An Timire - Geimhreadh 2018

Page 38

38

Turas go hOileán Í

Colm Ó Ceallacháin

Fágaim an bád farantóireachta i mo dhiaidh agus siúlaim thar an mhainistir, ag tabhairt mo chúil leis an slua. Pé siocair a bhí le Colm Cille ag tabhairt a chúil le hÉirinn, is ní heol dúinn inniu an bhfuil bunús ar bith leis an scéal a deir gurb eisean ba chúis le Cath Chúil Dreimhne, thogh sé ionad álainn dá dhíseart. Níl le rá ag Adhamhnán, a chéadscríobh beatha an naoimh, ach ‘pro Christo peregrinari’, gur chuaigh sé ar deoraíocht ar son Chríost, agus b'fhéidir gur leor sin mar mhíniú. Bhí bá ag Colm Cille le hainmhithe is leis an nádúr, más fíor na scéalta faoi. Dúradh gur chuir sé iachall ar a chuallacht aire mhaith a thabhairt don chorr éisc a séideadh aniar as Éirinn le linn stoirme is é i ndeireadh na feide, agus bhí a oiread ceana ag a ghearán bán air gur leag sé a cheann in ucht an naoimh nuair a bhraith sé Colm Cille ag saothrú an bháis. Deirtear liom inniu nach raibh a leithéid de Mheitheamh anseo le fada an lá, idir theas agus triomacht, is tá an féar á ghearradh ar fud an oileáin is mé ar mo bhealach ó thuaidh. Tá draíocht ag baint le hOileán Í gan aon amhras, ach tá pobal de chúpla céad ina chónaí anseo freisin is iad ag saothrú na talún, ba agus caoirigh ag innilt sna goirt ar ’chaon taobh díom. Nuair a shroichim ceann thuaidh

Timire Winter 2018 Brendan v2.indd 38

an oileáin, Tràigh Bàn nam Manach, preabann deilf amach as an uisce os mo chomhair. Pé acu cuireadh chun snámha é nó mo dhúshlán á thabhairt aici, isteach liom caol díreach in uiscí glana, fuara Shruth na Maoile. Ag gabháil an bhóthair ó dheas arís dom tagaim ceann i ndiaidh a chéile, mar a bheadh clocha ar phaidrín, ar roinnt de na suímh atá luaite le Colm Cille is a chuallacht. An mhainistir féin ar dtús, agus taobh leis fothrach Thaigh Chailleachan-dubha, clochar na mban rialta. Cnoc an tSítheáin ansin mar ar labhair sé leis na haingil agus Cnoc Chúl le hÉirinn, áit ar dhearbhaigh sé nach mbeadh radharc choíche aige 'ar fheara Éireann ná a mná.' I bhfíordheisceart an oileáin atá an trá ar a dtáinig Colm Cille i dtír uirthi. Dhá dhuirling atá ann i ndáiríre, agus carraig mhór á ndeighilt óna chéile. In ainmneacha an dá thrá tá léargas, b'fhéidir, ar thréithe contráilte an duine. Is éasca naomhóg na manach a shamhlú ag teacht i dtír ar Phort a' Churaich agus iad lán de dhúthracht, ach cén bunús atá le hainm a leathchúpla, Port an Fhir-Bhrèige? 'Ciall Cholm Cille i mo cheann' an phaidir a deirtear is duine ag dul i mbun comhairle, agus 'caint Cholm Cille i mo bhéal.' Mar is dual do

12/11/2018 09:07


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.