha leis an stáisiún sa chéad bhliain ar aer, bhí Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Comhfhreagraí na nEalaín is na Meán

‘Leanann an stáisiún ag cur ardán ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine de gach aois le taithí chraolacháin a ghnóthú.’

29

le RTÉ News, Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tuilleadh. Láithreoirí raidió eile clúiteacha a d’fhoghlaim a gceird i RnaL ná Aedín Gormley, láithreoir le RTÉ Lyric FM, Cormac Ó hEadhra, láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió 1, agus mórán eile nach iad.

Sa 25 bliain ó shin, tá na mílte craoltóir deonach tar éis clár a chur i láthair ar Raidió na Life nó páirt a ghlacadh sa stáisiún ar shlí amháin nó ar shlí eile. Leanann an stáisiún ag cur ardán ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine de gach aois le taithí chraolacháin a ghnóthú agus le smaointe nua a fhorbairt sa chraolachán Gaeilge tríd na cláir a chuireann siad i láthair ar an stáisiún. Mar stáisiún a fheidhmíonn ar bhonn deonach go príomha agus a bhraitheann ar thacaíocht ón phobal, is iad craoltóirí deonacha Raidió na Life croí agus anam an stáisiúin.

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 25 Meán Fómhair 1993 mar stáisiún pobail sainspéise. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le beirt fhostaí eile páirtaimseartha. Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain. Feidhmíonn sé faoi stiúir boird stiúrtha deonach freisin. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, comharchumann pobail neamhbhrabúis a bunaíodh i 1989 le seirbhís raidió Gaeilge a bhunú is a fhorbairt do Bhaile Átha Cliath, a reachtálann Raidió na Life. Is féidir le baill den phobal ballraíocht a ghlacadh sa chomharchumann trí scaireanna a cheannach (eolas ar www. raidionalife.ie)

Foclóirín: stáisiún pobail comhleasa = special interest community station; ar bhonn deonach = on a voluntary basis; scaireanna = shares.

© Dmitri Ma / Shutterstock

This article is from: