An Timire - Geimhreadh 2018

Page 24

24

Trí Dhán le 'Andrzej Jawien' Aistrithe ón bPolainnis ag Mícheál Ó hUanacháin Bhí ‘Andrzej Jawien’ ar na hainmneacha cleite a d’úsáid Karol Wojtyła (1920-2005), arbh fhearr aithne air mar an Pápa Eoin Pól II. D’úsáid sé ainmneacha cleite eile, freisin – ina measc Stanisław Andrzej Gruda agus Piotr Jasień – dá chuid scríbhinní neamh-eaglasta, a foilsíodh thar tréimhse níos mó ná 30 bliain i bpríomh-nuachtáin agus irisí na Polainne. Carachtar ab ea Andrzej Jawien in úrscéal a raibh an-tóir air ag leitheoirí sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Mór. Is dealraitheach gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte léi. - MohU.

Intleachtóir Goidtear asat áineas, éagsúlacht, féith na fionnachtana, grá spáis, uaithe A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar. Ná bris mo chosaintí, glac le cuid an duine: gach bóthar teann i dtreo na hintinne.

Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 24

12/11/2018 09:07


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.