West & Mid Kerry Live issue 290

Page 26

Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne Blúire Béaloidis ó Scoileanna Chorca Dhuibhne: Na Tiarnaí Talún Sé Lord Cork an tighearna a tháinig ó Chorcaig. Tháinig sé annso isteach timcheall dachad bliadhan ó shoin. Ní hé féin a tháinig acht a chaptaén. Thóg sé ó mhuinntir an Oileáin gach naomhóg agus bád a bhí aca is thug leis iad. Do chuir Lord Cork amach baintearach as a tig thíos san Leitir Ubhach. Ní raibh sí ag díol aon chíosa mar bhí sí bocht. Ní raibh aon chlann aici. Ní raibh aici acht an taon bhó amháin. Do chaith sé amach ar an mbán í. Bhí sí annsan is n'feadar sí cá bhfanfadh sí. Leig cómharsa isteach í acht i lár na h-oidhche chuir Lord Cork agus an captain ag triall uirthi á rádh léi ná raibh cead aici a bheith istig in aon tig nú éinne a leigfheadh isteach í go mbeidís féin amuich leis. Bhíodar seo ag díol an chíosa. Cailleadh an bhaintreach amuigh ar an mbóthair. Do bhí na tighearnaí talmhan ana chruaidh an uair sin. Do tháinig tighearna mná annsan i bhfánn. Do bhí sí ana chruaidh ar fad. Chaitheadh sí amach na daoine ná féadfad an cíos a díol. Do chuir sí báillí annso. Bhí báille i dtig annso chuaidh sé anáirde air bárr an tighe. Tig tuighe a b'eadh é. Sháig an bhean an díos isteach na cheathrú. Siúd an fhuil ag teacht. D'imthigeadar is seana bhlas air a gcosa aca. Níor thánadar riamh ó shoin san Oileán. Do chuir Bess Rice — an tighearna — amach as a dtig Cáit bhán is a hathair i dtaobh ná rabhadar ag díol an chíosa. Caitheadh amach air an mbán iad is mílte eile nách iad. Bhí Cáit Bhán ana óg an uair sin. Súagán a bhíodh timcheall uirthi is í na baclainn ag a hathair. Gheibheadh sé Ceann Sléibhe aniar. Ní leigtí isteach in aon áit iad mar bhí spíarí ag Bess Rice. Isteach fé bhéal leice a théighidís. Théigheadh a hathair Seamus Bán ag soláthar teine di. Gheibheadh sé cúpla spré is chuireadh sé fén leic é chun í a bheith te. Oidhcheannta bhídis istig i dtig acht bhíodh scéigthe aige na spiairí ortha is chaithidhis a bheith ag imhtheacht. Bhíodar ag chaitheamh an tsaoghail go hana bhocht. Bhí Cáit Bhán mór an uair sin. Bhíodh truagh aige sna sagairt dos gach aoinne acht ní raibh aon leigheas air. Thóg an t-Athair Domhnall Ó Súilleabháin air láimh í. Chuir sé fé scrúdú i dTráidhlí í is dhéin sí é. Cailín ana mhaith i gcóir leitireachta a b'eadh í. D'fág an sagart le n'uacht aici scoil Cill Mhic a Domhnaig, an fhaid a bhead sí ann is ag a clann na diaidh. Thóg sí tig nuadh is bhí a hathair in aoinfheacht léi. Phós Cáit is mhaireadar go lántsásta acht tá Cait Bhán is a fear marbh anois is Flathais Dé go bfuighidh a nanam. Lord Ventry. Do bhí cúirt mór aige seo i mBaile 'n Ghóilin. Is innte anois atá Coláiste Íde. Sasanaig ar fad a bhí ann. Do bhí Lord Ventry ana chruaidh. Bhaineadh sé an stoc dos na daoine. Do chuir sé fear as a chuid talmhan i dtaobh ná raibh sé ag díol cíosa is roinn sé an talamh air na daoine a bhí ag díol an cíosa leis. Lord Mullins. Do bhí sé sin is Lord Ventry ag obair as láimhaibh a chéile. Beirt dearbhrathair 26 West Kerry Live

a b'eadh iad. Do chuiridís báillí go dtí sna daoine ná bíodh aon chíos a dhíol aca. Tosnuigheadar ag roinnt na talmhan. Do briseadh ortha. Do chuireadh as Bhaile an Góilín iad tuisg gur protustúnaig iad. Is thóg an riaghaltas Coláiste Íde ann. Tá an coláiste sin lán do Chaitlicig is tá séipéal dheas istig ann. Do chuir tighearna eile is captain chun talmhan a roinnt thíos timcheall Bhaile an Mhuillin. Roinn é is fágadh na daoine bóchta gan aon chuid den dtalamh. Is mar sin a deineadh an feall ar na daoine fadó.

every level from Beginner to Higher Level, will commence in October in Corca Dhuibhne/the Dingle area. For further details call Oidhreacht Chorca Dhuibhne at 066 9156100 or forward an e mail to eolas@cfcd.ie. An Assessment date for TEG will be organised for September. • Allagar na hAoine Blúire giolcaireachta ó Allagar na hAoine gach Aoine ag @AHaoine. Buíochas do Mhícheál Toose Mac Gearailt agus do Chian ó Lorcáin. Gach Eolas/Further Information: 066 9156100/ eolas@cfcd.ie

Is mó daoine a cailleadh leis an ocras is gan ach codhla amuigh fén spéir aca. Is mó chuid aca a tugadh leis a chuid leabthacha is a chuireadh i bpoll thíos ins na cuaiseanna iad. Nuair a tháinig na báillí annso fadó ceap na daoine go gcuirfí as na tighthe iad. Bhí gach seanabhean is a tocht chlúmh ar a drom aici a chur i bpoll. Ní fios cad a dhéanfhaidís dá mbeadh an tighearna inaon áit gairid dóibh. Bhíodar ró fhada uatha. Sé an áit go bhfuil Bannc na Mumhan anois an áit go mbíodh tig an tighearna Mullins.

• Cúrsaí do Dhaoine Fásta i mBaile an Fheirtéaraigh (Cúpla áit fágtha fós) 7ú - 11ú Meán Fómhair: Comhrá Ardleibheal; Comhrá Meánleibhéal; Costas: €225 Gach eolas ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne @ 066 9156100 nó cuir ríomhphost go dtí eolas@ cfcd.ie

Do cuireadh na Feirtéirig amach as a gcuid talmhan i bParróiste an Feirtéirig. Lord Ventry a dhéin an beart san. Chuadar síos ar an dtráig an fhaid sin agus thógadar tighthe beaga agus bhíodar ag maireachtaint ar iasg agus ar thalamh sgóir ar feadh cúig mbliadhna. Fuair an chuid críona bás agus annsan leigeadh isteach aríst iad.

Cláraigh at www.oidhreacht .ie. Register at www.oidhreacht.ie Tuilleadh Eolais/Further Information: 066 9156100 nó cuir ríomhphost chuig eolas@cfcd.ie. Call 066 9156100 or e mail eolas@cfcd.ie • Dioplóma sa Ghaeilge i gCorca Dhuibhne 2020/2020

Scoil: An Blascaod Mór.

Déanfaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne an cúrsa dhá bhliain seo a reáchtáil i gcomhar le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa tréimhse 2020/2022. Má tá suim agat freastal ar Chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge don dtréimhse cuir fios ar Chaitríona ag 066 9156100 nó seol ríomhphost chuig eolas@ cfcd.ie.

Múinteoir: Máire Nic Gearailt Faisnéiseoir: Eilís Bn. Uí Chearna Aois: c.60 Ábhar á fhoilsiú le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann www.duchas.ie Logainmneacha ó Chorca Dhuibhne (Ina luaitear gnéithe den gcósta):

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Bá: Bá an Daingin; Bá Thrá Lí; Bá Bhreandáin

Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Cuan: Cuan an Chaoil; Cuan Fionntrá; Cuan Ard na Caithne; Cuan an Daingin (nó Cuan an Daimh Deirg); Cuan Trá Bige Caladh: Bun Calaidh; Baile an Chalaidh; Caladh an Oileáin; Caladh na bhFeircíní Cuas/Cuaisín: An Cuaisín Geal; Cuas an Bhodaigh; Cuas an Chapaill; Cuas Diarmada; Cuas na Teorann Poll: Faill na bPoll; Poll an tSéideáin; Poll an Daimh; An Poll Doimhin; Poll an Bhallaigh Mar eolas daoibh! • Ranganna Gaeilge i gCorca Dhuibhne Fómhar 2020/21 /Irish Language Conversation Classes for 2020/2021 Más suim leat Cúrsa Comhrá Gaeilge TEG (Teastas Eorpach sa Ghaeilge) a dhéanamh, ag leibhéal ar bith, GlantosnaitheoriArdleibhéal, i nDeireadh Fómhair na bliana seo, cuir fios ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag eolas@cfcd.ie nó cuir glaoch ar 066 9156100. Féach www.teg.ie. Beidh Lá Measúnaithe don TEG á eagrú sa Daingean I mí Mheán Fhómhair. Irish Language Conversation classes with TEG Accreditation (European Framework for Language Learning See www.teg.ie), at

Milltown Branch Castlemaine Rd, Milltown, Co. Kerry

Supporting The Community We Serve Website www.rathmorecu.ie

Email rathmore@rathmorecu.ie

Tel: 066-97 67 777

WE ARE OPEN FRIENDLY AND LENDING Monday Tuesday Wednesday Thursday Friday Saturday

OPENING HOURS MILLTOWN OFFICE Closed 10 am to 4pm Closed 10 am to 1 pm 3 pm to 6 pm Closed

Rathmore & District Credit Union Ltd. is regulated by the Central Bank of Ireland. Terms & Conditions Apply.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.