An Timire - Fómhar 2014

Page 1

F���������� Í������� F����� 2014 € 3.75/Stg£3.25

Pádraig Standún, sagart Árainn Comórtas Ealaíne do pháistí Glaoch chun Misin An Dobhareach!

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Autumn 2014.indd 1

31/07/2014 11:43


Eagarfhocal

‘BONKERS?’

A

n bhfuil an ceart ag Máire Mac Gioll Íosa nuair a deir sí go bhfuil sé ‘bonkers’ / seafóideach ag an bPápa Proinsias a iarraidh ar easpaig teagasc na hEaglaise ar cheisteanna shaoil an teaghlaigh a rianú? Is cinnte nach bhfuil taithí thuismitheoirí ag easpaig na hEaglaise Caitlicí Rómánaigh. Ach an dteastaíonn taithí thuismitheora ó fhir a bhfuil sé de chúram orthu machnamh ar thrócaire Dé i leith saol na clainne agus an teaghlaigh? Ansin beidh sé de chúram orthu a marana a dhéanamh ar impleachtaí a machnaimh i leith teagasc na hEaglaise. Agus ní ar bhealach ar bith teibí, ach ar impleachtaí an teagaisc sin ar chúram thréadach an teaghlaigh.. An dteastaíonn taithí tuismitheora chuige sin? Nó an bhfuil siad ag an gcluiche mícheart, mar a deirtear i mbéarlagar an lae inniú? Is cinnte, dar le Máire, ár n-iarUachtarán, nár cheart an cúram a fhágáil fúthu mar nach bhfuil siad eolach ar an réimse sin de shaol an duine. Cé air a leagadh cúram teagasc na hEaglaise i leith an gcúram tréadach a rianú? Le fada leagadh an cúram sin ar Easpag na Róimhe. Cé go bhfuil cúram an teagaisc ag na heaspaig mar ghrúpa agus go haonarach is ó an easpag na Róimhe a lorgaíonn síad treoir. Féach ar easpaig na hÉireann a lorg treoir ó theagascóirí na Róimhe ar chúrsaí Yoga, Tai Chi, is Reiki. In áit féachaint chun na Róimhe mar lár ionad gach gaoise feictear go bhfuil an Pápa Proinsias ag iarraidh ar easpaig an domhain cúram a ghlacadh, in éineacht leis féin, de threoir a thabhairt ar cheisteanna

thréadacha is machnamh a dhéanamh ar impleachtaí na treorach a thugann siad. Cuid thábhachtach de na himpleachtaí sin ná an bhfeiceann daoine ionraice trócaire is maithiúnas Dé sa chúram a dhéanann na heaspaig dá gcás is dá gcruacás? An scathán do Dhia an cúram a dhéanann ár dteagascóirí do bheatha shaoil an teaghlaigh? Is ea i gconaí, ach cén íomhá de Dhia atá daoine ag feiceáil sa scathán sin? Dia na taise is na trócaire nó dia éigin eile? Dia an phrasbhreithiúnais nó Dia a bhfágtar an bhreithiúnas faoina chúram le muinín go ndéanfaidh Dia breithiúnas tuisceanach cóir in am tráth. B’fhéidir go gceapann Máire seo againne go bhfuil sé seafóideach cúram an mhachnaimh sin go léir a leagan ar scata seanfhir nár athraigh clúidín riamh, (más fíor nár athraigh!). Ach is orthu atá an cúram leagtha le sinsearacht. Bliain thábhachtach atá rómhainn. Ní sionóid amháin ach dhá cheann atá leagtha amach ag an bPápa Proinsias dóibh agus bliain mhór fhada eatarthu, blian mhór fhada de mhachnaimh – agus de dhiospóireacht phoiblí – ar na ceisteanna a thógfar, is dóigh. Thar aon am eile tá urnaí Phobail Dé de dhíth ar ár n-easpaig i rith na bliana atá romhainn. Seo tráth do aspalacht urnaitheach Phobail Dé. Agus ní urnaí ciúin amháin ach urnaí ó chroí, urnaí árd, ghlórach le go dtuigfidh na sinsir seo a bhfuil an cúram seo leagtha orthu gurb é mianta croí Phobail Dé go ndéanfaimis go léir cúram den chuid is laige is de na baill is leonta d’ár bpobail. Frainc Mac Brádaigh SJ

Foclóirín: marana : act of contemplation

Timire Autumn 2014.indd 2

31/07/2014 11:43


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Sagart Árainn

An tAth Pádraig Standún

6

Comórtas Ealaíne

8

Dhá Thuras Agaistín

Daithí Ó Ceallaigh OSA

10 Míchumas Meabhrach

Dónall Ó Conaill

12 Cairde Rince na hÉireann

Eilís Ní Mhearraí

14 Seirbhís do na Bochta

Tony Ó Riordán SJ

16 Dánta

údair éagsúla

18 An tSúdáin Theas

Richard O’ Dwyer SJ

20 Slánú!

Leon Ó Giolláin SJ

22 Glaoch chun Misin

An tAth Pádraig Ó Murchú

26 Daoine in Uaigneas

Frainc Mac Brádaigh SJ

28 Léirmheas: Haiku Más é do Thoil é!

Liam Ó Muirthile

29 Léirmheas:Bealtaine

Katie McGreal

30 Léirmheas: Raiftearaí

Colette Nic Aodha

31 Dán: Ar Oilithreacht

Ralph de Prendergast

32 Daltaí Cliarscoileanna

An tAth Seán Mac Cumhaill

34 An Dobhareach

Gabriel Rosenstock

35 Oideas: Meireang

Síle Ní Chearbhaill

Ar dheis Dé: Pádraig Ó Fatharta, Eibhlín Ní Dhurcáin Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Pictiúr ar an gclúdach: Orlaith Croker Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Timire Autumn 2014.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 457 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2014 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

31/07/2014 11:43


4

An tAth Pádraig Standún

SAGART ÁRAINN

An Naomh Éanna i ndug na Cánála Móire sa bpríomhchathair. Grianghraf: Tomás Ó Ceallaigh

Tá beagnach dhá bliain agus dhá scór caite agam i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ó sheol mé den chéaduair ar an Naomh Éanna ó dhuganna na Gaillimhe mar shéiplíneach d’Inis Oírr agus Inis Meáin ar an 11 Samhain 1971. Thaitin an Naomh Éanna liom mar gur thug sí deis dom aithne a chur ar roinnt daoine ar aistear a mhair ocht n-uaire a chloig amanta, ag brath ar an taoille. An lá a sheolfadh sí d’Inis Mór i dtosach, bheadh moill uair go leith ansin sula dtugadh sí a haghaidh soir chuig na hoileáin eile, áit a mbeadh na curachaí amach roimpi, mar nach bhféadfadh sí dul chuig na céibheanna beaga a bhí ann ag an am. Bhí beár faoin deic ar an “Steamer,” mar a tugadh uirthi, fáil ar tae agus brioscaí, buidéal pórtair nó liomanáid, caint agus comhrá.

Timire Autumn 2014.indd 4

Bheadh daoine ar nós Tomás Ó Máille as Tuar Mhic Éadaigh ag seoladh amach le dul ag plé le cúrsaí títhíochta, Mattie Maloney as Gaillimh, ag tabhairt aire do na teileafóin. Ní raibh ach trí theileafón sna hoileáin bheaga ag an am, agus dúirt Mattie liom blianta fada ina dhiaidh sin gur mó trioblóide a thug na teileafóin sin dó ná nuair a tháinig an lá a raibh fón i chuile theach, ach cúrsaí teicneolaíochta feabhsaithe go mór idir an dá linn. Is cuimhneach liom a bheith i gcuideachta an Ghiúistís Ó Síoráin ar an mbád lá cúirte i gCill Rónáin, ach nílim ag rá gur thug sé breithiúnas níos fearr de bharr gur chuir mise comhairle air. Guth Thomáis Uí Mháille a bhí i mo chluasa maidin amháin a chaill mé an Naomh Éanna. D’fhanainn in Óstán an Chaisleáin i nGaillimh, nó an Castle,

31/07/2014 11:44


Inis Oírr

mar ab fhearr aithne air, áit a raibh ráta speisialta, dhá scilling is fiche, do mhuintir na n-oileán. Ba mhinic muintir Thaibhdhearc na Gaillimhe ann freisin tar éis cleachtaí nó taispeántais, daoine ar nós Micheál Ó Maolalla, Risteárd Ó Broin, Micheál Ó hAinnín, chomh maith leis an Máilleach atá luaite agam. D’fhan mise rófhada ag éisteacht leis an gceol agus leis na hamhráin oíche amháin, agus chuaigh mé a chodladh le guth Thomáis le ‘Shanagolden’ i mo chluasa. Bhí sé fós i mo chluasa nuair a dhúisigh mé, an Naomh Éanna ag dul thar Cheann Boirne ar a bealach chuig na hoileáin. Ba mhór idir an Naomh Éanna agus na curachaí canbháis inar thrasnaigh muid an Súnda Salach (atá ainmnithe go maith) idir Inis Oírr agus Inis Meáin, idir Aifrinn an Domhnaigh. Bhí ar gach teach ar gach aon oileán an sagart a thabhairt trasna uair nó dhó in aghaidh na bliana ar a seal. ‘Turn an tsagairt’ a thugtaí ar an dualgas sin. Bhí sé go hálainn sa samhradh nuair a bheadh cead ag an sagart féin iomramh anois is arís. Ach bhí laethanta geimhriúla ann a mbíodh maidhmeanna móra farraige chomh hard le teach dhá stór ag caitheamh curaí is criú anonn

Timire Autumn 2014.indd 5

5

Tá postannaí móra sna meáin anois ag cuid de na daoine nach labhródh Gaeilge sna seachtóidí mar nach raibh sí ‘cool’ an uair sin. is anall ar bharr an uisce. Insítear sna soiscéil faoinár Slánaitheoir ag codladh i ndeireadh an bháid lena chloigeann leagtha ar philiúr. Ní raibh baol ar bith go dtitfeadh sagart bocht óg dá lucht leanúna ina chodladh ar thransam curaí, ach ní bhíodh an Slánaitheóir céanna i bhfad óna chuid smaointe nó ó bharr a theanga – “Ó, Íosa Críost…” Is fada é sin ón saol breá socair atá ag sagart maidin De Domhnaigh sa lá atá inniu ann. Is iomaí rud athruithe ó 1971, ach tá an Ghaeltacht beo fós, cé go raibh daoine ag tuar ag an am go mbeadh deireadh le Gaeilge sna Gaeltachtaí agus go mbeadh na hoileáin bánaithe roimh dheireadh an chéid. Ní raibh Raidió ná Teilifís i nGaeilge ag an am, agus chuidigh siad sin go mór tar éis a mbunú, ach b’iad na daoine iad féin a choinnigh an Ghaeilge beo. Bhí imní ann an uair sin mar atá anois go raibh déagóirí ag labhairt Béarla eatarthu féin. Tá postanna móra sna meáin anois ag cuid de na daoine óga nach labhródh Gaeilge sna seachtóidí mar nach raibh sí “cool” an uair sin ach an oiread. An rud is mó atá ag teastáil ná misneach a choinneáil, agus leanacht oraibh á labhairt.

31/07/2014 11:44


6

Timire Croí na hÓige COMÓRTAS EALAÍNE

SPRIOCDÁTA: DEIREADH FÓMHAIR 10, 2014 TÉAMA: AN FÓMHAR

Orlaith Croker

• Duaiseanna breátha! • Dóibh siúd atá faoi dhá bhliain déag amháin. • Glactar le cóipeanna crua nó leaganacha digiteacha jpeg. • Is féidir le gach iontralaí trí phictiúr a chur isteach. • Deireadh Fómhair 10, 2014 an spriocdáta le haghaidh iontrálacha. • Foilseofar na pictiúir is fearr in eagrán an Earraigh den Timire. An gceapann tú go bhfuil féith na healaíne agat? Bhuel, seo seans duit do phictiúir a chur isteach inár gcomórtas agus duais a bhuachaint. Is é “An Fómhar” téama an chomórtais. Is féidir cur chuige ar bith a bheith agat, fad is atá nasc ag d’obair ar bealach éigin leis an bhFómhar. Is féidir péint a úsáid, nó usice-dhathanna, nó gualach, nó peann luaidhe nó fiú colláis nó aon mhodh ealaíne eile. Is féidir do shamhlaíocht a bheith oscailte ar fad! Tá samplaí anseo de obair a rinne daltaí ó Choláiste Iognáid i nGaillimh. Is féidir cloí leis an stíl seo nó is féidir stíl iomlán éagsúil a chleachtadh.

Timire Autumn 2014.indd 6

31/07/2014 11:44


Céilí Ní Mhórán

7

Anna Ní Dhongaile

NA DUAISEANNA? Tá trí duais sa gcomórtas: (1) An chéad duais – dearbhán leabhair ar fiú e 50 é. (2) An dara duais – dearbhán leabhair ar fiú e30 é. (3) An triú duais – dearbhán leabhaír ar fiú e 20 é. Déanfaidh coiste eagarthóireachta An Timire an breithiúnas ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le comhfhreagras maidir le cinntí an choiste. AN bhFOILSEOFAR SAOTHAR NA MBUAITEOIRÍ? Feicfear obair na mbuaiteoirí in eagrán an Gheimhridh den Timire. CÁ SEOLFAIDH MÉ MO PHICTIÚIR? Is féidir na pictiúir a chur chuig an seoladh ríomhphost seo: antimire@gmail.com Íomhanna ardtaifigh atá i gceist. Ba cheart do na comhaid a bheith níos mó ná 1 Mb. Má tharlaíonn sé nach bhfuil do chuntas ríomhphost in ann deileáil le comhaid den mhéid sin, cinnte glacfar le comhaid atá níos lú. IS FÉIDIR CÓIPEANNA CRUA A SHEOLADH CHUIG: An Timire, 37 Sráid Líosáin Íocht, Baile Átha Cliath 2. Ná dean dearmad gurb e trí phictiúr an méid is mó is féidir le duine amháin a chur isteach. Is é Deireadh Fómhair 10, an spriocdáta le haghaidh an chomórtais. Is oth linn a rá nach féidir aon saothar a fhaightear tar éis an spriocdáta a chur san áireamh sa gcomórtas. Foclóirín: íomhanna ardtaifigh: high resolution images; spriocdáta: deadline; gualach: charcoal

Timire Autumn 2014.indd 7

31/07/2014 11:44


8

Daithí Ó Ceallaigh OSA

DHÁ THURAS AGAISTÍN

Sa chuntas a thugann Agaistín dúinn, is léir go raibh sé ag lorg gaoise chomh maith le tuiscint ar cheart-bhrí an tsaoil i gcoitinne. Mar a luadh cheana sa chéad chaibidil, chuaigh Agaistín ó thuaisceart na hAfraice chomh fada leis an Róimh agus an Mhioláin agus ar ais go dtí a bhaile dúchais i Thagaste. B’in gné amháin de thaistil Agaistín. Mar is léir ó Na Faoistiní, bhí Agaistín ar thuras eile ag an am céanna – an turas ina chroí istigh, turas na fírinne, turas na gaoise, turas an spioraid. Ar a bhealach chun Dé agus chun na Críostaíochta a bhí Agaistín ach ghabh sé thar bhóithre éagsúla sar ar tháinig sé ar an gCríostaíocht. Agus é i mbun Na Faoistiní a scríobh, bhí Agaistín in ann féachaint siar ar bhlianta a thurais agus in ann a rá: ‘Is tusa a bhíogann sinn ionas gurbh aoibhinn linn tú a mholadh mar gur duit féin a dheinis sinn agus go mbíonn ár gcroí gan suaimhneas nó go dtéann sé chun

Timire Autumn 2014.indd 8

suaimhnis ionatsa’. Turas cráite chroí Agaistín, croí gan suaimhneas, sin atá leagtha amach sna Faoistiní agus bhí compánaigh éagsúla aige ar an turas céanna, fiú munarbh eol do chuid acu go rabhadar páirteach sa turas: a mháthair Monica, a mhac Adeodatus agus a mháthair siúd, a chara Ailipias, na mic léinn a mhúin sé i gCarthage, sa Róimh agus sa Mhioláin, na Mainicéigh lenar chaith sé naoi mbliana, Victorinus agus lucht NuaPhlátónachais, Ambróis, easpag sa Mhioláin agus a lán eile nach iad. Luaitear an focal ‘croí’ (cor sa Laidin) go mion minic síos tríd an mbailiúchán ollmhór de scríbhinní Agaistín. ‘Séard a thuig Agaistín le ‘croí’ an duine, ná an leibhéal is doimhne istigh den duine, mar a bhfuil an duine ina dhuine go hiomlán is go hiontaofa. Go minic san ealaíon Chríostaí, dealbhaítear Agaistín agus croí ar lasadh

31/07/2014 11:44


9 Radharc ar an Mioláin

ina láimh aige. Comhartha is ea é seo de mhórghrá agus saintréith dá chuid spioradáltachta. Bhí croí Agaistín ar lasadh agus pollta le briathar Dé toisc go raibh sé sáite sna scrioptúir. Scríobh agus labhair sé ó na scrioptúir agus faoi na scrioptúir. Ba mhór a dhíograis ag fógairt briathar Dé ina chuid seanmóireachta agus ina chuid scríbhneoireachta. Bhí Agaistín chomh tógtha le briathar Dé gur dheacair amanta a aimsiú an bhfuil na scrioptúir ag labhairt faoi Agaistín nó Agaistín ag labhairt faoi na scrioptúir! Bhí sé in ann labhairt agus scríobh faoi bhriathar Dé ó chroí. Fiú má chaitear sracfhéachaint ar Na Faoistiní, feicfear líon mhór de théacsanna bíobalta fite fuaite ann idir théacsanna atá luaite nó a bhfuil tagairt dóibh. B’in an rud a ghoin croí Agaistín - briathar Dé nochtaithe trí mheán na scrioptúr. Ag teacht slán leis seo tá téacs ó shoiscéal Eoin lena raibh Agaistín tógtha go mór – faoin aspal Eoin agus a cheann ar bhrollach Íosa le linn an tséire dheireanaigh (Eoin 13:23-25). Deir Agaistín go nochtann an tsamhailt seo ár gcomhcheangal le Críost: ‘ní mór dúinn ár gcroíthe a bhrú go mór leis an mBriathar’.

Nuair a chuir Agaistín aithne ar an bhfíorDhia, chuir sé aithne air féin chomh maith

Is léir mar sin go raibh an croí ina shamhailt thábhachtach d’Agaistín. Trí shamhailt an chroí, tuigeann Agaistín ceartbhrí a thurais phearsanta, mar adeir sé le Dia: ‘mar gur duit féin is fonn ár gcroí gan suaimhneas nó go dtéann sé chun suaimhnis ionatsa.’ Trí shamhailt an chroí mar sin, aimsíonn Agaistín láithreacht Dé ina shaol. Ag féachaint siar ar a thuras spioradálta, deir Agaistín: ‘Is déanach a thugas grá duit, a áille shíorársa shíornua! Féach gur istigh ionam a bhí tú, agus mise lasmuigh ad thóraíocht.’ Ina theannta san, baineann Agaistín leas as samhaltas an chroí chun labhairt ar inmheánacht an duine mar dhuine, ina bhfuil Dia ina láthair. Nuair a chuir Agaistín aithne ar an bhfíor-Dhia, chuir sé aithne air féin chomh maith. Ag tagairt do dhaoine a bhfuil uathu aithne a chur air agus nach bhfuil mórán eolais acu faoi, deir Agaistín, ‘Ach níl a gcluas lem chroí mar a bhfuilim, mar atáim i ndáiríre.’ Mar sin, is é atá i gceist le aithne a chur ar Dhia ná aithne a chur ort féin, dar le hAgaistín: ‘A Dhia, mar atá tú i gcónaí, go gcuire mé aithne orm féin, go gcuire mé aithne ortsa’.

Foclóirín: an Mhioláin: Milan

Timire Autumn 2014.indd 9

31/07/2014 11:44


10

Dónall Ó Conaill

AN GRÁ AGUS AN CHABHAIR Daoine faoi mhíchumas meabhrach. Go bhfaighe daoine atá faoi mhíchumas meabhrach an grá agus an chabhair is dual dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit.

Is fuirseoir (comedian), iriseoir agus tacadóir don mhíchumas í an tAstrálach Stella Young a oibríonn óna cathaoir rothaí. Dúradh fúithi go raibh sí ionspioráideach ach an freagra a thug sí ná “I’m not your inspiration, thank you very much”. Ráiteas ón idirlion ó Brian Maloney - “I’ve been called an ‘inspiration’ because I’m on the autism spectrum and manage to hold down a job, and carry on conversations in public. I don’t feel all that inspiring, and I’d like to be evaluated on my actual ability. That means I may end up not measuring up, but it will be against the SAME measure that everybody else has to deal with”. Ráiteas eile ó Andrew Peel “Just nice to find so many other disabled people like me fed up of the ‘inspirational’ tag. I had a job, got married, divorced, married again and bought a house. So what? Millions of others did it as well”. Dúirt Dr. Ciaran Barry, a bhí mar stiúrthóir leighis sa Central Remedial Clinic go bhfuil níos mó cosúlachtaí ná difríochtaí idir daoine le míchumas agus daoine eile. Cloisimid a lán cainte inniu faoi mhíchumas. Tá intinn uilechoiteann an Phápa na míosa seo, “Daoine faoi mhíchumas”, dírithe ar ghníomhú ar

Timire Autumn 2014.indd 10

a son seachas bheith ag caint fúthu. Díríonn sé ar ghrá agus ar chabhair a thabhairt dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit cosúil le gach duine eile. Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh siad gach cabhair, “not forgetting that they are human beings”. Is mian le gach tuismitheoir go nglacfaí lena mac nó a hiníon mar dhuine cé gur gá gach cabhair leighis agus theicniúil a sholáthar dóibh chun saol dínitiúil a chaitheamh. Tá athrú tagtha ar mheon agus ar dhearcadh an phobail i leith daoine le míchumas intleachta a bhuíochas san do thuismitheoirí agus d’eagraíochtaí ar nós Inclusion Ireland. Tá gach uile dhuine cumasach – buanna faoi leith ag chuile dhuine nach mór a aithint agus a fhorbairt. Míchumas – ní bhaineann a leithéid le duine ar bith. ‘Sé an pobal, an saol, an ceantar, an scoil a dheineann duine mí-chumasach nuair nach dtugann siad na deiseanna dó páirt iomlán a ghlacadh sa saol. Go minic mothaímid caillte agus mí-chompórdach i láthair daoine míchumasacha agus cuireann ár bhfrithghníomhú isteach orthu seachas cabhrú leo. Cothaíonn an easpa tuisceana seo dearcadh claonta a chruthaíonn dúshlán dúinn conas muid féin a iompair

31/07/2014 11:44


11

Tá gach uile dhuine cumasach – buanna faoi leith ag chuile dhuine nach mór a athaint agus a fhorbairt.

le daoine michumasacha . Clúdaíonn an téarma “daoine faoi míchumas” a lán, a chruthaíonn deacrachtaí maidir le déileáil leo. Éilíonn comhrochtain do dheiseanna dóibh go gcaithfimid freastal ar na riachtanais atá acu. Caithfear glacadh leo mar dhaoine. Is eiseamláir é an Pápa Proinsias dúinn sa tslí a thaispeánann sé grá agus a thugann sé tacaíocht dóibh saol le dínit a chaitheamh. Tá ról fior-thábhachtach ag tuismitheoirí. Tugann a ngrá neamhchoinníollach dá bpáistí tacaíocht agus scileanna dóibh chun déileáil le deacrachtaí go dínitiúil a thugann neamhspleáchas dóibh. Ní leor tacaíocht fhisiciuil amháin, caithfear an taca mothúchánach agus sóisialta a bheith ann dóibh leis. Tá sé riachtanach éisteacht leo agus meas a bheith againn ar a ndearthaí agus páirt a bheith acu sna cinntí a bhaineann leo. Caithfear a chinntiú go bhfuil siad i lár an aonaigh seachas ar imeall an tsochaí. Sa tslí seo

beidh siad in ann caidreamh le daoine eile a chothú agus a fhorbairt agus maireachtáil go neamhspleách le dínit. Tá a lán eagraíochtaí ann ag freastal ar dhaoine mhíchumasacha mar Inclusion Ireland, Ranna Stát difriúla, agus eagraíochtai mar Bray Lakers agus Special Olympics Ireland a thugann cabhair agus grá dóibh agus agus do dhaoine imníocha. Blianta ó shin bhí oideachas speisialta lonnaithe don chuid is mó i scoileanna speisialta. Sa lá atá inniu ann, idir bhunscoileanna agus iarbhuscoileanna tá daltaí le deacrachtaí éagsúla foghlama i ngach gnáth-rang beagnach. Is éachtach an dul chun cinn é sin, in ainneoin na ndeacrachtaí geilleagracha. Is ceart ról na nEaglaisí a aithint mar tá sé de dhulagas orainn go léir iarracht breise a dhéanamh grá Dé a aithint i ngach duine a chastar orainn ar ár aistear laethúil, cuma faoin gcúlra atá acu – go háirithe daoine a thugann dúshlán dúinn na cosulachtaí agus difríochtai atá ionainn go léir a cheiliúradh. Ar idirlíon Special Olympics Ireland, léigh mé - “They said Jack would never walk, talk, or cope outside the home. In Special Olympics he found a new home, made friends, became an independent and accomplished person”. Nach iontach an cruthú é seo ar thiomantas na ndaoine a thugann grá agus cabhair do dhaoine míchumasacha a saol a chaitheamh le dínit. Is iar-Phríomhoide ar Choláiste Mhuire é Dónall Ó Conaill.

INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA DO MHEÁN FÓMHAIR, 2014 Daoine faoi mhíchumas meabhrach. Go bhfaighe daoine atá faoi mhíchumas meabhrach an grá agus an chabhair is dual dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit. Foclóirín: comhrochtain: equal access

Timire Autumn 2014.indd 11

31/07/2014 11:44


12

Eilís Ní Mhearraí

CAIRDE RINCE CÉILÍ NA hÉIREANN Bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann sa bhliain 1996. Is eagraíocht náisiúnta dheonach í atá freagrach as rince céilí neamhiomaíoch, rince dúchais na hÉireann, a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na hÉireann. Déantar seo trí ranganna seachtainiúla, ceardlanna, Fíor-Chéilithe agus cúrsaí múinteoireachta a eagrú. Bíonn na himeachtaí go léir ar siúl i suíomhanna atá saor ó alcól. STAIR NA HEAGRAÍOCHTA Ba é 1997 comóradh an chéid ar an gcéad chéilí foirmeálta a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i Halla Bloomsbury i Londain sa bhliain 1887. Tá fianaise ann go raibh cuid de na rincí seo á gcleachtadh ón gcúigiú céad déag ar aghaidh ach ba é sin an chéad uair a eagraíodh céilí go foirmeálta. Tháinig daoine le suim sa rince céilí le chéile ag cruinniú poiblí i gColáiste na nUile Naomh, Baile Átha Cliath ag deireadh 1996 agus bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann (Comóradh an Chéid) chun an chéad chéilí sin a chomóradh agus chun suim sa rince céilí a athbheochaint ar fud na tíre. Ag an am sin, seachas i gcúpla áit sa tuaisceart agus áit nó dhó i gcúige Laighean, bhí

Timire Autumn 2014.indd 12

rince céilí in ísle brí in Éirinn. I rith na bliana sin, eagraíodh ranganna agus ceardlanna ar fud na tíre agus Fíor-Chéilí i ngach ceann de na ceithre cúigí ina dhiaidh sin. Ag deireadh na bliana 1997, tionóladh deireadh seachtaine náisiúnta rince céilí i gColáiste Phádraig, Má Nuad. I rith na deireadh seachtaine, eagraíodh ceardlanna, cúrsa do dhaoine gur suim leo an rince céilí a mhúineadh, trí FhíorChéilí, Fíor-Chéilí na nÓg, léacht faoi stair an rince céilí, agus seirbhísí Eaglasta. Ba é an teacht le chéile rince céilí ba mhó le fada an lá in Éirinn. Ag cruinniú poiblí a tionóladh nuair a bhí comóradh an chéid thart, bhí gach duine ar aon intinn gur cheart eagraíocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn ar fud na tíre go fadtéarmach agus toghadh coiste náisiúnta chun an obair sin a dhéanamh. Tá níos mó ná 30 club cláraithe ar fud na tíre chomh maith le ceann amháin sa tSáirdín. Eagraíonn na clubanna áitiúla ranganna seachtainiúla, ceardlanna agus Fíor-Chéilithe (oícheanta den rince céilí) do dhaoine fásta ar fud na tíre. Tá an coiste náisiúnta freagrach as clubanna nua a bhunú agus cabhrú leis na clubanna nua a gcuid imeachtaí a eagrú

31/07/2014 11:44


13

Abhár misnigh atá ann gur féidir na himeachtaí ar fad a eagrú in ionaid gan alcól. Sa ghrianghraif tá na haoíchainteoirí an tAthair Peter Mc Verry agus Jarlath Burns le baill an choiste náisiúnta – Pat Scullion, Eilís Ní Mhearraí, Tom Marry, Kathleen Moffatt, Mary Farrell agus Peter Donnelly.

don chéad cúpla bliain. Chomh maith leis sin, eagraíonn an coiste náisiúnta cúrsaí agus scrúdaithe cáiliúcháin do dhaoine gur suim leo an rince céilí a mhúineadh gach bliain. Is í an obair is mó a dhéanann Cairde Rince Céilí na hÉireann ná cúrsaí ocht seachtaine sa rince céilí a eagrú i scoileanna ar fud na tíre. I ndiaidh na gcúrsaí sin eagraítear Fíor-Chéilithe na nÓg i ngach ceantar ina mbíonn na cúrsaí ar siúl. Ónar bunaíodh í, tá an eagraíocht i ndiaidh rince céilí a mhúineadh do níos mó ná 10,000 páiste gach bliain. DEIREADH SEACHTAINE NÁISIÚNTA Gach trí bliana, tagann na clubanna go léir le chéile don deireadh seachtaine náisiúnta rince céilí. Sa mbliain 2013, ba

é Ionad Comhdhála agus Spioradálta Dhroim an tSiain, An tIúr, Co. an Dúin an áit a roghnaíodh don ócáid. Chomh maith le bheith ag freastal ar na himeachtaí rince go léir agus an tAifreann a bhí á cheiliúradh ag an Athair Alan Mac Eochagáin, S.J., bhí deis ag na rannpháirtithe éisteacht le haoíchainteoirí áitiúla. Labhair an tAthair Peter Mc Verry, S.J. faoin tábhacht a bhaineann le tabhartais Dé ar nós rince agus comhluadar daonna a cheiliúradh seachas a bheith i gcónaí ag iarraidh luach airgid a chur le gach rud. Is tuar dóchais é an dul chun cinn atá déanta againn do thodhchaí an rince céilí - rince dúchais na hÉireann. I saol na linne seo, ábhar misnigh atá ann gur féidir na h-imeachtaí go léir a eagrú in ionaid atá gan alcól, tá súil againn go leanfaidh eagraíochtaí eile an sampla sin. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a fhaighimid ó mhuintir na hÉireann. Tá sé ar intinn ag an eagraíocht tógáil ar an obair atá déanta cheana féin. Tá eolas breise faoi ghach gné d’obair na heagraíochta ar fáil ar:www.ceilidancing.co

Foclóirín: neamhiomaíoch: non competitive

Timire Autumn 2014.indd 13

31/07/2014 11:44


14

Tony Ó Riordán SJ

‘AN BHFUIL AON CHARANNA 142 FEICTHE AGAT FÓS?’ “An bhfuil aon charanna 142 feicthe agat fós?” Is ar éigean a bhí an cheist curtha ag leaid óg orm nuair a d’fhreagair leaid óg eile: “Nach as Maigh Rois sinne? Cá bhfeicfimisne a leithéid de charr nua?” Chuala mé uair go bhfuil breis is céad bealach ag Caitlicigh óga agus ag Protastúnaigh óga a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann le fios a bheith acu cén “taobh” lena mbaineann siad faoin am a shroicheann siad aois a cúig. Is trí osmóisa chuireann siad eolas ar na leideanna, idir chaolchúiseach agus fhollasach, a bhaineann le cultúr na gCaitliceach agus na bProtastúnach. Le linn na mblianta atá caite agamsa i mo chónaí agus ag obair in áiteanna a dtugtar ceantair bhochta orthu is léir dom go bhfuil amhlaidh igcás páistí agus daoine óga as na ceantair sin. Ó lá a mbreithe téann teachtaireachtaí fúthu féin agus faoina ceantair ina bhfuil cónaí orthu i bhfeidhm orthu. Chomh maith leis sin, cumann siad tuairimí i dtaobh na gceantar ina gcónaíonn an chuid eile den phobal agus faoina daoine arbh as na ceantair sin iad. Rud a bhaineann go minic leis na teachtaireachtaí a nglacann na daoine seo go smior leo ná go mbraitheann siad

Timire Autumn 2014.indd 14

nach bhfuil siad chomhmaith le daoine eile, gur dream ar leith iad, agus gur drochrud an leithleachas sin. Glacann an-chuid daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair ina bhfuil go leor bochtanais chucu féin an teachtaireacht shochaíoch gurb iad féin is cúis lena mbochtanas, gurb iad an cineál duine iad, nó go mbaineann tréithe leo, a chiallaíonn gur cheart dóibh a bheith bocht. Séard atá sa bhochtanas, gan amhras, ná easpa cumaisteacht ar fhoscadh, ar bhia agus ar éadach – na rudaí bunúsacha a bhíonn ag teastáil ar bhonn rialta don bheatha. Ach bíonn bochtanas i gceist freisin nuair atá bac ar dhuine gnáth-chaighdeán maireachtála na sochaí lena mbaineann an duine sin a bhaint amach. Tá baint níos mói gcónaí, mar sin, ag an mbochtanas le dealú éagothrom achoinníonn daoine amach ón rud a nglactar leis a bheithnormálta sa tsochaí agus ón ngnáth chaigh deán maireachtála. Is ionann tábhacht don dochar síceolaíoch agus spioradálta agus don dochar nithiúil a eascraíonn as an mbochtanas. Tá an dídhaonnú mar thoradh ar an mbochtanas, ní amháin de bharr go gcoscann sériachtanais bhunúsacha ar nós dídine, bia agus

31/07/2014 11:44


15

Is féidir teagmháil níos doimhne le Briathar Dé a bheith mar thoradh ar theagmháil leis na boicht.

cúraimshláinte ar dhuine, ach de bharr go gcreimeann sé tuiscint duine air féin, ar a luach agus ar a dhínit. Is iomaí scéal leighis sa Soiscéal a bhaineann le daoine nach easpa sláinte amháin atá ag gabháil dóibh ach atá dealaithe ón mórphobal. Is daoine iad seo a bhfuil cúltugtha leo agus a bhfuil breithiúnas tugtha orthu.Braithimse go raibh sé go mór mar aidhm ag Íosa dúshlána thabhairt do dhearcadh an dreama a raibh a sláinte acu agus don nós a bhí acusan na heasláin a chaitheamh ar leataobh. Bhí an oiread céanna suime ag Íosa aghaidh a thabhairt ar “thinneas” a shochaí agus a bhí aige tinnis chorpartha a leigheas. De réir fhís Íosa – an Ríocht in ar mhair gach duine de réir thoil Dé – ní gcuirfí ina luí ar dhuine ar bith gur íochtarán é ná ní chaithfí le duine ar bith mar a chaithfí le híochtarán. Chinn Íosa ar dhul go dtí na háiteanna sin ina raibh na díbeartaigh, chaith sé béile leo agus chothaigh sé cairdeas leo, agus bhí sé ar adhícheall an deighilt a bhí déanta ag

dream an tsaibhris agus na cumhachta sa phobal a chloí. An bhféadfadh cúrsaí a bheith ar aon bhealach eile? Bhí Íosa loiscthe ag an nGrá dá Athair agus theastaigh uaidh fianaise a thabhairt ar chúram, ar thaise agus ar roghanna a Athar don domhan seo. Is cúis ar leith le Dia mar Athair an chuid sin dá chlann atá i ngátar, iadsan a bhfuil riachtanais na beatha in easnamh orthu. Ach ar nós aon tuismitheora, teastaíonn ó Dhia na páistí a gcuirtear ina luí orthu gur íochtaráin iad, agus a dtugtar le fios dóibh nach bhfuil siad i dteideal ar an oiread céanna den rud a chuireann an domhan ar fáil, a leigheas agus a chur ar a suaimhneas freisin. Cuireann teagmháil le Briathar Dé, teagmháil le hÍosa Nazarat, iallach orainn bogadh linn go dtí an t-imeall,cairdeas a dhéanamh le daoine atá bocht, agus eolas a chur ar an streachailt a dhéanann siad ina saol. Is féidir teagmháil níos doimhne le Briathar Dé a bheith mar thoradh ar theagmháil leis na boicht, rud a shoilsíonn árn-aigne agus ár gcroíthe agus a fhuasclaíonn sinn le sochaí agus domhan a thógáil ina dtugtar meas níos mó don chruthú, agus do chlann Dé uile. Is sagart paróiste i Maigh Rois, Cathair Luimní, é Tony Ó Riordán

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ MEÁN FÓMHAIR 2014 Seirbhís do na bochta. Go ndéana Críostaithe, faoi inspioráid Bhriathar Dé, seirbhís do na bochta agus do lucht na fulaingte. Foclóirín: osmóisa:osmosis; streachailt: struggle

Timire Autumn 2014.indd 15

31/07/2014 11:44


16

DÁNTA SIÚIL FARAM

Bríd Dáibhís Siúil faram, a Thiarna, Tuigeann tú giorracht mo chéime Ó chloígh an tseanaois liom. Tuigeann tú laige mo shiúil Agus m’fhuinneamh ag dul i dtrá. Teannaigh mo ghreim ar an mbata, Mo chúntóir adhmaid, mo thríú chos Nach gcloisidh go deo mo bhuíochas. Féach chuig cruinneas mo chéime Go leagfad mo bhróg go deas Ar na leaca aimhréidh. Foclóirín: aimhréidh: uneven

TEMPUS FUGIT!

Seán Ó Cuinn Rugadh mé arú aréir Is d’fhás mé suas inné Phós mé mo ghrá geal Is bhí clann againn roimh té. Gach bliain mar uair a’chloig, Cúig nóiméad sa mhí, Cad is fiú an lá Ach dornán móimintí? Blip i saol na cruinne, Blúire gainimh ar an trá, An dtabharfaidh Dia an tsíoraíocht Dúinn – An é sin an fáth?

Timire Autumn 2014.indd 16

AN CHONAIR

Gabriel Rosenstock Cá dtabharfaidh an chonair seo mé amach sa todhchaí siar ar bhóithrín na smaointe? feofaidh an páipéar ar a bhfuil an dán seo scríofa agus cad a dhéanfar de? ní mhairfidh an dán ná an té a chum an chonair féin imeoidh Foclóirín: an chonair: an cosán

31/07/2014 11:44


17

TEARMANN

Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com

Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

Tomhas an Timire: 177

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

13

Cérbh é eagarthóir an fhoclóra iomráití Gaeilge/Béarla a céadfoilsíodh sa mbliain 1977? Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil: NÓS, INTINN, FAD, LAOCH, ÁLAINN, PÓG, DOIMHIN, CÓR, RANN, EAGAR, ÁIT, LOM, MALL

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 10 Deireadh Fómhair, 2014

Tomhas 176: Freagra: Pápa Proinsias Buaiteoir: Máire Mhic Ghearailt, Bóthar an Sciobóil, Deilginis, Co Átha Cliath.

Timire Autumn 2014.indd 17

31/07/2014 11:44


18

Richard O’ Dwyer SJ

NA DÚSHLÁIN I nDEISCEART NA SÚDÁINE Sé an tSúdáin Theas an náisiún is nua sa domhan agus tháinig sí ar an saol ar an aonú lá déag de mhí Iúil, 2011. Ach phléasc an tír i bhforéigean ar an gcúigiú lá déag de mhí na Nollag, 2013. Thosaigh comhrac i measc baill de Gharda an Uachtaráin sa bpríomhchathair Juba, idir na grúpaí eitneacha Dinka agus Nuer. Is iad na Dinka an grúpa eithneach is mó sa tír agus tagann na Nuer ina ndiaidh sa dara háit. Leathnaigh an troid amach go tapaidh ó bhearaic an airm. D’imigh baill de na Dinka amach agus iad faoi iomlán trom airm agus thosaigh siad ag ionsaí ceantair sa bpríomhchathair a raibh lucht Nuer ina gcónaí ann. Maraíodh na céadta. Ina dhiadh sin, bhí ionsaithe forleathana ar an Dinka ag lucht armtha na Nuer agus ar na Nuer ag na Dinka. Dá bharr seo, maraíodh na mílte ban agus páistí agus fir gan airm. Theith na deicheanna de mhílte duine a dtithe de bharr an fhoréigin eithnigh fhorleathain agus thug siad faoi dídean a lorg i bhfoirgnimh an UN i stáit eile i ndeisceart na Súdáine. Bhris an troid amach freisin idir reibiliúnaithe Nuer agus arm oifigiúil na Súdáine Theas. Bhí go leor saighdiúirí a thréig an t-arm áfach agus a chuaigh leis na reibiliúnaithe, ina measc

Timire Autumn 2014.indd 18

cuid mhaith d’ard-oifigigh Nuer. Thóg siad leo go leor gnáth-shaighdiúirí agus airm. Dá bharr seo ar fad, fuair na reibiliúnaithe seilbh ar roinnt mhaith bailte móra. D’iarr an tUachtarán Kiir cabhair ó Uganda chun na bailte stráitéiseacha seo a thógáil ar ais ó na reibiliúnaithe sa gcaoi nach mbeadh aon bhac ar tháirgeadh na n-olacheantar. Throid na mílte saighdiúrí ó arm Uganda in aghaidh na reibiliúnaithe, cé gur baineadh feidhm astu go hoifigiúil chun bealach éalaithe saoránaigh Uganda a chinntiú agus chun áiteanna stráitéiseacha, cosúil le aerfort Juba, a chosaint. Cén chaoi ar phléasc an foréigean chomh tapaidh sin? Go luath sa mbliain 2013, cuireadh srian tréan ag an Uachtarán Kiir, ball den treibh Dinka, ar chumhacht an leas-Uachtaráin, Riek Machar, ar ball den treibh Nuer é. Deineadh a ról sa rialtas a ísliú go tréan. Thug an tUachtarán bata agus bóthar freisin do bheirt ghobharnóirí de dhá stát a raibh tábhacht stráitéiseach ag baint leo. I mí Iúil, 2013, chaith an tUachtarán Kiir a chomhaireacht ar fad amach, ina measc an leas-Uachtarán. Deineadh iarracht baill Nuer den Gharda Náisiúnta a dhí-armáil toisc gur ceapadh

31/07/2014 11:44


Radharc ar Juba

go raibh coup d’etat ar tí tarlú, leis an leas-Uachtarán Machar mar cheannaire air. Ina dhiaidh sin, theith Machar ó Juba go háit anaithnid agus bhí comhrac forleathan i go leor stáit. Ar bonn praiticiúil, níl ach páirtí polaitiúil amháin sa tSúdáin Theas, sé sin Gluaiseacht Saoirse Mhuintir na Súdáine. Is baill iad an tUachtarán agus an leasUachtarán de fheidheamannas an pháirtí. Chonachtas an díchumasú polaitiúil a imríodh ar an leas-Uachtarán, áfach, mar iarracht ag an Uachtarán Kiir a namhaid pholaitiúla, go háirithe Machar, a chur faoi chois – fiú lucht na Dinka sa gcomhaireacht, is mar seo a chonaic siadsan an scéal. Beart a bhí ann chun aon dúshlán a chuirfeadh Machar in aghaidh an Uachtaráin sa toghchán sa mbliain 2015 a laghdú. Faraoir, de réir an UN, tá foréigean eithneach forleathan dá imirt ar dhaoine ag na reibiliúnaithe agus ag fórsaí an rialtais. Bhí ar thart fá milliún duine teitheadh óna dtithe agus tá ar a laghad

19

Ní mór an teacht isteach ó ola na tíre a chur chun an leasa choitinn, ní chun aicme bheag, bhídeach a shaibhriú. céad míle théis imeacht thar teorainn go dtí an Aetóip, go dtí an Chéinia nó go Uganda. De dheasca an díláithrithe seo, tá géarchéim bhia ag teacht mar ní raibh deis ag go leor daoine barra a chur. Cúpla lá ó shin, síníodh comhaontú síocháin ag an Uachtarán Kiir agus ag an leas-Uachtarán Machar. Anseo sa tSúdáin Theas, tá muid uilig ag guí go mbeadh meas ag na reibiliúnaithe agus ag fórsaí an rialtais ar an gcomhaontú. Dáiríre áfach, tá cinniúint an náisiúin nua seo idir dhá cheann na meá, idir chogadh cathartha iomlán agus iarracht réadúil i leith athmhuintiris síochánta. Más é an dara rogha a thiteann amach, caithfear iadsan atá freagrach as an bhforéigean forleathan eithneach a mbeartanna uilig a mhíniú. Tá géarghá sa tír le filleadh ar an seasmhacht pholaitiúil agus tá forbairt sna réimsí oideachais, sláinte agus talmhaíochta ag teastáil go géar. Chomh maith le sin uilig, ní mór an teacht isteach ó ola na tíre a chur chun an leasa choitinn, ní chun aicme bheag bhídeach a shaibhriú.

INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2014 An tSíocháin. Go ndeona an Tiarna síocháin do na réigiúin sin den domhan is mó atá á gciapadh le cogaí agus le foréigean. Foclóirín: idir dhá cheann na meá: in the balance

Timire Autumn 2014.indd 19

31/07/2014 11:44


20

Leon Ó Giolláin SJ

SLÁNÚ Slánú an duine aonair ón olc, slánú an chomhluadair ón éagóir agus slánú na hEaglaise ón uabhar– tráchtas samhlaíoch ar na téamaí úd atá i gceist go bunúsach le húrscéal eipiciúil Victor Hugo, Les Misérables, a léiríodh ar an ‘scáthán mór’ anuraidh. An dara cuid de Alt le Leon Ó Giolláin SJ, ar foilsíodh an chéad chuid de in Eagrán an tSamhraidh.

Sábháiltear anam Jean Valjean ón olc sa chéad áit trí ghrásta Dé ag feidhmiú tríd an Eaglais, i. trí charthanacht, urnaí, bheannacht agus bhriathar éifeachtúil an Easpaig. Ach, léiríonn Victor Hugo gurb é an grá a shábhálann an duine ag deireadh an lae agus, go deimhin, go bhfuil an grá daonna ceangailte go dlúth leis an ngrá diaga, iomlán, foirfe, síoraí suthain atá i ndán dúinn ar neamh. Sa scéal iontach seo, tá suim faoi leith, ar ndóigh, ag Victor Hugo, i slánú ní hamháin an duine aonair, ach an chomhluadair. Tráchtas ar an leas poiblí agus cearta daonna atá faoi bhun an úrscéil. Seasann Javert don ‘status quo’ – an fear dlí a chosnaíonn an t-ord poiblí. Ach, cé go bhfuil cumhacht dleathach ag Javert, is léir go bhfuil sé cruachroíoch – fear gan taise, gan trua, gan trócaire. Tráchtas é seo ar an gcos ar bolg a d’imir an lucht ceannais ar na daoine bochta, dearóile sa Fhrainc ag an am agus a spreag na héirithe amach san ochtú agus sa naoú haois déag go dtí gur cuireadh an mhonarcacht as seilbh faoi dheireadh. Fearacht Jean Valjean, a fuair léargas cruinn ar stádas a anama ar uair a iompaithe chun na maitheasa, nuair

Timire Autumn 2014.indd 20

a scaoileann Jean Valjean saor Javert tar éis gur gabhadh mar spiaire é ag na réabhlóidithe – Javert, an fear a bhí á fhiach amhail ainmhí ar feadh a shaoil - bhí a anam trína chéile go mór. Go dtí seo, bhí sé féin, ‘dall’ freisin sa mhéid is nach raibh eolas ná tuiscint aige ar an trócaire dhaonna. Anois, sábhálann a namhaid é! Tugann an daoránach a bheatha agus a shaoirse ar ais do! Feiceann sé don chéad uair thar an dlí go croí an duine agus cuireann an tuiscint nua seo mearbhall air. Faraor, ní éiríonn le Javert an t-iompú a rinne Valjean, a dhéanamh agus an sean-saol, an sean-mheon a scaoileadh uaidh. Cuireann sé lámh ina bhás féin. Meafar é seo do ‘bhás’ nó críoch an dlí míthrócaireach éagórach de chuid an chórais pholaitiúil, agus ‘slánú’, dá bharr, an phobail go léir, na daoine bochta san áireamh ach go háirithe. N’fheadar an ceart a rá go raibh Victor Hugo frith-Chaitliceach, ach is cinnte gur bhreathnaigh sé ar an Eaglais go grinn agus go bhfaca i gcóras na hEaglaise go ginearálta saoltacht, saint agus uabhar a d’imir an éagóir cheannann chéanna a chonaic sé sa chóras pholaitiúil, in

31/07/2014 11:44


21

Ba chóir go spreagfadh Les Misérables ionainn go léir scrúdú coinsiasa a dhéanamh faoi threo ár mbeatha aonair. Anne Hathaway agus Amanda Seyfried ag an gcéad thaispeáint de ‘Les Miserables’ i Londain, sa mbliain 2012.

aghaidh na mbocht. Bhí géarghá le tearmainn na trócaire ag na mílte duine dearóil san ochtú agus sa naoú haois déag ar fud na hEorpa, ar ndóigh. Ainneoin faillí na hEaglaise ag an am, bunaíodh agus bhláthaigh an-chuid Oird Rialta chun seirbhís a thabhairt do na daoine bochta tríd an oideachas, i gcúrsaí leighis, srl. Faraor, bhí an taobh eile den scéal fíor freisin agus b’é an taobh sin – saoltacht, saint agus baois na hEaglaise - a nocht Victor Hugo ina scríbhinní. Measaim go mbeadh Victor Hugo sásta leis na hOird Rialta carthanachta sin a bhláthaigh ag an am, agus, cinnte, bheadh sé sásta freisin lenár bPápa nua, Proinsias. Is minic go labhraíonn

an Pápa seo faoi chathú mór an duine chráifigh taobh istigh den Eaglais, an chléir ina measc, i. ‘saoltacht spioradálta’, naircisíocht a bhfuil mar aidhm aici méadú ar do stádas féinig in ionad seirbhís a thabhairt agus grá trócaireach Chríost a léiriú. Cuireann an Pápa i gcuimhne dúinn uilig go minic gurbh é misean na hEaglaise dul amach go dtí na himill, go dtí na háiteanna sin nach bhfuil eolas ag daoine ar Chríost, nach bhfuil grá agus trócaire agus leigheas agus taise Chríost fós ann. Ba chóir go spreagfadh Les Misérables ionainn go léir scrúdú coinsiasa a dhéanamh faoi threo ár mbeatha aonair, ár gcomhluadair agus ár nEaglaise. An féidir linn bheith umhal cosúil le Jean Valjean agus an t-olcas istigh ionainn a admháil agus iompú arís agus arís eile i dtreo na maitheasa ionas go mbeadh an láimh uachtar ag an ngrá i gcónaí inár saol? Spreagann Les Misérables dóchas ionainn mar go léiríonn sé fírinne bhunúsach an tSoiscéil: Omnia vincit amor!

Foclóirín: athleasaithe: reformed; na himill: the periphery

Timire Autumn 2014.indd 21

31/07/2014 11:44


22

An tAth Pádraig Ó Murchú

GLAOCH CHUN MISIN Tá an tAthair Pádraig ag obair le fada an lá sa Chóiré. Is údar é ar ‘Misean Mhaigh Nuad chun na Síne, 1916-1963’ agus ‘Na Colmbánaigh 1963-2005’, foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

Baineann sé le nádúr na hEaglaise bheith ar misean. Tá ar gach Críostaí glacadh le dualgas chun misin a thagann ó chuireadh an Bhaiste. Fós, tá eaglaisigh ann a cheapann gurb iad na cuallachtaí misin amháin atá freagrach don mhisean sin. Táid sásta aoireacht a dhéanamh ar phobal Dé agus gardáil a dhéanamh ar stór an chreidimh. Caithfear briseadh amach as an gclaonadh sin agus glacadh ná fuil an Eaglais ina hEaglais muna bhfuil sí ar misean. Fíor bheagan Búdach, Ioslamach nó Hiondúch a d’iompaigh riamh ar Chríost. Na daoine a ghlac leis an gCriostaíocht, bhíodar sin ar imeall na beatha ina ndúichí féin. Anois, tá an eaglais eagraithe i mbeagnach gach tír sa domhan agus gach deoise freagrach do mhisean. Tá céatadán na gCríostaithe sa domhan beagnach mar a bhí sé céad bliain ó shin agus ní féidir bheith ag súil le haon mhéadú ins na blianta atá le teacht. Dúirt Comhairle na Vatacáine go raibh naofacht le fáil i ngach creideamh neamh-Chríostaí agus go raibh siad mar údair a slánaithe dos na céadta milliún duine a chreideann iontu. Chuir an Chomhairle béim ar agallamh idirchreidmheach chomh maith. Chun

Timire Autumn 2014.indd 22

soiscéalú a dhéanamh, tá ar an Eaglais agallamh macánta a dhéanamh leis an dtraidisiún creidimh a thugann bonn don bpobal. Toisc go bhfuil Dia riamh gníomhach sa traidisiún sin, caithfear meas a bheith ar gach a dtugann brí agus treoir dó. Cuireann sé sin ceist mar gheall ar cheannasaíocht na Críostaíochta maidir le slanú anama. Má tá slánú le fáil i gcreidimh eile, cad é an fáth le misean na Críostaíochta? Conas a churfidh an misinéir fógairt an Dea-Scéil agus agallamh idirchreidmheach in ord (san áireamh) le chéile? Ceisteanna nár ghá a chur go dtí le déanaí. Le leath chéad bliain anuas tá saol difriúil ar fad cruthaithe ag an domhandú atá ag titim amach inár measc. Anois tá soghluaisteacht agus solúbthacht ar barr i saol na haoise. Ta daoine áirithe buíoch den ngluaiseacht sin ach cuireann sé isteach go mór ar dhaoine bochta. Nil faic buanseasmhach a thuilleadh, pé acu tig cónaithe, post nó pósadh é. Ta an saol sáite sa ghearrthéarma agus ní féidir súil a bheith le haon teacht uaidh. Is beag meas atá anois ar aon rud atá fadtéarmach. Tá tionchar mór ag an ndomhandú ar mhisean, pé acu is maith linn é nó

31/07/2014 11:44


23

Misinéirí tuata ó na hoileáin Fhilipíneacha agus ó Phoblacht Fhidsí

nach maith. Ta constaicí breise agus fadhbanna níos casta ag teacht leis an saol nua ach tá deiseanna ar fáil dóibh sin a chuardaíonn iad. Deisceabail Chríost a bheidh i mbun an chúraim sin go léir. Conas a nochtóidh siad an fhírinne, conas a aimseóidh siad an chóir agus a chruthóidh siad fis nua don bpobal atá suaite ag an ndomhandú? Muna bhfuil siad ina ndeisceabail ní bheidh toradh buan lena saothar. Beidh siad ag tagairt do ghrásta níos mó ná do dhlí, do Chríost nios mó ná don Eaglais agus do fhocail Dé níos mó ná don bPápa. Beidh orthu an fhírinne a nochtadh, an chóir a dhéanamh agus fís nua a chruthú do phobal atá suaite agus scartha ag an ndomhandú. Treoir nua atá le bheith anois ar mhisean. As seo amach beidh gníomhairí misin soghluaiste, solúbtha agus páirtaimseartha. Tiocfaidh a bhformhór ó na tuataí. Bainfidh an eaglais a sheolann iad agus an eaglais a ghlacann leo tairbhe as a n-íobairt. Beidh siad ábalta filleadh ar

Misinéirí tuata ón gCóiré

Deir an Pápa go bhfuil an soiscéal dá chraoladh nuair a chuirtear fáilte roimh dhaoine atá ar imeall na beatha.”

eaglais a seolta agus fianaise a thabhairt ar cad a chonaiceadar agus a chualadar ar misean. Scéal nua ar fad é sin mar nár thug sean-mhisinéirí a leithéid de fhianaise toisc gur bhaill de chuallachtaí misin ab ea iad a chaith a saol thar lear. Ba bheag é a gcaidreamh leis an eaglais sa bhaile. San 21ú haois is é an deoise a sheolfaidh formhór na misinéirí mar gurb í an eaglais áitiúil a thabharfaidh coimisiún dóibh agus a sheolfaidh iad. Cabhróidh na cuallachtaí misin leis an deoise toisc a dtaithí ar mhisean. Tabharfaidh siad faoin oiliúint, an stiúradh agus an tionlacan ar misean. Conas a dhéanfar an deoise a ghríosadh chun misin? Sin í an fhadhbh mhór. Tosú maith a bheadh ann dá ndéanfadh gach Críostaí staidéar ar ‘Lúcháir an Dea-Scéil’ leis an bPápa Proinsias. Deir seisean go bhfuil an soiscéal á chraoladh nuair a chuirtear fáilte roimh dhaoine atá ar imeall na beatha. Ta méadú tagtha orthu sin leis an ndomhandú.

INTINN MHISEANACH AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR 2014 Domhanda na Misean: Go n-athlasa Lá Domhanda na Misean dúthracht i ngach creideamh chun an Soiscéal a thabhairt don domhan uile. Foclóirín: cuallachtaí misin: missionary orders; domhandú: globalisation

Timire Autumn 2014.indd 23

31/07/2014 11:44


NewPostersJ

Timire Autumn 2014.indd 24

31/07/2014 11:44


NewPostersJ_Layout 1 24/01/2012 10:46 Page 1

Timire Autumn 2014.indd 25

31/07/2014 11:44


26

Iománaí ar chlaí

IS É DIA AN FAOISEAMH IS FEARR AR AN UAIGNEAS Sheas Sílé ansin, beagán i leataobh ón uaigh is ó theaghlach Willie ach sheas sí in ionad a raibh ómós chéile ag dul dó. Má bhí céile pósta Willie lena clann mhac , rud gur dóigh, níor thug mise suntas di. Is ar Shíle a bhí m’amharc dírithe mar is uirthise a bhí aithne agam. Sheas sí ansin, beagán i leataobh le hómós dá theaghlach ar fad agus sheas sí le dígnit. Tháinig gaolta is cairde Willie chuici is chásaigh siad a bris léi mar a rinne said le baill dá theaghlach ag an uaigh. Bhí Willie is a bhean phósta briste ón a chéile le blianta. Ba dhlúthchairde Wille agus Síle le blianta. Ach ní raibh baint ar bith ag a ndlúthchairdeas le briseadh an phósadh. Bhí an briseadh seantárlaithe sul má casadh Síle is Willie le chéile beag ná mór. Níor lorg Willie ná a bhean colscaradh. Scaradar ón a chéile i bhfad sul má bhí ceist ar bith faoi cholscaradh dlithiúil sa tír seo. Agus snadhmadh an dlúchairdeas idir Wilie is Síle i bhfad roimhe sin chomh maith. Ní cosúil go raibh tada eile i gceist eatarthu ach dlúthchairdeas is ionúine. Chaithfeadh Wille tráthanna den seachtain i dteach Shíle. Thabharfadh chuig na siopaí ag an deireadh seachtaine í. Théidís chuig an aifreann le chéile Dé

Timire Autumn 2014.indd 26

Domhnaigh, is ghabhadh said amach oíche Shathairn nó Domhnaigh le cúpla deoch a chaitheamh is le dreas damhsa a dhéanamh i measc a gcairde. Tráthanna eile den seachtain bhíodh seisean ina theach féin i gcondae eile sa chomharsanacht. Ní raibh tada ceilte ar aon duine, gach rud oscailte. Cé a chuirfeadh ceist faoin a saol príomháideach ach bhí chuile chosúlacht ar an scéal nár bhain gnéas go lárnach leis an scéal, má bhain sé leis ar chor ar bith, cé nach shin le rá nár ba chairde ionúine iad. Ní hionainn dlúthchaidreamh is ionúine agus gnéas, is níl gné amháin den ghaol pearsanta idir dhaoine ag brath ar an ngné eile. Nó an bhfuil mise go hiomlán saonta? Ar aon chaoi thuig na comharsain is a cairde ar fad do bhris Shíle, agus chásaigh siad sin léi. Agus nuair a dúirt mise léi, an lá sin, go mba dona liom a bris, d’admhaigh sí go hoscailte liom nach raibh a fhios aici cén chaoi an éireodh léi déanamh gan Willie. Bhí sí ar an uaigneas anois. Agus níorbh é seo an chéad bhris a d’fhulaing sí. Fuair a fear céile féin bás blianta roimhe seo is d’fhág ina baintreach í go hóg le triúr leanaí. Bhí siadsan tógtha aice i bhfad sul má

31/07/2014 11:44


27

Bímis ag guí Dé don iliomad daoine fágtha leo féin go neartaí a gcreideamh iad agus go n-airí siad Dia I ngar dóibh.

casadh Willie uirthi. Bhí aimhreas ormsa freisin an éireodh léi an ceann is fearr a fháil ar an uaigneas an babhta seo. Ach tá creideamh láidir, cairde is teaghlach aici a sheasann léi. Tá sí uaigneach ina dhiaidh, níl aimhreas ar bith faoi sin. Tá gach uile seans ann nach líonfar an bearna a fhágann Willie ina saol go deo. Ach ní cosúil go bhfaighidh an t-uaigneas an ceann is fearr ar Shíle ach an oiread. Tá a clann thart uirthi agus gar di.

Cheana féin tá a cairde á mealladh amach an corr oíche deireadh seachtaine, le haghaidh deoch beag is dreas damhsa. Buaileann said isteach chuici agus iad ag dul am bhóthair. Agus tá Dia i ngar di. Bímis ag guí Dé do Shíle agus don iliomad daoine fágtha leo féin go neartaí a gcreideamh iad, go n-airí siad Dia i ngar dóibh agus go dtuga a dteaghlach is a gcairde tacaíocht is comhluadar dóibh.

INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA DO MHÍ NA SAMHNA, 2014 Daoine in uaigneas. Go n-airí na daoine go léir atá faoi chumha an uaignis go bhfuil Dia i ngar dóibh agus go bhfaighe siad tacaíocht ón mhuintir eile. Foclóirín: bris: cailliúint; cásaigh: sympathise

Timire Autumn 2014.indd 27

31/07/2014 11:44


28

LÉIRMHEASANNA

Liam Ó Muirthile Haiku más é do thoil é!

(An Gúm: Baile Átha Cliath)

Léirmheas le Liam Ó Muirthile Níl aon amhras ná go bhfuil Gabriel Rosenstock ar dhuine de na nuálaithe is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge. Baineann dhá phríomhshruth lena shaothar riamh ó thosach – bunobair chruthaitheach agus obair chruthaitheach aistriúcháin ón taobh amuigh isteach – dhá ghéag san aon chrann cnómhar amháin. Baineann siméadracht leis an gcnuasach seo is déanaí uaidh a nascann saothar Kuno Meyer agus an nochtadh a dhein sé ar liricí na Sean-Ghaeilge, agus an saothrú atá déanta ag Rosenstock féin le fada ar an haiku. Ba é Kuno Meyer féin a luaigh, den chéad uair, na cosúlachtaí idir na luath-liricí agus filíocht na Seapáinise. Tá an haiku anois mar a bheadh sé ag pórú agus ag síolrú i scáileanna Chluain Mhic Nóis. Déanfaidh na glúnta nár saolaíodh fós, iontas de dhéantús Rosenstock, chomh mór is a léimid féin le gliondar déantúis úd na manach agus na gcléireach Críostaí Gaelach. Tá an ghléine chéanna ag baint leo araon. Ach amháin

Timire Autumn 2014.indd 28

gur fairsinge go mór réimse Ghabriel. Níor leor leis riamh réim na bhfaoileán ar charraig aonair, ach an réim dhomhanda, ardspéiriúil atá ag an bhfiolar. Tá sé tuigthe chomh maith aige, níos fearr agus níos túisce ná éinne againn, go bhfuil sé riachtanach an phlandlann scáinte Ghaelach a shaibhriú le fáiseanna bláfara iasachta. Más maith leat tús a chur le d’aistear isteach i dteanga na Seapáine, sé seo do lámhleabhar tosaigh. Tá focail agus nathanna Seapánaise tríd an leabhar seo a bhaineann le hábhar, iad ag teacht i láthair faoi chlóca éadrom na Gaeilge. Tá an cnuasach roinnte ina cheithre rannóg. Tráchtaireacht ar dhuine de mháistrí móra an haiku, Issa, agus blaiseadh dá shaothar; cúig shéasúr an haiku; Kigo, agus véarsaí na séasúr; agus bunsaothar Ghabriel féin, máistir haiku eile anois. É maisithe go haoibhinn, mar is dual, ag Brian Fitzpatrick. Dá gcuirfí an cnuasach seo ar chlár gach scoile in Éirinn, i lámha na múinteoirí agus na ndaltaí, cá bhfios ná go mbeadh bunús meoin réabhlóide againn – Réabhlóid Riachtanach na bhFéileacán. Foclóirín: scáinte: tanaí

31/07/2014 11:44


Raiftearaí i gCeartlár a Dhaoine san Aonú hAois is Fiche Colette Nic Aodha Coiscéim 2009 80 lch, e7

Léirmheas le Séamas Ó Murchú File fáin ab ea Antaine Ó Reachtaire (Raftery), a mhair i dtosach an 19ú haois. Rugadh é timpeall 1785 (meastar) in aice le Coillte Mach i gContae Mhaigh Eo, ach thug sé an chuid is mó dá shaol in oirthear Chontae na Gaillimhe. Is ansiúd a fuair sé bás timpeall 1835. Bhí sé dall óna óige, ach scríobh daoine eile síos a chuid amhrán. B’é Dúglas de Híde a chuir filíocht Raftery os comhair an tsaoil ar dtús ina leabhar Abhráin atá Leagtha ar an Reachtúire (1903). Foilsíodh an t-eagrán sin arís in 1903, gan na haistriúcháin. Tá eagrán nua a d’ullmhaigh Ciarán Ó Coigligh ar fáil ó 1987. Sa leabhar beag seo tugann Colette Nic Aodha cuntas dúinn ar an gcuardach a rinne sí féin ar lorg Raftery. Chuir sí eolas ar dtús air agus í ina cailín scoile i gContae Mhaigh Eo. Is file í féin anois, file nua-aimseartha, ach tá sí faoi dhraíocht i

Timire Autumn 2014.indd 29

29

gcónaí ag véarsaí ceolmhara Raftery. Tá spéis ar leith aici sa seanchas a bhaineann leis. B’iad de Híde agus Lady Gregory is mó a bhailigh an seanchas sin i mblianta deiridh an 19ú haois. Bhíodar díreach in am, is cosúil. An tuairisc atá ag de Híde ar óige Raftery, is ó fhear darbh ainm Tadhg Ó Conalláin a fuair sé é. D’éirigh le Colette teacht ar bheirt de shliocht Uí Conalláin, agus cuireann sí i gcló anseo an t-agallamh a rinne sí leo. Bhí an ceart aici gan iarracht a dhéanamh Gaeilge a chur ar an agallamh sin, ná ar na sleachta Béarla atá aici ó Lady Gregory. B’fhéidir go bhfuil cuid de na sleachta eile Béarla atá aici rófhada i leabhar den sórt seo. Aon duine a léifidh an leabhar seo beidh fonn air dul ar ais go dtí filíocht Raftery, go háirithe na hamhráin is mó cáil dá chuid (‘Eanach Dúin’, ‘Cill Aodáin’, ‘Máire Ní Eidhin’). Cé gur amhráin áitiúla iad sin go bunúsach, is féidir a rá gur leis an tír go léir anois iad. Níl aon amhras ach go raibh bua ar leith ag Raftery. Tá a cion go maith déanta ag Colette Nic Aoidh chun a chuimhne a bhuanú san 21ú haois.

31/07/2014 11:44


30

Katie McGreal

Bealtaine; Úrsceal don Fhoghlaimeoir Fásta Brian Ó Baoill Coiscéim, €7.50

Léirmheas le Katie McGreal Insíonn an leabhar seo scéal pearsanta ón am a raibh Oilibhéar Cromail ag troid i gcoinne na nGael in Éirinn. Is scéal é Cromail a chualamar go mion minic agus muid ag foghlaim stair na hÉireann ar scoil. Tá deireadh an scéil ar eolas againn ar fad ach d’úsáid an t-údar scéal pearsanta Chaitríona agus a cara Gormlaith chun an léitheoir a mhealladh agus a choinneáil go dtí an deireadh. Bíonn a fhios ag an léitheoir céard a tharlóidh don tír ach ní bhíonn a fhios acu céard go díreach a tharlóidh don bheirt seo. Baineann scéal an leabhair leis an mbliain 1649 AD. Is bliain í sin ina raibh sé de cheart ag cailíní fanacht sa bhaile, fuáil a dhéanamh agus aire a thabhairt

Timire Autumn 2014.indd 30

do na páistí. Níl Gormlaith ná Caitríona sásta leis sin. Tá fir na tíre amuigh ansin ag troid ar son na tíre agus tá siad ag iarraidh cabhrú leo. ‘Is féidir le mná gunna a scaoileadh chomh maith le fear ar bith,’ a deir Gormlaith – agus nach bhfuil an ceart ar fad aici! Léitear faoi thuras na gcailíní cróga seo le linn an úrscéil ach chomh maith leis sin, foghlaimítear faoi stair na hÉireann agus faoi thuras Chromail trí Éirinn agus an éifeacht a bhí ag an turas sin ar mhuintir na hÉireann. Cuirtear an leabhar seo i láthair mar úrscéal d’fhoghlaimeoirí agus mar sin tá fóclóir, iontach úsáideach d’fhoghlaimeoirí agus do Ghaeilgeoirí ar chúl an leabhair. Uaireanta bíonn sé deacair an scéal a leanúint toisc go n-úsáideann an t-údar an oiread sin ainmneacha éagsúla ach den chuid is mó is leabhar suimiúil atá scríofa i nGaeilge dheas nádúrtha atá ann.

31/07/2014 11:44


31

An Timire ag lorg cuidiú Is ag brath ar obair dheonach, cuid mhaith, atá foilsitheoireacht an Timire. Táimid an-bhuíoch do na daoine atá ag obair linn go deonach. Is iad a chuireann an slacht is an mhaise atá ar an iris agus a iompraíonn cuid mhór de ualach na hoibre. Ba mhaith linn an obair sin a roinnt amach níos cothroime. Bheadh muid buíoch de aon chabhair ó léitheoirí i leith cisteoireacht, clárú baill na hirise nó margaíocht. Cuir scéal chuig antimire@gmail.com má tá suim is am le sparáil agat, le do thoil.

COMÓRTAIS Cuirfear cóip den leabhar

Bealtaine

úrscéal do fhoghlaimeoirí fásta le Brian Ó Baoill, go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo:

Cén contae as a dtagann an file iomráiteach, Liam Ó Muirthile? Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Pádraig Ó Cuinneagáin, an Cabhán, Co. an Chábháin. Freagra: An tSeapáin Cóip den leabhar Haiku, más é do thoil é! buaite aige.

Deireadh Seachtaine i nGaeltacht Dhún nGall

Bhí comórtas eile in eagrán an tsamhraidh ag tairiscint deireadh seachtaine i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá beirt bhuaiteoirí : Conchubhair Ó Líatháin, f/ch Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste; tá an beart déanta faoi dhó ag Pádraig Ó Cuinneagáin ó bhaile an Chabháin, mar tá an duais seo buaite aige chomh maith.

Timire Autumn 2014.indd 31

31/07/2014 11:44


32

An tAth Seán Mac Cumhaill

AN BRÁTHAIR RICHIE, FEAR A LEAN ÍOSA CHRÍOST LE LÚCHÁIR INA CHROÍ Nuair a léigh mé faoi bhás an Bhráthar Richard “Richie” Michael R. Fernando SJ sa gCambóid ar 17 Deireadh Fómhair 1997, bhí bród agus brón orm mar shagart misinéireachta sna Filipíní go raibh ábhar sagairt óg Filipíneach tar éis a shaol féin a íobairt gan leisce dá laghad, ar son daoine eile i Lárionad an Choilm, i Phnom Penh. Daoine óga a chaill géaga ó phléascáin talún a bhí scaipthe go fóill ar fud na tire a bhí ina gcónaí sa Lárionad, atá faoi stiúr na nÍosánach. Tháinig Sarom, fear óg a bhíodh ina chónaí ansin ach a caitheadh amach, an lá úd chuig cruinníú. Thóg sé amach gránáid láimhe óna mhála agus shiúil isteach i seomra scoile ina raibh a lán daoine óga. Sheas an Bráthair Richie, a bhí ag caitheamh dhá bhliain sa gCambóíd mar chuid dá ullmhúchán don sagartóireacht, taobh thiar de Sarom agus rug greim air. Ach thit an gránáid ar an úrlár agus ansin thit an tÍosánach óg ar a dhroim ar an gránáid, greim i gcónáí aige ar Sarom. Phléasc an gránáid agus maraíodh an Bráthair Richie, gan ach 26 blianta sáraithe aige. Níor gortaíodh éinne eile. Bhí focal amháin i mbéal gach éinne a raibh aithne acu ar an mBráthair Richie: “Lúcháir”. Dar leis an bPápa

Timire Autumn 2014.indd 32

Proinsias, is riachtanach an lúcháir i gcroí gach Críostaí chun an Soiscéal a chraobhscaoileadh go héifeachtach. Agus sin a d’fhág Íosa linn an oíche roimh a Chéasadh: “Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúchair-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúchair-se iomlán” (Eoin 15:11). Ba chuid d’ullmhúchán do shagartóireacht na nAspal an tabhartas seo ionas go mbéadh siad in ann an lúcháir chéanna a scaipeadh ar fud an domhain agus ó aois go haois tríd an Eaglais. Deir an Pápa Proinsias ina leabhar, Lúcháir an tSoiscéil : “Seasann Íosa, an soiscéalaí par excellence agus an Soiscéal ina phearsa, go háirithe leis na miondaoine (féach Matha 25:40).” Sheas an Bráthair Richie leis na miondaoine sa gCambóid, Sarom ina measc adúirt níos déanaí, “D’ith Richie rís in éineacht liom; ba chara liom é”. Scríobh an Bráthair Richie le linn cúrsa spioradálta i 1996: “Tá súíl agam go gcuimhneoidh daoine orm tar éis mo bháis ní mar dhuine mór, cumhachtach, éirimiúil, ach mar dhuine a thug seirbhís agus a labhair ar son na fírinne; gur thug mé fianaise ar son an chirt; go raibh mé

31/07/2014 11:44


33 Phnom Penh, An Chambóid

i ndáiríre i ngach focal a labhair mé agus i ngach rud a rinne mé. Is é sin le rá, gur thug mé grá do Chríost agus gur lean mé é.” Do lean an Bráthair Richie Íosa Críost trí dheisceabail eile a leanúint: a thuismitheoirí, a mhúinteoirí, na sainoidí a bhí aige ins na hÍosánaigh, cáirde leis a bhí i ndáirire faoina gcreideamh Críostaí. Is é Íosa Críost an Sainoide thar éinne eile. Tá sé mar chúram ar “sainoidí stuama dea-eolacha” cabhrú leis na daltaí óga ins na cliarscoileanna agus na tosaitheoirí sa saol crábhaidh aithne a chur ar Chríost mar dhuine a bhfuil grá pearsanta gan chuimse aige dóibh. Dúirt an Pápa Proinsias i Rio de Janeiro i 2013, “Nuair a thuigeann daoine óga . . . ‘an grá pearsanta atá ag Dia dom’, fágtar seo leo go deireadh a saol. Aimsíonn said arís an lúcháir a thug Dia dá Mhac Íosa ar son ár slánaithe. Déanaimís iad a mhúnlú ar son an mhisin, chun dul amach, mar thaistealaithe a craobhscaoileann an creideamh. Seo mar a dhein Íosa lena

Rinne a shainoidí Íosánacha an Bráthair Richie a scaoileadh amach agus lúcháir Dé ina chroí.

dheisceabail. Níor fhág sé iad faoina sciatháin mar chearc lena scalltáin. Scaoil sé amach iad!’ Rinne a shainoidí Íosanacha an Bráthair Richie a scaoileadh amach agus lúchair Dé ina chroí chun tamall a chaitheamh i measc daoine óga “gan tábhacht” sa Cambóid, daoine a bhí gortaithe ina gcorp agus ina n-anamacha. Ní dhearna an Bráthair Richie Íobairt Naofa an Aifrinn a ofráil riamh mar shagart óirnithe ach rinne sé a shaol óg a íobairt ar son daoine óga eile agus lúchair “sagartach” ina chroí an lá úd. Tugaimís buióchas do Dhia don Bhráthair Richie agus do na sainoidí a bhí aige. Agus guímis ar son sainoidí go léir a bhfuil cúram acu do dhaltaí óga na gcliarscoileanna agus do thosaitheoirí sa saol crábhaidh. Is sagart Colmbánach as Baile Átha Cliath é an t-údar. Is eagarthóir é ar www.misyonline.com, iris na gColmbánach san Filipíní.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ NA SAMHNA, 2014 Sainoidí daltaí cliarscoileanna agus lucht crábhaidh. Go raibh sainoidí stuama deaeolacha ag daltaí óga na gcliarscoileanna agus ag tosaitheoirí sa saol crábhaidh.

Timire Autumn 2014.indd 33

31/07/2014 11:44


34

Gabriel Rosenstock

THEASTAIGH ÓN DOBHAREACH A BHEITH INA IASC An chéad Kikúyú riamh, deirtear gur Kikúyú ab ainm dó! Agus ainm an tsráidbhaile ina raibh cónaí air? Kikúyú, cad eile! Ciallaíonn kúyú ‘fige’ sa teanga álainn acu, an Chiocúis. Tá go leor scealta Ciocúise ann agus is deas an scéal é an scéal seo a leanas: Nuair a chruthaigh Dia an domhan is a bhfuil ann, ar seisean le Dobhareach: ‘Amach go dtí na machairí móra leat!’ Ach bhí plean eile ag Dobhareach dó féin. Bhí sé an-cheanúil ar an mbia agus d’éirigh sé an-ramhar i gceann na haimsire. An-ramhar ar fad! Bhí an ghrian ag cur isteach go mór air. Síos leis chun na linne móire. Bhí an t-uisce breá fionnuar ann –cén fáth nach mbeadh, uisce an tsneachta leáite anuas ó Shliabh na Céinia a bhí ann. D’fhéach sé ar na héisc sa linn. ‘Ó, nach aoibhinn daoibh!’ ar seisean. ‘Nár bhreá liom a bheith i m’iasc agus cónaí anseo in bhur measc.’ B’in mar a bhí aige, an créatúr, gach aon lá riamh, é ag éirí níos raimhre an t-am ar fad agus an ghrian ag cur isteach air nios mó agus níos mó. Sa deireadh dúirt sé leis féin go bpléifeadh sé an cás le Dia.

Timire Autumn 2014.indd 34

Scairt sé in airde chun na bhFlaitheas: ‘A Dhia!’ ar sé, ‘lig dom cónaí anseo cois linne. Táim marbh ar fad ag an ngrian!’ Chuala Dia an chaint sin agus d’fhreagair láithreach é: ‘Caithfidh mise na héisc a chosaint. Má ligim duitse cónaí cois linne, cá bhfios ná go n athrófá do nósanna itheacháin agus go dtosófá ar na héisc a ithe.’ ‘Geallaim duit, a Dhia, ar m’fhocal, ní chuirfidh mé isteach ar na héisc. Nílim in ann an teas marfach seo a sheasamh níos mó!’ Ghlac Dia trua dó. ‘Tá go maith,’ ar seisean le Dobhareach, ‘tá cead agat cónaí cois linne. Is leatsa feasta na linnte, na haibhneachacha agus na lochanna go léir – ACH …’ ‘A -a -ach?’ arsa Dobhareach. ‘Conas a chruthóidh tú domsa go seasfaidh tú le d’fhocal?’ ‘Mar seo, a Dhia,’ arsa Dobhareach. ‘Tiocfaidh mé amach as an uisce nuair a bheidh an bia ag gabháil trí mo chorp – ní shalóinn an t-uisce go brách! – agus feicfidh té féin an fhianaise ar an bhféar. Feicfidh tú nach bhfuil oiread is cnámh bheag éisc amháin ann!’

31/07/2014 11:44


35

OIDEAS ‘PÓGA’ MEIREANG Síle Ní Chearbhaill Tá an samhradh buailte linn agus ag an am seo den bhliain ní bhíonn fonn ite ar dhaoine. Is sailéid agus miasanna éadroma a thaitníonn le daoine nuair a bhíonn an aimsir te, ach céard faoin milseog? Seo oideas chun ‘póga’ meireang a dhéanamh, ach is féidir neadacha a dhéanamh leis chomh maith. Déanann an t-oideas seo thart ar 35 ‘phóg’. Meáigh na gealacáin, bíonn 30g ar ghealacán meánach. Is féidir gealacáin a cheannach i mbuidéal anois, tá sé áisiúil mura bhfuil an t-am agat na buíocáin a úsáid. Má tá tú ag bácáil do dhaoine eile cuir cúpla braon de dhathúchán isteach leis an meascán nó 3 tsp cócó le meireang daite a dhéanamh. Is maith liom Nutella a riaradh le meireang seacláide, nó gruth líomóide agus uachtar le meireang buí. COMHÁBHAIR: 50g gealacán uibhe 300g siúcra mionaithe MODH: Líneáil trádaire bácála le páipéar bácála. Réamhthéigh an t-oigheann go 200c. Doirt an siúcra ar an trádaire agus cuir san oigheann é ar feadh thart ar ‘Tá go maith mar sin,’ arsa Dia, ‘ACH – coinneoidh mise súil ghéar ort!’ Agus is mar sin atá sé go dtí an lá inniu. Tagann Dobhareach amach as an uisce, déanann sé a chúram, féachann in airde chun Dé agus deir sé, ‘Féach, a

Timire Autumn 2014.indd 35

10 nóiméad (is féidir leat é a chur isteach fad is atá an t-oigheann ag téamh). Scall amach do bhabhla le huisce beirithe (chun aon rian saille a ghlanadh de, mar ní ghreadfaidh na gealacáin má tá saill ar bith ann). Gread na gealacáin go dtí go bhfaigheann tú buaicphointí boga. Bain an siúcra ón oigheann agus cas an teocht síos go 100c. Coimeád an trádaire leis an bpaipéar. Gread an siúcra te isteach, tbsp. amháin ag an am. Nuair atá an siúcra ar fad curtha isteach sa bhabhla agat, gread an meascán ar feadh 5 nóiméad eile. Ansin ba cheart go mbeadh an mheascán lonrach gan aon siúcra a bheith le mothú ann má chuireann tú blúire de idir do mhéara. Líon mála fórsála leis an meascán agus cuir amach do “phóga” ar an trádaire bácála. Bácáil ar feadh 30-40 nóiméad (dhá uair a chloig má tá neadacha a dhéanamh agat). Fuaraigh ar an trádaire. Bain na “póga” den tradaire agus riar iad le huachtar. Fanann siad úr i mbosca aer-dhíonach go ceann coicíse. Foclóirín: gruth líomóide: lemon curds; gealacáin: egg whites; buícáin: egg yolks

Dhia! Níor chuas in aice leis na héisc!’ Tá an scéilín thuas tógtha ón leabhar Óró na Circíní, agus Scéalta eile ón Afraic, le Gabriel Rosenstock, atá le foilsiú ag An Gúm amach anseo.

31/07/2014 11:44


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin; An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa I bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna; Deichniúr den phaidrín a rá gach lá ar intinní an Phápa don mhí.

Meán Fómhair 2014 Daoine faoi mhíchumas meabhrach. Go bhfaighe daoine atá faoi mhíchumas meabhrach an grá agus an chabhair is dual dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit.

Deireadh Fómhair , 2014 An tSíocháin. Go ndeona an Tiarna síocháin do na réigiúin sin den domhan is mó atá á gciapadh le cogaí agus le foréigean.

Samhain 2014 Daoine in uaigneas. Go n-airí na daoine go léir atá faoi chumha an uaignis go bhfuil Dia i ngar dóibh agus go bhfaighe siad tacaíocht ón mhuintir eile.

Nollaig 2014 Nollaig, dóchas don chine daonna. Go dtuga breith an tSlánaitheora síocháin agus dóchas do lucht na dea-thola go léir.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Autumn 2014.indd 36

31/07/2014 11:44


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.