4
Timire
Guth Dé sa Chiúnas Paul Andrews SJ
Líon an tEaspag James Corboy as Monze, an tSaimbia ceistneoir tráth maidir leis na nithe is maith leis agus nach maith leis. Fiafraíodh de: Cad é is mó chuireann as duit? A léitheoir dhil, cén fhreagra a bheadh agatsa? Daoine áirithe? Fógraí teilifíse? An Aimsir? B’é ‘Torann’ an freagra díreach a thug James. Freagra a chuirfeadh iontas ort, ag teacht mar a rinne as baile beag tuaithe san Afraic. Ach chuir an tEaspag James luach ar chiúnas. Ní ciúnas folamh a bhí ann d’fhear urnaithe. Bhí spás ann do láithreacht diamhair eile – an Tiarna a labhraíonn gan focail. Seo an ciúnas atá á mholadh ag an bPápa mar ábhar urnaithe dúinn. Ní deacair a thuiscint go bhfuil ‘daoine ár linne báite i dtorann’, is é sin fogha faoinár éisteacht atá gann ar chéill ach a bhacann machnamh soiléir orainn. Na fógraí a scairteann orainn ón Radió, teilifís, na cláir fógraí, an idirlín; torann is mó is ea iad. Éist leis na fógraí: fad is atá cainteoir ag adhmholadh carr nó cosmaid éigin, beidh torann sa chúlra, leathbhreall ceoil go hiondúil, a mhúchann scaití an méid atá á rá. Níl muid ceaptha aird a thabhairt ar an dtorann; tá sé ann le bac a chuir orainn ó bheith ag smaoineamh ró dhomhain ar an truflais atá á fhógairt go gáifeach orainn.
Féach ar theaghlach ag suí chun boird. Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh aon fhíor comhrá báite ag torann ón dteilifís. Níl tuismitheoirí ná leanaí ag tabhairt aird ar an dteilifís ach sé an éifeacht atá aige ná iad a chosc ó éisteacht lena chéile. Torann atá ann. Ní gá dul chomh fada leis na gairmeacha is glóraí – foirne aerfoirt, tiománaithe Formula 1, rac-cheoltóirí, teachtairí gluaisrothair – le daoine atá báite i dtorann a aimsiú. Tarlaíonn sé duitse agus domsa de shíor. Goideann sé rud luachmhar uainn. Bhíodh sé de chúram orm daltaí a ullmhú don gCóineartú – cailíní agus buachaillí a bhí fíor ghníomhach agus corrthónach. An príomhrud a d’fhoghlaim muid ná ciúnas: conas suí socair, súile leath-dhúnta; thug muid aird ar ár n-análú, conas moilliú, agus an t-aer ag sruthlú trínár bpollairí a bhlaiseadh – ag líonadh ár gcolainn go domhain leis, agus ansin á fholmhú go mall tríd análú amach go séimh. I dtosach ní raibh sé ar chumas na gasúr sin a dhéanamh ach ar feadh thart ar tríocha soicind; ansin fuair siad blas ar an gciúnas agus bhí sé ar a gcumas ar feadh roinnt nóiméad. Nuair a chastar duine corrthónach ort, le matáin bhíogacha agus amhra luaineach, ní mhothaíonn tú go bhfuil tú ina láthair ná iadsan i do láthair. Cuid dár láithreacht do dhaoine agus do Dhia is ea colainn socair. D’fhéadfá bheith ar do ghlúine, ag seasamh, i do shuí, nó sínte béal faoi. Déanann tú iarracht an cholainn a stopadh ó bhogadh. Tugann tú aird ar rud éigin corpartha – an anáil ag sruthlú isteach ionat, nó na fuaimeanna dhéanann ionradh ar do chiúnas, nó feasacht an chraiceann a imchlúdaíonn tú. Samhlaigh d’aigne