19
Sarah Devane Saoririseoir
An Saol Bog Tá an t-aos óg anois níos boige i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe den aos céanna, tríocha bliain ó shin. Deir go leor daoine go bhfuil na ‘millennials’ níos laige. Millennial: duine a saolaíodh sna hochóidí agus a d’fhás suas agus an Tíogar Ceilteach ag búirí. Is millennial mé. N’fhacamar lá cruaigh riamh ó thaobh eacnamaíocht na tíre de. D’fhásamar suas i rith ama sa tír seo go raibh airgead go flúirseach, flaithiúil ag gach éinne. Ansan bíonn saghas ionadh ar na millennials agus iad ag ceapadh gur mar sin a bheidh an saol: deas, éasca agus bog. Le déanaí sna nuachtáin, bhí sé ráite gur ceart do na millennials seo a gcrios a theannadh isteach ó thaobh airgid de. Ansan b’fhéidir go mbeidís ábalta a dteach féin a cheannach. Go bunúsach bhí na millennials ag gearán go raibh sé deacair teach a cheannach fad is a bhí tósta abhacád i láimh amháin acu agus chai cinnamon latté sa láimh eile. Cloisim iad anois: ‘níl teach agam AGUS tá mo chai cinnamon latté imithe fuar. *osna!*’ Níl mórán dúile agam in abhacáid. Caithfidh mé admháil áfach, táim ceanúil ar chai latté nó flat white anois agus arís. Ach sin na millennials duit, tá taithí a mianta á fáil acu agus gan aon obair á cur isteach ann.
Timire Winter 2017.indd 19
Aon duine idir fiche agus tríocha cúig bliain d’aois, ní post dian fisiciúil atá siad ag lorg, ach gairm de shaghas éigint. Tá laethanta na hoibre déine, fisiciúla san imithe, b’fhéidir. An ceart dúinn braistint ciontach, nach sluasaid atá inár lámh ach chai latté? Ní fios. Chuir Heaney síos ar choimhlint cosúil leis seo sa dán ‘Digging’: ‘But I’ve no spade to follow men like them. Between my finger and my thumb The squat pen rests. I’ll dig with it.’ Sna línte seo, tá brón agus céiliúradh ciúin le braistint. Is file é Heaney, fad is atá post fisiciúil ag a athair. Tá Heaney ag plé leis an bpáipéar, ní amuigh sa ghort cosúil lena athair. Tá lámha Heaney bog, fad is a bhí lámha a athar crua ón aer agus ón aimsir. San lá atá inniu ann is ealaín de shaghas í an leisciúlacht. Tógtar díomhaointeas go leibhéal nua. Bíonn daoine bródúil as na slite difriúla gur féidir leo faic a dhéanamh. Táimid ag maireachtaint in aois ina bhfuil ‘Netflix and chill’ mar chuid den ghnáthfhoclóir laethúil. Anois glactar le briseadh bliana ón gcoláiste nó ‘gap year’. Tá an aois ina socraíonn daoine síos
10/11/2017 15:11