IRISH
‘An Fiach’ Liam Ó Flaihearta
This short story comes from a collection titled ‘Dúil’ which means Desire, and this story in particular relates to the theme of
Bhí creag mhór sínte le farraige agus gleannta caola féaracha ag lúbadh anseo agus ansiúd idir na leacacha, ó bharr na haille. Tháinig gadhar buí isteach sa gcreag. Sheas sé ar thrí chois agus shín a eireaball. Fuair sé boladh coinín. Thug sé rith te reatha suas an gleann: a shrón le talamh. Sheas sé arís – ar croitheadh – a chluasa bioraithe. Ansin chas sé isteach i measc na scailp, ag léimneach anonn is anall, ag casadh go dlúth arís agus arís eile, ag smúrthacht an bholaidh the a bhí fágtha ar na leacacha glasa sleamhna ag cosa an choinín. Fá dheireadh sheas sé de thaghd ar aghaidh dhá chloch a bhí seasta guala le gualainn agus poll caol eatarthu. Chonaic sé coinín suite sa bpoll. Bhí droim donn an choinín i bhfogas dhá shlat dá shrón. Dhírigh a chorp agus thit a dhá chluais a bhí bioraithe roimhe sin. Tháinig torann tobann tapaidh, ar nós línéadaigh róthirim a réabfaí go mear, nuair d’éirigh an coinín amach as dídean na gcloch. Léim sé thar an leic a bhí idir é féin agus an gleann. Chas sé agus a thaobh le talamh, ar nós báid fholaimh a leagfaí faoi ghaoth láidir. Lig an gadhar sceamh agus osna. D’éirigh sé den leic. Le neart a choirp agus le cuthach a léime stróic sé slisíní den leic lena chosa deiridh. Ag gabháil scarachosach tríd an aer, lig sé sceamh eile. Bhuail sé talamh sa ngleann. Baineadh treascairt as le saint a shiúil agus thit sé i ndiaidh a uchta. Ach bhí sé ina sheasamh arís ar bhualadh boise. Seo suas an gleann é i ndiaidh an choinín, a eireaball sínte uaidh, a bholg le féar agus sruth gealchúrach na feirge ag sileadh lena dhrad. Bhí ardán féarach ag trasnú na creige ó chlaí go claí, tuairim is fiche slat ar leithead. Bhí iallach ar an gcoinín an t-ardán a thrasnú chun a choinicéar a shroichint, in aice claí thoir na creige, amuigh ar bhruach na farraige. Nuair a chas an coinín as an ngleann, soir in aghaidh an ardáin, bhí an gadhar i bhfogas dhá shlat dá eireaball. Ghéaraigh siúl an ghadhair. Thug sé amhóg. Shíl sé droim an choinín a aimsiú. Chas an coinín siar. Bhí an gadhar ina dhiaidh aniar. Chas an coinín de phlimp isteach faoi bholg an ghadhair. Chuaigh siad timpeall ar a chéile trí huaire, ag iompú chomh mear sin nárbh fhéidir craiceann buí an ghadhair a aithint ó chraiceann donn an choinín. Suas leis an gcoinín arís. Suas leis an ngadhar ina dhiaidh. Bhuail sé srón ar an gcoinín san aer. Buaileadh an coinín ar spéice i mbéal an choinicéir. Thit an gadhar ina mhullach. Tháinig sian bheag thruamhéileach ón gcoinín agus tafann lúcháireach ón ngadhar. Bhí an marú déanta. ...