An Timire - Geimhreadh 2016

Page 30

30

DÁNTA Móra Duit, A Thír Ár nDúchais! Móra duit, a thír ár ndúchais! Dia dod’ sheoladh slán! Mochean dod’ bheannaibh borba! Mochean dod’ leathanlochaibh! Mochean dod’ aibhnibh is dod’ easaibh! Dod’ mhóintibh is dod’ mhághaibh! Is móra duit, a thír ár ndúchais! Go mairirse go bráth! Móra duit, a áitreabh éigse! Dia dod’ sheoladh slán! Aoibhinn ceol do chláirseach, Aoibhinn glór do shámhchrot, Aoibhinn do scéalta is do dhréachta Á síorghabháil ag baird! Is móra duit, a áitreabh éigse! Go mairirse go bráth! Móra duit, a bhuime laochraí! Dia dod’ sheoladh slán! Ag cosaint chlú is oinigh, Ag cosaint chrú do chlainne, Ag cosaint Chirt ar éigean Nirt, Níor stríocais fós do námhaid! Is móra duit, a bhuime laochraí! Go mairirse go bráth! Móra duit, a thír ár ndúchais! Dia dod’ sheoladh slán! An fhaid ’s is buan do bheanna, An fhaid ’s a ghluaiseas d’aibhne, An fhaid ’s a mhairfeas féar is fearann, Ní stadfam ó do ghrá! Is móra duit, a thír ár ndúchais! Dia dod’ sheoladh slán! Pádraig Mac Piarais

Timire WINTER 2016.indd 30

27/10/2016 09:24


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.