156
SEIRBHÍSÍ UISCE Bíonn Seirbhísí Uisce Chomhairle Contae Shligigh ag feidhmiú faoi Chomhaontú Leibhéal Seirbhíse le hUisce Éireann atá i bhfeidhm ó Eanáir 2014. Bliain mhór arís eile ab ea 2020 do na Seirbhísí Uisce, sa Rannóg Oibriúcháin agus sa Rannóg Chaipitil araon. Ba iad na réimse seo thíos na rudaí ba mhó lena raibh an rannóg ag plé i rith na bliana. Soláthar agus cothabháil leanúnach uisce óil agus seirbhísí fuíolluisce den chéad scoth ar bhonn laethúil do mhuintir Shligigh i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe le hUisce Éireann. Forbairt leanúnach tionscadal bonneagair uisce agus fuíolluisce i Sligeach i gcomhpháirtíocht le hUisce Éireann. Cur i bhfeidhm leanúnach an tionscadail “Aimsigh agus Deisigh” atá á chistiú ag Uisce Éireann chun laghdú mór a bhaint amach ar sceitheadh. Bainistíocht leanúnach saincheisteanna “Athraigh” de chuid Uisce Éireann. I dteannta roinnt tionscadail bheaga, ba iad seo a leanas na mórthionscadail a bhí ag dul ar aghaidh nó a críochnaíodh sna Seirbhísí Uisce, i gcomhar le hUisce Éireann, in 2020: Uasghráduithe ar ionaid cóireála fuíolluisce Thobair an Choire, na Gráinsí, an Leathrois, agus Bhéal an Átha Fada – curtha i gcrích go luath in 2020 Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt – curtha i gcrích in 2020 Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Phluais an tSionnaigh, Céim 2 – le cur i gcrích go luath in 2021 Uasghrádú ar Ionad Cóireála Fuíolluisce i mBaile an Mhóta agus i gCúil Mhuine – le cur i gcrích go luath in 2021 Oibreacha ar Líonra Séarachais an Rois go dtí Cóireáil Fuíolluisce Chathair Shligigh – tá sé beartaithe tús a chur leis an tógáil i dtreo dheireadh na bliana 2021.
An Clár Uisce Tuaithe Gníomhaíonn Seirbhísí Uisce mar éascaitheoir maidir le seachadadh, feabhsú, agus cothabháil leanúnach an Chláir Uisce Tuaithe atá á chistiú ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (an Clár Uisce Tuaithe, 20192021). Ceadaíodh cistiú €2,000,428 do Chomhairle Contae Shligigh le caitheamh ar 43 scéim sa tréimhse sin. Lean Comhairle Contae Shligigh de bheith ag obair le scéimeanna maidir lena leithdháileadh faoin gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil agus na híocaíochtaí fordheontais a leithdháiltear.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020