IRISH
‘ An Chéad Oíche ’ Pádraig Ó Cíobháin
This excerpt describes the first night a young man and woman spend together. We perceive in their conversation a kind of ellipsis, as we become aware
Bhí sí tamall ag machnamh. ‘Cad atá ar t’aigne?’ ‘Bhíos ag cuimhneamh anois díreach.’ ‘Cad air?’ ‘Is tú an chéad fhear riamh a thug bean orm. Is gnáthaí go dtugann daoine cailín orm. Is maith liom é sin. Bean. Bean is ea mise. Nach iontach an mhotháilt í. Téann criothán tríom nuair a thugann tú bean orm. Sin rud nár tharla riamh dom. Cuimhneoidh mé ar an oíche anocht go deo, fiú amháin má scaraimíd. Braithim gur bean anocht mé, den gcéad uair riamh. Fé mar gur fear tusa agus nach buachaill. Bhraithfinn i gcónaí im chailín beag scoile nuair a thugadh daoine cailín orm. Fiú amháin Aindrias. Cailín a thugadh sé orm.’ ‘Cé Aindrias?’ bhraith sé buille fé mar a bheadh lascadh fachta aige ó mhiúil san ucht. ‘Sin é an buachaill go rabhas ag dul ina theannta i Luimneach. Bhí sé sa choláiste corpoideachais ach bhí aithne againne, cailíní, ar na buachaillí go léir, ní nach ionadh!’ ‘Is dócha é. Conas a bhuailis le Aindrias, nó cad as é?’ Bhí sé tugtha suas ar fad anois aige dhi. Cheap sé siúralta go gcaithfeadh sé an oíche a thabhairt ag éisteacht léi ag caint ar a cuid fear. Bhraith sé saghas ina amadán aici, ach níor lig sé air é sin. Bhí an chaint seo ar fad an-mhíchompordúil dó. Chorraigh sé sa ghainimh fé mar a bheadh sé ag druidim uaithi. Domhan eile ina saol ab ea é seo ná raibh aon bhaint aige féin leis ach chaithfeadh sé éisteacht a thabhairt di. B’fhearr leis ná faic go n-éisteodh sí a béal agus scéal éigin eile a tharraingt anuas. ‘Loscadh ar Aindrias, pé hé féin,’ a dúirt sé ina chroí istigh. ‘Ó Chontae Laoise ab ea é. Fear mór ard, sé troithe go leith ar aoirde. Nach ait é go fir arda a bhíonn agamsa i gcónaí ach amháin tusa! B’ait leis na cailíní eile é sin anocht.’ Dhearg sé go bun na gcluas. B’fhearr leis a bheith na mílte ó bhaile. ‘An-lúthchleasaí ab ea é sa choláiste. Ní raibh éinne eile chomh hábalta leis. Bhí sé féin agus ceathrar dá chairde i dtigh ag fanacht. Bhí an tigh ar cíos acu. Théinnse agus cúpla cailín eile ó mo bhliain ar cuaird go minic chucu. Is mar sin a chuireas aithne air. Ansin thosnaíomair ag dul amach le chéile. Agus rud a bhí an-ait mar gheall air, ní air a bhíos ag faire in aon chor ach ar leaid eile. Tom an ainm a bhí air sin. Leaid aoibhinn ab ea é, ach bhí sé an-chúthaile...