na hUr na
í
Aspalach t
FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH SAMRADH 2017 €5.00/Stg Stg £3.75
John Sullivan SJ Pauline Scanlon Comóradh Céad Bliain Fatima Scoil Bhríde – Céad Bliain ar an bhFód
Timire 017
www.timire.ie
Comóradh 106 bliain a n Ti m ire 1 911– an Chroí Ró-naofa 2
Timire Summer 2017.indd 1
08/05/2017 12:45
DÁILEADH: NÍOS MÓ NÁ
1,000 CÓIP Á SCAIPEADH SA RÁITHE
Eagarfhocal
I bHFÍRINNE
F
uair mé téacs ó Johnny nuair a bhris scéal leanaí Thuama. Mar a dhéanfadh Laoise fadó, déanann sé teagmháil liom aon uair a thagann scéal aníos ar na meáin faoi mhíúsáid daoine óga ag lucht na heaglaise institiúide, rud a osclaíonn an chréacht ann in athuair. Téacs lánfeirge a bhí ann. Mar a tharlaíonn níor fhéad mé freagra a chur chuige ar an spota ach freagra an tosta, an freagra céanna a ‘chloiseann’ sé féin i gcónaí ón eaglais instidiúideach! Ní gá gurb ionann tost agus cluas le héisteacht a chur orainn. Ach i gcónaí is féidir éisteacht, is cuma cé chomh pianmhar is atá sé sin a dhéanamh. Le rófhada bhí fonn ar an eaglais institiúideach cúram na heitice a ghlacadh ortu féin is gan é a fhágáil faoin stát. Cé go bhfuil deich n-aithne ann, is é an 6ú ceann agus cúrsaí gnéis is mó a bhí ag déanamh tinnis dúinn. Agus theagasc muid foirceadal fabhtach faoi ‘Liombó’ freisin, rud a d’fhág leanaí a rugadh roimh a n-am, curtha gan bheannacht, ag ‘claí teorainn’ is a d’fhág máithreacha is athracha cráite croíbhriste.
Cén chaoi le haithrí a dhéanamh, nuair atá na focail ‘tá brón orm’ nó ‘tá aiféala orm’ gan brí na beatha níos mó? Is fiú éisteacht a thabhairt do Johnny agus daoine a insíonn fírinne shearbh dúinn. Cé go bhfuil sé pianmhar déanann sé maith don duine a bhfuil éisteacht uaidh agus dúinne a ghlacann leis an bhfirinne uathu. Is cuid den leorghníomh cur suas leis an bpian, ar son shlainte ár muintire. Bímis ag guí ar son Phobal Dé nach bhfágfar ar thrá fholamh iad ach go bhfeicfidh siad go bhfuil glacadh lena ngearán agus freagairt ó chroí á cur ar fáil. Bímis ag guí ar son na ndaoine a gortaíodh go bhfaighfidh siad éisteacht thuisceanach agus ar son na cléire go n-éistfidh muide le gach cuid den ghearán, cuma cé chomh searbh leis, agus ar son an Phápa atá ag rá linn cúl a thabhairt don chléireachas. Tá Dia ag glaoch orainn, ‘éistear lena Ghlór’, agus téimis ‘síos i measc na ndaoine’. Frainc Mac Brádaigh SJ
Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr
Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Is gá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.
Timire Summer 2017.indd 2
08/05/2017 12:45
TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA
Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 16 19 21 23 24 26 28 31 32
36 38 40 42 45 47
Trádáil Arm sa Bhaile agus i gCéin Scoil Bhríde, Céad Bliain ar an bhFód Dúshláin Idir Anam is Corp Má Tá Dia inár dTeannta …? Nóibhéine John Sullivan SJ Tóraíocht na hÁilleachta Fatima 1917-2017 Mol na hÓige Éan a raibh Dhá Chloigeann Air Spraoi sa Samhradh Cuardach Focal Pauline Scanlon faoi Agallamh Cúinne na bhFilí Im Leabharlann Dom Tearmann Clamavi Hata Zú Mhamó Hóng Daniel Berrigan SJ Leon Ó Moracháin, Saol Dea-Chaite An Buntáiste Breise An Beathnua: St John’s-Wort An Gearrscannán ‘Light Rain’ Oideas: Pióg Éisc
Deaglán De Bréadún Tríona Ní Mhaoldomhnaigh Lorcán Mac Gabhann Marcas Mac Dómhnaill Áine Máire Ní Odhráin John Looby SJ Edmond Grace An Br. G.D. De Barra Gabriel Rosenstock
Katie Mc Greal Bernadette Nic an tSaoir Tómás Ó Ceallaigh Seán de Fréine Caoileann Nic Donncha Aoibhinn Mc Philipps Caoimhín Ó hUiginn SJ Tommy Ó Moracháin Marcas Mac Ruairí Dónall Ó Cnáimhsí Aileen Mhic Cionna Síle Ní Chearbhaill
Ar Dheis Dé: Dónall Mac Raghnaill, T.K. Whitaker, Lorcan Fullam, Joe Mc Cullough, Nuala Ní Loingsigh, An tAth. Ciarán Ó Saobhaois O.C.S.O Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh
Timire Summer 2017.indd 3
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 467 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Bealtaine 2017 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg£3.75 Go ceann bliana: €20/Stg£15
Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, Airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited
08/05/2017 12:45
4
Deaglán de Bréadún, iriseoir agus údar
TRÁDÁIL ARM: SA BHAILE AGUS I gCÉIN Is beag duine nach n-aontódh i bprionsabal le guí thíosluaite an Phápa go gcuirfí deireadh leis an dtrádáil arm. Ach nuair a théann tú isteach sa réimse praiticiúil ina bhfuil gnó le déanamh agus airgead ar fáil, tagann athrú ar an scéal. In Earrach 2003 rinne mé tuairisc don Irish Times ar aonach arm in Abu Dhabi. Luaigh mé an nath cáiliúil a bhí ag an saineolaí straitéise Karl von Clausewitz gur polaitíocht ar bhealach eile a bhí sa chogaíocht. Ach dúirt mé nach raibh an scéal iomlán aige: gnó ar bhealach eile atá inti chomh maith. Bhí sé cineál aisteach a bheith i láthair ag ócáid dá leithéid ar thaobh amháin de Mhurascaill na Peirse nuair a bhí cogadh á réiteach ag an dtaobh eile den cheantar ag an am céanna. Mhair an t-aonach thar chúig lá agus bhí gach cineál trealaimh ar fáil. Gléas amháin a d’imigh i bhfeidhm orm ná róbat a dhéanfadh ionsaí ar thancanna míleata. Chuir sé i gcuimhne dom na saighdiúirí daonna a bhíodh ag máirseáil ag béal an chatha sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda, ach d’fhéadfá an róbat seo a chur ar siúl agus a stiúradh le ríomhaire chun diúracáin mharfacha a sheoladh i dtreo thancanna an namhad. Agus cárbh
Timire Summer 2017.indd 4
as don chomhlacht go raibh an gléas seo á chur ar fáil acu: An Eilbhéis, siombal na síochána agus na neodrachta. Bhí daoine as a lán tíortha eile i láthair ar ndóigh, ina measc fear amháin as Sibéir na Rúise a raibh meaisín mór míleata ar taispeáint aige, a bhí an-chosúil le tanc cé go raibh sé féin ag dearbhú dom gur iompróir trúpaí a bhí i gceist. D’fhiafraigh mé de, cé mhéid airgid a chosnódh a leithéid orm? ‘Milliún dollar Meiriceánach’, ar seisean. Ansin stop sé ag caint ar feadh nóiméid agus d’ísligh an praghas go naoi gcéad míle. Fánach an áit ina bhfaighfeá sladmhargadh! Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, cuireadh tús leis an ionradh ar an Iaráic. Bhíos féin suite leis na céadta iriseoirí eile ag Centcom, i gCampa As Sayliyah, an ceann-cheathrú míleata a bhí ag na Meiriceánaigh in aice le Doha, príomhchathair Qatar. Chuir na fallaí cloiche i Centcom áiteanna i gConamara in aigne dom ach bhí Sky TV, Fox News, NBC, ABC agus an BBC go léir i láthair. Bhí struchtúr agus trealamh ann a chosain thart ar chéad milliún dollar. Deirtear gur chaith Stáit Aontaithe Mheiriceá 90.3 billiún dollar ar an gcogadh san Iaráic sa bhliain 2003 amháin – trealamh míleata,
08/05/2017 12:45
5
‘Cárbh as don chomhlacht go raibh an gléas míleata seo á chur ar fáil acu: An Eilbhéis, siombal na síochána agus na neodrachta.’
gunnaí, buamaí, srl, san áireamh. Dar le meastachán a d’fhoilsigh Amnesty Idirnáisiúnta i Mí Lúnasa 2015, bíonn luach gar do chéad billiún dollar ar an dtrádáil domhanda arm gach bliain. Maidir leis na hairm bheaga, nó na cinn a bhfuil údarás dleathach acu ar a laghad, is fiú 8.5 billiún dollar an ghné sin den dtionscal úd, a bhfuil níos mó ná míle comhlacht as beagnach céad tír éagsúil páirteach ann. Ar 3 Meitheamh 2013 i Nua-Eabhrac, bhí Éire i measc na dtíortha a bhí chun tosaigh leis an gConradh Trádáil Arm a shíniú. Ionstraim atá ann a bhfuil d’aidhm aici an trádáil sna hairm choinbhinsiúnacha a rialú agus deireadh a chur le gnó mídhleathach sa réimse úd. Tháinig an Conradh i bhfeidhm i Mí na Nollag 2014 agus faoi Dheireadh Fómhair 2016 bhí sé sínithe ag 133 stát agus daingnithe ag 91 acusan. Cuireann an Conradh cosc, mar shampla, ar aon
stát cead a thabhairt d’easportáil arm a bheadh á n-úsáid le cinedhíothú a chur i bhfeidhm, nó coireanna eile cogaidh in aghaidh an chine daonna. Cuirtear dualgas ar gach stát freisin trádáil neamhdhlíthiúil a chur faoi chois. Nuair a tháinig an Conradh i bhfeidhm, luaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, an traidisiún a bhí ag an stát s’againne cheana féin tacú leis an bhfeachtas chun an ruaig a chur ar airm núicléacha. Dar leis go gcabhródh an Conradh nua seo chun síocháin agus slándáil a chothú tré stad a chur le heasportáil arm a chothódh míshocracht i réigiúin chorraithe. Ní easaontódh an Pápa leis an ráiteas úd ón Aire. Ar ndóigh tá tionscal airm in Éirinn chomh maith, cé nach bhfaigheann sé mórán airde sna meáin. Tá bóthar fada le taisteal sula mbeidh domhan síochánta againn ach ní chóir staonadh ón iarracht leis sin a bhaint amach.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2017 Go nglaca ceannairí náisiúnta orthu féin deireadh a chur leis an trádáil arm, a dhéanann íospartaigh den oiread sin daoine neamhchiontacha. Foclóirín: cinedhíothú = scrios ar chine nó ar ghrúpa ar leith; Murascaill na Peirse = Persian Gulf; diúracáin = missiles.
Timire Summer 2017.indd 5
08/05/2017 12:45
6
Tríona Ní Mhaoldomhnaigh, Príomhoide Scoil Bhríde, Raghnallach, Baile Átha Cliath
SCOIL BHRÍDE, CÉAD BLIAIN AR AN bHFÓD In 1917 bhunaigh Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh in éineacht lena cara Áine Nic Aoidh Scoil Bhríde i 70 Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Rugadh agus tógadh Lúise insan Fhrainc agus níor leag sí cos in Éirinn go dtí gur tháinig sí chuig socraid a hathar Charles Gavan Duffy in 1903. Bhí Lúise ar bís nuair a thuig sí go raibh teanga dár gcuid féin againn anseo in Éirinn agus thosaigh sí ag foghlaim na teanga. Bhí uirthi bogadh thar n-ais go dtí an Fhrainc ach d’fhill sí arís i 1907 chun staidéar a dhéanamh. Bhronn Coláiste na hOllscoile céim BA uirthi ach bhí uirthi an cúrsa a dhéanamh i gClochar Doiminiceach i Sráid Eccles. Fuair sí post mar mhúinteoir i Scoil Íte, an scoil a bhunaigh An Piarsach i dTeach Feadha Cuileann i Raghnallach. Bhí antionchar ag Pádraig Mac Piarais ar Lúise ó thaobh oideachais de ach dúirt sí féin gur fhoghlaim sí an-chuid ó Mháire Nic Guidhir, múinteoir an-chumasach. Níos déanaí phós Máire Pádraic Colum agus tá roinnt leabhar fós againn a bhronn Pádraic ar an scoil. Nuair a dhún Scoil Íte thosaigh Lúise ag staidéar arís agus fuair sí Teastas Múinteoireachta. Bhí Lúise ina ball de Chumann na mBan agus chaith sí tréimhse in Ard-Oifig an
Timire Summer 2017.indd 6
Phoist le Pádraig Mac Piarais i rith Éirí Amach na Cásca, cé nach raibh sí féin i bhfabhar na réabhlóide ag an am seo. Le linn an ama seo go léir níor laghdaigh suim Lúise sa Ghaeilge agus bhí fís aici i gcónaí Scoil lánGhaelach a bhunú. Ar an 5 Meán Fomhair 1917, d’oscail sí doirse Scoil Bhríde le daréag scoláire. Bhí an chéad Ghaelscoil in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht i mbun oibre. Bhí idéil an-arda aici, ní hamháin mar gheall ar ár dteanga agus ar ár gcultúr ach freisin faoi chothú pearsantachta páistí agus seans a thabhairt dóibh go léir bheith leathan-aigeantach. Bhí oideachas sa Chreideamh agus san Fhraincis antábhachtach do Lúise agus nuair nach mbíodh paidreacha ráite as Gaeilge déarfadh siad iad as Fraincis. Bhí an scoil ag dul i méid an t-am ar fad. Ghlaoití ‘Tír na nÓg’ ar an taobh sóiseareach den scoil, rud atá fós fíor sa lá atá inniu ann. Sa bhliain 1920 bunaíodh Cairde Bhríde um Oideachas Teoranta, nó mar a ghlaotaí air Societé Amicale Saint Brigid chun tabhairt faoi fhadhbanna airgid a bhí ag an scoil. Sa bhliain 1921 aistríodh an scoil go 55 Sráid Pembroke. Bhí cúrsaí airgid ag dul in olcas agus in 1926 b’éigean í a chur faoin Roinn
08/05/2017 12:45
7
‘Bhí oideachas sa Chreideamh agus san Fhraincis an-tábhachtach do Lúise agus nuair nach mbíodh paidreacha ráite as Gaeilge deirtí as Fraincis iad.’ An tUachtrán ar cuairt chun Scoile na i mbliana
Oideachais. Bunscoil Náisiúnta le meánbharr a bhí inti ansin. Sa bhliain 1931 chuaigh An Roinn Oideachais agus Rannóg Oideachais Choláiste Ollscoile Átha Cliath i gcomhar le chéile ar son na scoile. Bhronn an Rialtas an foirgneamh 19 Ardán Phort an Iarla ar an scoil agus de réir dealraimh, an ollscoil a d’íoc as an troscán! Bhíodh cead ag céimithe ón ollscoil cleachtadh múinteoireachta don Ardteastas san Oideachas (H.Dip.) a dhéanamh ansin insan scoil. Bhí gaol ann i gcónaí idir Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Scoil Bhríde agus bhí an séiplineach céanna ag an dá eagraíocht. Is é séiplíneach na hollscoile atá fós ag cabhrú linn i Scoil Bhríde agus muid ag ceiliúradh na sacraimintí. Faoin am seo bhí go leor scoláirí ag foghlaim sa scoil agus lion na ndaltaí ag dul i méid ach bhí fadhbanna airgid ann agus fadhbanna a bhain leis an bhfoirgneamh. D’éirigh Lúise as an bpríomhoideacht i 1943 agus thóg Máire Ní Cheallacháin an post. Bhí an foirgneamh ag tosnú ag titim as a chéile agus ní raibh an Roinn ná an Ollscoil sásta airgead a chur isteach ann. I 1960 fuair an scoil fógra ón mBardas ag rá go raibh siad chun an scoil a dhúnadh i Mí Márta 1961 toisc nach raibh aon bhealach éalaithe inti. Ní raibh an Roinn sásta airgead a chaitheamh ar an scoil mar a bhí, ach dúirt siad go mbeadh siad
sásta airgead a infheistiú ar fhoirgneamh nua. Bhí an tAire Airgeadais, An Dr. Séamus Ó Riain an-bháúil don scoil agus d’éirigh leis suíomh a aithint ar thalamh Theach Feadha Cuileann i Raghnallach. Cheannaigh an Rialtas an áit ó Mhargaret Mhic Piarais chun foirgneamh a thógáil agus thug siad don scoil é ar chíos ainmniúil. Ghlac an Rialtas ar ais 19 Ardán Phort an Iarla mar shíntiús ón scoil agus thóg an Bord Oibreacha Poiblí an scoil nua. Sa bhliain 1965 tháinig an tUachtarán Éamon de Valera chun an foirgneamh nua a oscailt. Bhí Lúise i láthair ag an ócáid iontach seo. Faoi láthair tá 454 páistí i Scoil Bhríde agus dhá shraith de gach rang. Ceann de na rudaí is suimiúla faoin scoil ná an méid leanúnachais atá ann ó thaobh clainne de. Tá cúigear múinteoir ar an bhfoireann a mhúin mé féin thar na blianta agus cuireann sé gliondar croí orainn nuair a fheicimid iarscoláirí ag teacht thar n-ais ar cuairt chugainn nó ag teacht chun ainmneacha a bpáistí a chur síos. Déanaimd tréaniarracht cloí leis an bhfís a bhí ag Lúise céad bliain ó shin nuair a bhunaigh sí an scoil iontach seo. Tá sé de phribhléid agam bheith i Scoil Bhríde le beagnach 40 bliain agus bheith mar phríomhoide ag leanúint choiscéimeanna an tsárcheannródaí, Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh.
Foclóirín: báúil = dílis do / luí a bheith agat le; ceannródaí = duine a bhíonn nuálaíoch, chun tosaigh ar an slua.
Timire Summer 2017.indd 7
08/05/2017 12:45
8
Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael
DÚSHLÁIN IDIR ANAM AGUS CHORP Ní dóigh liom go raibh iomlán na fírinne á insint ag an taistealaí clúiteach Edmund Hillary nuair a thug sé le fios gur dhreap sé Chomolungma (nó Everest) toisc ‘go raibh sí ann’. Ní bréag a d’inis sé, tá mé cinnte, ach níl aon amhras orm ach go raibh sé ag seachaint na ceiste. B’fhéidir nach raibh na focail aige le cur síos a dhéanamh ar na cúiseanna a bhrúigh é le tabhairt faoin sliabh is airde ar domhan nó níor theastaigh uaidh a anam a nochtadh go poiblí le freagra macánta a thabhairt ar cén fádh go dtabharfadh duine ar bith faoin bpian agus faoin fhulaingt a bhaineann le sliabh atá 8,848m ar airde a dhreapadh. Cé nach dúshlán an Chomolungma a thugann mise agus mo chairde faoi, tá ár gChomolungma féin curtha romhainn bliain i ndiaidh a chéile le deich mbliana anuas. Thosaigh an spéis sna ‘dúshláin’ nuair a shiúlamar ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí an Fhaiche Mhór i lár chathair na Gaillimhe. Aistear cois canálach chomh fada le Droichead na Sionnaine i gCo. Uíbh Fhailí, trasna an phortaigh chomh fada le hEachroim in Oirthear na Gaillimhe, ar chúlbhoithre uaidh sin go Baile Átha an Rí agus ar deireadh, siúlóid bheag isteach go Gaillimh. Cad a bhí
Timire Summer 2017.indd 8
ionainn le muid a mhealladh le siúlóid 240km+ a dhéanamh thar 6 lá? Bhí na cosa agus na matáin tuirseach, agus uaireanta nimhneach, roimh dúinn tús a chur le siúlóid 40km+ gach lá. Cén fáth nár stopamar ar lá 4 agus iompú ar an mbaile? Cén fáth gur cheapamar raibh seachtain ‘saoire’ mar seo ‘normálta’? Cé go raibh ár gcoirp trámaithe tar éis dhúshlán na Gaillimhe, nó ‘The Great March’ mar a thugaimid air anois, lean na dúshláin fhisiciúla ó shin. Cé go bhfuil an t-ilchineál dúslán déanta againn fud fad na tíre is iad na trí cinn is mó a sheasann amach dom ná Dúshlán Airt Uí Néill (www.artoneillchallenge.ie), Dúshlán an Lug (www.theramblers.ie/lug-walk/) agus rí na ndúshlán – Dúshlán na Mám Tuirc (http://nuigmc.com/maamturks/). Cé go bhfuil Dúshlán an Lug níos deacra ná Dúshlán Art Uí Néill agus Dúshlán na Mám Tuirc níos deacra ná an dá cheann eile, tá na nithe seo comónta eatarthu – deacair, dúshlánach, pianmhar, fisiciúil, uaigneach, pearsanta agus spioradálta. Níor mhaith liom leadrán an léitheora a chothú, ach bhí pian faoi leith ag baint le Dúshlán na Mám Tuirc. Ach, mar sin féin, a luaithe is a bhí sé curtha díom an chéad uair bhí cinneadh tógtha agam é a
08/05/2017 12:45
‘Féinfheasacht a thógann mé go háiteanna nach bhfuil ar mo chumas teacht orthu gan pian an dúshláin, gan briseadh allais.’
dhéanamh arís an bhliain dár gcionn. Cén fáth? … arís agus arís eile ardaítear an cheist ‘cén fáth?’ Tá mé tar éis macnamh a dhéanamh ar cheist an ‘cén fáth?’ agus go minic i lár na hoíche ar bharr cnoic éigin!! Tá mé cinnte de rud amháin, is é sin, ní leor freagra Hillary – ‘toisc go bhfuil sé ann’. Tagann saoirse agus féinsmacht as olldhúshláin den chineál seo. Tagann féinfheasacht nó féintuiscint le teisteanna den chineál seo. Níl mé ag caint ar ghnáth-fhéinfheasacht laethúil, ach ar rud éigin atá i bhfad níos doimhne. Féinfheasacht a thógann mé go háiteanna nach bhfuil ar mo chumas teacht orthu gan pian an dúshláin, gan
9
briseadh allais, agus a thagann nuair atá mé i mbun an dúshlán a bhriseadh. Bím fíorfheargach liom féin agus mé ag seasamh ar bharr cnoic ag 4.00 ar maidin agus an teocht ag brú ar -10c. Is é an ‘glacadh’ an ceacht foghlamtha a thagann as suíomh den chineál seo – glacadh leis an suíomh ina bhfuil tú, glacadh leis an bpian/tuirse agus glacadh leis go gcaithfidh tú gníomhú chun an suíomh ina bhfuil tú a shárú. Is iad an dá bhua seo a chuidíonn liom ó lá go lá, cuma cén fhadhb a bhíonn romham i mo shaol … glacadh agus gníomhú. As obair lámha a chéile a bhíonn said beirt.
Foclóirín: féinfheasacht = tuiscint dhomhain ort féin; matáin = muscles; nimhneach = pianmhar.
Timire Summer 2017.indd 9
08/05/2017 12:45
10
Marcas Mac Domhnaill
MÁ TÁ DIA INÁR dTEANNTA, CÉ A BHEIDH INÁR gCOINNIBH? Sa lá atá inniu ann in Éirinn tá sé soiléir go bhfuil an saol athraithe ó bhun go barr le blianta beaga anuas. Tá sé seo ríshoiléir maidir le cúrsaí creidimh. Tá cleachtadh an chreidimh imithe i léig i slite áirithe ach ní ceart dúinn a bheith dobrónach, mar dúirt Íosa go mbeadh sé linn de shíor, fiú go deireadh an domhain. Má dhéanann tú machnamh air, músclóidh sé do mhisneach. Má tá Dia inár dteannta, cé a bheidh inár gcoinnibh? Trioblóid, an ea? Nó gorta, nó géarleanúint nó an claíomh féin? Bíonn na focail seo le clos ag sochraidí go minic agus míníonn an léacht go mbeirimid an bua go cathréimeach mar ‘faigheann a mhuintir tofa, grásta agus trócaire uaidh’. Ná déan dearmad go bhfuil an Eaglais roinnte ina trí chuid, iad san ar an dtalamh, iad san sa phurgadóir agus iad san atá ar neamh. Bíonn cabhair le fáil uathu san atá ar neamh ach é a lorg orthu. Cad nach ndéanfadh ár ngaolta dúinn? Má tá cairde agus gaolta imithe ó chleachtadh an chreidimh, ní gá ach glaoch ar ár gcairde is cumhachtaí san Eaglais, iad san i láthair Dé, a bhíonn ag idirghuí ar ár son. Is féidir lenár bhfinnéacht ar an Soiscéal dul i bhfeidhm ar dhaoine eile chomh maith, fiú muna dtugaimid faoi
Timire Summer 2017.indd 10
ndeara é ag an am. I gCorca Dhuibhne le blianta beaga anuas, tá cór agus ceolfhoireann nua-cheoil an Daingin tar éis dul ó neart go neart. Cuid den dtogra seo ná freastal ar an Aifreann sa Daingean uair sa mhí. Cuireann an cór agus an ceol go mór leis an Aifreann agus tháinig cuid des na baill chun an chóir tar éis an ceol aoibhinn a chlos sa tséipéal. Deineann siad iarracht ceol eaglasta a sheinm ag na gnáth-cheolchoirmeacha chomh maith. Tá sé ráite ag roinnt mhaith daoine go mbraitheann siad suaimhneas Dé le linn na nAifrinntí seo. Moladh go deo le Dia. Is féidir linn ár bhfinnéacht sa Soiscéal a thaispeáint don saol mór le ceol agus amhránaíocht. N’fheadar éinne an chumhacht a bhaineann le ceol eaglasta le linn an Aifrinn. Le linn 2016, bhí an t-ádh dearg linn gur tháinig cór ón Cesena san Iodáil chugainn agus iad ag siúl ‘Slí Chorca Dhuibhne’ ar oilithreacht. Déagóirí den chuid is mó a bhí iontu le cinnirí sna fichidí. B’iontach an ócáid í, is iad ag seinm is ag canadh ar Lá Fhéile Muire sa bhFómhar. Thugadar spreagadh don gcór áitiúil, Cór Iarthar Dhuibhneach, atá anois ag canadh cuid des na hiomainn a bhí acu. Tá sé tábhachtach go dtuigeann leanaí gur
08/05/2017 12:46
11
‘Tháinig cór ón Cesena san Iodáil chugainn agus iad ag siúl “Slí Chorca Dhuibhne” ar oilithreacht.’ ceiliúradh ar bhás Íosa a bhíonn ins an Aifreann. Beimid ag súil go dtabharfaidh an ghlúin óg a dtuismitheoirí thar n-ais don gcreideamh, mar atá ag tarlú i gQuebec i gCeanada faoi láthair. Rud a thugas faoi ndeara ag na hAifrinntí seo le cór agus ceolfhoireann i láthair, ná go mbíonn ionadh ar na leanaí. Ní féidir leo gan staonadh sall agus a súile lán de ghliondar. Más féidir leo grá Dé a bhlaiseadh tríd an gceol eaglasta, táid ar an mbóthar ceart. Tús maith, leath na hoibre. Tá tionscnamh eile ann in Iarthar Chiarraí ina mbíonn leanaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag imeacht ar cuairt go dtí na hothair ins an ospidéal áitiúil. Seoid luachmhar is ea an togra seo mar tugann sé deis do dhaoine óga, don gcéad uair babhtaí, chun suí síos agus am a chaitheamh le duine críonna. Tugann sé
ardú croí don seanduine, mar braitheann siad óg arís agus iad i gcomhluadar na n-aos óg. Dos na déagóirí, osclaíonn sé a súile dóibh go himíonn an saol i bpreab na súl. Is féidir leo grá agus trócaire Dé a bhraith tríd an chaidreamh seo, nuair a bhíonn siad ag suí, ag amhrán, ag siúl agus ag gáirí leis na daoine críonna. Is iontach an radharc é ar Lá Nollag gach bliain, nuair a théann cuid des na ceoltóirí áitiúla isteach san ospidéal ionas go mbeidh seisiún ceoil ann agus rince. Tarlaíonn an rud céanna an lá ina dhiaidh ar Lá an Dreoilín, nuair a bhíonn na dreoilíní faoi lán tseol. Níl ’fhios ach ag Dia amháin na grástaí a fhaigheann daoine ós na tograí seo. Cuirfimid ár ngaolta agus ár gcairde atá ar fán ón gcreideamh faoi choimirce Chríost – A Íosa, is asat-sa atá mo mhuinín agam.
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2017 Guímis ar son ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha atá imithe ar fán ón gcreideamh, agus trínár n-urnaí agus trínár bhfinnéacht ar an Soiscéal, go bhfaighe siad amach an athuair cé chomh gar dóibh agus atá trócaire Dé agus áilleacht na beatha Críostaí. Foclóirín: géarleanúint = iachall a chur ar dhuine éirí as a chreideamh; go caithréimeach = bua gaisciúil a fháil; lenár bhfinnéacht = leis an mbealach ina gcaithfimid ár saol.
Timire Summer 2017.indd 11
08/05/2017 12:46
12
NÓIBHÉINE DON CHROÍ RÓ-NAOFA 2017 Áine Máire Ní Ódhráin
Beidh tús á chur leis an Nóibhéine Déardaoin, 19 Meitheamh agus cuirfear i gcrích í Dé hAoine, 27 Meitheamh.
Timire Summer 2017.indd 12
08/05/2017 12:46
13 Conas an Nóibhéine a ghuí Is don 9 lá roimh Fhéile an Chroí Rónaofa, 27 Meitheamh 2017, í an Nóibhéine seo. Féadfaidh tú an nóibhéine a ghuí go príobháideach sa bhaile, sa teaghlach, i ngrúpa paróiste nó in éineacht le comharsana agus cairde. Agus í á déanamh agat le daoine eile, féadfaidh duine difriúil an nóibhéine a threorú gach lá, nó féadfaidh sibh na codanna éagsúla a roinnt orthu siúd a bheidh páirteach inti. Ná deifrigh. Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus an machnamh go mall, agus glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort. Leanann paidir ghearr, a bhaineann le téama an lae, agus críochnaíonn tú le Paidir na Nóibhéine thíos. Fág doras do chroí oscailte ar feadh an lae. Cé go bhfuil d’am paidreoireachta thart, leanann an comhrá i rith an lae. Bí réidh chun guth an Tiarna a chloisteáil i ngnáthchúrsaí do shaoil agus sna daoine timpeall uilig ort. Nuair a bhí mé ag smaoineamh ar Fhéile an Chroí Rónaofa, tháinig sé chugam rud a chuala mé á rá ag Jean Vanier blianta ó shin: An rud is fearr i saol an duine ná comhaontas a bheith ann idir an intinn, an croí agus an láimh. Is é sin go mbeadh cur le chéile idir cad a smaoiním, cad a mhothaím agus cad a dhéanaim. Thosaigh mé ag déanamh machnaimh ar lámha Íosa agus na hamantaí a bhí a chroí le feiceáil sna rudaí a bhí á ndéanamh aige lena lámha. Roghnaigh mé Íosa agus na lámha mar sórt learscáil d’aistear na Nóibhéine seo. Paidir don Nóibhéine A Thiarna Íosa Críost, bhí do chroí corraithe le grá do na fir agus do na mná a tháinig chun cabhair a fháil ina ngátar. Thug tú leigheas don easlán, chothaigh tú an t-ocrach, thug tú maithiúnas do pheacaigh, chaoin tú Iarúsailéim. Thar aon ní eile, thaispeáin tú dóibh siúd a bhí sásta éisteacht an tslí chun na fíorbheatha, óir is tú an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha.
Timire Summer 2017.indd 13
A Thiarna, bíonn do chroí corraithe i gcónaí ag do phobal agus ag na riachtanais iomadúla acu. Oscail ár gcroí chun do bhriathar a chloisteáil, chun glacadh le do ghrá, agus chun do ghlao a fhreagairt. Go mór mór, impím ort an gar a iarraim le linn na nóibhéine a dheonú dom (achainí os íseal), ar chuntar go gcabhróidh sí sin chun maitheas shíoraí a fháil domsa agus chun Ríocht do chirt, do shíochána agus do ghrá a chothú anseo ar talamh. A Chroí Rónaofa Íosa is ionatsa a chuirim mo mhuinín go léir. An Chéad Lá: 19 Meitheamh Do Lámha ar an Leanbh Íosa Scrioptúr: ‘Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.’ Lúc 2:6-7 Machnamh: Samhlaigh Muire ag leagan an leanbh Íosa i do lámha, loinnir a shúile ag breathnú ort, do chroí lán le hiontas ... fan in éindí leis go socair, ciúin. Paidir: A Linbh Íosa, glacaim buíochas leat de bhrí gur ghlac tú nádúr daonna ar mo shon. Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar do shonsa agus ar son daoine eile. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine. An Dara Lá: 20 Meitheamh Lámha lách gan eagla Scrioptúr: ‘I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus d’fhág an lobhra é láithreach.’ Lúc 5:12-13 Macnamh: Leag Íosa a lámha ar dhaoine le galair chomh dona sin gur sheachain daoine eile iad. Ní raibh eagla ar bith air, bhí sé dírithe ar leigheas a thabairt dóibh.
08/05/2017 12:47
14 Seans go bhfuil rudaí i mo phearsantacht nó rudaí a rinne mé i mo shaol féin a shílim go bhfuil chomh dorcha go bhfuil mé náireach fúthu ... iarraim ar Íosa a lámha lácha a leagan orm agus síocháin croí a thabairt dom. Paidir: A Thiarna Íosa, táim róbheag agus ró-lag chun do ghrá a thuiscint. Táim cloíte ag do ghrá, a chuir malairt cló ar an olc leis an maitheas. Glan mo chroíse mar a ghlan tú an fear a bhí lán de lobhra. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.
amanta a bhfuil direach os comhair do shúl amach a fheiceáil? Bíonn mo dhearcadh féin clúdaithe le leithleas, níl mé in ann an fhirinne a fheiceáil. Má tá mé ag iarraidh siúl le hÍosa caithfidh mé féachaint ar an saol le fís Íosa freisin. Paidir: A Thiarna, leag lámh ar mo shuile is súile mo chroí chun go mbeadh mé oscailte do do lámh agus gur féidir liom feiceáil le do dhá shúil féin. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.
Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.
An Cúigiú Lá: 23 Meitheamh Lámha ag Freastal Scrioptúr: ‘... d’éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní chosa na ndeisceabal agus á dtriormú leis an tuáille a bhí faoina choim.’ Eoin 13:4-5. Machnamh: Íosa ar a ghlúine ag ní chosa a chairde lena lámha féin, gan scéal mór á dhéanamh de, gan stró, é ag taispeáint dóibh conas grá a thabairt le humhlaíocht. Bhí mé ag smaoineamh ar na cosa difriúla os a chomhair ... ach nigh sé iad go léir leis an gceanúlacht chéanna. An bhfuil mé féin in ann a shampla a leanúint agus mo lámh a shíneadh amach gan teorainn chun cúnamh a thabairt? Paidir: A Íosa, lig dom mo lámha a bheith mar do lámha: cineálta, láidir, ceanúil agus mé ag obair ar do shon i mo shaol.
An Ceathrú Lá: 22 Meitheamh Oscail mo Shúile Scrioptúr: ‘Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.” Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.” Agus osclaíodh a súile.’ Matha 9:28-30 Machnamh: Nach bhfuil sé deacair
An Séú Lá: 24 Meitheamh A Lámh ar an Chros Scrioptúr: ‘Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn – a dtugtar Golgatá san Eabhrais air.’ Eoin 19: 17 Machnamh: Thóg sé suas a chros ina lámh féin agus leis sin, d’iompair sé pian an Domhain. Fan leis ar an mbóthar fada go dtí Golgatá, a lámha scriosta, an chros
An Tríú Lá: 21 Meitheamh An Cuireadh Scrioptúr: Iníon Iáras: ‘Níor lig sé d’aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín. Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: ‘A chailín, éirigh!” Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d’éirigh sí láithreach; agus d’ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di.’ Lúc 8:50, 54-55 Machnamh: Feicim go soiléir lámh Íosa sínte amach chuig an gcailín óg ins an leaba, an cuireadh séimh, agus í ag éirí. Samhlaigh lámh Íosa sínte amach chugat ... céard é an cuireadh atá sé a chur os do chomhair inniu? Paidir: A Íosa, go raibh maith agat as ucht do chuireadh chugam siúl in éindí leat. Is tú an tSlí, an Fhirinne agus an Bheatha.
Timire Summer 2017.indd 14
Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.
08/05/2017 12:47
15
ag sleamhnú dá ghualainn. Sín amach do lámh mar a rinne Síomón chun meáchan na croise a laghdú dhó. Breathnaíonn sé ort ... Paidir: A Íosa, cuir mo chroí le do chroíse. Oscail mo chroí do riachtanais daoine eile. A Chroí Rónaofa Íosa, cuirim mo mhuinín ionat. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine. An Seachtú Lá: 25 Meitheamh Lamha ar Corp Íosa Scrioptúr: ‘Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Niocadaemas freisin – é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús – tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí.’ Eoin 19: 39-40 Machnamh: Nuair a thóg cairde Íosa a chorp anuas, bhí deifir orthu an miorr agus an t-aló a chur air agus an tSabóid ag teacht go luath. Samhlaigh a bheith ann, ag laimhseáil an choirp a bhí briste ag an bhfulaingt go léir, samhlaigh ullmhú an choirp, do lámha ag cur ungtha air. Sa gciúnas, le gach teagmháil ó do láimh, gabh buíochas le hÍosa as ucht a ghrá duit. Paidir: A Íosa, cara mo chléibh, fan in éindí liom go brách. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine. An tOchtú Lá; 26 Meitheamh Bia as Lámh Íosa Scrioptúr: ‘Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é. Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.’ Eoin 21: 9, 12-13 Machnamh: Ní dóigh liom go bhfuil aon
Timire Summer 2017.indd 15
rud chomh deas leis an mbéile a leagfaí os do chomhair tar éis lá fada oibre. Nuair atá tú tuirseach, spíonta agus do fhuinneamh ar iarraidh, nach álainn an rud é duine éigin eile ag tabhairt aire duit. D’ullmhaigh Íosa béile dá chairde ar an trá. Thug sé dóibh an ní a bhí uathu. Thug sé comhartha dóibh dá ghrá leanúnach. Paidir: A Thiarna Íosa, líon mé le do ghrá, agus le do neart chun an grá sin a thaispeáint chuile lá. Is tú Arán na Beatha. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine. An Naoú Lá: 27 Meitheamh Go gCoinní Dia i mBosa a Láimhe Thú Scrioptúr: ‘...Chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe.’ Íseáia 49:2 Machnamh: As seo amach bíodh muinín agat go bhfuil tú slán faoi scáth láimhe Dé. Cibé a tharlaíonn, tá sé linn. Agus ná déan dearmad ar bheannacht Íosa dá chairde: ‘Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh ... Ná bíodh bhur gcroíthe buartha agus ná bíodh eagla oraibh.’ Eoin 14:27 Paidir: Bí i do thost agus samhlaigh duit féin Íosa ag glaoch ort i d’ainm agus é ag rá leat: ‘Fág do bhuartha ag mo chosa, tar agus cuir muinín ionam, tar agus éist liom agus le mo bhriathra sa Soiscéal.’ Críochnaigh trí bhuíochas a ghlacadh le hÍosa. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine.
08/05/2017 12:48
16
John Looby SJ
JOHN SULLIVAN: FEAR URNAÍ Is mó a chuaigh naofacht shimplí John Sullivan i gcion ar a lán daoine, na céadta b’fhéidir, a bhí ag iarraidh teacht air lena bheatha agus a d’inis scéalta iontacha faoi ná na cumhachtaí míorúilteachais a chreid siad a bheith aige. Chreid siad go docht daingean go mba naomh é. Seans gur tharla sé sin ar bhealach i ngeall ar é a bheith gafa leis an saol eile agus laghad a spéise ina chompord féin. Ach measaim gurb é gur aithin siad é mar fhear urnaí. Fiú ó thosach a thréimhse i gCluain Ghabhann nuair a tháinig daoine chun faoistine chuige ar dtús, thug a ghuí os a gcionn síocháin d’anamnacha a bhí buartha. Níorbh fhada go raibh a gcuid gaolta a bhí tinn agus buartha á dtabhairt chuige i gcairteacha capaill nó b’fhéidir i ngluaisteán. Rinne sé guí os a gcionn i gcónaí. Ina dhiaidh sin agus na heasláin go dona tinn agus ag fáil bháis, thaistil sé i bhfad ar a rothar guagach nó shiúil sé na bóithre fiáine portaigh. Agus é ag síorghuí. Smaoiním i gcónaí ar bhean rialta óg a gortaíodh i dtimpiste agus a raibh droch-bhail uirthi tar éis teasctha, agus fiabhras agus rámhaille uirthi. Ar 11.00 am fuair sé litir ag iarraidh air cuairt a thabhairt uirthi. Bhí an t-ospidéal fiche míle slí uaidh ach bhain sé amach
Timire Summer 2017.indd 16
é go luath sa tráthnóna. Go dtí seomra an tinnis a chuaigh sé go díreach áit a ndeachaigh sé ar a ghlúine láithreach mar ba ghnách leis, gan taca ar bith, agus rinne guí. Níor tháinig aon athrú ar bhail na mná rialta go ceann tamaill sách fada. Ansin chuaigh an rámhaille i léig, chuaigh an suaitheadh chun suaimhnis, agus chodail sí go sámh. D’éalaigh an tAthair Sullivan leis. D’aimsigh a rothar agus d’imigh gan a throscadh a bhriseadh. Bhain sé Cluain Ghabhann amach in am do chruinniú de Chuallacht na Maighdine Muire ar 8.00 pm. Ba phatrún é misean úd na trócaire a tharla arís agus arís eile le linn na mblianta. Bhain práinn leis an nglao i gcónaí, ba mhinice iad ó dhaoine nach raibh aithne aige orthu. Ach bhain guais lena riocht i gcónaí. Níor eitigh sé riamh iad. Bhí an chuma air go ndeachaigh achainíocha uathu siúd a raibh an-chion acu ar an bhfulangaí agus a mbeadh a saol bánaithe á n-oireasa i gcion air go mór mór. Is cuimhin liom go háirithe máthair ochtar leanaí óga sa Nás ar dúradh fúithi nach bhféadfadh na dochtúirí í a tharrtháil. Nuair a chuala a fear céile an drochscéal thiomáin sé go dtí Cluain Ghabhann ar an toirt agus
08/05/2017 12:48
17
‘Níorbh eol dúinn go dtí gur tháinig duine éigin ar ais go déanach san oíche nó go moch ar maidin agus go bhfacthas solas lasta go bhféadfadh sé an oíche uile a chaitheamh i mbun na paidreoireachta.’ thug an tAthair Sullivan chuig colbha leaba a mhná. Rinne an sagart guí uirthi, tháinig biseach uirthi agus mhair sí le bheith i láthair ag aistriú a choirp go dtí Séipéal Naomh Proinsias Xavier i Sráid Ghardanar i mBaile Átha Cliath in 1960. Chuir an t-aistriú sin cumha ar mhuintir na comharsanachta ach ba shólás dóibh go raibh a naomh ionúin féin ag druidim níos gaire do bheith ainmnithe ina naomh. Meabhraíonn cuntas eile dúinn nár ghá go mbeadh an leigheas mar ghnáthrud ach nár theip riamh ar fhocal an tsóláis. An uair seo ba é Peadar ab ainm don fhear tinn agus bhí a bhean ag súil le páiste. Bhí amach is isteach le scór comharsa bailithe istigh sa teaichín a bhí thart ar mhíle ó Chluain Ghabhann. Tháinig an tAthair Sullivan a luaithe agus a cuireadh fios air agus chuaigh ar a ghlúine láithreach le taobh na leapa. Labhair sé leis an othar, ghuigh in éineacht leis ar feadh breis is uair an chloig sular éirigh ina sheasamh. Dúirt sé le bean an tí gan imní a bheith uirthi de bhrí go raibh a fear céile chun bás a fháil, ‘mar,’ a dúirt sé, ‘tá sé sábhailte. Beidh sé sna flaithis sula mbeidh mise leathslí go dtí Cluain Ghabhann’. Sula raibh leathmhíle siúlta ag an sagart bhí Peadar tar éis bás a fháil, bíodh nach raibh súil ag éinne go n-imeodh sé chomh tobann
sin. Ní raibh níos mó le déanamh ag an Athair Sullivan. Chuala sé, mar a chreid sé, teachtaireacht Dé á rá leis, an lá seo féin – ní hea, an uair seo – beidh sé im fhochair i bParrthas. Tuigeann tú i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo cén fáth ar thug John Sullivan ‘an chumhacht is mó ar domhan’ ar an bpaidreoireacht. Ach ní chuireann siad san áireamh na huaireanta gan áireamh a chaith sé le linn na hoíche agus é ag guí. Ba é sin an taobh príobháideach dá shaol agus níorbh eol dúinn go dtí gur tháinig duine éigin ar ais go Cluain Ghabhann go déanach san oíche nó go moch ar maidin agus go bhfacthas solas lasta, go raibh sé fós ag guí sa séipéal agus go bhféadfadh sé an oíche uile a chaitheamh i mbun na paidreoireachta. Daoine a chonaic é ag guí labhair siad arís is arís eile ar dhéine John Sullivan agus Turas na Croise á ghuí aige. B’fhacthas dóibh go ndeachaigh sé isteach go pearsanta i bpáis Chríost. Bhí an chuma air gur ghlac sé le bunbhrí Chríost nuair a dúirt sé ‘Lorgaígí agus aimseoidh sibh, cnag agus osclófar daoibh’. Seans maith gur lean sé dá chuid paidreacha impíocha an lá dár gcionn le hais leaba duine éigin a bhí ag fulaingt. Chreid sé gur sheas Críost lena fhocal. Nach in an rud a dhéanann naomh!
Foclóirín: teascadh = obráid chun géag duine a bhaint; níor eitigh = níor dhiúltaigh; guais = priacal, contúirt.
Timire Summer 2017.indd 17
08/05/2017 12:48
Timire Summer 2017.indd 18
08/05/2017 12:48
19
Edmond Grace SJ
TÓRAÍOCHT NA hÁILLEACHTA TRÍD AN bPÉINTÉIREACHT Nach ait an rud é blobanna péinte as tiúb péinte a bhrú ar phailéad agus ansin é a spré le scuab ealaíne ar chanbhás, ach nach breá an rud é leis. Tá sé deacair dom bheith eagraithe agus am a bheith agam chun é seo a dhéanamh ach níl aiféala ar bith orm go ndearna mé é. Feictear dom ón nóiméad a thosaím go bhfuil an domhan ina stad agus sásta liom. Táim go breá sásta gan cíos, cás ná cathú orm. Níl dabht ar bith orm go n-aithníonn na healaíontóirí mór le rá an nóiméad sin go gcuireann siad péint ar an gcanbhás, go bhfuil an chuma air nach bhfuil ann ach smear ar chanbhás. Sin an uair a nochtann rud ón rud nach léir agus is cúis iontais í. Is uair an dóchais é chomh maith. Go minic is easpa dóchais a chuireann bac orm suí síos agus tosú ag péinteáil. Féachaim ar an gcanbhás leathdhéanta agus nílim in ann rud ar bith a dhéanamh in ionad leanacht liom ag obair. Ar ndóigh uaireanta caithfidh tú stopadh agus fanacht le hinspioráid. (Is cuimhin liom go ndúirt duine liom uair ‘is gá roinnt ama a chaitheamh ag féachaint ar an saothar’.) Ar deireadh sáraím an drogall sin chun oibre. Ansan tagann uair eile – nuair is eol
Timire Summer 2017.indd 19
dom go gcaithfidh mé stopadh. Tá an saothar críochnaithe. Tá cruth an tsaothair á fhorbairt ag mo shamhlaíocht agus ag athrú de réir mar atá mé ag obair ar an gcanbhás. Ar chúis éigin is maith liom bheith ag péinteáil foirgneamh le ballaí cuartha. Le gach pictiúr caithfidh mé foghlaim conas gach balla nua a chuaradh agus is cúis iontais dom nuair a bhraithim gur éirigh liom. Nuair a fhéachaimid ar phictiúr ar leith i ngailearaí nó nuair a éirímid chun bualadh bos a dhéanamh ag ceolchoirm, is é an t-iontas a bhíonn orainn is cúis leis. Ní hamháin go seasaimid siar agus iontas orainn ach táimid meallta ag an scéal os ár gcomhair. Tugaimid ‘saothar’ ar obair ealaíne. Is rud é a chruthaítear, gan an cruthú sin ní bheadh sé ann. Tugaimid onóir don ealaíontóir de bharr a shaothair ealaíne ach ag an am céanna táimid meallta ag an scéal mór. Táimid go léir páirteach leo sa saol seo agus de thoradh sin spreagann a dtíolacthaí speisialta an áilleacht ionainn. Gan an áilleacht seo níl ciall ag baint le healaín. Uaireanta bíonn an chuma air go bhfuil sé neamhréireach nó conspóideach nó corraitheach ach muna ndíríonn sé sinn i dtreo na
08/05/2017 12:48
20
‘Tá fearg agus míshástacht i bportráidí Velasquez ach cuireann siad iachall orainn féachaint agus smaoineamh.’
háilleachta agus an dóchais a spreagann an áilleacht, tá teipthe ar an ealaín. Ag an am céanna caithfidh an ealaín a bheith intliúil (spórtúil, taitneamhach), agus do-thuartha. Baineann an cruthúchán le húire ach ní bun agus barr an scéil an úire agus an intliúlacht. Níl iontu ach leideanna don ghné sin den spiorad daonna a sháraíonn gach uile bhac. Iarrann an Pápa orainn an mhí seo guí go gcabhróidh ealaíontóirí na linne seo le daoine teacht ar áilleacht an chruthaithe trína gcumas ealaíne. Cuireann sé seo san áireamh bláthanna, sléibhte, spéir ghorm, srutháin agus an dúlra, ach tá sé tábhachtach gan an rud atá álainn agus an rud nach bhfuil ach deas gleoite a mheascadh lena chéile. Tugann an áilleacht deis dúinn teacht ar réaltacht níos doimhne agus níos cuimsithí. Tá sé iontach bheith in ann aghaidh a thabhairt romhainn fiú ar chruatan
an tsaoil agus glacadh leis mar atá. Rinne an t-ealaíotóir Velasquez roinnt portraidí d’abhaic a chónaigh i gcúirt na Spáinne. Cé gur chaith siad saol sásúil, caitheadh go magúil leo. Níl na haghaidheanna sna portráidí seo sona sásta. Tá cuma fheargach agus mhí-shásta orthu ach cuireann siad iachall orainn féachaint orthu le meas agus smaoineamh ar an sort saoil a bhí acu. Léirigh Velasquez an-intleacht, chun fiú smaoineamh ar iad a phéinteáil; seans gur léirigh sé a mheas orthu níos mó na éinne eile. Tá áilleacht na bportráidí sin le braith sa tslí go gcuireann siad iachall orainn stopadh agus machnamh ar conas a bheadh saol abhac cúirte gan rud ar bith le déanamh ach bheith ina ábhar magaidh ag daoine eile. Tá an phian agus an fhearg le braith orthu. Cuireann sé iachall orainn stopadh agus machnamh a dhéanamh gur díol áilleachta é an gaol a chruthaítear idir iad agus sinne. Is í an áilleacht bun agus barr an chruthaithe. Ní bhaineann an cruthú seo leis an saothar áirithe seo ealaíne ach leis an saothar mór ealaíne, is é sin, an cruthú a bhfuil an áilleacht lárnach ann.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ LÚNASA, 2017 Go n-éirí le healaíontóirí ár linne trína n-intleacht cabhrú le daoine teacht ar áilleacht an chruthaithe. Foclóirín: leideanna = nodanna; abhac = an téarma do dhuine ar airde íseal, aimsir Velasquez; intliúlacht = ingenuity.
Timire Summer 2017.indd 20
08/05/2017 12:48
21
An Bráthair G.D. De Barra
FATIMA 1917-2017 Bhí mé ar oilithireacht le déanaí go dtí Fatima, áit ar thaibhsigh an Mhaighdean Mhuire do thriúr páistí óga sa bhliain 1917. Tá Fatima thart ar 80 km ó Liospóin, príomhchathair na Portaingéile. Ar an 13 Bealtaine tharla go raibh triúr páistí, Lucia dos Santos, 10 mblaina d’aois agus a beirt cholcheathair, Francisco Marto, 9 mbliana d’aois agus Jacinta Marto, 7 mblaina d’aois, ag aoireacht a gcuid caorach i bhfoisceacht dhá km dá mbaile i bpáirc ar a ghlaotar an Cove Da Iria. Thart ar mheánlae ar an 13 Bealtaine 1917, tar éis dóibh an phaidrín a ghuí, bhí said ag spraoi, nuair go tobann, chonaic said solas tintriúil agus shocraigh said filleadh abhaile láithreach, ar a mbealach tar éis cúpla nóiméad, tharla solas tintriúil eile, d’fhéach siad suas agus chonaic said ar bharr crann darach (‘Holm Oak’) ‘Bean óg, níos gile ná an ghrian’ gléasta in éadaí bána agus go raibh paidrín ina lámha aici. Dúirt an ógbhean leo go raibh gá le mórán urnaí agus d’iarr sí orthu filleadh go dtí an crann darach céanna sa Cova Da Iria ar an 13ú lá de gach mí go dtí mí Dheireadh Fómhair. Tar éis don ógbhean a bheith imithe, ar chomhairle Lucia socraíodh go gcoimeádfadh said an eachtra ina rún ach faraor d’inis an cailín
Timire Summer 2017.indd 21
óg Jacinta an scéal dá máthair ag dul a chodladh di, bhí an rún scaoilte agus scaip an scéal faoin eachtra agus faoi 13 Meitheamh bhí daoine ar a slí go dtí an Cova da Iria le teann fiosrachta. Bhí na húdaráis áitiúla an-mhíshásta agus bhagair said go ndúnfadh siad an séipéal áitiúil sa pharóiste. Bhí an ceannaire sa dúthaigh faoi ordú ó rialtas sóisialta na tíre stop a chur leis an scéal agus fiú cuireadh bagairt ar na páistí agus ar a muintir an eachtra a bhréagnú. Tháinig na sluaite arís i mí Iúil, agus cé nach bhfaca na daoine ach an triúr páistí ar a nglúine ag guí, thuig said go raibh rud éigin osnádúrtha ag titim amach. Tugadh ‘Rún Fatima’ ar an lá sin an paidrín a rá, dul go faoistin is Comaoin Naofa agus an Rúis a choisreachan do ‘Chroí Mhuire gan Smál’. I mí Lunasa gabhadh an triúr páistí agus iad ar a slí go dtí an Cova Da Iria, ag maor agus póilíní an réigiúin. Cuireadh bagairt báis orthu, scaradh óna chéile iad, faoi dheireadh cuireadh i bpriosún iad leis na coirpigh ba bhaolaí ar domhan, ach sheas said an fód, fiú faoi bhagairt de gach cineál lena scéal, d’éirigh leo na priosúnaigh a chur ag guí an phaidrín; ar thrí lá go raibh said i ngéibheann, bhí na
08/05/2017 12:48
22
‘Cuireadh bagairt báis ar na páistí, scaradh óna chéile iad, cuireadh i bpriosún iad leis na coirpigh ba bhaolaí ar domhan, ach sheas said an fód.’ sluaite taobh amuigh den phríosún ag guí gan staonadh agus faoi dheireadh scaoileadh saor iad. Chuaigh said ar ais ag aoireacht agus i bpáirc eile, circa cileaméadar ón Cova, i.e Valinhos, tháinig an ógbhean chucu arís ar an 19 Lunasa 1917. Gheall sí arís go dtarlódh míorúilt i mí Dheireadh Fómhair. Bhí slua mór i láthair i mí Mhéan Fómhair agus bhí breis is 70,000 i láthair i mí Dheireadh Fómhair. Bhí múrtha báistí troma an mhaidin ar fad, fliuchadh daoine go craiceann agus bhí tuilte uisce sna páirceanna. Bhí amhras ag teacht ar an slua, nuair go tobann stop an bháisteach, tharla scoilt sna scamaill agus chonacthas an ghrian ag rothlú i dtreo na talún mar liathróid agus ag casadh mar roth tine. Scanraíodh na daoine, thriomaigh na páirceanna agus éadaí na ndaoine, chonacthas an mhíorúilt ag daoine i bhfoisceacht 20 míle ón áit, is fiú ag an bPápa Pius XII sa Vatacáin. Ansin chas an ghrian ar ais go dtí a hionad sa spéir.
Ó shin i leith, tá fás agus forbairt tagtha ar an áit bheag Fatima go dtí baile mór le daonra 10,000. Sa bhliain 1930 tar éis taighde agus iniúchadh doimhin, fógraíodh ag easpag Leria gur féidir le daoine a chreidiúint gur thaibhsigh Muire don triúr páistí agus tugadh beannacht na hEaglaise don eachtra i bhFatima. Le beannacht na hEaglaise thosaigh oilithrigh ag teacht go Fatima is go háirithe muintir na Portaingéile. Tháinig an Pápa Pól VI Beannaithe go dtí Fatima ar ócáid a Iúbaile ar 13 Deireadh Fómhair 1967. Tháinig an Pápa Eoin Pól 2 Naofa faoi thrí go dtí Fatima, an chéad uair mar chomhartha buíochais sa bhliain 1982 i ngeall ar a theacht slán ón iarracht a deineadh é a dhúnmharú ar Fhéile Mhuire Fatima, 13 Bealtaine 1981. Bhronn sé an piléar a chuaigh tríd a ucht ar an scrín agus is féidir an piléar sin a fheiscint inniu i gcoróin na deilbhe. Leanfar leis an alt seo sa chéad eagrán eile den Timire.
Foclóirín: thaibhsigh = láithrigh, nochtaigh chuig; rothlú = casadh thart ar nós roth.
Timire Summer 2017.indd 22
08/05/2017 12:48
23
Mol na hÓige Gabriel Rosenstock
AN t-EAN A RAIBH DHA CHLOIGEANN AIR Bhí éan ann uair amháin. Barúndá an t-ainm a bhí air. Anois, ní gnáth-éan a bhí ann in aon chor – bhuel, is ea ar go leor slite ach éist leis seo: bhí dhá mhuineál air. Ó bhí! Bhí ar m’anam! Agus dhá chloigeann. B’ait an mac é! Lá amháin agus é ag siúl ar bhruach na Gainséise, cad a chonaic Barúndá ach mangó breá aibí. ‘Hó hó! Mangó!’ arsa ceann de na cloiginn, ‘Neam-neam! Is aoibhinn liom mangónna!’ Agus thosaigh sé á ithe. Bhain sé an-phléisiúr ar fad as agus rith braonta de shú buí milis an mhangó síos a mhuineál. Bhí an cloigeann eile ag breathnú air seo. ‘Hóigh! Nach bhfuil tú chun píosa de a fhágáil agamsa in aon chor?’ ar seisean. ‘Níl!’ arsa Barúndá. Thosaigh sé ag gáire. (Ní ag gáire a bhí an cloigeann eile). ‘Nach bhfuil a fhios agatsa go maith,’ ar seisean ‘nach bhfuil againne ach bolg amháin. Is cuma sa diabhal cé againn a íosfaidh an mangó. Sa bholg céanna a rachaidh sé. Nach ea? Sea sea, cad eile.
Timire Summer 2017.indd 23
Mise a chonaic an mangó ar dtús agus is mise a íosfaidh!’ ‘Huth!’ arsa an leath eile. Ní mó ná sásta a bhí sé leis an socrú sin. Chun na fírinne a rá, bhí sé thar a bheith míshásta. ‘Huth!’ ar seisean arís. D’fhan sé ina thost ansin. Ach bhí sé ag faire ar a sheans i gcónaí chun díoltas a bhaint amach. An lá dár gcionn, cad a chonaic an cloigeann eile ach crann ar a raibh caora nimhe ag fás. ‘Seo mo sheans anois!’ ar seisean leis féin. ‘Hé!’ arsa an chéad chloigeann. ‘An as do mheabhair atá tú? Is caora nimhe iad sin, ná téigh in aice leo!’ ‘Tá a fhios agamsa go maith cad is ea iad!’ arsa an dara cloigeann. ‘Ná hith iad! Caillfear sinn araon, a phleidhce!’ ‘Mise a tháinig ar na caora sin agus is mise a íosfaidh!’ arsa an dara cloigeann. Lean sé air ag ithe na gcaor. Ní fada go raibh tinneas boilg orthu – agus an tráthnóna sin, bhí Barúndá bocht sínte marbh.
08/05/2017 12:48
24
MOL ha HÓIGE Spraoi Sa Samhradh
Is eol dúinn ar fad nár cheart obair gan sos a bheith san saol againn. Is mithid cothromaíocht a aimsiú san saol. Tá go leor imeachtaí a bhfuil spraoi ag baint leo agus atá saor ar fáil le linn do shaoire scoile, fiú san samhradh Éireannach. Bíonn roinnt daoine gafa cheana féin le cúrsaí spóirt, ceoil, drámaíochta nó eile ach seans go bhfuil rud éigin úr á lorg agat? Is féidir páirt a ghlacadh sna himeachtaí ar fad thíos in Éirinn, agus sa bhreis air sin tá siad i gcomhréir leis an dtimpeallacht agus léiríonn siad meas do chruthú Dé.
Faire éin
féin. Bíonn eolas le fáil ar na cineálacha éin ar líne nó i do leabharlann áitiúil. Seans go mbainfeadh na healaíontóirí in bhur measc taitneamh as na héin a tharraingt nó a phéinteáil. Is féidir leo siúd ar aoibhinn leo teangacha spéis a chur san iliomad dán a spreag na héin - ‘The Windhover’ le Gerard Manley Hopkins, ‘St Kevin and the Blackbird’ le Seamus Heaney nó ‘Faoileán’ le Michael Davitt mar shampla. Tá breis eolais ar fáil faoi fhaire éin in Éirinn ag http://birdwatchireland.ie/ Cá bhfios nach mbeadh do dhéshúiligh féin á cheannach agat roimh deireadh an tsamhraidh!
Tonnmharcaíocht
‘Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil [...] agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.’Geineasas 1:21. Caitheamh aimsire atá iomlán saor in aisce, agus a bhfuil ráchairt air ag fás in Éirinn agus ar fud an domhain is ea faire éin. Tá ár dtuiscint ag fás ar thábhacht na n-éan san timpeallacht agus i dtimthrialla an tsaoil. Is féidir tús a chur le faire éin trí bheith ag faire, agus b’fhéidir taifead a dhéanamh ar na héin i do cheantar
Timire Summer 2017.indd 24
Tá ár n-oileán timpeallaithe ag tránna iontacha agus cé nach mbíonn siad oiriúnach do ghoradh gréine rómhinic tá siad foirfe aon lá den mbliain don dtonnmharcaíocht. Tá cáil ar leith ar Thrá na hInse i gCiarraí, an Trá Mhór i bPort Láirge nó an Leacht i gContae an Chláir. Tá ceachtanna ar fáil sna hionaid seo ar fad, nó más fearr leat is féidir leat clár surfála agus culaith uisce a fháil ar cíos agus tabhairt faoi tú féin, ar chostas réasúnta. Tá grúpa amháin i ndiaidh nasc a dhéanamh idir a gcreideamh agus a
08/05/2017 12:49
25 ngrá don dtonnmharcaíocht; tugann siad tonnmharcaigh Chríostaí orthu féin agus maíonn siad go bhfuil paisean acu do Chríost agus don dTonnmharcaíocht araon. Scaipeann siad a ngrá do Dhia tríd an tonnmharcaíocht agus tá an grúpa gníomhach i 35 dtír ar fud na cruinne. Cén dóigh níos fearr Dia a adhradh agus a mholadh ná sult a bhaint as roinnt dá aigéin iontacha? Le haghaidh breis eolais faoin ngrúpa féach: christiansurfers.net
Ailleadóireacht
Breis eolais:
outdoorsireland.com/rockclimbing. php
Imeachtaí eile:
Rothaíocht/Rothaíocht Sléibhe cyclingireland.ie/
Foghlaim uirlis ceoil newschool.ie/
Glac ballraíocht i gClub Óige youthworkireland.ie/who-we-are/ find-us/find-your-local-youth-club
Glac ballraíocht i do chraobh áitiúil de Foróige foroige.ie/express-your-interest
Cadhcáil
extremesports.ie/riverkayaking
Scríobh dráma/scéal/dán: fightingwords.ie/
Glac ballraíocht i gCumann Lúthchleas Gael gaa.ie/
Ranganna rince
danceireland.ie/events/category/ classes
Seo imeacht sách saor dóibh siúd in bhur measc a bhfuil fonn eachtraíochta orthu, dúil sa bhfolláine acu agus a acmhainn agaibh ar an airde. Moltar tosú istigh agus bíonn trealamh ar fáil ar cíos i mórchuid na n-ionad laistigh – rópaí, bróga, tacaí agus araile. Is féidir leat sult a bhaint as i d’aonar nó le grúpa agus tá ranganna ar fáil ar chostas réasúnta timpeall na tíre ar fad. Tá an-tóir ar Gravity Climbing Centre in Inse Chor, Awesome Walls i mBaile Átha Cliath agus Spraoi in Airde san Daingean i gCo. Chiarraí. Má bhaineann tú taitneamh as ailleadóireacht laistigh is féidir leat dul amach faoin spéir – ach ní mór a bheith airdeallach agus gan bheith i d’aonar riamh.
Timire Summer 2017.indd 25
Ranganna amhránaíochta voicecoachingireland.ie/
Grianghrafadóireacht
www.photographyireland.net/
Foghlaim conas bácáil/ cócaireacht
kids-cooking-activities.com/kidscooking-lessons.html
Cuin tús le do bhlag/vlog féin
writing.ie/resources/a-beginnersguide-to-blogging-setting-up-yourblog/
08/05/2017 12:49
26
AN SAMHRADH Y
E
B
A
O V
X
W E
R
I
U M L
L
L
S
T
T
G
F
C
N Z
L
K
C
J
A
W
Z
I
Ú I
L
S
I
V
Ú Y
S
A
E
N C
Y
H
X
Y
O A
P
N E
A
L
T
G
N V
Z
C
A
X
T
E
A
R
E
U H
L
C
A
S
V
Q R
L
P
S
R
T
A
A
Q G
A
H
A
M T
Á
O I
A
I
A
I
D
R
N O K
X
X
E
B
V
Á
A
K
T
A
C
I
N P
Á
R
B
Y
E
R
I
P
A
X
A
T
Z
D
Á
L
T
P
Y
O O E
S
E
J
C
Z
H
J
I
B
N
V
S
M G
K
G
A
H
J
L
C
L
O A
S
N B
O W U M E
I
T
H
E
A
M H
P
E
I
P
R
A
J
P
T
Q X
Z
U Z
G
R
T
Q M L
D
U F
Y
Z
O H
L
E
N A
E
L
A
T
Í
C
O D
A J G
I
AG SPRAOI AN TRÁ BEALTAINE BLÁTHANNA CAMPÁIL DO SCÍTH A LIGEAN IÚIL
Timire Summer 2017.indd 26
H
S
D
LAETHANTA SAOIRE LÚNASA MEITHEAMH MUIRE PÁIRC TEAS UACHTAR REOITE
08/05/2017 12:49
Timire Summer 2017.indd 27
08/05/2017 12:49
28
Katie McGreal
PAULINE SCANLON FAOI AGALLAMH Is as an Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí don cheoltóir Pauline Scanlon ach tá sí agus a fear céile ag cur fúthu i mBéal Feirste anois. Chas sí agus Eamonn Murray ón ngrúpa Beoga le chéile ag ceolchoirm sa Black Box i mBéal Feirste agus tá siad le chéile ó shin. Bhí cailín beag acu i mí na Samhna seo caite, Kitty an t-ainm atá uirthi. Is ceoltóirí lánaimseartha iad an bheirt acu. ‘Ní bhíonn sé deacair i ndairíre,’ a deir sí. ‘I gcónaí bíonn neamhchinnteacht ann ach táimid cleachtach leis’. Tá cónaí orthu le linn na bliana i mBéal Feirste agus le linn an tsamhraidh, bogann siad síos go dtí an Daingean. Bíonn siad ag seinm sna tithe tábhairne ansin agus freastalaíonn siad ar roinnt féilte. Tá trí albam aonair curtha amach ag Pauline. Chuir sí an ceann is déanaí amach anuraidh, ‘Gossamer’ is teideal dó. Chuir an grúpa Lumiere dhá albam amach go dtí seo. Is ball den ghrúpa Lumiere í Pauline. Sin grúpa de bheirt, Pauline agus Éilís Kennedy, ceoltóir as Ciarraí freisin. Tháinig siad le chéile i 2009 agus tá siad ar an bhfód ó shin. D’fhás Pauline aníos ag éisteacht lena hathair agus a huncail ag ceol agus bhí sí i gcónaí ag ceol ar scoil. Bhí cúpla post aici i mbialanna agus tithe tábhairne thar na blianta ach d’éirigh sí as an cheann deireanach 15 bliain ó shin. Bhí sí ag obair
Timire Summer 2017.indd 28
sa Crane Bar i gCathair na Gaillimhe ag an am sin. ‘Rinne mé mo chéad gig agus mé 14 bhliain d’aois sa Daingean,’ a deir sí. ‘Thaitin sé go mór liom’. Tá sí ag ceol go proifisiúnta ó shin. Ní dhearna sí cinneadh ar leith, díreach tharla sé. D’iarr Sharon Shannon uirthi dul ar camchuairt léi agus lean sí uirthi ó shin. Tá sí le cloisteáil ar albam Sharon Shannon, ‘Libertango’ freisin. Is leictreoir é dearthair Pauline agus d’oibrigh a hathair le Guinness agus a máthair in ollmhargadh sa Daingean. Tá a clann iontach sásta le Pauline. ‘Bhí siad i gcónaí cineál liberal,’ a deir sí. ‘Ní raibh fadhb ar bith acu riamh liom agus mé mar cheoltóir lánaimseartha’. Tá cúpla rud teilifíse déanta ag Pauline. Bhí sí mar láithreoir ar an gclár teilifíse ‘An Bosca Ceoil’ ar TG4 dhá bliain ó shin agus rinne sí clár don BBC fúithi féin ag iarraidh amhráin Ghaeilge a scríobh. ‘An tAmhrán Gaeilge’ ab ainm don chlár sin. Tá clár eile ar bun aici faoi láthair faoi ghrúpaí ceoil óga. ‘Tá sé níos difriúla ag déanamh láithriú ná gur shíl mé go mbeadh sé,’ a deir sí. ‘Is maith liom é ach ní fhéadfaidh mé é a dhéanamh go lánaimseartha’. Scríobhann Pauline amhráin thraidisiúnta i mBéarla uaireanta.
08/05/2017 12:49
29
‘Tá níos mó suime agam i stair na hamhráin,’ a deir sí, ‘in ionad a bheith ag scríobh mo chuid amhrán féin’. Ba ar an chlár ‘An tAmhrán Gaeilge’ an chéad uair riamh gur scríobh sí i nGaeilge. Fuair siad airgead ón gComhairle Ealaíon leis an amhrán sin a scríobh chomh maith. D’fhoghlaim sí neart ón bpróiséas ar fad. ‘Níor d’oibrigh mé mar sin riamh,’ a deir sí. ‘Modh oibre iomlán nua a bhí ann domsa. D’fhoghlaim mé neart as’. Tá sí i ngrúpa ceoil nua faoi láthair, ‘Atlantic Arc Orchestra’. Is togra de chuid Dhónal Lunny atá ann. Tá Dónal agus
Pauline sa ghrúpa in éineacht le Jarlath Henderson, Aidan O’Rourke, Padraig Rynne, Ewan Vernal agus John Blease. Bhí ceolchoirm acu san Ionad Duncairn i mBéal Feirste agus bhí siad ag seinm ag Celtic Connections i nGlaschú ag tús mhí Feabhra freisin. Táthar ag súil le tuilleadh ceolchoirmeacha a fháil amach anseo freisin. Anois leis an bpáiste óg ní bhíonn mórán ama saoir ag Pauline ach nuair atá sí in ann is maith léi a bheith ag cócaireacht. Is féidir tuilleadh eolais ar Phauline agus ar dhátaí eile a bheidh sí ag ceol a fháil ar an suíomh www.paulinescanlon.net.
MUIRE NA mBARD Móradh na Maighdine
Michelle Ní Ríordáin a thiomsaigh
Ar fáil anois
€8
timire.ie Timire Summer 2017.indd 29
08/05/2017 12:49
Timire Summer 2017.indd 30
08/05/2017 12:49
31
DÁNTA FEAR GORM GEAL In ómós do John Howard Griffin, údar an leabhair Black Like Me Do chuir sé air an culaith breá gnó A d’oir dá ghairm mar iriseoir I nuachtán mór le rá. Do ghluais i measc an tslua Roimh dhul ar an mbus mór Greyhound Mar a léigh an déistin ar aghaidh na ngeal, Urghráin don Ghormach is é faoi tharcaisne Ag an bhfuath a mhair sa stánadh nimhe; É sin nó dreach gan aird ar bith, An gorm ar aon chéim dar leo Leis an snámhaire péiste is lú A théann ag sraoilleadh leis Os cionn talún.
Do lig a scíth i ndoircheacht na hoíche A bhí chomh dubh leis an dton a cheil Aghaidh gheal an fhir dhiongbháilte Go dtí gur thréig an dath is chuaigh as. É arís ina chló gheal féin, Do chuir sé air an culaith breá gnó Mar a dheineadh gach aon lá. Bheannaíodar dó, na daoine gheala Is fós gan a fhios acu Gurbh é a chuir orthu an geal ina dhubh, A thuig anois céasadh a bhráithre Mar gur leag an cros ar a dhroim fhéin Is é ina fhear gorm geal. Bernadette Nic an tSaoir
Tomhas an Timire: 188
1
2
3
4
5
6
Leid: Scrín atá ag ceiliúradh i mbliana Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil CAFE, ALTÓIR, MISTIC, SIÚCRA, TÉAMA, DEARCADH DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 Iúil 2017 Tomhais 187: Freagra: SILENCE Buaiteoir: Daragh Ó Catháin, An Caisleán Gearr, Gaillimh.
Foclóirín: xxx = xxx;
Timire Summer 2017.indd 31
08/05/2017 12:50
32
IM LEABHARLANN DOM
An Tearmann Alex Hijmans Cois Life, 2016 Praghas €12 Léirmheas le: Tomás Ó Ceallaigh
Is tuairim sheanchaite ag scolairí na Gaeilge í nach ann don éagsúlacht théamúil i litríocht na Gaeilge trí chéile – tá na téamaí agus na mórcheisteanna
Timire Summer 2017.indd 32
a ndéantar plé orthu cúng go maith. Tá an náisiúnachas agus ceisteanna faoi chúrsaí reiligiúin go mór chun tosaigh sa bhfichiú haois agus má théann muid níos faide siar tá tús áite tugtha d’olagón fada faoi threascairt an tsean-oird Ghaelaigh agus tá caoineadh fada ann leis, maidir leis an droch-staid atá buailte ar lucht léinn. Mar sin is féidir a rá cinnte gur guth úrnua é guth Alex Hijmans, scríbhneoir a d’fhoghlaim an Ghaeilge go paiteanta agus fear ar ndóigh arb as an Ísiltír é ó dhúchas. San úrscéal spleodrach An Tearmann tarlaíonn an t-aicsean sa mBrasaíl – tá muid chomh fada is a d’fhéadfadh muid a bheith ó chladaigh Chonamara nó fiú áit ar bith in Éirinn – is sa dufair na mílte míle i gcéin atá muid agus nach cur chuige breá, friseáilte é sin le haghaidh úrsceál Gaeilge? Is gníomhaí óg cearta daonna é an príomhcharachtar agus tá sé sa mBrasaíl le haghaidh taighde a dhéanamh ar an gcoimhlint idir treibh bhundhúchasach agus úinéirí talún. Is eiseamláir é de na mílte duine óg idéalach in Éirinn, daoine a bhfuil fonn orthu a gcuid fuinnimh a chaitheamh chun maitheas éigin a chur i gcrích sa domhan. Ropann an scéal ar aghaidh go mear agus ní haon áibhéil é a rá go slogtar an léitheoir isteach sa reacaireacht go hiomlán go dtí deireadh an scéil, nuair a bhriseann alltacht agus sceon amach. Ní sceithfidh an scríbhneoir seo tada!
08/05/2017 12:50
33 ag séideadh gríosaí (ina dhán ‘Guí an Rannaire’). Anois, a leitheoirí dílse, leis an airgead atá sábháilte agaibh ar tháillí uisce, téigí agus ceannaígí cuid de na leabhair seo. Nó iad go léir. Glacaigí páirt san obair iontach
Clamavi Pádraig Ó Snodaigh Coiscéim 115 lch Praghas €7.50 Léirmheas le: Seán de Fréine
Gontacht. Giorracht. Géire. Géarchúiseachas. Ciniciúlacht. Sithiúlacht. Gaois (arís). Nua-aoiseachas. ‘Bhuel’, mar a deireann an file féin linn, ‘seo mé agus tá sé OK/ má chruann fuacht na gaoithe an talamh fúm’ (lch. 49). Agus maidir leis an léirmheastóir seo, tá seisean OK chomh maith tar éis an leabhar bríomhar fórsúil seo a léamh le fonn. Tá de bhua ag Pádraig mórán a chur in iúl le fíorbheagán focal. Mar shampla, seo dán iomlán: ‘Tháinís i mbrionglóid chugham/ Ach níor bhrionglóid an folús/ A d’fhágais id dhiaidh’ (lch 76). Baineann na dánta seo (beagnach céad díobh) linne, agus lenár saol fichehaonú aoiseach go sainiúil. Smaointe gairide fánacha, shílfeá, b’fheidir, ach ansin ritheann smaoineamh eile leat: cén fáth nár smaoinigh mise air sin cheana? Clamavi: ‘tá mé tar éis a fhógairt/ glaoch amach’, is ciall don teideal, daoibhse ar ceileadh bhur n-oidhreacht Laidine Eorpach oraibh. Ni baol go bhfuil sí sin ceilte ar Ó Snodaigh. Éireannach é. Eorpach é. Go smior. Cuid den fhreagra é ar Bhreandán Ó Beacháin agus é ag tnúth (gan mórán dóchais) le file a thiocfadh
Timire Summer 2017.indd 33
Hata Zú Mhamó Áine Ní Ghlinn Cois Life, 2013 Praghas €7 Léirmheas le: Aoibhinn Mc Phillips, Dalta i gColáiste Iognáid, Gaillimh
Le déanaí, léigh mé leabhar nua, Hata Zú Mhamó le Áine Ní Ghlinn. Leanann an scéal seo cailín óg, Siobhán, agus a mamó nuair a éalaíonn said as an teach altranais in éineacht le beirt eile, Jeaic agus Beirtí. Bhí Mamó ag iarraidh dul go dtí an zú ó bhí Siobhán ina páiste óg, roimh gur fhág sí an bhunscoil mar ní fhaca sí na moncaithe nó na cangrú riamh ina saol, nó fiú na hainmhithe eile. Faraor, nuair a thosaigh Siobhán ag freastal ar an meánscoil, bhí Mamó róthinn chun dul aon áit seachas an teach altranais. Nuair a bhí siad ag fanacht ar thacsaí a d’eagraigh Mamó le cabhair ó Jeaic agus Beirtí, thuig Siobhan nach raibh aon airgead ag an ngrúpa, seachas an t-airgead a bhí aici chun dul ag siopadóireacht. Déanann sí an cinneadh an t-airgead a úsáid agus an lá a chaitheamh sa zú. Le cabhair ó thiománaí tacsaí cairdiúil, Tomás, éalaíonn an grúpa i dtreo Pháirc an Fhionnuisce agus an zú. Agus iad lasmuigh den zú, cloiseann Siobhán teachtaireacht ar an raidio ó na
08/05/2017 12:50
34 Gardaí ag lorg triúir a chuaigh ar strae as teach altranais sa cheantar! Mar thoradh air seo, tá orthu scéal a chumadh agus téann Tomás go dtí an zú leo, ag ligean air gurb iad Mamó agus Beirtí a thuismitheoirí, gurb í Siobhán a iníon agus Jeaic a uncail! Caithfith go raibh Tomás ina aisteoir den scoth mar d’oibrigh an plean, níor chuir aon duine aon cheisteanna orthu! Seachas nuair a bhris Jeaic isteach i gclós na n-eilifintí – ach sin scéal a chaithfear léamh sa leabhar é féin! I mo thuairim, is leabhair anghreannmhar é seo. Thaitin píosaí áirithe de liom – mar shampla, bhain mé taitneamh as an chaoi go bhfuil muid in ann an caidreamh agus an grá idir Siobhán agus a Mamó a fheiceáil go soiléir sa leabhar seo. Ach sin ráite, ceapaim go mbainfidh daoine níos óige níos mó taitnimh as an scéal gearr Gaeilge seo.
Hóng Anna Heusaff Cló Iar-Chonnacht, 2012 Praghas €8 Léirmheas le: Caoileann Nic Dhonncha, Dalta i gColáiste Iognáid, Gaillimh
áirithe. Lá amháin, casann Evan le carachtar spéisiúil atá ag brath ar chabhair uaidh. Cónaíonn Evan agus a chlann i mBaile an Chuain, ceantar suaimhneach cois farraige. Ní tharlaíonn aon rud mór le rá i mBaile an Chuain ar nós coiriúlachta, agus ceapann Evan go bhfuil an baile leadránach dá bharr. B’fhearr le hEvan agus a chara Rio an saol fíorúil ar líne a bhaineann leis an gcluiche ríomhaire ‘Hóng’. Tá an cluiche lonnaithe i gcathair bhréige darbh ainm Hóngchéng agus imríonn na mílte daoine timpeall an domhain an cluiche gach uile lá. Tá Evan ag imirt ‘Hóng’ tar éis na scoile nuair a shiúlann carachtar aisteach ina threo. Tugann an duine seo an leasainm Yin uirthi féin agus tá sí ag lorg duine Éireannach chun fadhb a réiteach di. Is Síneach í Yin atá ag úsáid Google Translate chun teangmháil a dhéanamh le hEvan. Tá a dheartháir, Yang, ag obair in Éirinn chun airgead a bhailiú dá chlann atá ag stracadh. Tá teachtaireacht ag Yin do Yang. Tá obair chontúirteach mhídhleathach á déanamh ag Yang i nganfhios dó. Tá an fhreagracht ar Evan teangmháil a dhéanamh le Yang chun an fógra a thabhairt dó. Le cabhair óna chara Rio agus a dheirfiúr Síofra, oibríonn Evan chun an mistéir faoi Yin agus Yang a réiteach. Is scéal iontach, corraitheach é ‘Hóng’. Thaitin sé go mór liom, bhí mé ar bís á léamh. Tá plota cliste ag an leabhar atá leagtha amach go cúramach. Sár-leabhar is ea é, atá féiliúnach do dhéagóirí idir 11 agus 15. Mholfainn an scéal gearr seo do mo chlann agus mo chairde. Thabharfainn scór 8/10 don scéal seo.
Leigh mé an gearrscéal ‘Hóng’ le déanaí. Anna Heusaff an t-ainm atá ar an údar. Scéal é seo faoi dhéagóir darb ainm Evan a chaitheann an iomarca ama ag imirt cluiche ríomhaire
Timire Summer 2017.indd 34
08/05/2017 12:50
€10
An Buntáiste Breise An Buntaiste Breise Lámhleabhar do Theaghlaigh Gaeilge. "The Extra Advantage" a handbook for Irish speaking Families.
www.glornangael.ie Timire Summer 2017.indd 35
08/05/2017 12:50
36
Caoimhín Ó hUiginn SJ, Reáchtálaí Ionad Tacaíochta agus Oiliúna Ollscoile na nÍosánach i mBaile Munna, Baile Átha Cliath.
DANIEL BERRIGAN SJ: SAGART, FILE, FÁIDH
Thug mé Daniel Berrigan faoi deara den chéad uair ag deireadh na 1960idí agus mé i mo bhlianta deiridh sa mheánscoil. Ag an am bhí ‘Dan’ agus a dheartháir Pilib i mbéal an phobail mar aon le grúpa cairde a raibh an dearcadh céanna acu agus ar tugadh ‘The Catonsville Nine’ i dteannta a chéile orthu. Bhí siad i mbéal an phobail toisc go raibh siad go neamhfhoiréigneach i gcoinne an chogaidh i Vítneam. Ar a gcuid gníomhaíochtaí dhóigh siad cártaí coinscríofa SAM agus rinne siad ionradh ar bhunáiteanna míleata. Bhí an bheirt Berrigan ar chéad leathanach na hirise Time a chuir síos orthu mar ‘Shagairt Mhíréiréacha’. Nuair a gearradh téarma príosúin ar Dan tar éis na hagóide in Catonsville shocraigh sé ar neamhaird a thabhairt go siombalach ar na húdáráis trí éalú ó lucht a ghafa agus ‘dul ar a theitheadh’. Dá bhrí sin, rinneadh an chéad sagart riamh de a raibh an tóir ba mhó de chuid an FBI air. An uair úd, rith rud liom a raibh sé deacair dul i bhfeidhm air go dáiríre agus mé i mo ghnáthdhéagóir ar nós gach déagóir eile: níor bhuail mé le sagairt Chaitliceacha mar iad riamh. Shamhlaigh mé sagairt le haltóirí, crannóga agus boscaí faoistine. Bhain sé croitheadh
Timire Summer 2017.indd 36
asam, go fiú croitheadh taitneamhach, sagairt Chaitliceacha a fheiceáil i mbun agóidí in éadan na cogaíochta – agus an FBI sa tóir orthu!! Ach bhí Dan, go háirithe, suite de gur léirigh a ghníomhaíochtaí frithchogaidh, i mbeagán focal, a thiomantas dá Chríostaíocht agus dá mhinistreacht shagartúil. Domsa, agus do go leor eile, ba dhearbhú cumhachtach comhaimseartha í a mhinistreacht in éadan na cogaíochta agus ar son na síochána. Ba dhearbhú é nár bhain an creideamh Críostaí go díreach le sraith áirithe de chreidimh Chríostaí amháin. Nuair a fiafraíodh de in aois a 88 bliain cén rud ba mhó a raibh sé buíoch de ina shaol fada, d’fhreagair sé ar an toirt: ‘Mo ghairm Íosánach’. Ba é an t-aon rud amháin a raibh aithreachas air faoi ná gur thóg sé tamall fada air a thuiscint cad a chiallaigh a ghairm ó thaobh bheith ag obair gan stad gan staonadh ar son na síochána, agus ar son íospartach a ndearnadh foréigean agus éagóir de gach saghas orthu. Go gairid sular bheartaigh Dan ar pháirt a ghlacdh go poiblí in easumhlaíocht shibhialta rinneadh Ginearál ar na hÍosánaigh den Athair Pedro Arrupe. Mar a tharla sé, thug Arrupe cuairt ar Dan sa phríosún tar éis a ghabhála. Roinnt
08/05/2017 12:50
37
míonna ina dhiaidh sin, chas sagart deoiseach Éireannach ar Pedro Arrupe agus é ag spaisteoireacht sa Róimh. Le linn a gcomhrá ghearr, luaigh an sagart go raibh an-mheas aige ar Dan Berrigan. D’fhreagair an tAthair Arrupe: ‘Is é Daniel Berrigan an tÍosánach is dílse lena linn!’ Bhí síolta an chreidimh agus an bhuairt faoin gcóir curtha i dteaghlach Dan. Cothaíodh na síolta tríd an bhfoirmiú Íosánach a fuair sé agus go háirithe trí Chleachtaí Spioradálta Naomh Iognáid. D’fhéadfaimis samhlú gur chorraigh áit sna Cleachtaí Spioradálta a chroí fileata nuair a iarrtar ar an duine atá ag guí smaoineamh ar na Trí Phearsa Dhiaga agus iad ag breathnú ar staid an domhain: . . . fir agus mná a shaolaítear agus a adhlactar, cuid acu ag pósadh agus colscaradh á fháil ag cuid eile, óg is aosta, an saibhir agus an daibhir, daoine atá sona agus daoine faoi bhrón . . . an oiread sin daoine atá gannchothaithe, tinn, ag fáil bháis, an oiread sin daoine ag streachailt leis an saol agus nach léir dóibh aon chiall leis. Tríocha nó daichead bliain sular mhol an Pápa Proinsias do bhaill den chléir bogadh ón sacraistí go dtí an tsráid chun ‘boladh na gcaorach’ a fháil, bhí sagairt oibre ag déanamh ceannrodaíochta ar chur chuige tréadach a raibh de thoradh air gur mhalartaigh siad feisteas galánta cléire ar fhorbhríste monarchan. Go gairid tar éis a oirnithe in 1952 cuireadh Dan chun na Fraince ar feadh bliana i gcomhair múnlú Íosánach ar tugadh ‘tertianship’ air. Agus é ansin, bhí sé i dteagmháil le sagairt oibre. Ba chinniúnach a dtionchar siúd air. Sna luath 1960idí, spreag an Dara Comhairle Vatacánach cíocras nua chun
athraithe. Níl sé deacair a shamhlú conas a rachadh doiciméad na Comhairle, An Eaglais i Saol an Lae inniu (Gaudium et Spes), i gcion air. Mhaígh G. et S.: ‘An t-aoibhneas agus an dóchas, an brón agus briseadh croí phobal ár linne (na bochtáin agus iad atá ag fulaingt go háirithe), is iadsan aoibhneas agus dóchas, brón agus briseadh croí lucht leanúna Chríost chomh maith.’ Bhí Dan go sármhaith mar shagart Iosánach agus mar Chríostaí díograiseach le linn a shaoil fhada. Is é an fáth ná go raibh sé meáite ar a chreideamh a chur ag obair le beart praiticiúil, rud nár theip air a dhéanamh riamh. Agus é amach sna blianta ghlac sé páirt i ngníomhartha easúmhlaíochta sibhialta in ainm na síochána, go dtí gurbh éigean dó seasamh siar ó ghníomhaíochas tosaigh de bharr laige agus tinnis. Bhí baint aige fosta le Gluaiseacht na nOibrithe Caitliceacha a bhunaigh a chara mór agus a mheantóir Dorothy Day. Sna blianta deireanacha dá shaol bhíodh imní air faoi dhaoine gan dídean agus faoi dhaoine a raibh an víreas SEIF orthu. Threoraíodh dearcadh faoi leith an chreidimh Chríostaí Dan Berrigan nuair a bhíodh rudaí ag cur buartha air agus nuair a bhíodh sé pairteach i ngníomhaíochtaí. Mar atá ráite ag an bPápa Proinsias go minic, ní sochaí dhea-mhéiniúil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha í an Eaglais. Má bhreathnaítear ar an domhan trí shúile an chreidimh, níl ann ach bheith ag iarraidh é a fheiceáil mar a fheiceann Dia é, lena sholas agus lena scáil iomlán. Ansin, níl ann ach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go bhfaighidh an solas an bua ar an dorchadas. Is é sin, i mbeagán focal, an rud atá léirithe ag saol fada neamhghnách Dan Berrigan.
Foclóirín: bunáiteanna míleata = áiteanna a mbíonn an t-arm bunaithe iontu; suite de = diongbháilte, den tuairim láidir; daoine gannchothaithe = daoine tearc-chothaithe, daoine nach bhfuil a ndóthain á n-ithe acu.
Timire Summer 2017.indd 37
08/05/2017 12:50
38
Tommy Ó Moracháin
AN tATHAIR LEON Ó MORACHÁIN: SAOL DEA-CHAITE Bhí a chlann agus a chairde ina chuideachta nuair a d’imigh Leon Ó Morcháin ón saol seo ar Lá Nollag 2016 ina áit dhúchais – Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo. Bhí aon bhliain déag agus ceithre scór slánaithe aige. Maireann a dheirfiúr Gaelie McMenamin, a dheartháir Justin, a dheirfiúracha céile, neachtanna, nianna, gar-neachtanna, gar-nianna, gaolta agus cairde. Imithe ar shlí na fírinne roimhe bhí a thuismitheoirí Seán T. agus Brigid (née Ball), a dheirfiúracha Clementine Lyons agus Evangeline Smiddy, a dheartháireacha Jack (Seán), an tAthair Al, Oliver P., Jarlath, Basil, Willie agus a nia Justin Morahan. Mar dhéagóir óg, labhair sé os comhair na sluaite i ndiaidh aifrinn mar ionadaí dá athair nuair a sheas Seán T. sna toghcháin áitiúla. Chuir seo tús le saol Leo ag labhairt go poiblí, ról ina chuimhnítear go geanúil air go fóill. Dúirt iarscoláire Choláiste Mhuire ‘Thaitin sé le gach éinne ar scoil. Bhí miongháire ar éinne a labhair faoin rud deireanach a dúirt sé.” Oirníodh é ar 22 Meitheamh 1952 agus mhúin sé i gColáiste Mhuire, Gaillimh ó 1952 (Eolaíocht / Mata, B.Sc.). Bhí sé ina shagart in An Gort agus i gColáiste Mhuire ansin ó 1968 agus ansin i bParóiste Phádraig, Gaillimh ó 1972. Bhí sé ina
Timire Summer 2017.indd 38
shagart paróiste i Ros Muc ó 1975-1988 nuair a ceapadh é ina shagart paróiste ar Bhearna. Chuaigh sé ar scor go Cluain Cearbán i mí Iúil 2000 áit ar thug sé cúnamh i bparóiste Chill Ghaobhair, an áit ar baisteadh é. Ba i Halla an Pharóiste, Cluain Cearbán a rinne sé ceiliúradh ar a thrí scór bliain mar shagart sa bhliain 2012. Bhí meas ag Leo ar Chumann Lúthchleas Gael i gcónaí agus ghlac sé go leor ról san eagraíocht. Cuireadh a ainm ar aghaidh le seasamh i dtoghchán Uachtaránachta CLG i 1973 ach níor sheas sé. B’ábhar sásaimh faoi leith dó go raibh baint aige le deireadh a chur le Riail 27 (an cosc ar bhaill CLG cluichí ‘iasachta’ a imirt) i 1971. Bhí an-bhaint aige chomh maith leis an ‘Green and Red Trust Fund’ (eagraíocht a chuidíonn le himreoirí CLG in am an ghátair). Ba chainteoir líofa Gaeilge é Leo agus bhí an-suim aige i chuile ní Gaelach. Bhí cur amach aige ar logainmneacha agus go háirithe ar na logainmneacha máguaird. Thaitin sé go mór leis dul ar cuairt go háiteanna a óige agus a chuid eolais ar na logainmneacha, a mínithe agus a nasc leis an talamh a roinnt. Bhí grá aige don tírdhreach, don chultúr agus don stair agus bhí meas aige ar na gaoil idir cultúr, teanga, daoine agus féiniúlacht áite.
08/05/2017 12:50
39
‘Duine buíoch, séimh, cineálta, flaithiúil, umhal, cumhachtach, caoinfhulangach, críonna, láidir a bhí ann.’ Ciclipéid chruthanta a bhí ann. (Seans nach dtaitneodh sé leis go bhfuil seo á rá faoi ach bhí sé fíor.) Bhí sé ina eagarthóir ar An Choinneal, tréimhseachán an pharóiste a foilsíodh ar dtús i 1959. D’aistrigh sé féin agus a chomhghleacaí, An tAthair Colm Ó Faoláin (nach maireann) An Tiomna Nua go Gaeilge (1964) agus bhí sé rannpháirteach i go leor foilseachán eile thar na blianta. Bhí aithne ag daoine ar fud na hÉireann ar a aghaidh agus ar a ghuth mar gheall ar a chuid craoltaí luaithe ar theilifís agus ar raidió (san áireamh bhí Night Talk, Outlook agus Thought for the Day). Cheap RTÉ mar chathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta é ar feadh trí bliana i mí na Samhna 1983. Le déanaí, chuir Máirtín Tom Sheáinín agallamh air faoina shaol ar Comhrá ar TG4 agus chuir Eibhlín Ní Chonghaile agallamh air ar Raidió na Gaeltachta. Ag teacht lena mhianta féin, labhair
a neacht Catherine MacLeod (née Morahan) ag tús Aifreann na Sochraide. Theastaigh ó Leo go gcoimeádfaí simplí é. Bhí an-chion aige ar an bhfocal ‘nádúr’. Ba mhúinteoir, éisteoir agus cara iontach é. Duine buíoch, séimh, cineálta, flaithiúil, umhal, cumhachtach, caoinfhulangach, críonna, láidir a bhí ann, lán de ghrá, duine inspioráideach, greannmhar. Ba luachmhar iad a mhiongháire agus an loinnir ina shúil. Bhí an fhírinne an-tábhachtach do Leo. Bhí am tábhachtach do Leo. Bhí am aige do gach éinne agus thaitin sé go mór leis nuair a thug daoine am dó. Tá sé deacair do bhall clainne cur síos a dhéanamh ar Leo, mar sin ceapaim gur fearr é a fhágáil faoi dhlúthchara leis a choinnigh i dteagmháil leis agus a sheol an nóta seo chugam i ndiaidh dóibh a thuairisc bháis a léamh: ‘Is í an oidhreacht is mó atá fágtha aige ná a dhaonnacht, daonnacht a chuir sé in iúl san iliomad bealaí áille’. Sin, sin. Go n-éirí leis sochair a dhea-shaoil a bhreith leis.
Foclóirín: am an ghátair = nuair a bhíonn duine ar an ngannchuid; críonna = gruinntuisceanach.
Timire Summer 2017.indd 39
08/05/2017 12:51
40
Marcus Mac Ruairí, Bainisteoir Forbartha, Gaeilge sa Teaghlach
AN BUNTÁISTE BREISE, TREOIRLEABHAR DO THEAGHLAIGH Tá taithí blianta fada ag Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Forbartha i nGlór na nGael ar fhorbairt na Gaeilge i measc teaghlach, le hobair i gcur chun cinn na Gaeilge. Céim nádúrtha, mar sin, go dtabharfadh Mac Ruairí faoi threoirleabhar cuimsitheach ar spriocanna, ar mhódhanna, agus ar an tacaíocht atá ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Tá an t-údar ag nascadh a scileanna mar iriseoir gairmiúil lena thaithí de bheith ag obair le teaghlaigh, go háirithe ina bhaile dúchás, Dún Pádraig, Co. an Dúin, atá ag sreachailt leis na dúshláin le teanga tí a athrú go Gaeilge, agus le bua an dátheangachais a bhronnadh ar pháistí na céad ghlúine eile. Mar nós a bheidh aisteach do roinnt daoine, tá Mac Ruairí ag plé leis an teaghlach mar ‘aonad pleanála teanga’ ann féin, agus dá bhrí sin ní ghlacann sé le haon tuairim go dtarlóidh fás agus forbairt na Gaeilge in aonad an teaghlaigh go huathoibríoch. Bíonn pleanáil agus beartais de dhíth le cinneadh chomh hollmhór le teanga tí a athrú, agus ní cheapann an t-údar gur cheart ná gur chiallmhar aon ghníomh a fhágáil sa seans. Streachailt agus cath aonair do theaghlaigh atá ann go minic, le réimse leathan straitéisí éagsúla in úsáid ó
Timire Summer 2017.indd 40
theaghlach go teaghlach ach ar ndóigh aithníonn Marcas Mac Ruairí gur spás príobháideach é an teach, agus gur faoi gach teaghlach an cinneadh pearsanta a dhéanamh cén teanga saoil a bhronann siad ar a gcuid páistí. Ach aithníonn sé, chomh maith, gur chóir aon iarracht mar seo a fhréamhú le polasaithe insroichte agus luann sé Stráitéis 20 Bliana don Ghaeilge 2010-2030 agus go bhfuil ‘níos mó aitheantais á thabhairt ar fud an domhain anois ar chur ar aghaidh na teanga sa teaghlach mar cheann de na príomhcheisteanna a chaithfear a chíoradh má tá teangacha neamhfhorleathana le tabhairt slán’ (Lth 21-22) agus gurb é an teaghlach ‘an chloch choirnéil ó thaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga’. Chun an buntáiste ‘breise’, an dara teanga, a thabhairt do pháistí leagann an leabhar seo eolas romhainn i gcaibidlí éagsúla: na buntáistí breise; an dátheangachas; plean teanga don teaghlach agus ansin roinnt caibidlí tacaíochta mar eolas breise: obair Ghlór na nGael sa réimse; acmhainní tacaíochta agus grúpaí tacaíochta atá ann chomh maith le roinnt abairtí úsáideacha do theaghlaigh gur féidir le tuistí a úsáid lena bpáistí. Is ábhar spéise é chomh maith gur
08/05/2017 12:51
41
‘Is é an teaghlach an chloch choirnéil ó thaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga.’
fhoilsigh Glór na nGael féin scéim nua tacaíochta teaghlach an tseachtain chéanna ar foilsíodh leabhar Mharcas Mhic Ruairí. Is í an scéim Teanga Tí a bheidh lonnaithe i measc ‘scoilphobail’ a d’fhógair Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann leis an dea-scéal go bhfuil luach tacaíochta €900, do ghrúpaí atá páirteach, chomh maith le suas go €140 eile sa bhreis d’earraí do pháistí (leabhair, cluichí Gaeilge) ag dul díreach chuig na teaghlaigh féin. Eagrófar an scéim Teanga Tí le comhoibriú ó príomhoidí gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, agus mairfidh rannpháirtíocht sa scéim thar thréimhse trí bliana. Déanfar tomhas agus measúnú ar éifeacht na scéime tacaíochta seo le cúnamh ó phleanálaithe
teanga ag tús agus deireadh na scéime. Is é is sprioc le Teanga Tí ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghaigh an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Is scéim uile-ghabhálach í a fhreastalóidh ar riachtanais teanga teaghlaigh dhifriúla agus beidh ról lárnach ag gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ina héascú. Is ar theaghlaigh a bhfuil páistí acu sna Naíonáin Shinsir (nó rang a dó ó thuaidh) ar a bhfuil an scéim dírithe, ina bhfuil pobal na scoile sásta cur leis an méid ócáidí agus imeachtaí Gaeilge teaghlachdhírithe, a eagraítear i rith na bliana. Le tuilleadh eolais a fháil faoin scéim Teanga Tí, nó faoin leabhar An Buntáiste Breise, déan teagmháil le Glór na nGael ar 046 943 0974 nó le Marcas Mac Ruairí ar marcas@glornangael.ie
Foclóirín: spriocanna = aidhmeanna; cloch choirnéil = an chéad chloch ar a mbunaítí teach traidisiúnta.
Timire Summer 2017.indd 41
08/05/2017 12:51
42
Dónall Ó Cnáimhsí
BEATHNUA: ST JOHN’S-WORT (HYPERICUM) Tá cúig speiceas den phlanda seo le fáil go forleathan in Éirinn agus bhí antóir ag ár sinsir orthu uilig, ní amháin le húsáid mar chógas ar aicídí, ach mar chosaint ar an olc chomh maith. Léiríonn na hainmneacha atá luaite leis an luibh seo an meas a bhí air agus an seasamh a bhí aige ins an tsochaí, ainmneacha mar Lus Cholm Cille, Luibh Eoin Baiste, Allas Mhuire, Lus na Maighdine Muire agus Beathnua Gan Smál ar chuid acu. Tig sé i mbláth thart ar an Fhéile Eoin i lár an tsamhraidh agus bhí sé de nós ag daoine píosaí den phlanda a thabhairt do pháistí ar an oíche sin le iad a choinneal slán ó thinneas agus ó olc. Bhaineadh na draoithe sa tsean-am úsáid as le linn searmanas agus bhíodh sé crochta fá na tithe acu le ainspioraid agus aicídí a choinneáil ar shiúl. Bhí sé de nós ag na Gaeil fosta píosa a fhuáil isteach ina gcuid éadaí faoina n-ascaill chlé ar na cúiseanna céanna. Baineadh úsáid as in Éirinn fosta mar cheirín le fuil as cneá a stad agus rinneadh é a bhruith i mbainne go coitianta le buinneach a leigheas. De réir dealraimh bhí an-mheas ag Naomh Colm Cille ar an lus seo agus bhíodh píosa de i gcónaí ar iompar leis. Le linn na meánaoise is é Fuga Daemonium nó ‘Ruaig ar an Diabhal’ a thugtaí air agus bhaintí feidhm as i
Timire Summer 2017.indd 42
searmanas eacsaircistidh. De bharr na cuma atá air dúradh gur lus gréine a bhí ann seachas lus a bhain leis an taobh dhorcha. Tá an-rath ar an Bheathnua inniu mar leigheas ar ghalar na leanna duibhe nó na tromaigeantachta. Ach de bharr chomh cumhachtach agus atá sé moltar gan é a ghlacadh i gcuideachta le cógas eile choíche agus mar sin tá cosc i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte ó bhí 2005 ann i dtaca lena dhíol i gcógaslanna. As an Ghréigis a thig an t-ainm luibheolaíochta Hypericum perforatum, hyper = ‘os cionn’ agus eikon = ‘samhail bheannaithe’, as an nós a bhí acusan píosa a chrochadh in aice le deilbh thábhachtach le ainspioraid a choinneal ar shiúl uathu. Tagraíonn perforatum do na baill bheaga atá le feiceáil ar na duilleoga agus a ghníonn cuma phollta a chur orthu. Is planda ilbhliantúil é a fhásann timpeall dhá throigh in airde, faightear é go nádúrtha ar imeall talaimh fhéaraigh, in aice le faill nó i réiteach i gcoill. Is féidir a chinntiú gurb é an planda ceart atá agat trí bhláth a bhrú idir do mhéara: tig sú dearg as ar a bhfuil blas géar searbh fínéagair agus cumhrán láidir. Bláthaíonn an Beathnua go flúirseach i lár an tsamhraidh ó mhí an Mheithimh
08/05/2017 12:51
43
‘Bhí sé de nós ag daoine píosaí den phlanda a thabhairt do pháistí Oíche Fhéile Eoin le iad a choinneal slán ó thinneas agus ó olc.’
go Lúnasa le taispeántas iontach de bhláthanna órbhuí, ina mbíonn cúig pheiteal agus a staimíní go feiceálach ag gobadh amach ina mbraislíní. Aibíonn na síolta go flúirseach ar an phlanda i gcapsúil bheaga san fhómhair. Chreid ár sinsir go raibh leigheas ar
gach galar agus aicíd le fáil san dúlra timpeall orainn, ach an t-eolas a bheith againn faoi cén áit lena fháil. Is trua go bhfuil go leor den tsaineolas ársa sin caillte ag na Gaeil anuas thar na cianta. Tá gach eolas le fáil ins an leabhar Wild Irish Plants le Niall Mac Coitir.
Foclóirín: uilig = uile (go léir); tig = tagann; fá = thart faoi, timpeall; ceirín = meall beag a chuirtear ar chneá chun é a leigheas nó chun an phian nó an t-at a laghdú; eacsaircistidh > eacsaircisteadh = díbirt na ndeamhan; ghníonn = dhéanann; faill = aill; réiteach = áit i gcoill nach bhfuil na crainn ag fás ann; braislíní = boslaigh bheaga, glaca beaga.
Timire Summer 2017.indd 43
08/05/2017 12:51
Saor gach Céadaoin leis an LE FÁIL I MÍR NA GLUAISTEÁNAÍOCHTA (MOTOR SECTION)
Timire Summer 2017.indd 44
08/05/2017 12:51
45
Scannáin
AG RITH LE DIA TRÍD AN nGEARRSCANNÁN ‘LIGHT RAIN’ Scríbhneoir: Bob Perks Stiúrthóir: Neil Horner Fad reatha: 4 nóim Léirmheas: Aileen Mhic Cionna
Báisteach. Uisce ag sileadh anuas braon ar bhraon. Plop! Plop! Cad a chuireann an íomhá seo i gcuimhne duit? Ag suí taobh istigh go teolaí? Fliuch go craiceann gan scáth fearthainne? Ag lapadaíl sna locháin uisce? Agus é bunaithe ar fhíorscéal, imíonn an gearrscannán ‘Light Rain’ go mór i bhfeidhm orainn le ceacht iontach faoin saol seo. Ag tús an scannáin bailíonn grúpa comharsana i gceann a chéile faoi dhídean árasáin, ag fanacht go ciúin go stopfaidh an bháisteach throm. Briseann cailín óg an ciúnas, ag impí ar a máthair ligint di rith tríd an mbáisteach. Diúltaíonn an mháthair di agus náire uirthi faoi ghlór ard an pháiste. Deir an páiste áfach gur gheall an mháthair nach n-imeodh an bháisteach go holc dóibh. Féachann an mháthair go héiginnte uirthi. ‘Nach cuimhin leat, a Mham? Nuair a bhí tú ag caint le Daidí ar maidin faoina ailse, dúirt tú: “Más féidir linn fáil tríd seo, éireoidh linn dul tríd aon rud.”’ Leis na focail sin, bíonn croí na máthar ina béal agus an lucht éisteachta timpeall orthu. Tar éis don mháthair machnamh ar fhocail an pháiste admhaíonn sí go bhfuil ceacht álainn le baint as an méad a dúirt a hiníon léi. Le deimhniú dearfach tugann an mháthair freagra di: ‘Ligimis dúinn féin rith tríd an mbáisteach, agus má éirímid fliuch,
Timire Summer 2017.indd 45
b’fhéidir go raibh cith ag teastáil uainn ar aon nós!’ Ritheann an bheirt acu tríd an mbáisteach ag gáire, á leanúint ag an slua gliondrach, ar imigh meon an pháiste go mór i bhfeidhm orthu freisin. Bíonn tocht i nglóir na mná aosta, an scéalaí sa scannán, a thosaíonn ag rith chomh maith, spreagtha ag misneach an pháiste gan cailliúint amach ar an saol! Cuireann an gearrscannán seo Bartimaeus i Soiscéal Mharcais i gcuimhne dom. Feicimid an fear dall i measc slua ina shuí ar thaobh an bhóthair ag lorg déirce go dtí go gcloiseann sé go bhfuil Íosa chun siúl thairis. Ar nós an pháiste sa scannán níl eagla air raic a tharraingt in ainneoin iarrachtaí daoine eile é a chiúnú. Casann an slua timpeall áfách, nuair a chloiseann siad go bhfuil Íosa ag iarraidh labhairt le Bartimaeus agus deir siad leis: Bíodh misneach agat agus éirigh; tá Íosa ag glaoch ort. Rómhinic ní mór cur i gcuimhne dúinn féin nach bhfuil rudaí chomh dona is a mheasaimid. Bímis buíoch as ócáidí a thugtar dúinn chun iontais shimplí an tsaoil a fheiceáil i slí nua – ag rith tríd an mbáisteach mar shampla! Worry does nothing but steal your joy and keep you very busy doing nothing. – @frpaddybyrne ar Twitter
08/05/2017 12:51
46 1
6
2
3
4
5
7 8
9
10 11
14
crosfhocal TRASNA 1. cloch luachmhar [5] 3. am, tréimhse nó soineann ‘s doineann [6] 6. púca [7] 8. caoineadh brónach [6] 9. 1d fadó [6] 11. soitheach nó long [7] 14. tá 32 acu in Éirinn [6] 15. daingean, crua [5]
12
13
15
Duais €20 le buachaint ANUAS 1. saghas [4] 2. dath dorcha [4] 3. san áit seo [5] 4. barr, áit ard [7] 5. callán [5] 7. bulaíocht, brú, foláireamh [7] 9. gort glas [5] 10. aiféala, ceann faoi [5] 12. rópa, sreang [4] 13. dath cártaí [4]
FREAGRAÍ CROSFHOCAL AN tSAMHRAIDH: Trasna: 1. seoid 3. aimsir 6. taibhse 8. olagón 9. pingin 11. árthach 14. contae 15. docht Anuas: 1. sórt 2. dubh 3. anseo 4. mullach 5. racán 7. bagairt 9. páirc 10. náire 12. téad 13. hart
SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ MAR AON LE D’AINM AGUS SEOLADH, CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSÁIN ÍOCHT, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 30 IÚIL 2017 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DEIREANAIGH: MÁIRE UÍ DHUBHGÁIN, BÓITHRÍN NA MANACH, CATHAIR CHORCAÍ.
Timire Summer 2017.indd 46
08/05/2017 12:52
47
PIÓG ÉISC Síle Ní Chearbhaill
Bhí iasc againn gach uile Aoine nuair a bhí mé óg agus cuireann pióg éisc na laethanta sin i gcuimhne dom i gcónaí. Is féidir do rogha iasc a úsáid chun an phióg seo a dhéanamh ach taitníonn an chadóg dheataithe liom toisc go gcuireann an deatú go mór leis an mblas. COMHÁBHAIR: 1kg prátaí 25g plúr 25g im 1 oinniún 400ml bainne 400g cadóg dheataithe 100g cloicheán 75g píseanna reoite 2 chairéad 50g cáis chéadair ghrátáilte MODH: 1. Réamhthéigh an t-oigheann go 200c/ gásmharc 6. 2. Bain an craiceann de na prátaí agus fiuch iad. 3. Bain an craiceann de na cairéid agus gearr iad i bpíosaí beaga. 4. Cuir an chadóg dheataithe agus na píosaí cairéid i sáspan leis an mbainne agus suanbhruith ar feadh 10 nóiméad.
Timire Summer 2017.indd 47
5. Leáigh an t-im. Sauté an t-oinniún ann ar feadh 3-4 nóiméad. 6. Cuir an plúr leis chun roux a dhéanamh. Cócaráil go dtí go mbeidh sé donn agus gainmheach. 7. Doirt an bainne a bhí sa sáspan leis an iasc agus na cairéid isteach i gcrúsicín. 8. Bain ón teas agus cuir an bainne isteach de réir a chéile, ag meascadh go leanúnach chun cnapáin a sheachaint. Cuir ar ais ar an teas agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 9. Cuir an chadóg, na píseanna, na cloicheáin agus na cairéid isteach i mias oigheann-dhíonach. Clúdaigh leis an anlann. 10. Bain an t-uisce de na prátaí agus brúigh iad (le beagán ime agus bainne más mian leat). 11. Cuir na prátaí ar bharr an éisc. Clúdaigh le cáis. 12. Bácáil san oigheann ar feadh 20 nóiméad.
08/05/2017 12:52
An Ofráil Laethúil A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
MEITHEAMH
Uilíoch: Cuirtear deireadh le trádáil arm Go ngabha ceannairí na náisiún orthu féin deireadh a chur leis an trádáil arm, a imríonn cos ar bolg ar a liacht sin daoine neamhchiontacha.
IÚIL
Soiscéalaíoch: Iad siúd atá i bhfad ón gCreideamh Críostaí Guímis dár gcuid deartháireacha agus deirfiúracha atá imithe ar fán ón gCreideamh, agus tugaimis fianaise leis an Soiscéal, go bhfaighe siadsan amach an athuair a ghiorracht dóibh atá trócaire Dé, agus áilleacht bheatha an Chríostaí.
LÚNASA
Uilíoch: Ar son na nEalaíontóirí Ealaíontóirí ár linne, go gcabhraí siad trína gcuid meabhraíochta, le gach uile dhuine teachtar áilleacht an Chruthaithe.
Timire an Chroí Ró-naofa
Timire Summer 2017.indd 48
08/05/2017 12:52