An Timire - Samhradh 2014

Page 44

44

Léirmheas le Katie McGreal

SA MBAILE I MO CHOLAINN

Sa mBaile i mo Cholainn CD 1 Athchuairt le Pádraig Ó Fátharta Léirmheas le Katie McGreal Is dlúthdhiosca deas, séimh é seo a thugann deis agus treoir duit sos a ghlacadh ón saol. Sa chead dlúthdhiosca den tsraith ‘Sa mBaile i mo Cholainn’, ‘Athchuairt’, chuir an t-athair Pádraig Ó Fátharta seacht bpíosa cainte le chéile ina thugann sé treoir don éisteoir ionas gur féidir leo teacht ar ais orthu féin agus na smaointí ina gcloigeann a stopadh. Insíonn sé duit conas is ceart go mbeadh tú i do shuigh agus faoi na rudaí gur ceart duit smaoineamh orthu – conas a mhothaíonn do chosa i do bhróga agus mar sin. Ansin, insíonn sé scéal deas, go hiondúil ón mBíobla, don éisteoir. Tá idir scéalta faoi pháistí óga ag buaileadh le hÍosa agus mná faoi ionsaí ann. I bpíosa cainte amháin, iarrann sé ar an éisteoir dul ar siúlóid ina gcloigeann. Iarrann sé orthu lá breá gréine a shamhlú agus iad in ann sléibhte arda a fheiceáil i bhfad uathu. Nuair atá na héisteoirí ar an siúlóid seo, ina cloigeann féin, níl siad

Timire Summer 2014.indd 44

ag smaoineamh faoi chéard a bheidh acu don dinnéar nó céard é an chéad rud eile a gcaithfidh siad a dhéanamh. Tá siad ag glacadh sosa ó fhadhbanna agus dualgais an domhain mhór. Ag tús an dlúthdhiosca, tá réamhrá soiléir agus simplí. Míníonn sé céard go díreach atá i gceist leis an dlúthdhiosca, cén cineál áit ba cheart go mbeadh tú agus cé ar atá an dlúthdhiosca dírithe. Dála an scéil, is féidir le héinne atá ag iarraidh sosa ón smaointeoireacht atá ar siúl ina chloigeann é a úsáid ach cabhróidh sé má tá suim nó eolas agat ar na scéalta Bíobla. Is dlúthdhiosca maith é seo a mholfainn go hard ach múna bhfuil Gaeilge líofa agat agus taithí agat ar chanúint Chonamara tá seans go mbeadh deacrachtaí agat leis. Má chloiseann tú focal nó dhó nach dtuigeann tú, tá seans go smaoineoidh tú ar an bhfocal nó an frása sin agus nach mbeadh tú ag smaoineamh faoin scéal atá ag insint ag an gcainteoir. Is píosa cainte iontach deas é ‘An Paidrín in Inis Meáin’. Tugann sé tús deas réidh duit don dlúthdhiosca agus is píosa eolais deasa é freisin.

19/05/2014 12:48


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.