An Timire - Geimhreadh 2016

Page 14

14

Sorcha Ní Dhubháin

ROGHANNA Sílimid go bhfuil an-bhrú orainn sa lá atá inniu ann — ach ba mhaith linn gach rud ar ár mian. An fearr iad na laethanta fadó nuair a bhí ort éirí as do thóin chun caidreamh a dhéanamh in áit dul ar Tinder? Is tromchúiseach an cinneadh a bhí os mo chomhair. Allas ag teacht ó m’éadan agus m’aghaidh ag éirí te. Cad a roghnóinn? Bhí sé deacair smaoineamh leis an oiread réimse a bhí os mo chomhair. Nílim ábalta déileáil leis an mbrú seo. Éist! Cad atá do chroí ag impí ort? Go maith, cinneadh déanta, idirghníomhaíocht thart, Toblerone ceannaithe. Siúlaim amach as an siopa. Sinne an ghlúin nár oibrigh ródhian, sinne an ghlúin leis an saol bog, sinne an ghlúin gan teorainn. Agus an iomarca roghanna againn, an bhfuilimid níos sásta ná mar a bhíothas fadó? I mo thuairim nílimid, ach a mhalairt, folamh atáimid – folamh i gcorp, anam agus intinn. Ar nós matáin nár oibrigh le tamall táimid bog agus ag éirí níos boige i ngach slí. Tríd is tríd ní oibríonn daoine an lae inniu chomh cruaidh is a oibríodh fadó ó thaobh uaireanta an chloig, ó thaobh

Timire WINTER 2016.indd 14

fhisiciúlacht na hoibre agus ó thaobh na haoise a n-éiríonn daoine as an obair. Fadó nuair a chríochnaigh déagóirí an scoil chuadar ag obair. Anois imíonn daoine ag taisteal chun iad féin a “aimsiú”. Cad a bhíonn á lorg acu? Ní fios. Níl a fhios acu féin fiú. Tá iliomad rompu: cúrsaí, céimeanna, iarchéimeanna, coláistí, institiúidí, ollscoileanna agus postanna anois a chiallaíonn nach féidir le daoine óga a n-aigne a dhéanamh suas a thuilleadh. Féach ar thionscadal an bhia. Tá an réimse bia gur féidir a cheannach níos leithne ná riamh. Ina ainneoin seo, fós tá líon na ndaoine ag streachailt le fadhbanna meáchain fíor-ard. Tá sé dodhéanta daoine a shásamh. Tá gach sórt glasraí, torthaí agus gráin ag teastáilt ón bpobal ar sheilfeanna an ollmhargaidh ó thús go deireadh na bliana. Ní hamháin sin ach tá daoine ag súil go mbeidh bídh ó gach tír ar domhan ar fáil sa siopa áitiúil freisin. Chuala mé fear ag scréachach lá amháin le freastalaí foighneach san ollmhargadh: “Cad é? Níl aon dragonfruit agaibh? Cén saghas siopa é seo in aon chor?” Ba cheart do dhuine éigint míniú don bhfear seo i dtéarmaí loma díreacha

27/10/2016 09:24


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.