166
SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL Bainc ‘Fág Anseo’, bainc teicstílí, agus saoráidí athchúrsála agus múirínithe Leanfar de na saoráidí seo a leanas a chur ar fáil don phobal: Bainc ‘Fág Anseo’ (44 láithreán) Bainc teicstílí Ionad Athchúrsála Thobar an Choire Saoráid Mhúirínithe Bhaile Easa Dara Cuireadh an banc ‘fág anseo’ ar an gCeathrú Rua i gcrích i mí na Nollag 2020.
Trádáil Ócáideach Cuimsítear leis an Acht Corr-Thrádála, 1955, trádáil faoi aer d’earraí ag bánna ainmnithe ar fud Chontae Shligigh. Déanann an Rannóg Comhshaoil na Fodhlíthe Corrthrádála, 2018, a chur i bhfeidhm chun an chorrthrádáil ar mhaoin phoiblí a rialáil. Leanfaidh Oifigigh Thrádála cheaptha na Comhairle de chigireachtaí rialta a dhéanamh lena chinntiú go bhfeidhmítear na bánna trádála i gcomhréir leis an reachtaíocht.
Fáilte á cur ag Lorraine roimh cuid de na corrthrádálaithe i gClós an Mhargaidh.
Bruscar Tá beirt Mhaor Bruscair lánaimseartha fostaithe ag Comhairle Contae Shligigh, agus tá siad freagrach as limistéir shonracha laistigh den Chontae. Déantar patróil rialta sna limistéir sin, ar bhonn réamhghníomhach agus mar fhreagairt ar ghearáin ón bpobal agus ó ghníomhaireachtaí rialtais eile amhail an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), an Taisce, srl.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020