26
Timire
Leathanach na Léitheoirí A Eagarthóir, a chara, Bhain mé idir taitneamh agus tairbhe as an alt úd ar Gaeilge a chur ar ‘discernere’. Tá cúpla moladh eile ag an gCoiste anseo: http://focal.ie/Search.aspx?term=discernment Ní saineolaí mé ar shaothar Iognáid ná baol air; ach feictear dom go bhfeilfeadh ‘aithint’ scaití – na spiorad a aithint thar a chéile – agus ‘scagadh’ scaití eile. Is gá, dar liom, abairtí/ nathanna seachas focail aonair a aistriú chun an ciall bheacht a aimsiú. Roinnt samplaí as http://corpas.focloir.ie/: ‘Nach mór an ní é nach féidir linn míorúilt Dé a aithint thar chleasaíocht an diabhail ?’ – Biddy Jenkinson, An Grá Riabhach ‘Ag iarraidh a bhí mé na ribíní eolais is na cuimhní a scagadh i m’intinn , na rudaí a chuala is a chonaic mé a dheighilt ó na nithe a d’inis daoine dom nó a chonaic mé ar an teilifís nó a léigh mé ó shin.’ -- Pádraig Ó Siadhail, Éagnairc Bua seo an bhunscagtha , an mhionscagtha , an mhínscagtha , tá sé aige go rábach . -Gearóid Denvir, Litríocht agus Pobal agus araile! Gach deá ghuí Aonghus Ó hAlmhain Na Bráithre Críostaí 1 Sráid Ristéamann Thuaidh Baile Átha Cliath 1 A Eagarthóir dhil, Is é Dia do bheatha! Táim ag scríobh chugat faoi alt san Timire (Geimhreadh 2012) ar Éamann Beannaithe Rís. Molaim go hard eolas, snas agus líofacht an údair ach is trua go deo nár luaigh sé dhá ghné de shaol an Bhráthar Bheannaithe: (1) gur imir sé iomáint – cluiche na sárfhear – nuair a bhí sé óg agus (2) níl oiread agus focal amháin Gaeilge a labhair Éamann luaite. Le gach dea-ghuí An Br. O B de Paor
A léitheoir chóir, tá do chúnamh uainn Tá gá againn le do thacaíocht leis an Timire a scaipeadh. An bhfuil daoine ar d’aithne a cheannódh an Timire dá mbeadh a fhios acu faoi? An dtógfá cóip nó dhó sa bhreis is iad a dhíol dúinn le cairde, nó ag an Aifreann Gaeilge sa pharóiste? An gcuideofá linn le síntús beag airgid le deá-scéal Íosa a scaipeadh i measc phobal Dé na Gaeilge. Bheadh fáilte roimh an tsuim is lú: €5; €10; €20; €50 de réir do mhéine is do chumais.